Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

Foirmeacha na bhfocal

cléireach

vótaíocht

64 toradh in 19 doiciméad

  1. #157853

    (2) Cléireach vótaíochta do gach oifigeach ceannais

    One poll clerk for each presiding officer

    Ionstraimí Reachtúla: 1980

  2. #173521

    (2) Le cléireach vótaíochta amháin do gach oifigeach ceannais

    (2) One poll clerk for each presiding officer ...

    Ionstraimí Reachtúla: 1981

  3. #772346

    I ndáilcheanntar contae roinnt cléireach agus teachtairí, ná raghaidh a n-uimhir thar aon chléireach amháin agus aon teachtaire amháin in aghaidh gach ceanntair vótaíochta sa dáilcheanntar, no, i gcás breis is cúig céad toghthóir do bheith sa cheanntar vótaíochta, aon chléireach amháin agus aon teachtaire amháin in aghaidh gach cúig céad glan de thoghthóirí sa cheanntar vótaíochta, agus má bhíonn aon uimhir de thoghthóiri ann sa bhreis ar aon chúig céad glan no aon chúig céadtha glan de thoghthóirí annsan féadfar aon chléireach amháin agus aon teachtaire amháin d'fhostú in aghaidh na huimhreach san bíodh nách cúig céad glan í:

    In a county constituency a number of clerks and messengers not exceeding in number one clerk and one messenger for each polling district in the constituency, or where the number of electors in a polling district exceeds five hundred, one clerk and one messenger for every complete five hundred electors in the polling district, and if there is a number of electors over and above any complete five hundred or complete five hundreds of electors, then one clerk and one messenger may be employed for such number although not amounting to a complete five hundred:

    Uimhir 38 de 1923: ACHT CHUN DROCH-BHEARTA TOGHACHÁIN DO CHOSC, 1923

  4. #1171391

    Oifigigh cheannais agus cléirigh vótaíochta.

    Presiding officers and poll clerks.

    Uimhir 19 de 1963: AN tACHT TOGHCHÁIN, 1963

  5. #1171794

    Oifigigh cheannais agus cléirigh vótaíochta.

    Presiding officers and poll clerks.

    Uimhir 19 de 1963: AN tACHT TOGHCHÁIN, 1963

  6. #1172097

    Oifigigh cheannais agus cléirigh vótaíochta.

    Presiding officers and poll clerks.

    Uimhir 19 de 1963: AN tACHT TOGHCHÁIN, 1963

  7. #1331463

    Oifigigh cheannais agus cléirigh vótaíochta.

    Presiding officers and poll clerks. [GA]

    Uimhir 30 de 1977: AN tACHT UM THOGHCHÁIN DO THIONÓL NA hEORPA, 1977

  8. #1331513

    (b) an t-oifigeach ceannais agus an cléireach vótaíochta don stáisiún,

    ( b ) the presiding officer and poll clerk for the station,

    Uimhir 30 de 1977: AN tACHT UM THOGHCHÁIN DO THIONÓL NA hEORPA, 1977

  9. #762742

    Roimh oscailt na vótaíochta sighneoidh gach ceann comhrimh agus gach oifigeach, cléireach no gníomhaire do húdaruíodh chun bheith i láthair i stáisiún vótaíochta no i láthair le linn comhreamh na vótanna, sighneoid geallúint, sa bhfuirm a bheidh orduithe, go gcimeádfid rún na ballóide agus, lasmuich de sin, ní éileofar ar aon cheann comhrimh, cléireach ná gníomhaire den tsórt san roimh-ráite, mar cheann chomhrimh, mar chléireach ná mar ghníomhaire aon fhaisnéis do dhéanamh ná aon mhóid do thabhairt ar ócáid toghacháin ar bith.

    Every returning officer, and every officer, clerk, or agent authorised to attend at a polling station, or at the counting of the votes, shall, before the opening of the poll sign an undertaking to preserve the secrecy of the ballot in the prescribed form and no returning officer, clerk, or agent as aforesaid, shall, save as aforesaid, be required, as such, to make any declaration or take any oath on the occasion of any election

    Uimhir 12 de 1923: ACHT TIMPEAL TOGHACHÁN, 1923

  10. #428268

    (c) Is é nó is í an ceann comhairimh a dhéanfaidh oifigigh cheannais ag an vótaíocht agus cléirigh vótaíochta a cheapadh.

    (c) Presiding officers at the poll and polling clerks shall be appointed by the returning officer.

    AN tACHT UM IASCACH INTÍRE 2010

  11. #981404

    (b) na cumhachta agus na dualgais a mhíniú a bheas ag cinn chóimhrimh áitiúla, rúnaithe agus cléirigh údarás áitiúla agus daoine eile a fostófar maidir leis an vótaíocht,

    ( b ) define the powers and duties of local returning officers, secretaries and clerks of local authorities and other persons employed in connection with the poll,

    Uimhir 15 de 1945: AN tACHT TOGHCHÁIN UACHTARÁIN AGUS TOGHCHÁN ÁITIÚLA, 1945

  12. #1404713

    (4) Is é an ceann comhairimh a cheapfaidh oifigigh cheannais ag an vótaíocht mar aon le cléirigh vótaíochta.

