Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

Foirmeacha na bhfocal

measure

suggest

104 toradh in 87 doiciméad

  1. #1620070

    bearta atá molta

    measures suggested

    Riar na hOibre (Dáil Éireann/Seanad Éireann)

  2. #2087182

    tá fianaise ann a thugann le fios gurb ann d’easnamh tromchúiseach agus nach ndearnadh bearta ceartaitheacha ina leith;

    there is evidence to suggest a serious deficiency for which corrective measures have not been taken;

    Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí

  3. #2197878

    Sa mholadh comhpháirteach moladh bearta teicniúla sonracha in Iarthar na hAlban.

    The joint recommendation suggested specific technical measures in the West of Scotland.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2324 ón gCoimisiún an 23 Lúnasa 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta teicniúla le haghaidh iascaigh ghrinnill agus pheiligeacha áirithe sa Mhuir Cheilteach, i Muir Éireann agus in Iarthar na hAlban

  4. #2197977

    Sa mholadh comhpháirteach moladh bearta sonracha chun foghabhálacha trosc agus faoitíní a laghdú sa Mhuir Cheilteach agus i limistéir máguaird, bunaithe ar na bearta feabhais a bhí i bhfeidhm in 2020.

    The joint recommendation suggested specific measures to reduce bycatches of cod and whiting in the Celtic Sea and adjacent areas based on the remedial measures that were in place in 2020.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2324 ón gCoimisiún an 23 Lúnasa 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta teicniúla le haghaidh iascaigh ghrinnill agus pheiligeacha áirithe sa Mhuir Cheilteach, i Muir Éireann agus in Iarthar na hAlban

  5. #3049544

    Ag moladh don Ghníomhaireacht breithniú a dhéanamh ar bhearta chun cáilíocht na seirbhísí don iompar d’iarnród a fheabhsú;

    Suggests the Agency to consider measures to improve the quality of services for rail transport;

    Rún (AE) 2023/1911 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh (ERA) don bhliain airgeadais 2021

  6. #590523

    Nuair is iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin i leith líon iomchuí leibhéal den chóimheas luamhánaithe a thabhairt isteach a mbeadh ceanglas ar institiúidí a leanann samhlacha gnó éagsúla é nó iad a chomhlíonadh, lena molfaí calabrú leordhóthanach do na leibhéil sin agus aon choigeartuithe iomchuí ar thomhas an chaipitil nó ar thomhas iomlán na risíochtaí mar dá dtagraítear in Airteagal 429 iad, maraon le haon bhearta solúbthachta bainteacha más gá, lena n-áirítear leasuithe iomchuí ar Airteagal 458 chun an cóimheas luamhánaithe a thabhairt isteach faoi raon feidhme beart á áirítear san Airteagal sin.

    Where appropriate, the report shall be accompanied by a legislative proposal on the introduction of an appropriate number of levels of the leverage ratio that institutions following different business models would be required to meet, suggesting an adequate calibration for those levels and any appropriate adjustments to the capital measure and the total exposure measure as referred to in Article 429, together with any connected flexibility measures if necessary, including appropriate amendments to Article 458 to introduce the leverage ratio within the scope of measures included in that Article.

    Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

  7. #755820

    Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme an bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta nó nach bhfuil agus féadfaidh sé beart malartach iomchuí a mholadh.

    On the basis of the results of that evaluation, the Commission shall decide by means of an implementing act whether the national measure is justified or not and may suggest an appropriate alternative measure.

    Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/30/AE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE )

  8. #1776535

    I gcás, ach a gcríochnófar an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 20(3) agus (4), ina ndéantar agóidí i gcoinne beart atá déanta ag Ballstát, nó ina bhfuil fianaise réasúnta ag an gCoimisiún a thugann le fios go bhfuil beart náisiúnta contrártha le dlí an Aontais, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle, gan mhoill, leis na Ballstáit agus leis an oibreoir eacnamaíoch nó leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha agus déanfaidh sé meastóireacht ar an mbeart náisiúnta.

    Where, on completion of the procedure set out in Article 20(3) and (4), objections are raised against a measure taken by a Member State, or where the Commission has reasonable evidence to suggest that a national measure is contrary to Union law, the Commission shall without delay enter into consultation with the Member States and the relevant economic operator or operators and shall evaluate the national measure.

    Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  9. #2850915

    Dar leo, thabharfadh roinnt réamhaisnéisí le fios go rabhthas ag súil go dtiocfadh feabhas ar staid mhargadh cruach an Aontais i dtreo dheireadh 2023 agus, dá bhrí sin, gur chóir don Choimisiún an beart coimirce a bhaint lena áirithiú nach gcuireann an beart srian leis na tionscail iartheachtacha agus go bhféadfaidh siad lántairbhe a bhaint as dálaí feabhsaithe líomhnaithe an mhargaidh.

    In their view, some forecasts would suggest that the situation in the Union steel market was expected to improve towards the end of 2023 and therefore the Commission should remove the safeguard measure to ensure that downstream industries are not constrained by the measure and can benefit fully from these alleged improving market conditions.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1301 ón gCoimisiún an 26 Meitheamh 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear beart coimirce cinntitheach maidir le hallmhairí táirgí cruach áirithe

  10. #1912330

    Agus measúnú á dhéanamh ag an údarás réitigh ar conas deireadh a chur le baic den sórt sin ar réiteach, ba cheart dó a bheith in ann sraith éagsúil beart inréititheachta a mholadh seachas a cheangal go ndéanfaí athruithe ar struchtúir dhlíthiúla nó oibríochtúla an ghrúpa, dá mba rud é go bhfágfadh úsáid beart malartach den sórt sin go gcuirfí deireadh leis na baic ar inréiteacht ar bhealach coibhéiseach.

    The resolution authority, when assessing how to remove such impediments to resolution, should be able to suggest a different set of resolvability measures than requiring changes to the legal or operational structures of the group, if the use of such alternative measures would remove the impediments to resolvability in an equivalent way.

    Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le creat le haghaidh téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1095/2010, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh 600/2014, (AE) Uimh 806/2014 agus (AE) 2015/2365 agus Treoracha 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2007/36/CE, 2014/59/AE agus (AE) 2017/1132 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  11. #2060487

    In éagmais aon fhianaise lena dtabharfaí le fios go raibh tionchar mór ag na bearta atá i bhfeidhm ar na táirgeoirí nó na húsáideoirí, meastar nach mbeidh mórán tionchair ag na bearta a bheith i bhfeidhm go fóill orthu ach an oiread.

    In the absence of any evidence suggesting that the measures in force considerably affected importers or users, it is concluded that the continuation of measures will not affect them to any significant extent.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/823 ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí de bhreac dea-dhathach áirithe de thionscnamh na Tuirce tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

  12. #2060825

    Agus spriocanna maidir le hathléimneacht ó thubaistí á bhforbairt aige, cuirfidh an Coimisiún tubaistí a tharlaíonn arís agus arís eile i mBallstáit san áireamh agus molfaidh sé do na Ballstáit bearta sonracha a dhéanamh, lena n-áirítear aon bhearta atá le cur chun feidhme trí chistí an Aontais a úsáid, chun athléimneacht ó thubaistí den sórt sin a neartú.’;

    When developing Union disaster resilience goals, the Commission shall take into account recurrent disasters that hit Member States and suggest that Member States take specific measures, including any measures to be implemented with the use of Union funds, to strengthen resilience to such disasters.’;

    Rialachán (AE) 2021/836 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena leasaítear Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  13. #2503971

    Má leanann na hallmhairí isteach san Aontas, in ainneoin na mbeart atá i bhfeidhm, thabharfaí le fios l go bhfuil margadh an Aontais tarraingteach i gcónaí, agus dá ligfí do bhearta dul in éag, go leanfaí d’allmhairí ar phraghsanna dumpáilte.

