Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

Foirmeacha na bhfocal

comhaontaigh

comhaontú

eorpach

bain

baineann

daoine

duine

at

rannpháirteach

27 toradh in 24 doiciméad

  1. #321468

    Ar iarraidh a fháil ó dhuine de na daoine dá dtagraítear i bpointe 3.1, déanfaidh Uachtaránacht na Comhairle nó an tArdrúnaí/an tArdionadaí, le gach dithneas cuí, inneachar aon fhaisnéise íogaire is gá le haghaidh fheidhmiú na gcumhachtaí a thugtar do Pharlaimint na hEorpa leis an gConradh ar an Aontas Eorpach sa réimse atá clúdaithe sa Chomhaontú Idirinstitiúideach seo a chur in iúl dóibh, agus aird á tabhairt ar leas an phobail in ábhair a bhaineann le slándáil agus cosaint an Aontais Eorpaigh nó ceann amháin nó níos mó dá chuid Ballstát nó le bainistiú géarchéime míleata nó neamh-mhíleata, i gcomhréir leis na socruithe atá leagtha síos i roinn 3.

    At the request of one of the persons referred to in point 3.1, the Presidency of the Council or the Secretary-General/High Representative shall inform them with all due despatch of the content of any sensitive information required for the exercise of the powers conferred on the European Parliament by the Treaty on European Union in the field covered by this Interinstitutional Agreement, taking into account the public interest in matters relating to the security and defence of the European Union or of one or more of its Member States or military and non-military crisis management, in accordance with the arrangements laid down in section 3.

    Rialacha Nós Imeachta — 7ú téarma parlaiminteach — Márta 2011

  2. #462794

    I gcríocha aon Ard-Pháirtí Chonarthaigh lena mbaineann an Coinbhinsiún seo, déanfar dámhachtain eadrána a rinneadh de bhun comhaontaithe, pé acu le heasaontais atá ann nó a bheidh ann a bhaineann sé (dá ngairtear “comhaontú i leith eadrána” anseo feasta) atá faoi réim an Phrótacail um Chlásail Eadrána a osclaíodh sa Ghinéiv an 24ú Meán Fómhair, 1923, a aithint mar dhámhachtain cheangailteach agus í a chur i bhfeidhm de réir rialacha nós imeachta na críche ina dtéitear i muinín na dámhachtana, ar choinníoll gur i gcríoch ceann de na hArd-Pháirtithe Conarthacha lena mbaineann an Coinbhinsiún seo a rinneadh an dámhachtain sin agus gur idir daoine atá faoi dhlínse ceann de na hArd-Pháirtithe Conarthacha a rinneadh í.

    In the territories of any High Contracting Party to which the present Convention applies, an arbitral award made in pursuance of an agreement, whether relating to existing or future differences (hereinafter called “a submission to arbitration”) covered by the Protocol on Arbitration Clauses, opened at Geneva on September 24th, 1923, shall be recognised as binding and shall be enforced in accordance with the rules of the procedure of the territory where the award is relied upon, provided that the said award has been made in a territory of one of the High Contracting Parties to which the present Convention applies and between persons who are subject to the jurisdiction of one of the High Contracting Parties.

    AN tACHT EADRÁNA 2010

  3. #1436394

    ciallaíonn “an Comhaontú” an Comhaontú atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, agus atá le déanamh idir an Rialtas agus rialtas na Stát Aontaithe agus a bhaineann le réamhiniúchadh a dhéanamh sa Stát ar dhaoine (lena n-áirítear aerfhoireann) a bheidh ag taisteal d'aer chuig na Stáit Aontaithe, agus folóidh tagairtí san Acht seo do “an Comhaontú” tagairt don Chomhaontú ar é bheith déanta;

    "the Agreement" means the Agreement which is set out in the Schedule to this Act, and which is to be made between the Government and the government of the United States, and which relates to the preinspection in the State of persons (including aircrew) travelling by air to the United States, and references in this Act to "the Agreement" shall include a reference to the Agreement when made;

    Uimhir 18 de 1986: AN tACHT AERLOINGSEOIREACHTA AGUS AERIOMPAIR (RÉAMHINIÚCHADH), 1986

  4. #1645177

    Sraith Conarthaí, 20/2000. Comhaontú Eorpach a bhaineann le Daoine atá Rannpháirteach in Imeachtaí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine.

