Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

Foirmeacha na bhfocal

coinbhinsiún

maoinigh

sceimhlitheoireacht

6 thoradh in 6 dhoiciméad

  1. #2304933

    Oibreoidh an tSúdáin Theas chun a plean gníomhaíochta a chur chun feidhme, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: (1) iarratas a dhéanamh ar an nGrúpa Oirthear agus Dheisceart na hAfraice in aghaidh sciúradh airgid (Esaamlg), agus teagmháil a dhéanamh leo, maidir le ballraíocht, agus gealltanas a thabhairt go ndéanfaidh Esaamlg nó comhlacht measúnaithe eile meastóireacht fhrithpháirteach uirthi; (2) athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar Ionstraim AML/CFT (2012), le tacaíocht ó chomhpháirtithe idirnáisiúnta, lena n-áirítear cúnamh teicniúil, chun Caighdeáin FATF a chomhlíonadh; (3) údarás nó údaráis a ainmniú a bheidh i gceannas ar mheasúnuithe riosca a chomhordú ar an sciúradh airgid nó an maoiniú sceimhlitheoireachta; (4) teacht chun bheith ina páirtí i gCoinbhinsiún Vín 1988, i gCoinbhinsiún Palermo 2000 agus sa Choinbhinsiún um Maoiniú Sceimhlitheoireachta, 1999, agus iad a chur i bhfeidhm; (5) ba cheart d’údaráis inniúla a bheith struchtúrtha agus cumasaithe go hiomchuí chun cur chuige rioscabhunaithe a chur chun feidhme maidir le maoirseacht AML/CFT ar institiúidí airgeadais; (6) creat dlíthiúil cuimsitheach a fhorbairt chun cruinneas na faisnéise maidir le húinéireacht thairbhiúil faoi dhaoine dlítheanacha a bhailiú agus a fhíorú; (7) AFA lánfheidhmiúil agus neamhspleách a chur chun gnímh; (8) an creat dlíthiúil institiúideach a bhunú agus a chur chun feidhme chun smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe a chur chun feidhme i gcomhréir le Rúin ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le sceimhlitheoireacht agus maoiniú leata; agus (9) tús a chur le cur chun feidhme maoirseachta/faireacháin rioscabhunaithe spriocdhírithe ar Eagraíochtaí Neamhbhrabúsacha atá i mbaol maidir le maoiniú na sceimhlitheoireachta.

    South Sudan will work to implement its action plan, including by: (1) applying and engaging with the Eastern & Southern Africa Anti-Money Laundering Group (ESAAMLG) for membership and committing to undergo a mutual evaluation by ESAAMLG or other assessment body; (2) conducting a comprehensive review of the AML/CFT Act (2012), with the support of international partners, including technical assistance, to comply with the FATF Standards; (3) designating an authority/authorities in charge of coordinating the national ML/TF risks assessments; (4) becoming a party to and implementing the 1988 Vienna Convention, the 2000 Palermo Convention, and the 1999 Terrorist Financing Convention; (5) competent authorities should be suitably structured and capacitated to implement a risk-based approach to AML/CFT supervision for financial institutions; (6) developing a comprehensive legal framework to collect and verify the accuracy of beneficial ownership information for legal persons; (7) operationalising a fully functioning and independent FIU; (8) establishing and implementing the legal and institutional framework to implement targeted financial sanctions in compliance with United Nations Security Council Resolutions on terrorism and proliferation financing; and (9) commencing implementation of targeted risk-based supervision/monitoring of NPOs at risk of TF abuse.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/229 ón gCoimisiún an 7 Eanáir 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le Buircíne Fasó, Oileáin Cayman, Háítí, an Iordáin, Mailí, Maracó, na hOileáin Fhilipíneacha, an tSeineagáil agus an tSúdáin Theas a chur leis an tábla i bpointe I den Iarscríbhinn agus a mhéid a bhaineann leis na Bahámaí, an Bhotsuáin, Gána, an Iaráic agus Oileán Mhuirís a bhaint den tábla sin (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  2. #1626511

    Togra le haghaidh Cinnidh ón gComhairle a bhaineann le Coinbhinsiún Uimh. 198 ó Chomhairle na hEorpa maidir le sciúradh, cuardach, urghabháil agus coigistiú na bhfáltas ó choireacht agus maidir le maoiniú sceimhlitheoireachta a shíniú thar ceann an Chomhphobail mar aon le nóta faisnéise míniúcháin. COM (2005) 426.