    Continued imports into the Union, despite the measures in force, would suggest that the Union market continues to be attractive, and that if measures were to be allowed to lapse, imports at dumped prices would continue.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1394 ón gCoimisiún an 11 Lúnasa 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí sileacain de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, arna leathnú chun allmhairí sileacain arna gcur chun bealaigh ó Phoblacht na Cóiré agus ón Téaváin a chumhdach, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh Phoblacht na Cóiré nó na Téaváine iad nó ná bíodh, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

  14. #2626371

    ag moladh don Choiste féachaint ar dhreasachtaí agus bearta sonracha a chuirtear chun feidhme go rathúil in eintitis eile chun rochtain na mban ar phoist bhainistíochta a chur chun cinn, amhail aitheantas foirmiúil a thabhairt do fhreagrachtaí bainistíochta faoi bhun leibhéal an chinn aonaid, tacaíocht mheantóireachta agus oiliúint réamhbhainistíochta; ag meabhrú na mbeart éagsúil d’fhonn an príomhshruthú inscne a fheabhsú san obair pholaitiúil agus riaracháin atá pléite agus sainaitheanta ag an gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne i bParlaimint na hEorpa; á chreidiúint gur cheart don Choiste spriocanna níos uaillmhianaí a leagan síos maidir le cothromaíocht inscne chun an timpeallacht oibre a dhéanamh níos cothroime, níos ilchineálaí agus níos tarraingtí; á mholadh go gceapfaí oifigeach comhionannais deiseanna ina roinn acmhainní daonna chun gníomhaíochtaí ar an láthair a éascú i ndáil leis sin;

    Encourages the Committee to explore specific incentives and measures successfully implemented in other entities to promote women’s access to management posts, such as the formal recognition of management responsibilities below head of unit level, mentoring support and pre-managerial training courses; recalls the several measures to enhance gender mainstreaming in political and administrative work that have been discussed and identified by Parliament’s Committee on Women’s Rights and Gender Equality; believes that the Committee should set more ambitious targets on gender balance to make the working environment fairer and more diverse and attractive; suggests the appointment in its HR department of an equal opportunity officer to facilitate actions on the ground in this regard;

    Rún (AE) 2022/1704 ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Bealtaine 2022 maille le barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn VI — Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

  15. #2702519

    Ar an iomlán, i bhfianaise an chomhair an-teoranta ó 1 allmhaireoir amháin san imscrúdú seo, tugtar le fios nach mbeidh tionchar an-diúltach ag na bearta ar allmhaireoirí ar an iomlán agus, dá bhrí sin, ní bheadh sé níos mó ná tionchar dearfach na mbeart ar tháirgeoirí de chuid an Aontais.

    On balance, the very limited cooperation of only one importer in this investigation suggests the measures will not have a highly negative impact on importers overall and would thus not outweigh the positive effect of measures on Union producers.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100 ón gCoimisiún an 11 Eanáir 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí ceaigeanna cruach dosmálta in-athlíonta de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

  16. #2876550

    Mhol Nashira chomh maith nach rabhthas go bhfuil na bearta frithdhumpála atá i bhfeidhm ar carbaid Tungstain san áireamh go leor chun margadh an tungstain a chaomhnú agus a choinneáil seasmhach san Eoraip, agus moladh isteach bearta frithdhumpála a dhéanamh ar tháirgí ar bhonn Tungstain faoi na cinn chustaim 8207 agus 8209.

    Nashira further argued that the anti-dumping measures on tungsten carbide were not sufficient to protect and stabilise the tungsten market in Europe and suggested introducing also anti-dumping measures on tungsten-based products under headings 8207 and 8209.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1618 ón gCoimisiún an 8 Lúnasa 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí cairbíde tungstain, cairbíde tungstain comhleáite agus cairbíde tungstain atá measctha le púdar miotalach ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

  17. #3220536

    Cé go gcosnódh leanúint na mbeart tionscal tábhachtach de chuid an Aontais, lena n-áirítear roinnt mhaith fiontair bheaga agus mheánmhéide, ar an dóchúlacht go gcuirfí tús le díobháil arís, tugann an easpa comhair ó allmhaireoirí agus ó úsáideoirí le fios nach mbeadh tionchar diúltach díréireach orthu dá leanfaí de na bearta.

    While the continuation of measures would protect an important Union industry, including many small and medium enterprises, against a likely recurrence of injury, the lack of cooperation of the importers and users suggests that the continuation of measures would not have a disproportionate negative impact on them.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/493 ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2024 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí tíleanna ceirmeacha de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

  18. #1932287

    Leis na huirlisí sin, is féidir pointe bán an teilgeora, a bhíonn níos fuaire de ghnáth, a choigeartú go dtí an 2700K a moladh, agus déanfar sin trí thrédhearcacht an datha roghnaithe a athrú agus dath-theocht á tomhas trí fheidhm an mhéadair soilsis san am céanna.