    TREATY SERIES, 20/2000. EUROPEAN AGREEMENT RELATING TO PERSONS PARTICIPATING IN PROCEEDINGS OF THE EUROPEAN COURT OF HUMAN RIGHTS.

    Riar na hOibre (Dáil Éireann/Seanad Éireann)

  5. #1875202

    maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh den Choiste Comhpháirtíochta a bunaíodh faoin gComhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le liosta na ndaoine aonair atá le feidhmiú mar eadránaithe in imeachtaí um réiteach díospóide a ionadú

    on the position to be adopted on behalf of the European Union within the Partnership Committee established by the Comprehensive and Enhanced Partnership Agreement between the European Union and the European Atomic Energy Community and their Member States, of the one part, and the Republic of Armenia, of the other part, as regards the replacement of the list of individuals to serve as arbitrators in dispute-settlement proceedings

    Cinneadh (AE) 2020/1583 ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh den Choiste Comhpháirtíochta a bunaíodh faoin gComhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le liosta na ndaoine aonair atá le feidhmiú mar eadránaithe in imeachtaí um réiteach díospóide a ionadú

  6. #1879575

    maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste arna bhunú leis gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh lena mbunófar liosta de 25 dhuine atá toilteanach agus inniúil ar a bheith ina gcomhaltaí ar phainéal eadrána faoin gComhaontú agus ar liosta ionadaithe de dhaoine atá toilteanach agus inniúil ar a bheith ag feidhmiú mar chomhaltaí de chuid an Aontais de phainéal eadrána faoin gComhaontú

    on the position to be taken on behalf of the European Union within the Joint Committee established by the Agreement on the withdrawal of the United Kingdom of Great Britain and Northern Ireland from the European Union and the European Atomic Energy Community as regards the adoption of a decision establishing a list of 25 persons who are willing and able to serve as members of an arbitration panel under the Agreement and on a reserve list of persons who are willing and able to serve as Union members of an arbitration panel under the Agreement

    Cinneadh (AE) 2020/2232 ón gComhairle an 22 Nollaig 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste arna bhunú leis gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh lena mbunófar liosta de 25 dhuine atá toilteanach agus inniúil ar a bheith ina gcomhaltaí ar phainéal eadrána faoin gComhaontú agus ar liosta ionadaithe de dhaoine atá toilteanach agus inniúil ar a bheith ag feidhmiú mar chomhaltaí de chuid an Aontais de phainéal eadrána faoin gComhaontú

  7. #1946412

    ciallaíonn “earra a sholáthar lena dháileadh, lena thomhailt nó lena úsáid” go bhfuil earra atá ann cheana agus atá inaitheanta go leithleach, tar éis na céime monaróireachta, ina ábhar comhaontaithe i scríbhinn nó ó bhéal idir beirt daoine dhlítheanacha nó nádúrtha nó níos mó le haghaidh aistriú úinéireachta, aon cheart maoine eile, nó seilbh a bhaineann leis an earra atá i gceist, nó go bhfuil sé ina ábhar tairisceana do dhuine dlítheanach nó nádúrtha amháin nó níos mó chun comhaontú den sórt sin a thabhairt i gcrích;

    "supply of a good for distribution, consumption or use" means that an existing and individually identifiable good, after the stage of manufacturing has taken place, is the subject matter of a written or verbal agreement between two or more legal or natural persons for the transfer of ownership, any other property right, or possession concerning the good in question, or is the subject matter of an offer to a legal or natural person or persons to conclude such an agreement;

    Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach

  8. #1989789

    Cinneadh (AE) 2020/2232 ón gComhairle an 22 Nollaig 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh lena mbunaítear liosta de 25 dhuine atá toilteanach agus inniúil ar a bheith ina gcomhaltaí ar phainéal eadrána faoin gComhaontú agus ar liosta ionadaithe de dhaoine atá toilteanach agus inniúil ar a bheith ag feidhmiú mar chomhaltaí de chuid an Aontais de phainéal eadrána faoin gComhaontú (IO L 437, 28.12.2020, lch. 182).

    Council Decision (EU) 2020/2232 of 22 December 2020 on the position to be taken on behalf of the European Union within the Joint Committee established by the Agreement on the withdrawal of the United Kingdom of Great Britain and Northern Ireland from the European Union and the European Atomic Energy Community as regards the adoption of a decision establishing a list of 25 persons who are willing and able to serve as members of an arbitration panel under the Agreement and on a reserve list of persons who are willing and able to serve as Union members of an arbitration panel under the Agreement (OJ L 437, 28.12.2020, p. 182).

