Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

Foirmeacha na bhfocal

saoráid

comhpháirtíocht

infheistíocht

5 thoradh in 5 dhoiciméad

  1. #1669163

    Ba cheart oibríochtaí CEFI a bheith éagsúil go soiléir ó thacaíocht eile, lena n-áirítear na hoibríochtaí iasachta arna ndéanamh faoi shainordú seachtrach an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) agus Tionscnamh Athléimneachta Eacnamaíoch BEI, agus an tSaoráid Infheistíochta a bunaíodh faoi Chomhaontú Comhpháirtíochta idir Comhaltaí Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, arna shíniú in Cotonou an 23 Meitheamh 2000 [2] (Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE) (Saoráid Infheistíochta ACC), agus ba cheart d’oibríochtaí CEFI a bheith comhlántach ar an tacaíocht sin.

    EFSD operations should be clearly distinct from, and complementary to, other support, including the European Investment Bank’s (EIB) external lending mandate operations and Economic Resilience Initiative, and the Investment Facility established under the Partnership Agreement between the members of the African, Caribbean and Pacific Group of States of the one part, and the European Community and its member States, of the other part, signed in Cotonou on 23 June 2000 [2] (ACP-EU Partnership Agreement) (ACP Investment Facility).

    Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meán Fómhair 2017 lena mbunaítear an Ciste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe (CEFI), Ráthaíocht CEFI agus Ciste Ráthaíocht CEFI

  2. #2635414

    Is clár seanbhunaithe de chuid an Aontais é Saoráid an Aontais um Chúnamh Teicniúil lena dtugtar cúnamh do thíortha comhpháirtíochta chun feabhas a chur ar chreataí rialála, inniúlachtaí institiúideacha a fheabhsú agus infheistíocht san fhuinneamh inbhuanaithe a ghríosú.

    The EU’s global Technical Assistance Facility is a long-standing EU programme that assists partner countries in improving regulatory frameworks, enhancing institutional capacities and mobilising investment in sustainable energy.

    REPORT FROM THE COMMISSION TO THE EUROPEAN PARLIAMENT, THE COUNCIL AND THE COURT OF AUDITORS Annual Management and Performance Report for the EU Budget - Financial Year 2021

  3. #1879648

    Cé gur thacaigh Saoráid Infheistíochta ACC leis na cuspóirí maidir le laghdú bochtaineachta, comhtháthú sa gheilleagar domhanda agus forbairt inbhuanaithe sna tíortha ACC, mar a leagtar amach i gComhaontú Comhpháirtíochta idir comhaltaí Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, (“Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE”), tá fianaise láidir ann nár baineadh amach an méid arbh fhéidir i ndáil leis na cuspóirí sin.

    There is strong evidence that, while the ACP Investment Facility contributed to the objectives of poverty reduction, integration into the world economy and sustainable development of the ACP countries, as set out in the Partnership Agreement between the members of the African, Caribbean and Pacific Group of States of the one part, and the European Community and its Member States, of the other part (‘the ACP-EU Partnership Agreement’), it did not maximise its contribution in that regard.

    Cinneadh (AE) 2020/2233 ón gComhairle an 23 Nollaig 2020 a bhaineann le gealltanas na gcistí a eascraíonn ó athshreabha faoi Shaoráid Infheistíochta ACC maidir le hoibríochtaí faoin 9ú, faoin 10ú agus faoin 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta

  4. #2626869

    ag tabhairt dá haire gur ionann an 11ú CEF agus 46 % de phunann Ard-Stiúrthóireacht Comhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta an Choimisiúin (AS INTPA) ó thaobh íocaíochtaí de in 2020; ag tabhairt dá haire, mar gheall ar fhreagairt an Aontais ar phaindéim COVID-19, gur shroich gealltanais agus íocaíochtaí CEF, faoi seach, EUR 3894 mhilliún agus EUR 4677 milliún, agus iad os cionn, den chuid is mó, na spriocanna a socraíodh ar dtús le haghaidh 2020, eadhon EUR 3267 milliún agus EUR 4400 milliún; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gurbh ionann gealltanais an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) agus EUR 2053 mhilliún, iad go léir bainteach leis an tSaoráid Infheistíochta agus, den chuid is mó, ó chistí imrothlacha, agus gurbh ionann íocaíochtaí BEI agus EUR 667 milliún in 2020, agus go mbaineann siad go léir leis an tSaoráid Infheistíochta freisin;

    Observes that the eleventh EDF represents 46 % of the portfolio of the Commission’s Directorate-General for International Partnerships (DG INTPA) in terms of payments in 2020; notes that the due to the Union’s response to the COVID-19 pandemic, EDF commitments and payments reached, respectively, EUR 3894 million and EUR 4677 million, largely above the targets of EUR 3267 million and EUR 4400 million initially set for 2020; notes, in addition, that European Investment Bank (EIB) commitments amounted to EUR 2053 million, all of them concerning the Investment Facility and largely from revolving funds, while EIB payments amounted to EUR 667 million in 2020, all of them also concerning the Investment Facility;

    Rún (AE) 2022/1714 ó pharlaimint na hEorpa an 4 Bealtaine 2022 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an ochtú, an naoú, an 10ú agus an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta don bhliain airgeadais 2020

  5. #3050732

    á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí an Chomhghnóthais, bunaithe ar a fhreagraí ar urscaoileadh Pharlaimint na hEorpa in 2020, chun sineirgí a fhorbairt tuilleadh idir an chomhpháirtíocht nua agus sásraí cistiúcháin an Aontais atá ann cheana, lena n-áirítear tionscadail arna gcistiú faoi chláir an Aontais amhail an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, an Plean don Eoraip Dhigiteach, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe, chomh maith le InvestEU; ag tabhairt dá haire go n-áirítear ar na hiarrachtaí sin gníomhaíochtaí atá beartaithe chun naisc a d’fhéadfadh a bheith ann le cláir eile de chuid an Aontais a chur chun cinn, oibriú leis na Ballstáit i nGrúpa Ionadaithe na mBallstát, agus Grúpa Imscartha a bhunú chun tacú le pleananna imlonnaithe agus infheistíochta a shainaithint agus a ailíniú le hionstraimí cistiúcháin eile de chuid an Aontais; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé leanúint den obair sin chun córas iarnróid níos inbhuanaithe, níos iontaofa agus níos tarraingtí a bhaint amach;

    Welcomes the efforts of the Joint Undertaking, based on its replies to the European Parliament’s discharge of 2020, to further develop synergies between the new partnership and existing funding mechanisms of the Union, including projects funded under Union programmes such as the Connecting Europe Facility, the Digital Europe Plan, the European Regional Development Fund and the Cohesion Fund, as well as InvestEU; notes that these efforts include activities planned to promote potential links with other Union programmes, work with Member States in the States Representatives Group, and the setting up of a Deployment Group to support the identification and alignment of deployment and investment plans with other Union funding instruments; underlines the importance of continuing this work in order to achieve a more sustainable, reliable and attractive railway system;

    Rún (AE) 2023/1969ó pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa (roimh an 30 Samhain 2021 an Comhghnóthas Shift2Rail) don bhliain airgeadais 2021