#309495
(1) Is Páirtí Conarthach é an tAontas i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe an 10 Nollaig 1982 maidir le Dlí na Farraige, ar Coinbhinsiún é a formheasadh le Cinneadh 98/392/CE [3] ón gComhairle, is Páirtí Conarthach é sa Chomhaontú i ndáil le cur chun feidhme na bhforálacha den Choinbhinsiún sin a bhaineann le caomhnú agus bainistiú stoc éisc traslimistéir agus stoc éisc mhórimircigh, ar Comhaontú é a daingníodh le Cinneadh 98/414/CE [4] ón gComhairle agus is Páirtí Conarthach é sa Chomhaontú chun comhlíonadh beart caomhnaithe idirnáisiúnta agus beart bainistíochta idirnáisiúnta ag soithí iascaireachta ar an Mórmhuir a chur chun cinn, ar Comhaontú é ar glacadh leis le Cinneadh 96/428/CE [5] ón gComhairle.
(1) The Union is a Contracting Party to the United Nations Convention of 10 December 1982 on the Law of the Sea approved by Council Decision 98/392/EC [3], to the Agreement on the implementation of the provisions of that Convention relating to the conservation and management of straddling stocks and highly migratory fish stocks ratified by Council Decision 98/414/EC [4] and to the Agreement to promote compliance with international conservation and management measures by fishing vessels on the high seas accepted by Council Decision 96/428/EC [5].