    Cinneadh (AE) 2021/1837 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach a mhéid a bhaineann le leasú a dhéanamh ar an gcinneadh lena mbunaítear liosta de 25 dhuine atá toilteanach agus inniúil ar bheith ina gcomhaltaí ar phainéal eadrána faoin gComhaontú

  9. #2678027

    maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste um Thrádáil agus um Fhorbairt Inbhuanaithe arna bhunú faoin gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin a mhéid a bhaineann le liosta na ndaoine aonair atá toilteanach agus inniúil chun feidhmiú mar shaineolaithe a bhunú, agus le rialacha nós imeachta an phainéil saineolaithe a ghlacadh

    on the position to be taken on behalf of the European Union in the Committee on Trade and Sustainable Development established under the Agreement between the European Union and Japan for an Economic Partnership as regards the establishment of a list of individuals who are willing and able to serve as experts and the adoption of the rules of procedure for the panel of experts

    Cinneadh (AE) 2023/142 ón gComhairle an 17 Eanáir 2023 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste um Thrádáil agus um Fhorbairt Inbhuanaithe arna bhunú faoin gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin a mhéid a bhaineann le liosta na ndaoine aonair atá toilteanach agus inniúil chun feidhmiú mar shaineolaithe a bhunú, agus le rialacha nós imeachta an phainéil saineolaithe a ghlacadh

  10. #2678039

    Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste um Thrádáil agus um Fhorbairt Inbhuanaithe arna bhunú faoin gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin a mhéid a bhaineann le liosta na ndaoine aonair atá toilteanach agus inniúil chun feidhmiú mar shaineolaithe a bhunú agus le rialacha nós imeachta a ghlacadh do phainéal na saineolaithe, dá dtagraítear in Airteagal 16.18 den Chomhaontú sin, beidh sé bunaithe ar dhréachtchinneadh an Choiste atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

    The position to be taken on the Union’s behalf within the Committee on Trade and Sustainable Development established under the Agreement between the European Union and Japan for an Economic Partnership as regards the establishment of the list of individuals who are willing and able to serve as experts and the adoption of the rules of procedure for the panel of experts, as referred to in Article 16.18 of that Agreement, shall be based on the draft decision of the Committee attached to this Decision.

    Cinneadh (AE) 2023/142 ón gComhairle an 17 Eanáir 2023 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste um Thrádáil agus um Fhorbairt Inbhuanaithe arna bhunú faoin gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin a mhéid a bhaineann le liosta na ndaoine aonair atá toilteanach agus inniúil chun feidhmiú mar shaineolaithe a bhunú, agus le rialacha nós imeachta an phainéil saineolaithe a ghlacadh

  11. #3109473

    Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Comhair ag teacht le chéile dó i gcumraíocht trádála (‘an Coiste Comhair’) arna bhunú leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Casacstáine, den pháirt eile a mhéid a bhaineann le liosta a bhunú de dhaoine aonair atá toilteanach agus ábalta feidhmiú mar eadránaithe, i gcomhréir le hAirteagal 196(1) den Chomhaontú, in imeachtaí um réiteach díospóidí a bhunú, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gCoiste Comhair atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

    The position to be taken on the Union’s behalf within the Cooperation Committee meeting in trade configuration (the ‘Cooperation Committee’) established by the Enhanced Partnership and Cooperation Agreement between the European Union and its Member States, of the one part, and the Republic of Kazakhstan, of the other part, as regards the establishment of a list of individuals who are willing and able to serve as arbitrators, in accordance with Article 196(1) of the Agreement, in dispute settlement proceedings shall be based on the draft Decision of the Cooperation Committee attached to this Decision.