    (4) Presiding officers at the poll and polling clerks shall be appointed by the returning officer.

    Uimhir 24 de 1983: AN tACHT SEIRBHÍSÍ POIST AGUS TEILEACHUMARSÁIDE, 1983

  13. #1404798

    (3) Is é an ceann comhairimh a cheapfaidh oifigigh cheannais sa vótaíocht mar aon le cléirigh vótaíochta.

    (3) Presiding officers at the poll and polling clerks shall be appointed by the returning officer.

    Uimhir 24 de 1983: AN tACHT SEIRBHÍSÍ POIST AGUS TEILEACHUMARSÁIDE, 1983

  14. #1449372

    (3) Is é an ceann comhairimh a dhéanfaidh oifigigh ceannais ag vótaíocht agus cléirigh vótaíochta a cheapadh.

    (3) Presiding officers at a poll and polling clerks shall he appointed by the returning officer.

    Uimhir 15 de 1987: AN tACHT UM ÁISEANNA SAOTHAIR, 1987

  15. #761357

    —(1) Déanfaidh gach oifigeach, cléireach agus gníomhaire dá mbeidh i láthair i stáisiún vótaíochta rún do chimeád, agus cabhrú chun rún do chimeád, ar an vótáil sa stáisiún san, agus roimh chríochnú na vótaíochta, ní thabharfaid do dhuine ar bith, ach amháin chun críche éigin le n-a mbeidh údarás dlí, aon eolas i dtaobh na hainme ná na huimhreach atá ar chlár na dtoghthóirí ag aon toghthóir a dhin no nár dhin páipéar ballóide d'iarraidh no vóta do thabhairt sa stáisiún san, ná i dtaobh an mhairc oifigiúla, agus ní dhéanfaidh aon oifigeach, cléireach ná gníomhaire den tsórt san, ná aon duine ar bith eile, cur isteach ná iarracht ar chur isteach ar aon vótálaí le linn é do bheith ag marcáil a vóta, ná iarracht do thabhairt in aon tslí eile ar eolas do bhaint amach sa stáisiún vótaíochta i dtaobh ce'ca iarrthóir go bhfuil aon vótálaí ar tí no tar éis vótáil leis ná ní thabharfaid do dhuine ar bith aon uair aon eolas a gheobhaid siad i stáisiún vótaíochta i dtaobh ce'ca iarrthóir go bhfuil aon vótálaí sa stáisiún san ar tí no tar éis vótáil leis ná i dtaobh na huimhreach ar chúl an pháipéir bhallóide a tugadh d'aon vótálaí sa stáisiún san.

    —(1) Every officer, clerk and agent in attendance at a polling station shall maintain, and aid in maintaining, the secrecy of the voting in such station, and shall not communicate, except for some purpose authorised by law, before the poll is closed to any person any information as to the name or number on the register of electors of any elector who has or has not applied for a ballot paper or voted at that station, or as to the official mark, and no such officer, clerk or agent, and no person whosoever, shall interfere with or attempt to interfere with a voter when marking his vote, or otherwise attempt to obtain in the polling station information as to the candidate for whom any voter in such station is about to vote or has voted, or communicate at any time to any person any information obtained in a polling station as to the candidate for whom any voter in such station is about to vote or has voted, or as to the number on the back of the ballot paper given to any voter at such station.

    Uimhir 12 de 1923: ACHT TIMPEAL TOGHACHÁN, 1923

  16. #772347

    Ach an méid cléireach agus teachtairí a lomhálfar mar sin in aon dáilcheanntar féadfar iad d'fhostú in aon cheanntar vótaíochta ina mbeidh gá le n-a seirbhís.

    Provided always that the number of clerks and messengers so allowed in and constituency may be employed in any polling district where their services may be required.

