Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

Foirmeacha na bhfocal

prótacal

cosaint

dídeanaí

12 toradh in 9 ndoiciméad

  1. #674378

    Go háirithe, déanfaidh gníomhaíochtaí forálacha na Cairte um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, dlí cosanta sonraí an Aontais, an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint (CECD), prionsabal na córa cothroime a chur ar náisiúnaigh tríú tíre, an ceart chun tearmainn agus ar chosaint idirnáisiúnta, prionsabal an non-refoulement agus oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus na mBallstát a eascraíonn as ionstraimí idirnáisiúnta lenar sínithe iad amhail Coinbhinsiún na Ginéive maidir le Stádas Dídeanaithe an 28 Iúil 1951, arna fhorlíonadh le Prótacal Nua-Eabhrac an 31 Eanáir 1967, a chomhlíonadh.

    In particular, actions shall comply with the provisions of the Charter of Fundamental Rights of the European Union, Union data protection law, the European Convention for the Protection of Human Rights and Fundamental Freedoms (ECHR), the principle of fair treatment of third-country nationals, the right to asylum and international protection, the principle of non-refoulement and the international obligations of the Union and Member States arising from international instruments to which they are signatory such as the Geneva Convention Relating to the Status of Refugees of 28 July 1951, as supplemented by the New York Protocol of 31 January 1967.

    Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 574/2007/CE

  2. #725622

    Áiritheoidh an Garda Teorann agus Cósta Eorpach go ndéanfar cearta bunúsacha a chosaint agus a chúraimí á gcomhlíonadh aige faoin Rialachán seo i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais, go háirithe an Chairt, leis an dlí ábhartha idirnáisiúnta — lena n-áirítear Coinbhinsiún 1951 maidir le Stádas Dídeanaithe, Prótacal 1967 a ghabhann leis sin maille le hoibleagáidí a bhaineann le rochtain ar chosaint idirnáisiúnta, go háirithe prionsabal an non-refoulement.

    The European Border and Coast Guard shall guarantee the protection of fundamental rights in the performance of its tasks under this Regulation in accordance with relevant Union law, in particular the Charter, relevant international law — including the 1951 Convention Relating to the Status of Refugees, the 1967 Protocol thereto and obligations related to access to international protection, in particular the principle of non-refoulement.

    Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2005/267/CE ón gComhairle

  3. #1820360

    Áiritheoidh an Garda Teorann agus Cósta Eorpach go ndéanfar cearta bunúsacha a chosaint agus a chúraimí á gcur i gcrích aige faoin Rialachán seo i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais, go háirithe an Chairt, agus an dlí ábhartha idirnáisiúnta, lena n-áirítear Coinbhinsiún 1951 i dtaobh Stádas Dídeanaithe, Prótacal 1967 a ghabhann leis, an Coinbhinsiún um Chearta an Linbh agus oibleagáidí a bhaineann le rochtain ar chosaint idirnáisiúnta, go háirithe prionsabal an non-refoulement.

    The European Border and Coast Guard shall guarantee the protection of fundamental rights in the performance of its tasks under this Regulation in accordance with relevant Union law, in particular the Charter, and relevant international law, including the 1951 Convention relating to the Status of Refugees, the 1967 Protocol thereto, the Convention on the Rights of the Child and obligations related to access to international protection, in particular the principle of non-refoulement.

    Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624

  4. #308783

    (4) Sa Chomhaontú Eorpach um Inimirce agus um Thearmann, a glacadh i mí Mheán Fómhair 2008, mheabhraigh an Chomhairle Eorpach go sollúnta go bhfuil sé de cheart ag aon eachtrannach atá faoi ghéarleanúint cúnamh agus cosaint a fháil ar chríoch an Aontais Eorpaigh i gcur i bhfeidhm Choinbhinsiún na Ginéive an 28 Iúil 1951 i dtaobh Stádas Dídeanaithe arna leasú le Prótacal Nua-Eabhrac an 31 Eanáir 1967 agus le conarthaí ábhartha eile.

    (4) In the European Pact on Immigration and Asylum, adopted in September 2008, the European Council solemnly reiterated that any persecuted foreigner is entitled to obtain aid and protection on the territory of the European Union in application of the Geneva Convention of 28 July 1951 relating to the Status of Refugees, as amended by the New York Protocol of 31 January 1967, and other relevant treaties.

    Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 lena mbunaítear Oifig Eorpach Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn

  5. #1820264

    Comhlíonfaidh na comhaontuithe déthaobhacha agus iltaobhacha agus cineálacha eile socruithe dá dtagraítear i mír 1 dlí an Aontais agus an dlí idirnáisiúnta maidir le cearta bunúsacha agus cosaint idirnáisiúnta, lena n-áirítear an Chairt, an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint agus Coinbhinsiún 1951 i dtaobh Stádas Dídeanaithe, Prótacal 1967 a ghabhann leis, agus go háirithe prionsabal an non-refoulement.

