Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

Foirmeacha na bhfocal

comhaontaigh

comhaontú

eorpach

míchumas

4 thoradh in 4 dhoiciméad

  1. #1776039

    I nDearbhú Uimh. 22, maidir le daoine faoi mhíchumas, atá i gceangal le Conradh Amstardam, tháinig Comhdháil Ionadaithe Rialtais na mBallstát ar chomhaontú, agus bearta á n-ullmhú faoi Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), go bhfuil institiúidí an Aontais chun aird a thabhairt ar na riachtanais atá ag daoine faoi mhíchumas.

    In Declaration No 22, regarding persons with a disability, annexed to the Treaty of Amsterdam, the Conference of the Representatives of the Governments of the Member States agreed that, in drawing up measures under Article 114 of the Treaty on the Functioning of the European Union (TFEU), the institutions of the Union are to take account of the needs of persons with disabilities.

    Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  2. #2205167

    Agus a gcuid oibleagáidí faoin gComhaontú á gcomhlíonadh acu, glacann na Páirtithe mar chúram orthu féin gníomhú i gcomhréir le gach ionstraim dlí is infheidhme um chearta an duine, lena n-áirítear an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine 1950, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i dtaobh Stádas Dídeanaithe 1951, agus Prótacal 1967 a ghabhann leis, Coinbhinsiún Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe Chiníoch a Dhíothú 1965, an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla 1966, an Coinbhinsiún maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú 1979, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Céastóireachta 1984, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh 1989, agus Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas 2006, agus Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

    In performing their obligations under this Agreement, the Parties undertake to act in compliance with all applicable human rights law instruments, including the 1950 European Convention on Human Rights, the 1951 United Nations Convention Relating to the Status of Refugees and the 1967 Protocol thereto, the 1965 Convention on the Elimination of All Forms of Racial Discrimination, the 1966 International Covenant on Civil and Political Rights, the 1979 Convention on the Elimination of All Forms of Discrimination against Women, the 1984 UN Convention Against Torture, the 1989 UN Convention on the Rights of the Child, the 2006 United Nations Convention on the rights of persons with disabilities, and the Charter of Fundamental Rights of the European Union.

    Comhaontú idir an taontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bpoblacht na Moldóive

  3. #2774641

    Agus a gcuid oibleagáidí faoin gComhaontú á gcomhlíonadh acu, glacann na Páirtithe mar chúram orthu féin gníomhú i gcomhréir le gach ionstraim is infheidhme um chearta an duine, lena n-áirítear Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa 1950 chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe 1951 i dtaobh Stádas Dídeanaithe, agus an Prótacal ó 1967 a ghabhann leis, Coinbhinsiún Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe 1965 maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe Chiníoch a Dhíothú, an Cúnant Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe 1966 ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, an Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe 1979 maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe 1984 in aghaidh na Céastóireachta agus in aghaidh Íde nó Pionós eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe 1989 um Chearta an Linbh, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe 2006 ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas agus Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

    In performing their obligations under this Agreement, the Parties undertake to act in compliance with all applicable human rights instruments, including the 1950 Council of Europe Convention for the Protection of Human Rights and Fundamental Freedoms, the 1951 United Nations Convention Relating to the Status of Refugees and the 1967 Protocol thereto, the 1965 United Nations International Convention on the Elimination of All Forms of Racial Discrimination, the 1966 United Nations International Covenant on Civil and Political Rights, the 1979 United Nations Convention on the Elimination of All Forms of Discrimination against Women, the 1984 United Nations Convention against Torture and Other Cruel, Inhuman or Degrading Treatment or Punishment, the 1989 United Nations Convention on the Rights of the Child, the 2006 United Nations Convention on the Rights of Persons with Disabilities and the Charter of Fundamental Rights of the European Union.

    Comhaontu idir an tAontas Eorpach agus Montainéagró maidir le Gníomhaíochtaí Oibríochtúla arna nDéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGardaTeorann agus Cósta i Montainéagró

  4. #2886904

    COMHAONTÚ IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS POBLACHT NA hALBÁINE MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHTAÍ OIBRÍOCHTÚLA ARNA nDÉANAMH AG AN nGNÍOMHAIREACHT EORPACH UM AN nGARDA TEORANN AGUS CÓSTA I bPOBLACHT NA hALBÁINE