    Uimhir 38 de 1923: ACHT CHUN DROCH-BHEARTA TOGHACHÁIN DO CHOSC, 1923

  17. #922330

    —(1) Déanfaidh gach oifigeach, cléireach agus duine dá mbeidh ar fostú no i láthair i stáisiún vótaíochta rún do choimeád, agus cabhrú chun rún do choimeád, ar an vótáil sa stáisiún san agus ní thabharfaid, roimh chríochnú na vótaíochta, aon eolas do dhuine ar bith, ach amháin chun críche éigin le n-a mbeidh údarás dlí i dtaobh ainme aon toghthóra, ná i dtaobh uimhreach aon toghthóra ar an rolla de thoghthóirí, do rinne no ná dearna páipéar ballóide d'iarraidh no vótáil sa stáisiún san, ná i dtaobh an mhaire oifigiúil, agus ní dhéanfaidh aon oifigeach, cléireach ná duine den tsórt san, ná duine ar bith eile, cur isteach ná iarracht ar chur isteach ar vótálaí le linn é bheith ag marcáil a vóta, ná iarracht do thabhairt in aon tslí eile ar eolas d'fháil sa stáisiún vótaíochta i dtaobh cé hé an t-iarrthóir go bhfuil aon vótálaí sa stáisiún san ar tí no tar éis vótála leis ná ní thabharfaid do dhuine ar bith aon uair aon colas do ghcobhfar i stáisiún vótaíochta i dtaobh cé hé an t-iarrthóir go bhfuil aon vótálaí sa stáisiún san ar tí no tar éis vótála leis ná i dtaobh na huimhreach ar chúl an pháipéir bhallóide tugadh d'aon vótálaí sa stáisiún san.

    —(1) Every officer, clerk, and person employed or in attendance at a polling station shall maintain, and aid in maintaining, the secrecy of the voting in such station, and shall not, except for some purpose authorised by law, communicate before the poll is closed to any person any information as to the name or number on the register of electors of any elector who has or his not applied for a ballot paper or voted at that station, or as to the official mark, and no such officer, clerk or person, and no other person whosoever, shall interfere with or attempt to interfere with a voter when marking his vote, or otherwise attempt to obtain in the polling station information as to the candidate for whom any voter in such station is about to vote or has voted, or communicate at any time to any person any information obtained in a polling station as to the candidate for whom any voter in such station is about to vote or has voted, or as to the number on the back of the ballot paper given to any voter at such station.

    Uimhir 32 de 1937: ACHT TOGHACHÁN AN UACHTARÁIN, 1937

  18. #964083

    —(1) Déanfaidh gach oifigeach, cléireach agus duine dá mbeidh ar fostú no i láthair i stáisiún vótaíochta ag an vótaíocht i reifreann rún do choimeád, agus cabhrú chun rún do choimeád, ar an vótáil sa stáisiún san agus ní thabharfaidh, roimh chríochnú na vótaíochta, aon eolas do dhuine ar bith, ach amháin chun críche éigin a bheidh údaruithe le dlí, i dtaobh ainme aon vótálaidhe, ná i dtaobh uimhreach aon vótálaidhe ar an rolla de thoghthóirí, do rinne no ná dearna páipéar ballóide d'iarraidh no vótáil sa stáisiún san, ná i dtaobh an mhairc oifigiúil, agus ní dhéanfaidh aon oifigeach, cléireach ná duine den tsórt san, ná duine ar bith eile, cur isteach ná iarracht ar chur isteach ar vótálaidhe le linn é bheith ag marcáil a vóta, ná iarracht do thabhairt in aon tslí eile ar eolas d'fháil sa stáisiún vótaíochta i dtaobh an chuma ina bhfuil aon vótálaidhe sa stáisiún san ar tí no tar éis vótála ná ní thabharfaidh do dhuine ar bith aon uair aon eolas do gheobhar i stáisiún vótaíochta i dtaobh an chuma ina bhfuil aon vótálaidhe sa stáisiún san ar tí no tar éis vótála, ná i dtaobh na huimhreach ar chúl an pháipéir bhallóide tugadh d'aon vótálaidhe sa stáisiún san.

    —(1) Every officer, clerk, and person employed or in attendance at a polling station at the poll at a referendum shall maintain, and aid in maintaining, the secrecy of the voting in such station, and shall not, except for some purpose authorised by law, communicate before the poll is closed to any person any information as to the name or number on the register of electors of any voter who has or has not applied for a ballot paper or voted at that station, or as to the official mark, and no such officer, clerk or person, and no other person whosoever, shall interfere with or attempt to interfere with a voter when marking his vote, or otherwise attempt to obtain in the polling station information as to the manner in which any voter in such station is about to vote or has voted, or communicate at any time to any person any information obtained in a polling station as to the manner in which any voter in such station is about to vote or has voted, or as to the number on the back of the ballot paper given to any voter at such station.

    Uimhir 8 de 1942: ACHT AN REIFRINN, 1942

  19. #1171395

    (1) Ceapfaidh an ceann comhairimh oifigeach ceannais chun bheith i gceannas ar gach stáisiún vótaíochta agus, más oiriúnach leis é, ceapfaidh sé freisin cléireachcléirigh chun cuidiú le gach oifigeach ceannais.

    "35 (1) The returning officer shall appoint a presiding officer to preside at each polling station and also, if he thinks fit, a clerk or clerks to assist each presiding officer.