    The bilateral and multilateral agreements and other forms of arrangements referred to in paragraph 1 shall comply with Union and international law on fundamental rights and on international protection, including the Charter, the European Convention for the Protection of Human Rights and Fundamental Freedoms and the 1951 Convention relating to the Status of Refugees, the 1967 Protocol thereto, and in particular the principle of non-refoulement.

    Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624

  6. #2195587

    Tá comhbheartas ar thearmann, atá bunaithe ar chur i bhfeidhm iomlán agus cuimsitheach Choinbhinsiún na Ginéive an 28 Iúil 1951 Maidir le Stádas Dídeanaithe, arna leasú le Prótacal Nua-Eabhrac an 31 Eanáir 1967, ina chuid dhílis de chuspóir an Aontais limistéar saoirse, slándála agus ceartais a bhunú de réir a chéile atá oscailte do náisiúnaigh tríú tír nó do dhaoine gan stát a lorgaíonn cosaint idirnáisiúnta san Aontas.

    A common policy on asylum based on the full and inclusive application of the Geneva Convention Relating to the Status of Refugees of 28 July 1951, as amended by the New York Protocol of 31 January 1967, is a constituent part of the Union’s objective of establishing progressively an area of freedom, security and justice open to third-country nationals or stateless persons who seek international protection in the Union.

    Rialachán (AE) 2021/2303 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2021 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 439/2010

  7. #2196552

    Ráthóidh an Ghníomhaireacht cosaint na gceart bunúsach i gcomhlíonadh a gcúraimí faoin Rialachán seo i gcomhréir le dlíthe ábhartha an Aontais, lena n-áirítear an Chairt, agus an dlí idirnáisiúnta ábhartha, go háirithe Coinbhinsiún na Ginéive maidir le Stádas Dídeanaithe an 28 Iúil 1951, arna leasú le Prótacal Nua-Eabhrac an 31 Eanáir 1967.

    The Agency shall guarantee the protection of fundamental rights in the performance of its tasks under this Regulation in accordance with relevant Union law, including the Charter, and relevant international law, in particular the Geneva Convention Relating to the Status of Refugees of 28 July 1951, as amended by the New York Protocol of 31 January 1967.

    Rialachán (AE) 2021/2303 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2021 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 439/2010

  8. #601916

    Ní dhéanfaidh cur chun feidhme an Rialacháin seo difear do roinnt na hinniúlachta idir an tAontas agus na Ballstáit, ná d'oibleagáidí na mBallstát faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, faoin gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir, faoin gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Cuardach agus Tarrtháil ar Muir, faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta agus an Prótacal in aghaidh Inimircigh a Smuigleáil ar Tír, ar Muir nó san Aer, faoin gCoinbhinsiún i dTaobh Stádas Dídeanaithe, faoin gCoinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a chosaint agus faoi ionstraimí eile idirnáisiúnta ábhartha.

    The implementation of this Regulation does not affect the division of competence between the Union and the Member States or the obligations of Member States under the United Nations Convention on the Law of the Sea, the International Convention for the Safety of Life at Sea, the International Convention on Maritime Search and Rescue, the United Nations Convention against Transnational Organized Crime and its Protocol against the Smuggling of Migrants by Land, Sea and Air, the Convention Relating to the Status of Refugees, the Convention for the Protection of Human Rights and Fundamental Freedoms and other relevant international instruments.

    Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear an Córas Eorpach um Fhaireachas ar Theorainneacha (EUROSUR)

  9. #1818912

    Le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ní dhéantar difear do dheighilt na hinniúlachta idir an tAontas agus na Ballstáit, ná d’oibleagáidí na mBallstát faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, faoin gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir, faoin gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Cuardach agus Tarrtháil ar Muir, faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta agus an Prótacal in aghaidh Inimircigh a Smuigleáil ar Tír, ar Muir nó san Aer, faoi Choinbhinsiún 1951 i dtaobh Stádas Dídeanaithe, faoi Phrótacal 1967 a ghabhann leis, faoin gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i dtaobh Stádas Daoine gan Stát agus faoi ionstraimí idirnáisiúnta ábhartha eile.

    The implementation of this Regulation does not affect the division of competence between the Union and the Member States or the obligations of Member States under the United Nations Convention on the Law of the Sea, the International Convention for the Safety of Life at Sea, the International Convention on Maritime Search and Rescue, the United Nations Convention against Transnational Organized Crime and its Protocol against the Smuggling of Migrants by Land, Sea and Air, the 1951 Convention relating to the Status of Refugees, the 1967 Protocol thereto, the European Convention for the Protection of Human Rights and Fundamental Freedoms, the United Nations Convention relating to the Status of Stateless Persons and other relevant international instruments.

    Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624

  10. #1658202

    Le linn oibríochtaí um fhaireachas ar theorainneacha ar muir, ba cheart do na Ballstáit a n-oibleagáidí faoi seach a urramú faoin Dlí Idirnáisiúnta, go háirithe faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, faoin gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir, faoin gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Cuardach agus Tarrtháil ar Muir, faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta agus a Phrótacal in aghaidh Imircigh a Smuigleáil ar Tír, ar Muir agus san Aer, faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i dTaobh Stádas Dídeanaithe, faoin gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, faoin gCúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Céastóireachta agus in aghaidh Íde nó Pionóis eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach, faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh agus faoi ionstraimí idirnáisiúnta ábhartha eile.

    During border surveillance operations at sea, Member States should respect their respective obligations under international law, in particular the United Nations Convention on the Law of the Sea, the International Convention for the Safety of Life at Sea, the International Convention on Maritime Search and Rescue, the United Nations Convention against Transnational Organized Crime and its Protocol against the Smuggling of Migrants by Land, Sea and Air, the United Nations Convention relating to the Status of Refugees, the European Convention for the Protection of Human Rights and Fundamental Freedoms, the International Covenant on Civil and Political Rights, the United Nations Convention against Torture and Other Cruel, Inhuman or Degrading Treatment or Punishment, the United Nations Convention on the Rights of the Child and other relevant international instruments.

    Rialachán (AE) Uimh. 656/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear rialacha i gcomhair faireachais ar na teorainneacha farraige seachtracha i gcomhthéacs comhair oibríochtúil a chomhordaíonn an Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh

  11. #2774641

    Agus a gcuid oibleagáidí faoin gComhaontú á gcomhlíonadh acu, glacann na Páirtithe mar chúram orthu féin gníomhú i gcomhréir le gach ionstraim is infheidhme um chearta an duine, lena n-áirítear Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa 1950 chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe 1951 i dtaobh Stádas Dídeanaithe, agus an Prótacal ó 1967 a ghabhann leis, Coinbhinsiún Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe 1965 maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe Chiníoch a Dhíothú, an Cúnant Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe 1966 ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, an Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe 1979 maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe 1984 in aghaidh na Céastóireachta agus in aghaidh Íde nó Pionós eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe 1989 um Chearta an Linbh, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe 2006 ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas agus Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

    In performing their obligations under this Agreement, the Parties undertake to act in compliance with all applicable human rights instruments, including the 1950 Council of Europe Convention for the Protection of Human Rights and Fundamental Freedoms, the 1951 United Nations Convention Relating to the Status of Refugees and the 1967 Protocol thereto, the 1965 United Nations International Convention on the Elimination of All Forms of Racial Discrimination, the 1966 United Nations International Covenant on Civil and Political Rights, the 1979 United Nations Convention on the Elimination of All Forms of Discrimination against Women, the 1984 United Nations Convention against Torture and Other Cruel, Inhuman or Degrading Treatment or Punishment, the 1989 United Nations Convention on the Rights of the Child, the 2006 United Nations Convention on the Rights of Persons with Disabilities and the Charter of Fundamental Rights of the European Union.

    Comhaontu idir an tAontas Eorpach agus Montainéagró maidir le Gníomhaíochtaí Oibríochtúla arna nDéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGardaTeorann agus Cósta i Montainéagró

  12. #2886904

    Agus a gcuid oibleagáidí faoin gComhaontú á gcomhlíonadh acu, glacann na Páirtithe mar chúram orthu féin gníomhú i gcomhréir le gach ionstraim is infheidhme um chearta an duine, lena n-áirítear Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa 1950 chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe 1951 i dtaobh Stádas Dídeanaithe, agus an Prótacal ó 1967 a ghabhann leis, Coinbhinsiún Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe 1965 maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe Chiníoch a Dhíothú, an Cúnant Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe 1966 ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, an Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe 1979 maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe 1984 in aghaidh na Céastóireachta agus in aghaidh Íde nó Pionós eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe 1989 um Chearta an Linbh, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe 2006 ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas agus Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

    In performing their obligations under this Agreement, the Parties undertake to act in compliance with all applicable human rights instruments, including the 1950 Council of Europe Convention for the Protection of Human Rights and Fundamental Freedoms, the 1951 United Nations Convention Relating to the Status of Refugees and the 1967 Protocol thereto, the 1965 United Nations International Convention on the Elimination of All Forms of Racial Discrimination, the 1966 United Nations International Covenant on Civil and Political Rights, the 1979 United Nations Convention on the Elimination of All Forms of Discrimination against Women, the 1984 United Nations Convention against Torture and Other Cruel, Inhuman or Degrading Treatment or Punishment, the 1989 United Nations Convention on the Rights of the Child, the 2006 United Nations Convention on the Rights of Persons with Disabilities and the Charter of Fundamental Rights of the European Union.

    COMHAONTÚ IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS POBLACHT NA hALBÁINE MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHTAÍ OIBRÍOCHTÚLA ARNA nDÉANAMH AG AN nGNÍOMHAIREACHT EORPACH UM AN nGARDA TEORANN AGUS CÓSTA I bPOBLACHT NA hALBÁINE