Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

Foirmeacha na bhfocal

coinbhinsiún

rochtain

idirnáisiúnta

ar

ceartas

4 thoradh in 4 dhoiciméad

  1. #2047861

    Le Clár LIFE, ba cheart rannchuidiú leis an bhforbairt inbhuanaithe agus cuspóirí agus spriocanna reachtaíocht, straitéisí, phleananna agus ghealltanais idirnáisiúnta an Aontais maidir leis an gcomhshaol agus leis an aeráid mar aon le cuspóirí agus spriocanna reachtaíocht, straitéisí, phleananna agus ghealltanais idirnáisiúnta ábhartha an Aontais maidir le fuinneamh a bhaint amach, go háirithe maidir le Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe, an Coinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch agus Comhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (‘Comhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide’), agus, inter alia, Coinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil (‘Coinbhinsiún Aarhus’), Coinbhinsiún UNECE maidir le hAerthruailliú Trasteorann Fadraoin, Coinbhinsiún Basel na Náisiún Aontaithe maidir le Rialú Gluaiseachtaí Trasteorann Dramhaíolacha Guaiseacha agus a nDiúscairt, Coinbhinsiún Rotterdam na Náisiún Aontaithe ar an Nós Imeachta i dTaobh Toiliú Feasach a chur in iúl roimh ré le haghaidh Ceimiceán Guaiseach agus Lotnaidicídí áirithe sa Trádáil Idirnáisiúnta, agus Coinbhinsiún Stócólm na Náisiún Aontaithe ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha.

    The LIFE Programme should contribute to sustainable development and to the achievement of the objectives and targets of the environmental, climate and relevant energy legislation, strategies, plans and international commitments of the Union, in particular as regards the United Nations 2030 Agenda for Sustainable Development, the Convention on Biological Diversity and the Paris Agreement adopted under the United Nations Framework Convention on Climate Change (the 'Paris Agreement on Climate Change'), and, inter alia, the United Nations Economic Commission for Europe (UNECE) Convention on Access to Information, public participation in decision-making and access to justice in environmental matters (the 'Aarhus Convention'), the UNECE Convention on Long-Range Transboundary Air Pollution, the UN Basel Convention on the Control of Transboundary Movements of Hazardous Wastes and their Disposal, the UN Rotterdam Convention on the Prior Informed Consent Procedure for Certain Hazardous Chemicals and Pesticides in International Trade, and the UN Stockholm Convention on Persistent Organic Pollutants.

    Rialachán (AE) 2021/783 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE), agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  2. #2400195

    Leis an gCoinbhinsiún, féachtar le rochtain ar cheartas a chur chun cinn ar fud an domhain trí chomhar breithiúnach idirnáisiúnta feabhsaithe.

    The Convention seeks to promote access to justice globally through enhanced international judicial cooperation.

    Cinneadh (AE) 2022/1206 ón gComhairle an 12 Iúil 2022 maidir le haontachas an Aontais Eorpaigh leis an gCoinbhinsiún maidir le Breithiúnais Eachtracha in Ábhair Shibhialta nó Thráchtála a Aithint agus a Fhorfheidhmiú

  3. #284598

    Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do chur i bhfeidhm Airteagal 23 de Choinbhinsiún an 17 Iúil 1905 maidir le nós imeachta sibhialta, Airteagal 24 de Choinbhinsiún an 1 Márta 1954 maidir le nós imeachta sibhialta ná Airteagal 13 de Choinbhinsiún an 25 Deireadh Fómhair 1980 maidir le rochtain idirnáisiúnta ar cheartas idir na Ballstáit ar páirtithe sna Coinbhinsiúin sin iad.

    This Regulation shall not affect the application of Article 23 of the Convention on civil procedure of 17 July 1905, Article 24 of the Convention on civil procedure of 1 March 1954 or Article 13 of the Convention on international access to justice of 25 October 1980 between the Member States party to those Conventions.

    Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus doiciméid sheachbhreithiúnacha in ábhair shibhialta nó in ábhair tráchtála a sheirbheáil sna Ballstáit ("doiciméid a sheirbheáil"), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1348/2000 ón gComhairle

  4. #1896962

    Ní dhéanfaidh an Rialachán seo d difear do chur i bhfeidhm Airteagal 24 de Choinbhinsiún na Háige an 1 Márta 1954 maidir le Nós Imeachta Sibhialta ná Airteagal 13 de Choinbhinsiún an 25 Deireadh Fómhair 1980 maidir le rochtain idirnáisiúnta ar cheartas idir na Ballstáit ar páirtithe sna Coinbhinsiúin sin iad.

    This Regulation shall not affect the application of Article 24 of the Hague Convention of 1 March 1954 on Civil Procedure or Article 13 of the Convention on International Access to Justice of 25 October 1980 between the Member States party to those Conventions.

    Rialachán (AE) 2020/1784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil sna Ballstáit in ábhair shibhialta nó thráchtála (doiciméid a sheirbheáil) (athmhúnlú)