    Uimhir 19 de 1963: AN tACHT TOGHCHÁIN, 1963

  20. #1171799

    (1) Ceapfaidh an ceann comhairimh áitiúil oifigeach ceannais chun bheith i gceannas ar gach stáisiún vótaíochta agus, más oiriúnach leis é, cléireachcléirigh chun cuidiú le gach oifigeach ceannais.

    (1) The local returning officer shall appoint a presiding officer to preside at each polling station and also, if he thinks fit, a clerk or clerks to assist each presiding officer.

    Uimhir 19 de 1963: AN tACHT TOGHCHÁIN, 1963

  21. #1172102

    (1) Ceapfaidh an ceann comhairimh áitiúil oifigeach ceannais chun bheith i gceannas ar gach stáisiún vótaíochta agus, más oiriúnach leis é, cléireachcléirigh chun cuidiú le gach oifigeach ceannais.

    (1) The local returning officer shall appoint a presiding officer to preside at each polling station and also, if he thinks fit, a clerk or clerks to assist each presiding officer.

    Uimhir 19 de 1963: AN tACHT TOGHCHÁIN, 1963

  22. #1331465

    (1) Ceapfaidh an ceann comhairimh áitiúil oifigeach ceannais le bheith i gceannas ar gach stáisiún vótaíochta agus féadfaidh sé cléireachcléirigh a cheapadh freisin chun cabhrú le gach oifigeach ceannais.

    (1) The local returning officer shall appoint a presiding officer to preside at each polling station and may also appoint a clerk or clerks to assist each presiding officer.

    Uimhir 30 de 1977: AN tACHT UM THOGHCHÁIN DO THIONÓL NA hEORPA, 1977

  23. #922510

    (1) Féadfaidh an ceann comhrimh áitiúil pé cléirigh agus pé méid díobh is dóich leis is ceart do cheapadh do gach stáisiún vótaíochta fé leith chun cabhruithe leis an oifigeach ceannais sa stáisiún vótaíochta san.

    (1) The local returning officer may appoint, for each polling station, such and so many clerks as he shall think proper to assist the presiding officer at such polling station.

    Uimhir 32 de 1937: ACHT TOGHACHÁN AN UACHTARÁIN, 1937

  24. #964476

    12.—(1) Féadfaidh an ceann cóimhrimh áitiúil pé cléirigh agus pé méid díobh is dóich leis is ceart do cheapadh do gach stáisiún vótaíochta fé leith chun cabhruithe leis an oifigeach ceannais sa stáisiún vótaíochta san.

    12.—(1) The local returning officer may appoint, for each polling station, such and so many clerks as he shall think proper to assist the presiding officer at such polling station.

    Uimhir 8 de 1942: ACHT AN REIFRINN, 1942

  25. #964481

    13.—Coimeádfaidh gach oifigeach ceannais ordúlacht ina stáisiún vótaíochta, socróidh cá mhéid vótálaidhe a leigfear isteach sa turas, agus dúnfaidh amach gach éinne eile ach amháin a chléirigh, na gníomhairí pearsanála (más ann) a bheidh ceaptha dá stáisiún vótaíochta, agus na baill den Ghárda Síochána bheidh ar dualgas.

    13.—Every presiding officer shall keep order at his polling station, shall regulate the number of voters to be admitted at a time, and shall exclude all other persons except his clerks, the personation agents (if any) appointed for his polling station, and the members of the Gárda Síochána on duty.

    Uimhir 8 de 1942: ACHT AN REIFRINN, 1942

  26. #952185

    (e) mara mbeidh ach duine amháin ainmnithe go bailidhe nuair a bheidh breithniú déanta agus breith tugtha ag an gceann cóimhrimh Seanaid ar na páipéirí ainmniúcháin sin uile agus ar na hainmnithe bheidh á ndéanamh leo, dearbhóidh an ceann cóimhrimh Seanaid, agus cuirfidh in úil do Chléireach Sheanad Éireann, an duine sin do bheith toghtha, ach má bhíonn beirt no níos mó ainmnithe go bailidhe nuair a bheidh an breithniú san déanta agus an bhreith sin tugtha, cuirfidh an ceann cóimhrimh Seanaid an toghachán ar athló agus cuirfidh vótaíocht ar siúl do réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den Chuid seo den Acht so.

    ( e ) when the Seanad returning officer has considered and ruled upon all the said nomination papers and the nominations made thereby, if only one person stands validly nominated the Seanad returning officer shall declare that person to be elected and shall so inform the Clerk of Seanad Eireann, but if two or more persons so stand validly nominated, the Seanad returning officer shall adjourn the election and take a poll in accordance with the subsequent provisions of this Part of this Act.