    Cinneadh (AE) 2023/2856 ón gComhairle an 7 Nollaig 2023 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Comhair ag teacht le chéile dó i gcumraíocht trádála arna bhunú leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Casacstáine, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le liosta a bhunú de 15 dhuine aonair atá toilteanach agus ábalta feidhmiú mar eadránaithe in imeachtaí um réiteach díospóidí

  12. #2997552

    Ba cheart díol nó aistriú an mhéid seo a leanas a bheith i gceist le hidirbhearta den sórt sin: (1) comhaontú creidmheasa neamhthuillmheach aonair, (2) roinnt comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha a bhaineann le hiasachtaí aonair amháin, (3) comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha atá ina gcuid de shaoráidí comhaontaithe creidmheasa sindeacáitithe, (4) comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha a bhaineann le hiasachtaí a bhfuil sainchónaí air nó uirthi lasmuigh den Aontas, (5) comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha a fuarthas ó eintiteas nach institiúid creidmheasa é, mar i gcásanna den sórt sin d’fhéadfadh sé nach mbeadh an fhaisnéis uile ag institiúidí creidmheasa is gá chun na réimsí sonraí uile a chomhlánú, (6) comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha le daoine nádúrtha, i gcás ina mbaineann na hidirbhearta sin le comhaontuithe creidmheasa neamhurraithe beaga atá lasmuigh de raon feidhme Threoir 2008/48/CE.

    Such transactions should involve the sale or transfer of: (1) a single non-performing credit agreement; (2) several non-performing credit agreements linked to one single borrower; (3) non-performing credit agreements that are part of syndicated credit agreement facilities; (4) non-performing credit agreements linked to a borrower that is domiciled outside of the Union; (5) non-performing credit agreements that have been acquired from an entity that is not a credit institution, as in such situations credit institutions may not have all the information required to complete all data fields; (6) non-performing credit agreements to natural persons, where those transactions concern small unsecured credit agreements that are outside the scope of Directive 2008/48/EC.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2083 ón gCoimisiún an 26 Meán Fómhair 2023 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i dtaca le cur i bhfeidhm Airteagal 16(1) de Threoir (AE) 2021/2167 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na teimpléid atá le húsáid ag institiúidí creidmheasa chun faisnéis maidir lena risíochtaí creidmheasa sa leabhar baincéireachta a sholáthar do cheannaitheoirí (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  13. #2217356

    Thairis sin, cumhdófar na réimsí comhair seo a leanas a bhaineann go sonrach leis an gComharsanacht: comhar polaitiúil feabhsaithe a chur chun cinn; tacaíocht chun comhaontuithe comhlachais a chur chun feidhme, nó comhaontuithe eile atá ann cheana féin nó a bheidh ann amach anseo, agus cláir oibre chomhlachais agus tosaíochtaí comhpháirtíochta atá comhaontaithe ar bhonn comhpháirteach nó doiciméid choibhéiseacha a chur chun feidhme; comhpháirtíocht neartaithe a chur chun cinn idir sochaithe san Aontas agus na tíortha comhpháirtíochta, lena n-áirítear trí theagmháil idir daoine; comhar réigiúnach méadaithe, go háirithe faoi chuimsiú an Aontais don Réigiún Meánmhuirí agus an chomhair ar fud na Comharsanachta Eorpaí; comhtháthú comhleanúnach i margadh inmheánach an Aontais mar aon le comhar feabhsaithe earnála agus trasearnála, lena n-áirítear trí chomhfhogasú reachtach agus cóineasú rialála i dtreo chaighdeáin an Aontais agus i dtreo caighdeán idirnáisiúnta ábhartha eile, agus feabhas a chur ar rochtain ar an margadh lena n-áirítear trí limistéir shaorthrádála dhoimhne agus chuimsitheacha, institiúidí agus infheistíochtaí gaolmhara a fhorbairt;

    In addition, the following areas of cooperation specific for the Neighbourhood will be covered: promotion of enhanced political cooperation; support to the implementation of association agreements or other existing and future agreements and jointly agreed association agendas and partnership priorities or equivalent documents; promotion of a strengthened partnership between societies in the Union and the partner countries, including through people-to-people contacts; increased regional cooperation, in particular in the framework of the Union for the Mediterranean and European Neighbourhood-wide collaboration; progressive integration into the Union internal market and enhanced sectoral and cross-sectoral cooperation, including through legislative approximation and regulatory convergence towards Union and other relevant international standards, and improved market access including through deep and comprehensive free trade areas, related institution building and investment.