    PROPOSAL FOR A COUNCIL DECISION CONCERNING THE SIGNING, ON BEHALF OF THE EUROPEAN COMMUNITY, OF COUNCIL OF EUROPE CONVENTION NO. 198 ON LAUNDERING, SEARCH, SEIZURE AND CONFISCATION OF THE PROCEEDS FROM CRIME AND ON THE FINANCING OF TERRORISM TOGETHER WITH EXPLANATORY INFORMATION NOTE. COM (2005) 426.

    Riar na hOibre (Dáil Éireann/Seanad Éireann)

  3. #1708194

    Ós rud é gur shínigh an tAontas Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Sciúradh, Cuardach, Urghabháil agus Coigistiú a Dhéanamh ar na Fáltais ó Choireacht agus maidir le Maoiniú na Sceimhlitheoireachta, ba cheart dó ceanglais an Choinbhinsiúin sin a thrasuí ina dhlíchóras.

    As a signatory to the Council of Europe Convention on Laundering, Search, Seizure and Confiscation of the Proceeds from Crime and on the Financing of Terrorism, the Union should transpose the requirements of that Convention into its legal order.

    Treoir (AE) 2018/1673 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le sciúradh airgid a chomhrac tríd an dlí coiriúil

  4. #1861702

    Tá na Páirtithe ar aon fhocal maidir le tacaíocht a thabhairt d’iarrachtaí idirnáisiúnta chun frithsciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac, go sonrach trí choinbhinsiúin agus caighdeáin idirnáisiúnta an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF) a chomhlíonadh.

    The Parties agree to support international efforts to prevent and fight against money laundering and terrorist financing, particularly through compliance with Financial Action Task Force (FATF) standards and associated cooperation.

    Dearbhú polaitiúil lena leagtar amach an creat don chaidreamh sa todhchaí idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire

  5. #1960820

    Tá feidhm ag forálacha an Teidil seo in ionad na gCaibidlí maidir le ‘comhar idirnáisiúnta’ de Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Sciúradh, Cuardach, Urghabháil agus Coigistiú na bhFáltas ó Choireacht agus maidir le Maoiniú na Sceimhlitheoireachta, a rinneadh i Vársá an 16 Bealtaine 2005 (‘Coinbhinsiún 2005’) agus an Choinbhinsiúin maidir le Sciúradh, Cuardach, Urghabháil agus Coigistiú na bhFáltas ó Choireacht, arna dhéanamh in Strasbourg an 8 Samhain 1990 (‘Coinbhinsiún 1990’).

    The provisions of this Title apply in place of the "international cooperation" Chapters of the Council of Europe Convention on Laundering, Search, Seizure and Confiscation of the Proceeds from Crime and on the Financing of Terrorism, done at Warsaw on 16 May 2005 (the "2005 Convention") and the Convention on Laundering, Search, Seizure and Confiscation of the Proceeds from Crime, done at Strasbourg on 8 November 1990 (the "1990 Convention").

    Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt , agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile

  6. #3084189

    Deimhníonn gach Páirtí a thiomantas bearta leormhaith a ghlacadh chun an t-éilliú, sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta, calaois chánach agus imghabháil cánach a chosc agus a chomhrac maidir le hábhair a chumhdaítear sa Chomhaontú seo, i gcomhréir le caighdeáin a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta a d’fhormhuinigh an Páirtí sin nó a dtacaíonn an Páirtí sin leo, amhail Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éillithe a ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 31 Deireadh Fómhair 2003, agus Treoirlínte 2011 na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (dá ngairtear ‘ECFE’ anseo feasta) maidir le Fiontair Ilnáisiúnta, chomh maith leis na caighdeáin atá ann faoi láthair in réimse an chánachais idirnáisiúnta.

    Each Party confirms its commitment to take adequate measures to prevent and fight corruption, money laundering, terrorism financing, tax fraud and tax evasion, with regard to matters covered by this Agreement, in accordance with internationally agreed standards that have been endorsed or are supported by that Party, such as the United Nations Convention against Corruption adopted by the United Nations General Assembly on 31 October 2003 and the Organisation for Economic Co-operation and Development (hereinafter referred to as "OECD") Guidelines for Multinational Enterprises of 2011, as well as the current standards in the field of international taxation.

    22024A0083