    Uimhir 20 de 1940: ACHT TOGHACHÁIN AN tSEANAID (BAILL AINMLIOSTA) (TOGHACHÁIN CHORRA), 1940

  27. #952191

    —(1) Pé uair a chuirfidh an ceann cóimhrimh Seanaid toghachán ar athló fén gCuid seo den Acht so chun vótaíocht do chur ar siúl, cuirfidh san in úil láithreach do Chléireach Dháil Éireann i scríbhinn agus cuirfidh cóip den ainmliost d'iarrthóirí chuige, agus bhéarfaidh an Cléireach san don cheann chóimhrimh Seanaid, fé cheann ceithre lá tar éis an eolais sin d'fháil amhlaidh, ráiteas ar ainmneacha agus seolta agus tuairiscí na gcomhaltaí uile de Dháil Éireann a bheidh i dteideal suidhe agus vótáil sa Tigh sin an uair sin.

    —(1) Whenever the Seanad returning officer adjourns an election under this Part of this Act for the purpose of taking a poll, he shall forthwith inform the Clerk of Dáil Eireann in writing of such adjournment and send to him a copy of the panel of candidates, and the said Clerk shall, not more than four days after being so informed, furnish to the Seanad returning officer a statement of the names, addresses, and descriptions of all the members of Dáil Eireann who are then entitled to sit and vote in that House.

    Uimhir 20 de 1940: ACHT TOGHACHÁIN AN tSEANAID (BAILL AINMLIOSTA) (TOGHACHÁIN CHORRA), 1940

  28. #1014883

    —(1) Nuair a chuirfeas ceann comhairimh an tSeanaid toghchán ar atráth faoin gCaibidil seo chun vótaíocht a thógaint, cuirfidh sé sin in iúl láithreach do Chléireach Dháil Éireann i scríbhinn agus cuirfidh cóip den liosta iarrthóirí chuige, agus bhéarfaidh an Cléireach sin do cheann comhairimh an tSeanaid, tráth nach déanaí ná cheithre lá tar éis sin a chur in iúl dó amhlaidh, ráiteas ina luafaidh ainmneacha, seolta agus tuairiscí na gcomhaltaí uile de Dháil Éireann a bheas, an uair sin, i dteideal suí agus vótáil sa Tigh sin.

    —(1) Where the Seanad returning officer adjourns an election under this Chapter for the purpose of taking a poll, he shall forthwith inform the Clerk of Dáil Eireann in writing of the adjournment, and send to him a copy of the list of candidates, and the said Clerk shall, not more than four days after being so informed, furnish to the Seanad returning officer a statement of the names, addresses, and descriptions of all the members of Dáil Eireann who are then entitled to sit and vote in that House.

    Uimhir 42 de 1947: ACHT TOGHCHÁIN AN tSEANAID (ROLLA-CHOMHALTAÍ), 1947

  29. #157899

    (f) costais taistil oifigeach ceannais agus cléireach vótaíochta, ach gan áireamh a dhéanamh ar na costais faoina rachfar ag tabhairt na mboscaí ballóide ón stáisiún vótaíochta go dtí an áit ina gcomhairfear na vótaí.

    (f) travelling expenses of presiding officers and poll clerks, excluding any expenses incurred in conveying the ballot boxes from the polling station to the place where the votes are counted.

    Ionstraimí Reachtúla: 1980

  30. #173545

    (e) costais taistil oifigeach ceannais agus cléireach vótaíochta, ach gan áireamh a dhéanamh ar na costais faoina rachfar ag tabhairt na mboscaí ballóide ón stáisiún vótaíochta go dtí an áit ina gcomh-airfear na vótaí.

    ( e ) travelling expenses of presiding officers and poll clerks, excluding any expenses incurred in conveying the ballot boxes from the polling station to the place where the votes are counted.

    Ionstraimí Reachtúla: 1981

  31. #761440

    agus aon oifigeach ceannais agus aon chléireach a cheapfaidh an ceann comhrimh chun bheith i láthair i stáisiún vótaíochta beidh aca comhacht churtha na gceisteanna agus na móideanna a húdaruítear leis an Acht so a chur chun vótáluithe no ortha, agus aon fháisnéis a húdaruítear leis an Acht so a thabhairt i láthair an chinn chomhrimh no i láthair aon ghiúistís, féadfaid í do ghlaca.

    and any presiding officer and any clerk appointed by the returning officer to attend at a polling station shall have the power of asking the questions and administering the oaths authorised by this Act to be asked of or administered to voters, and may take and receive any declaration authorised by this Act to be taken before the returning officer or any magistrate.

    Uimhir 12 de 1923: ACHT TIMPEAL TOGHACHÁN, 1923

  32. #762549

    Ceapfaidh an ceann comhrimh oifigeach ceannais chun bheith i gceannas gach stáisiúin vótaíochta fé leith, agus déanfaidh an t-oifigeach a ceapfar amhlaidh órdathacht do chimeád ina stáisiún, an méid toghthóirí a bheidh le leigint isteach in éineacht do shocrú, agus gach éinne eile do chimeád amach ach na cléirigh, gníomhairí na n-iarrthóirí agus na constáblaí póilíneachta a bheidh ar diúité.