    Glacadh cinntitheach (AE, Euratom) 2022/182 bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022

  14. #2217359

    Thairis sin, cumhdófar na réimsí comhair seo a leanas a bhaineann go sonrach leis an gComharsanacht: comhar polaitiúil feabhsaithe a chur chun cinn; tacaíocht chun comhaontuithe comhlachais a chur chun feidhme, nó comhaontuithe eile atá ann cheana féin nó a bheidh ann amach anseo, agus cláir oibre chomhlachais agus tosaíochtaí comhpháirtíochta atá comhaontaithe ar bhonn comhpháirteach nó doiciméid choibhéiseacha a chur chun feidhme; comhpháirtíocht neartaithe a chur chun cinn idir sochaithe san Aontas agus na tíortha comhpháirtíochta, lena n-áirítear trí theagmháil idir daoine; comhar réigiúnach méadaithe, go háirithe faoi chuimsiú Chomhpháirtíocht an Oirthir agus an chomhair ar fud na Comharsanachta Eorpaí; comhtháthú comhleanúnach i margadh inmheánach an Aontais mar aon le comhar feabhsaithe earnála agus trasearnála, lena n-áirítear trí chomhfhogasú reachtach agus cóineasú rialála i dtreo chaighdeáin an Aontais agus i dtreo caighdeán idirnáisiúnta ábhartha eile, agus feabhas a chur ar rochtain ar an margadh lena n-áirítear trí limistéir shaorthrádála dhoimhne agus chuimsitheacha, institiúidí agus infheistíochtaí gaolmhara a fhorbairt;

    In addition, the following areas of cooperation specific for the Neighbourhood will be covered: promotion of enhanced political cooperation; support to the implementation of association agreements or other existing and future agreements and jointly agreed association agendas and partnership priorities or equivalent documents; promotion of a strengthened partnership between societies in the Union and the partner countries, including through people-to-people contacts; increased regional cooperation, in particular in the framework of the Eastern Partnership and European Neighbourhood-wide collaboration; progressive integration into the Union internal market and enhanced sectoral and cross-sectoral cooperation, including through legislative approximation and regulatory convergence towards Union and other relevant international standards, and improved market access including through deep and comprehensive free trade areas, related institution building and investment.

    Glacadh cinntitheach (AE, Euratom) 2022/182 bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022

  15. #462837

    Ar dhíospóid a theacht faoina mbráid i dtaobh conartha a rinneadh idir daoine lena mbaineann Airteagal 1 agus ina bhfuil comhaontú eadrána, pé acu le heasaontais atá nó a bheidh ann a bhaineann sé, ar comhaontú bailí é de bhua an airteagail sin agus ar féidir é a chur in éifeacht, déanfaidh binsí na bPáirtithe Conarthacha díospóid na bpáirtithe, ar cheachtar acu dá iarraidh sin, a chur faoi bhreith na n-eadránaithe.

    The tribunals of the Contracting Parties, on being seized of a dispute regarding a contract made between persons to whom Article 1 applies and including an arbitration agreement whether referring to present or future differences which is valid in virtue of the said article and capable of being carried into effect, shall refer the parties on the application of either of them to the decision of the arbitrators.

    AN tACHT EADRÁNA 2010

  16. #697117

    Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus gluaiseacht daoine, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/349/AE ón gComhairle agus le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle,

    As regards Liechtenstein, this Regulation constitutes a development of the provisions of the Schengen acquis within the meaning of the Protocol between the European Union, the European Community, the Swiss Confederation and the Principality of Liechtenstein on the accession of the Principality of Liechtenstein to the Agreement between the European Union, the European Community and the Swiss Confederation on the Swiss Confederation’s association with the implementation, application and development of the Schengen acquis relating to the abolition of checks at internal borders and movement of persons, which fall within the area referred to in Article 1 of Decision 1999/437/EC read in conjunction with Article 3 of Council Decisions 2011/349/EU and 2011/350/EU,

    Rialachán (AE) 2016/93 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2016 lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe ó acquis Schengen

  17. #1878818

    maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh den Chomhchoiste arna bhunú faoin gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine a mhéid a bhaineann leis an leasú ar Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú sin maidir le comhordú scéimeanna slándála sóisialta

    on the position to be adopted, on behalf of the European Union, within the Joint Committee established under the Agreement between the European Community and its Member States, of the one part, and the Swiss Confederation, of the other, on the free movement of persons as regards the amendment to Annex II to that Agreement on the coordination of social security schemes