    With these tools the normally colder projector white point may be adjusted to the 2700K suggested, by altering the transparency of the selected colour whilst measuring colour temperature via a function of the illuminance meter.

    Rialachán (AE) 2021/341 ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2021 lena leasaítear Rialacháin (AE) 2019/424, (AE) 2019/1781, (AE) 2019/2019, (AE) 2019/2020, (AE) 2019/2021, (AE) 2019/2022, (AE) 2019/2023 agus (AE) 2019/2024 a mhéid a bhaineann le ceanglais éicidhearthóireachta maidir le freastalaithe agus táirgí stórála sonraí, mótair leictreacha agus tiomántáin luais inathraithe, fearais chuisniúcháin, foinsí solais agus gléasanna rialaithe ar leithligh, taispeántais leictreonacha, miasniteoirí tí, meaisíní níocháin tí agus meaisíní triomadóir-niteoir tí agus fearais chuisniúcháin a bhfuil feidhm díolacháin dhírigh acu (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  19. #670449

    I gcás inar mhainnigh Ballstát nó oibreoir a n-oibleagáidí a chomhlíonadh faoi CBI nó i gcás ina bhfuil fianaise ag an gCoimisiún a thugann le tuiscint nár chomhlíon siad iad, ba cheart cead a thabhairt don Choimisiún spriocdhátaí íocaíochta a bhriseadh mar bheart réamhchúraim.

    Where a Member State or an operator has failed to comply with its obligations under the CFP, or where the Commission has evidence that suggests such a lack of compliance, the Commission should, as a precautionary measure, be allowed to interrupt payment deadlines.

    Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) 2328/2003 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 791/2007 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1255/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

  20. #694262

    Moladh sa tuarascáil freisin go ndéanfaí bearta struchtúracha áirithe chun déileáil leis na laigí a bhí ann i gcónaí in earnáil bhaincéireachta an Aontais.

    The report also suggested certain structural measures to deal with remaining weaknesses in the Union banking sector.

    Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus athúsáide agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

  21. #748764

    rabhaidh, réamhchúraimí agus/nó bearta atá le déanamh i gcás mífheidhm a theacht ar an bhfeiste nó i gcás meathlú a theacht uirthi, rud a thabharfadh athruithe ar a cuma, agus a d'fhéadfadh cur isteach ar a feidhmíocht,

    warnings, precautions and/or measures to be taken in the event of malfunction of the device or its degradation as suggested by changes in its appearance that may affect performance,

    Rialachán (AE) 2017/746 ó pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro agus lena n-aisghairtear Treoir 98/79/CE agus Cinneadh 2010/227/AE ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE )

  22. #1614519

    mura leor gníomh an Bhallstáit agus na bearta arna moladh ag an gCoimisiún

    if the action taken by a Member State and the measures suggested by the Commission do not prove sufficient

    Riar na hOibre (Dáil Éireann/Seanad Éireann)

  23. #2095543

    I gcás nach gcomhlíonann Ballstát na hoibleagáidí a cuireadh air faoi CBI, nó i gcás ina bhfuil fianaise ag an gCoimisiún a thugann le fios nach bhfuiltear ag comhlíonadh na n-oibleagáidí, ba cheart cead a bheith ag an gCoimisiún, mar bheart réamhchúraim, spriocdhátaí le haghaidh íocaíochta a bhriseadh.

    Where a Member State has failed to comply with its obligations under the CFP, or where the Commission has evidence that suggests such lack of compliance, the Commission should, as a precautionary measure, be allowed to interrupt payment deadlines.

    Rialachán (AE) 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1004

  24. #2149202

    Ní leor é, in ainneoin a raibh á mholadh ag Sveza Group, nach ngabhtar ‘i bhfabhar’ fhorchur na mbeart sa tástáil cothromaíochta.