    The returning officer shall appoint a presiding officer to preside at each polling station, and the officer so appointed shall keep order at his station, shall regulate the number of electors to be admitted at a time, and shall exclude all other persons except the clerks, the agents of the candidates, and the police constables on duty.

    Uimhir 12 de 1923: ACHT TIMPEAL TOGHACHÁN, 1923

  33. #762725

    Feádfidh an t-oifigeach ceannais, tré sna cléirigh a ceapfar chun cabhrú leis, éinní do dhéanamh sa stáisiún vótaíochta a héilítear air, no a tugtar údarás do a dhéanamh, leis an Acht so, ach amháin ordú a thabhairt duine ar bith do ghabháil no do chimeád amach no do chur amach.

    The presiding officer may do, by the clerks appointed to assist him, any act which he is required or authorised to do by this Act at a polling station except ordering the arrest, exclusion, or rejection from the polling station of any person.

    Uimhir 12 de 1923: ACHT TIMPEAL TOGHACHÁN, 1923

  34. #772397

    Má ceaptar an t-aon ghníomhaire toghacháin amháin ag no thar ceann beirt no breis iarrthóirí i dtoghachán no má dhineann beirt no breis iarrthóirí, uatha féin no tré aon ghníomhaire no gníomhairí, na seomraí coiste céanna do chíosú no d'úsáid i gcóir an toghacháin sin no seirbhís na bhfo-ghníomhairí, na gcléireach, na dteachtairí, no na ngníomhairí vótaíochta céanna d'fhostú no d'úsáid sa toghachán san, no có-dhileagra no có-chiorcalán no có-fhógra d'fhoillsiú sa toghachán san, tuigfar chun crícheanna an achtacháin seo gur có-iarrthóirí sa toghachán san na hiarrthóirí seo:

    Where the same election agent is appointed by or on behalf of two or more candidates at an election, or where two or more candidates, by themselves or any agent or agents, hire or use the same committee rooms for such election, or employ or use the services of the same sub-agents, clerks, messengers, or polling agents at such election, or publish a joint address or joint circular or notice at such election, those candidates shall be deemed for the purpose of this enactment to be joint candidates at such election:

    Uimhir 38 de 1923: ACHT CHUN DROCH-BHEARTA TOGHACHÁIN DO CHOSC, 1923

  35. #920204

    (b) má gheibheann an Ceann Comhairle bheidh ag dul as oifig bás tar éis an rit sin do thabhairt amach agus sara dtosnóidh an vótaíocht sa dáilcheanntar san déanfaidh Cléireach Dháil Éireann, ar é bheith deimhnitheach gur thárla an bás san, an rit sin d'ais-ghlaoch agus rit (dá ngairmtear an rit nua san alt so) do thabhairt amach ina hionad don cheann chomhrimh sin agus í déanta amach i slí go n-ordóidh don cheann chomhrimh sin a chur fé ndeár toghachán do chur ar siúl chun an lán-líon de bhaill de Dháil Éireann don dáilcheanntar san do thogha;

    ( b ) if the outgoing Ceann Comhairle dies after the issue of the said writ and before the commencement of the polling in such constituency, the Clerk of Dáil Eireann shall, upon being satisfied of the fact of such death, recall such writ and issue in lieu thereof to such returning officer a writ (in this section referred to as the new writ) so worded that it directs such returning officer to all election to be held of the full number of members of Dáil Eireann for such constituency;

    Uimhir 25 de 1937: ACHT TOGHACHÁIN (CEANN COMHAIRLE DHÁIL ÉIREANN), 1937

  36. #922512

    (2) Féadfaidh oifigeach ceannais, tré sna cléirigh a ceapfar fén riail seo chun cabhruithe leis, aon ghníomh do dhéanamh a ceangailtear air no a húdaruítear dó, leis an Acht so, do dhéanamh, ach amháin a ordú éinne do ghabháil no éinne do dhúnadh amach no do chur amach as an stáisiún vótaíochta.

    (2) A presiding officer may do, by the clerks appointed under this rule to assist him, any act which he is required or authorised by this Act to do, except ordering the arrest of any person or the exclusion or ejection of any person from the polling station.

    Uimhir 32 de 1937: ACHT TOGHACHÁN AN UACHTARÁIN, 1937

  37. #922516

    Coimeádfaidh gach oifigeach ceannais ordúlacht ina stáisiún vótaíochta, socróidh cé méid toghthóir a leigfear isteach in éineacht, agus dúnfaidh amach gach duine eile ach amháin a chléirigh, gníomhairí pearsanála na n-iarrthóirí, agus na baill den Ghárda Síochána bheidh ar diúité.

    Every presiding officer shall keep order at his polling station, shall regulate the number of electors to be admitted at a time, and shall exclude all other persons except his clerks, the personation agents of the candidates, and the members of the Gárda Síochána on duty.