    Cinneadh (AE) 2020/2134 ón gComhairle an 10 Nollaig 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh den Chomhchoiste arna bhunú faoin gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine a mhéid a bhaineann leis an leasú ar Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú sin maidir le comhordú scéimeanna slándála sóisialta (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  18. #2002002

    a thagann isteach i mBallstát faoi ghealltanais atá i gcomhaontú idirnáisiúnta lena ndéantar iontráil agus fanacht a éascú do chatagóirí áirithe de dhaoine nádúrtha a bhaineann le trádáil agus infheistíocht, cé is moite de náisiúnaigh tríú tír dár deonaíodh cead isteach ar chríoch an Bhallstáit sin mar aistrithe idirchorparáideacha de bhun Treoir 2014/66/AE;

    who enter a Member State under commitments contained in an international agreement facilitating the entry and temporary stay of certain categories of trade- and investment-related natural persons, with the exception of third-country nationals who have been admitted to the territory of a Member State as intra-corporate transferees pursuant to Directive 2014/66/EU;

    Treoir (AE) 2021/1883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2021 maidir le coinníollacha iontrála agus cónaithe do náisiúnaigh tríú tír chun críche fostaíocht dár gá ardcháilíochtaí, agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/50/CE ón gComhairle

  19. #2037943

    I gcomhaontú leis na heintitis náisiúnta atá inniúil in ábhair shlándála agus faoina maoirseacht, ceadóidh na Ballstáit do dhaoine cuí-údaraithe arna gceapadh ag an mBord um Chreidiúnú Slándála rochtain a bheith acu ar aon fhaisnéis agus ar aon limistéar agus ar aon láithreán a bhaineann le slándáil na gcóras a thagann faoina ndlínse, i gcomhréir lena ndlíthe agus lena rialacháin náisiúnta, lena n-áirítear rochtain chun críoch cigireachtaí, iniúchtaí agus tástálacha slándála arna gcinneadh ag an mBord um Chreidiúnú Slándála agus chun críocha an phróisis faireacháin i ndáil le rioscaí slándála dá dtagraítear i bpointe (h) d’Airteagal 37.

    In agreement with and under the supervision of national entities competent in security matters, Member States shall permit duly authorised persons appointed by the Security Accreditation Board to have access to any information and to any areas and sites related to the security of systems falling within their jurisdiction, in accordance with their national laws and regulations, including for the purposes of security inspections, audits and tests as decided by the Security Accreditation Board and of the security risk monitoring process referred to in point (h) of Article 37.

    Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013 agus (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE

  20. #2369854

    Mar sin féin, bheadh an comhaontú a tugadh i gcrích idir na hailtirí féinfhostaithe agus Cuideachta X lasmuigh de raon feidhme Airteagal 101 CFAE, toisc gur comhaontú cómhargála a bhaineann le dálaí oibre é, idir Cuideachta X agus daoine aonair ar féidir a mheas gur i staid is inchomparáide le staid oibrithe atá siad (i dtéarmaí a gcleithiúnais eacnamaíoch de).

    However, the agreement concluded between the self-employed architects and Company X would fall outside the scope of Article 101 TFEU, as it is a collective agreement relating to working conditions between Company X and individuals who can be considered to be in a situation comparable to that of workers (in terms of their economic dependence).

    Teachtaireacht ón gCoimisiún Inneachar dréacht-Teachtaireachta a fhormheas i gcomhair Teachtaireacht ón gCoimisiún — Treoirlínte um chur i bhfeidhm dhlí iomaíochta an Aontais maidir le comhaontuithe cómhargála i ndáil le dálaí oibre daoine féinfhostaithe aonair 2022/C 123/01

  21. #2781709

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1087 ón gCoimisiún an 23 Iúil 2020 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/466 a mhéid a bhaineann le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéanann daoine nádúrtha atá údaraithe go sonrach, le hanailísí a dhéanamh, le tástáil nó diagnóisí a dhéanamh agus le tréimhse chur i bhfeidhm na mbeart sealadach, sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

    Commission Implementing Regulation (EU) 2020/1087 of 23 July 2020 amending Implementing Regulation (EU) 2020/466 as regards the performance of official controls and other official activities by specifically authorised natural persons, the performance of analyses, testing or diagnoses and the period of application of temporary measures is to be incorporated into the EEA Agreement.

    Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 120/2020 an 25 Meán Fómhair 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteashláintíochta) agus Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1379]

  22. #2881743

    A mhéid a bhaineann le réiteach díospóidí, ghlac an Chomhairle Comhpháirtíochta, de bhun Airteagal 752 den Chomhaontú Trádála agus Comhair, liosta daoine aonair a bhfuil saineolas acu sna hearnálacha a chumhdaítear leis an gComhaontú Trádála agus Comhair agus atá toilteanach agus inniúil ar bheith ina gcomhaltaí de bhinse eadrána.

    With regard to dispute settlement, a list of individuals with expertise in the sectors covered by the TCA who are willing and able to serve as members of an arbitration tribunal was adopted by the Partnership Council, pursuant to Article 752 of the TCA.

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE maidir le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann an 1 Eanáir – an 31 Nollaig 2022

  23. #3087910

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/83 ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/466 a mhéid a bhaineann le daoine nádúrtha atá údaraithe go sonrach rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéanamh agus le tréimhse chur i bhfeidhm na mbeart sealadach, sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

    Commission Implementing Regulation (EU) 2021/83 of 27 January 2021 amending Implementing Regulation (EU) 2020/466 as regards the performance of official controls and other official activities by specifically authorised natural persons and the period of application of temporary measures is to be incorporated into the EEA Agreement.

    Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 88/2021 an 3 Márta 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteashláintíochta) agus Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/116]

  24. #3109332

    Leis an gComhaontú, ba cheart aghaidh a thabhairt ar ghnéithe uile na himirce agus forálacha mionsonraithe a chur san áireamh maidir le hoibleagáid fhrithpháirteach na bPáirtithe aon náisiúnach dá gcuid atá i láthair go neamhdhleathach ar chríoch an Pháirtí eile a athligean isteach, chomh maith le forálacha maidir le hidirphlé agus socruithe praiticiúla nó comhaontuithe breise eile maidir le saincheisteanna ábhartha a bhaineann leis an imirce, lena n áirítear imirce dhleathach agus neamhrialta, filleadh, iarrataí ar thearmann, smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine, chomh maith le slándáil doiciméad.

    The Agreement should address all facets of migration and include detailed provisions on the Parties’ mutual obligation to readmit any of their nationals illegally present on the territory of the other Party, as well as provisions on dialogue and further practical arrangements or agreements on relevant migration-related issues, including legal and irregular migration, return, asylum requests, smuggling of migrants and trafficking in human beings, as well as document security.

    32023D2855

  25. #3178654

    Gan dochar don oibleagáid dlí an Aontais atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo a ionchorprú sa Chomhaontú maidir le Saorghluaiseacht Daoine, sa réimse de a bhaineann le hoibrithe a phostú, agus an dlí sin de chuid an Aontais a léiriú i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, féadfar forálacha sonracha a chomhaontú, gan beann ar dhlí an Aontais a bheidh ann amach anseo, go bhforchoimeádfar don Eilvéis an fhéidearthacht bearta áirithe a ghlacadh nó a choinneáil ar bun chun sainiúlachtaí mhargadh saothair na hEilvéise a chur san áireamh agus chun cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe maidir le Saorghluaiseacht Daoine a áirithiú.

    Without prejudice to the obligation to incorporate current and future Union law in the area of posting of workers in the Agreement on the Free Movement of Persons and to interpret such Union law in accordance with the case-law of the Court of Justice of the European Union, specific provisions that, irrespective of future Union law, reserve for Switzerland the possibility to adopt or maintain certain measures in order to take account of the specificities of the Swiss labour market and to ensure the application of the Agreement on the Free Movement of Persons may be agreed.

    Cinneadh (AE, Euratrom) 2024/995 ón gComhairle an 12 Márta 2024 lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht le Cónaidhm na hEilvéise i ndáil le forálacha institiúideacha i gcomhaontuithe idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise a bhaineann leis an margadh inmheánach, i ndáil le comhaontú maidir le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i gcláir an Aontais agus i ndáil le comhaontú atá mar bhonn le rannchuidiú buan na hEilvéise le comhtháthú an Aontais