    It is, contrary to what Sveza Group suggested, not sufficient that the balancing test does not “tip in favour” of the imposition of measures.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1930 ón gCoimisiún an 8 Samhain 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí de shraithadhmad beithe de thionscnamh na Rúise

  25. #2161185

    Tá na bearta a mholtar sna moltaí comhpháirteacha nuashonraithe i gcomhréir le hAirteagal 15(4), le hAirteagal 15(5), pointí (b) agus (c) agus le hAirteagal 18(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

    The measures suggested by the updated joint recommendations are in line with Article 15(4), Article 15(5), points (b) and (c) and Article 18(3) of Regulation (EU) No 1380/2013.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2066 ón gCoimisiún an 25 Lúnasa 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le mionsonraí faoi chur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír maidir le stoic ghrinnill áirithe sa Mheánmhuir Thiar le haghaidh na tréimhse 2022-2024

  26. #2163294

    bearta ceartaithe nó treoshuíomh nua a mholadh don bhord rialaithe, i bhfianaise dhul chun cinn an Chláir Oibre Straitéisigh um Thaighde agus um Nuálaíocht agus dul chun cinn gníomhaíochtaí aonair, i gcás inar gá;

    suggest, in view of the progress of the Strategic Research and Innovation Agenda and individual actions, corrective measures or re-orientations to the governing board, where necessary;

    Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014

  27. #2196460

    aiseolas a thabhairt don Bhord Bainistíochta agus bearta leantacha a mholadh maidir leis an tuarascáil bhliantúil ar staid an tearmainn san Aontas dá dtagraítear in Airteagal 69; agus

    provide feedback to the Management Board and suggest measures as follow-up to the annual report on the situation of asylum in the Union referred to in Article 69; and

    Rialachán (AE) 2021/2303 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2021 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 439/2010

  28. #2265929

    Féadfaidh an Coimisiún nó na Ballstáit a mholadh go gcuirfí deireadh leis na bearta a cuireadh i bhfeidhm i gcomhréir leis an gcur chuige comhordaithe maidir le hathraithigh SARS- CoV-2 nua ar díol imní nó spéise iad.

    The Commission or Member States may suggest lifting the measures put in place in accordance with the coordinated approach on new SARS- CoV-2 variants of concern or interest.

    Moladh (AE) 2022/107 ón gComhairle an 25 Eanáir 2022 maidir le cur chuige comhordaithe chun saorghluaiseacht shábháilte a éascú le linn phaindéim COVID-19 agus a chuirtear in ionad Mholadh (AE) 2020/1475 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  29. #2266064

    Sa Rialachán atá beartaithe, leagann an Coimisiún amach buansásra ceangailteach le haghaidh faireachán comhordaithe agus freagairt ar ghéarchéimeanna, buansásra a chuireann leis na bearta atá molta sa Mholadh seo.

    The Commission sets out in the proposed Regulation a permanent and binding mechanism for a coordinated monitoring and crisis response, which builds upon the measures suggested in this Recommendation.

    Moladh (AE) 2022/210 ón gCoimisiún an 8 Feabhra 2022 maidir le bosca coiteann uirlisí de chuid an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais leathsheoltóirí agus maidir le sásra de chuid an Aontais chun faireachán a dhéanamh ar éiceachóras na leathsheoltóirí

  30. #2368954

    Tugtar le fios leis sin gur cabhraíodh leis an téarnamh gasta tríd an lucht saothair a bhí ar fáil a choinneáil nasctha le gnólachtaí trí scéimeanna maidir le hobair ghearr-ama agus le bearta den chineál céanna, d’ainneoin na staide eipidéimeolaíche dúshlánaí.

    This suggests that keeping the available workforce connected with firms via short-time work schemes and similar measures has helped support the swift recovery, despite the challenging epidemiological situation.

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG AN gCOISTE EACNAMAÍOCH AGUS AIRGEADAIS AGUS CHUIG AN gCOISTE FOSTAÍOCHTA Tuarascáil maidir leis an Ionstraim Eorpach le haghaidh Tacaíocht Shealadach chun Rioscaí Dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (SURE) tar éis na ráige de COVID-19 de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2020/672 ón gComhairle. SURE ag 18 mí – an 3ú tuarascáil dhébhliantúil

  31. #2461652

    Mhol na Ballstáit bearta rialaithe agus forfheidhmiúcháin bunaithe ar chóras sainaitheanta uathoibríoch (“AIS”) a úsáid le haghaidh limistéir shonracha.