    Uimhir 32 de 1937: ACHT TOGHACHÁN AN UACHTARÁIN, 1937

  38. #922520

    Gach ceann comhrimh áitiúil agus gach oifigeach, cléireach, iarrthóir, gníomhaire pearsanála agus duine eile dá gceadófar bheith i láthair i stáisiún vótaíochta (ar chúis seachas chun vótáil sa vótaíocht) déanfaid, roimh thosach na vótaíochta, geallúint sa bhfuirm orduithe go gcoimeádfaid rún ar an mballóid do shighniú.

    Every local returning officer and every officer, clerk, candidate, personation agent, and other person who is permitted to be present in a polling station (otherwise than for the purpose of voting at the poll) shall, before the opening of the poll, sign an undertaking in the prescribed form fn preserve the secrecy of the ballot.

    Uimhir 32 de 1937: ACHT TOGHACHÁN AN UACHTARÁIN, 1937

  39. #964478

    (2) Féadfaidh oifigeach ceannais, tré na cléirigh a ceapfar fén riail seo chun cabhruithe leis, aon ghníomh do dhéanamh a ceangailtear air no a húdaruítear dó, leis an Acht so, do dhéanamh, ach amháin a ordú éinne do ghabháil no éinne do dhúnadh amach no do chur amach as an stáisiún vótaíochta.

    (2) A presiding officer may do, by the clerks appointed under this rule to assist him, any act which he is required or authorised by this Act to do, except ordering the arrest of any person or the exclusion or ejection of any person from the polling station.

    Uimhir 8 de 1942: ACHT AN REIFRINN, 1942

  40. #964484

    14.—Gach ceann cóimhrimh áitiúil agus gach oifigeach, cléireach, gníomhaire pearsanála, agus duine eile dá gceadófar bheith i láthair i stáisiún vótaíochta (ar chúis seachas chun vótáil sa vótaíocht) déanfaidh, roimh thosach na vótaíochta, geallúint sa bhfuirm orduithe do shighniú go gcoimeádfaidh rún ar an mballóid.

    14.—Every local returning officer and every officer, clerk, personation agent, and other person who is permitted to be present in a polling station (otherwise than for the purpose of voting at the poll) shall, before the opening of the poll, sign an undertaking in the prescribed form to preserve the secrecy of the ballot.

    Uimhir 8 de 1942: ACHT AN REIFRINN, 1942

  41. #1171397

    (2) Ní cheapfaidh an ceann comhairimh aon duine ina oifigeach ceannais ná ina chléireach vótaíochta más eol dó féin nó má thaispeántar chun a shástachta go raibh baint ghníomhach aige le cur ar aghaidh iarrthóireacht aon iarrthóra sa toghchán.

    (2) The returning officer shall not appoint as presiding officer or poll clerk any person if he is himself aware or it is shown to his satisfaction that the person has been actively associated in furthering the candidature of any candidate at the election.

    Uimhir 19 de 1963: AN tACHT TOGHCHÁIN, 1963

  42. #1171399

    (3) Ceadóidh an ceann comhairimh, arna iarraidh sin air, do dhuine a bhfuil sé sásta ina thaobh gur duine é a bhfuil leas bona fide aige sa toghchán, mar iarrthóir nó mar dhuine atá le bheith ina iarrthóir, nó mar ghníomhaire do dhuine den sórt sin, scrúdú a dhéanamh ar liosta na ndaoine a ndearna sé nó a bhfuil beartaithe aige, ceapacháin mar oifigigh cheannais nó cléirigh vótaíochta a thairiscint dóibh.

    (3) The returning officer shall, on request, permit a person in respect of whom he is satisfied that that person has a bona fide interest in the election as either a candidate or a prospective candidate, or the agent of such a person, to inspect the list of persons to whom he has offered or proposes to offer appointments as presiding officers or poll clerks.

    Uimhir 19 de 1963: AN tACHT TOGHCHÁIN, 1963

  43. #1171403

    (5) Féadfaidh an t-oifigeach ceannais, trí chléireach a bheidh ceaptha chun cabhrú leis, aon ghníomh a dhéanamh a cheanglaítear air nó a údaraítear dó leis an Acht seo a dhéanamh, ach amháin ordú a thabhairt, chun aon duine a ghabháil, a choinneáil amach nó a chur amach as an stáisiún vótaíochta.”

    (5) The presiding officer may do, by a clerk appointed to assist him, any act which he is required or authorised to do by this Act, except ordering the arrest, exclusion or ejection from the polling station of any person."