  26. #1998518

    Mar léiriú ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic le géarchéimeanna aeráide agus dúlra i gcomhréir le gealltanais an Aontais i leith chur chun feidhme Chomhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (“Comhaontú Pháras”), agus chun Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach agus an Comhdhearcadh Eorpach maidir le Forbairt, leis an mBliain Eorpach, ba cheart rannchuidiú le gníomhaíochtaí a bhaineann leis an aeráid agus leis an dúlra a phríomhshruthú agus leis na cuspóirí a leagtar amach sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 dar teideal “An Comhaontú Glas don Eoraip” a chur chun feidhme ar bhealach cothrom agus cuimsitheach, sna misin Fís Eorpach, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus sa phacáiste “Oiriúnach do 55” a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Iúil 2021 dar teideal “Fit for 55”: delivering the EU’s 2030 Climate Target on the way to climate neutrality [“Oiriúnach do 55”: Sprioc Aeráide 2030 AE i dtreo aeráidneodracht a bhaint amach] go háirithe trí dhaoine óga a spreagadh a dtionscnaimh féin agus a smaointe cruthaitheacha a cheapadh maidir leis na spriocanna ábhartha a bhaint amach agus dá bhrí sin aitheantas a thabhairt d’acmhainneacht chruthaitheach agus nuálach agus cumais na ndaoine óga.

    Reflecting the importance of tackling climate and nature crises in accordance with the Union’s commitments to implement the Paris Agreement adopted under the United Nations Framework Convention on Climate Change (the ‘Paris Agreement’), and to achieve the United Nations Sustainable Development Goals and the European Consensus on Development, the European Year should contribute to mainstreaming climate- and nature-related actions and to the implementation of the objectives set out in the communication of the Commission of 11 December 2019 entitled ‘The European Green Deal’ in a fair and inclusive manner, Horizon Europe missions, as set out in Regulation (EU) 2021/695 of the European Parliament and of the Council, and the Fit for 55 package set out in the communication of the Commission of 14 July 2021 entitled ‘“Fit for 55”: delivering the EU’s 2030 Climate Target on the way to climate neutrality’, in particular by encouraging young people to formulate their own initiatives and creative ideas on achieving the relevant targets, thereby recognising the creative and innovative potential and abilities of young people.

    Cinneadh (AE) 2021/2316 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Nollaig 2021 maidir le Bliain Eorpach na hÓige (2022) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  27. #2374310

    Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le ceanglais chineálcheadaithe do mhótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh le haghaidh feithiclí den sórt sin, a mhéid a bhaineann lena sábháilteacht ghinearálta agus cosaint na ndaoine atá i bhfeithiclí agus úsáideoirí soghonta bóthair, lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 78/2009, (CE) Uimh. 79/2009 agus (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialacháin (CE) Uimh. 631/2009, (AE) Uimh. 406/2010, (AE) Uimh. 672/2010, (AE) Uimh. 1003/2010, (AE) Uimh. 1005/2010, (AE) Uimh. 1008/2010, (AE) Uimh. 1009/2010, (AE) Uimh. 19/2011, (AE) Uimh. 109/2011, (AE) Uimh. 458/2011, (AE) Uimh. 65/2012, (AE) Uimh. 130/2012, (AE) Uimh. 347/2012, (AE) Uimh. 351/2012, (AE) Uimh. 1230/2012 agus (AE) 2015/166 ón gCoimisiún, arna cheartú le IO L 398, 11.11.2021, lch. 29, sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

    Regulation (EU) 2019/2144 of the European Parliament and of the Council of 27 November 2019 on type-approval requirements for motor vehicles and their trailers, and systems, components and separate technical units intended for such vehicles, as regards their general safety and the protection of vehicle occupants and vulnerable road users, amending Regulation (EU) 2018/858 of the European Parliament and of the Council and repealing Regulations (EC) No 78/2009, (EC) No 79/2009 and (EC) No 661/2009 of the European Parliament and of the Council and Commission Regulations (EC) No 631/2009, (EU) No 406/2010, (EU) No 672/2010, (EU) No 1003/2010, (EU) No 1005/2010, (EU) No 1008/2010, (EU) No 1009/2010, (EU) No 19/2011, (EU) No 109/2011, (EU) No 458/2011, (EU) No 65/2012, (EU) No 130/2012, (EU) No 347/2012, (EU) No 351/2012, (EU) No 1230/2012 and (EU) 2015/166, as corrected by OJ L 398, 11.11.2021, p. 29, is to be incorporated into the EEA Agreement.

    Cinneadh Uimh. 55/2022 ó Chomhchoiste LEE an 18 Márta 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2022/1123]