#315660
2. Gníomhóidh an tÚdarás faoi réir na gcumhachtaí a thugtar dó leis an Rialachán seo agus faoi réir raon feidhme Threoir 97/9/CE, Threoir 98/26/CE, Threoir 2001/34/CE, Threoir 2002/47/CE, Threoir 2003/6/CE, Theoir 2003/71/CE, Threoir 2004/39/CE, Threoir 2004/109/CE, Threoir 2009/65/CE, agus Threoir 2006/49/CE gan dochar d’inniúlacht an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) i dtaca le maoirseacht stuamachta, aon reachtaíochta sa todhchaí i réimse réimse Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha (BCIM), agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 a mhéad a bhfuil feidhm ag na gníomhartha sin maidir le gnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí infheistíochta nó maidir le gnóthais chomh-infheistíochta a dhéanann margaíocht ar a n-aonaid nó ar a scaireanna agus na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht orthu, agus gníomhóidh sé faoi réir na gcodanna ábhartha de Threoir 2002/87/CE, Threoir 2005/60/CE, Threoir 2002/65/CE, lena n-áirítear gach treoir, gach rialachán agus gach cinneadh atá bunaithe ar na gníomhartha sin, agus aon ghníomh eile Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí agus lena dtugtar cúraimí don Údarás
2. The Authority shall act within the powers conferred by this Regulation and within the scope of Directive 97/9/EC, Directive 98/26/EC, Directive 2001/34/EC, Directive 2002/47/EC, Directive 2003/6/EC, Directive 2003/71/EC, Directive 2004/39/EC, Directive 2004/109/EC, Directive 2009/65/EC and to Directive 2006/49/EC, without prejudice to the competence of the European Supervisory Authority (European Banking Authority) in terms of prudential supervision, any future legislation in the area of Alternative Investment Fund Managers (AIFM), and Regulation (EC) No 1060/2009, and, to the extent that these acts apply to firms providing investment services or to collective investment undertakings marketing their units or shares and the competent authorities that supervise them, within the relevant parts of, Directive 2002/87/EC, Directive 2005/60/EC, Directive 2002/65/EC, including all directives, regulations, and decisions based on those acts, and of any further legally binding Union act which confers tasks on the Authority.