    Uimhir 19 de 1963: AN tACHT TOGHCHÁIN, 1963

  44. #1171515

    —(1) Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 28 den Phríomh-Acht a leasú trí “agus gach comhalta den Gharda Síochána agus gach iarrthóir a bheidh i láthair amhlaidh” a chur isteach i ndiaidh “i láthair i stáisiún vótaíochta” agus “ná aon chomhalta den Gharda Síochána ná iarrthoir” a chur isteach i ndiaidh “aon oifigeach, cléireach ná gníomhaire”.

    —(1) Subsection (1) of section 28 of the Principal Act is hereby amended by the insertion of "and every member of the Garda Síochána and candidate so in attendance" after "at a polling station," and "or member of the Garda Síochána or candidate," after "no such officer, clerk or agent,".

    Uimhir 19 de 1963: AN tACHT TOGHCHÁIN, 1963

  45. #1171523

    (a) cuirfidh an ceann comhairimh scéala faoi bhás an iarrthóra chuig an Aire agus chuig cléireach Dháil Éireann agus san am céanna, má bhíonn fógra tugtha faoin vótaíocht, cuirfidh sé an vótaíocht ar ceal;

    ( a ) the returning officer shall notify the Minister and the Clerk of Dáil Éireann of the death of the candidate and at the same time, if notice of the poll has been given, he shall countermand the poll;

    Uimhir 19 de 1963: AN tACHT TOGHCHÁIN, 1963

  46. #1171801

    (2) Ní cheapfaidh an ceann comhairimh áitiúil aon duine ina oifigeach ceannais ná ina chléireach vótaíochta más eol dó féin nó má thaispeántar chun a shástachta go raibh baint ghníomhach aige le cur ar aghaidh iarrthóireacht aon iarrthóra sa toghchán.

    (2) The local returning officer shall not appoint as presiding officer or poll clerk any person if he is himself aware or it is shown to his satisfaction that the person has been actively associated in furthering the candidature of any candidate at the election.

    Uimhir 19 de 1963: AN tACHT TOGHCHÁIN, 1963

  47. #1171803

    (3) Ceadóidh an ceann comhairimh áitiúil, arna iarraidh sin air, do dhuine a bhfuil sé sásta ina thaobh gur duine é a bhfuil leas bona fide aige sa toghchán, mar iarrthóir nó mar dhuine atá le bheith ina iarrthóir, nó mar ghníomhaire do dhuine den sórt sin, scrúdú a dhéanamh ar liosta na ndaoine a ndearna sé, nó a bhfuil beartaithe aige, ceapacháin mar oifigigh cheannais nó cléirigh vótaíochta a thairiscint dóibh.

    (3) The local returning officer shall, on request, permit a person in respect of whom he is satisfied that that person has a bona fide interest in the election as either a candidate or a prospective candidate, or the agent of such a person, to inspect the list of persons to whom he has offered or proposes to offer appointments as presiding officers or poll clerks.

    Uimhir 19 de 1963: AN tACHT TOGHCHÁIN, 1963

  48. #1171807

    (5) Féadfaidh an t-oifigeach ceannais, trí chléireach a bheidh ceaptha chun cabhrú leis, aon ghníomh a dhéanamh a cheanglaítear air nó a údaraítear dó leis an Acht seo a dhéanamh, ach amháin ordú a thabhairt chun aon duine a ghabháil, a choinneáil amach nó a chur amach as an stáisiún vótaíochta.”

    (5) The presiding officer may do, by a clerk appointed to assist him, any act which he is required or authorised to do by this Act, except ordering the arrest, exclusion or ejection from the polling station of any person."

    Uimhir 19 de 1963: AN tACHT TOGHCHÁIN, 1963

  49. #1172104

    (2) Ní cheapfaidh an ceann comhairimh áitiúil aon duine ina oifigeach ceannais ná ina chléireach vótaíochta más eol dó féin nó má thaispeántar chun a shástachta go raibh baint ghníomhach aige le hiarracht chun aon toradh áirithe a ghnóthú sa reifreann.

    (2) The local returning officer shall not appoint as presiding officer or poll clerk any person if he is himself aware or it is shown to his satisfaction that the person has been actively associated in furthering any particular result at the referendum.

    Uimhir 19 de 1963: AN tACHT TOGHCHÁIN, 1963

  50. #1172106

    (3) Ceadóidh an ceann comhairimh áitiúil, arna iarraidh sin air, d'aon chomhalta de Dháil Éireann nó de Sheanad Éireann, nó d'aon ghníomhaire pearsanaíochta, scrúdú a dhéanamh ar liosta na ndaoine a ndearna sé nó a bhfuil beartaithe aige ceapacháin mar oifigigh cheannais nó cléirigh vótaíochta a thairiscint dóibh.

    (3) The local returning officer shall, on request, permit any member of Dáil Éireann or Seanad Éireann, or any personation agent, to inspect the list of persons to whom he has offered or proposes to offer appointments as presiding officers or poll clerks.

    Uimhir 19 de 1963: AN tACHT TOGHCHÁIN, 1963