Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

Foirmeacha na bhfocal

coinbhinsiún

cosaint

innealra

3 thoradh i ndoiciméad amháin

  1. #433714

    (5) Beidh ar áireamh i rialacha um chosaint in aghaidh dóiteáin cibé ceanglais is dóigh leis an Aire is gá chun forálacha an Choinbhinsiúin Sábháilteachta a chur i ngníomh lena bhforordaítear na ceanglais nach foláir a chomhlíonadh maidir le cabhail, barrdhéanmhas, trealamh, eagrú, éaluithe i longa agus trealamh agus innealra um chosaint in aghaidh dóiteáin, braite dóiteáin agus múchta dóiteáin a úsáidtear i longa, ach amháin a mhéid a chuirtear na forálacha sin i ngníomh le rialacha déanmhais, rialacha i dtaobh fearas tarrthála, rialacha raidió, rialacha loingseoireachta agus rianúcháin, rialacha um bulc-iompróirí nó rialacháin imbhuailte.

    (5) Fire protection rules shall include such requirements as appear to the Minister to be necessary to implement the provisions of the Safety Convention prescribing the requirements that the hull, superstructure, equipment, arrangement, escapes, fire protection, fire detection and fire extinction equipment and machinery used in ships shall comply with, except so far as those provisions are implemented by rules for construction, life-saving appliances, radio rules, navigation and tracking rules, bulk carrier rules or collision regulations.

    AN tACHT LOINGIS CHEANNAÍOCHTA 2010

  2. #432630

    (4) Beidh cibé ceanglais ar áireamh i rialacha déanmhais is dóigh leis an Aire is gá chun forálacha an Choinbhinsiúin Sábháilteachta lena bhforordaítear na ceanglais nach foláir a chomhlíonadh maidir le cabhail, barrdhéanmhas, foroinnt agus cobhsaíocht, suiteálacha leictreacha, trealamh agus innealra galtán paisinéirí agus leis an mbreosla a úsáidtear iontu, a chur i ngníomh, ach amháin sa mhéid a chuirtear na forálacha sin i ngníomh le rialacha i dtaobh fearas tarrthála, rialacha raidió, rialacha loingseoireachta agus rianúcháin, rialacháin imbhuailte nó rialacha um chosaint in aghaidh dóiteáin.

    (4) Construction rules shall include such requirements as appear to the Minister to be necessary to implement the provisions of the Safety Convention prescribing the requirements that the hull, superstructure, subdivision and stability, electrical installations, equipment and machinery of and fuel used in passenger steamers must comply with, except so far as those provisions are implemented by rules for life-saving appliances, radio rules, navigation and tracking rules, collision regulations or fire protection rules.

    AN tACHT LOINGIS CHEANNAÍOCHTA 2010

  3. #432818

    (5) Beidh cibé ceanglais ar áireamh i rialacha um bulc-iompróirí is dóigh leis an Aire is gá chun forálacha an Choinbhinsiúin Sábháilteachta lena bhforordaítear na ceanglais nach foláir a chomhlíonadh maidir leis an mbarrdhéanmhas, cobhsaíocht agus foroinnt, neart, cabhail, eagrú, trealamh agus innealra a chur i ngníomh, ach amháin a mhéid a chuirtear na forálacha sin i ngníomh le rialacha um dhéanmhas agus suirbhéireacht lastloinge, rialacha i dtaobh fearas tarrthála, rialacha um chosaint in aghaidh dóiteáin, rialacha raidió, rialacha loingseoireachta agus rianúcháin nó rialacháin imbhuailte.

    (5) Bulk carrier rules shall include such requirements as appear to the Minister to be necessary to implement the provisions of the Safety Convention prescribing the requirements that the superstructure, stability and subdivision, strength, hull, arrangement, equipment and machinery shall comply with, except in so far as those provisions are implemented by cargo ship construction and survey rules, rules for life-saving appliances, fire protection rules, radio rules, navigation and tracking rules or collision regulations.

    AN tACHT LOINGIS CHEANNAÍOCHTA 2010