    Member States suggested control and enforcement measures based on the use of automatic identification system (‘AIS’) for specific areas.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/952 ón gCoimisiún an 9 Feabhra 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/118 lena mbunaítear bearta caomhnaithe iascaigh chun an mhuirthimpeallacht sa Mhuir Thuaidh a chosaint

  32. #2464828

    San am a chuaigh thart, léiríodh go raibh tíortha áirithe in ann a láithreacht i margadh an Aontais a mhéadú go suntasach agus go mear, e.g. le hídiú tapa cuótaí, lena n-áirítear cuótaí breise i R4.

    It is relevant to point out that the largest exporting countries to the Union have consistently claimed (including in the submissions of this review) that the existing quotas would be severely constraining their ability to export to the Union, thus suggesting that they would be able to increase their presence in the Union market in the absence of a safeguard measure.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/978 ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 lena bhforchuirtear beart coimirce cinntitheach maidir le hallmhairí táirgí cruach áirithe

  33. #2503983

    Tugann sé sin le tuiscint go bhfuil margadh an Aontais tarraingteach i gcónaí ó thaobh praghsanna d’onnmhaireoirí Síneacha, d’ainneoin na mbeart atá i bhfeidhm.

    This suggests that the Union market remains attractive in terms of price for Chinese exporters, despite the measures in force.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1394 ón gCoimisiún an 11 Lúnasa 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí sileacain de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, arna leathnú chun allmhairí sileacain arna gcur chun bealaigh ó Phoblacht na Cóiré agus ón Téaváin a chumhdach, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh Phoblacht na Cóiré nó na Téaváine iad nó ná bíodh, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

  34. #2528235

    Tugtar le fios leis sin gur dócha go mbeadh an corrlach dumpála níos airde ná mar a bhí san imscrúdú bunaidh dá rachadh na bearta in éag.

    This suggest that if the measures lapse the dumping margin would likely be higher than in the original investigation.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1924 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí cioglamáite sóidiam ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hIndinéise iad tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

  35. #2694682

    I mí an Mhárta 2022, chuir na Ballstáit leaganacha nuashonraithe de na moltaí comhpháirteacha sin inar moladh síneadh a chur leis an dáta deiridh atá beartaithe i gcás beart áirithe.

    In March 2022, Member States submitted updated versions of these joint recommendations suggesting an extension of the proposed end date of certain measures.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/56 ón gCoimisiún an 19 Iúil 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bearta teicniúla sonracha le haghaidh deargán (Pagellus bogaraveo) i bhfolimistéar 6 go 8 ICES

  36. #2704522

    In éagmais an chomhair, tugtar le fios nach measann allmhaireoirí go ndéanfadh forchur beart frithdhumpála difear mór dá gcuid gnó.

    The absence of cooperation suggests that importers do not consider that the imposition of anti-dumping measures would significantly affect their business.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/111 ón gCoimisiún an 18 Eanáir 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí aigéid shailligh de thionscnamh na hIndinéise

  37. #2743861

    Ina theannta sin, níl aon fhaisnéis ar fáil don Choimisiún a thugann le tuiscint go ndéanfaí na bearta sin a aisghairm go ceann i bhfad.

    Moreover, there is no information available to the Commission, suggesting that that these measures would be repealed in the foreseeable future.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/752 ón gCoimisiún an 12 Aibreán 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí glúcónáite sóidiam de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

  38. #2908611

    Go háirithe, d’iarr an Coimisiún ar Oileán na Tríonóide agus Tobága gach beart is gá a dhéanamh chun na gníomhaíochtaí atá sa phlean gníomhaíochta a mhol an Coimisiún a chur chun feidhme agus chun measúnú a dhéanamh ar a gcur chun feidhme.

    In particular, the Commission invited Trinidad and Tobago to take all necessary measures to implement the actions contained in the action plan suggested by the Commission and assess their implementation.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2051 ón gCoimisiún an 25 Meán Fómhair 2023 lena sainaithnítear Oileán na Tríonóide agus Tobága mar thír neamh-chomhoibríoch sa chomhrac in aghaidh iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte

  39. #2923150

    Go háirithe, d’iarr an Coimisiún ar Oileán na Tríonóide agus Tobága gach beart is gá a dhéanamh chun na gníomhaíochtaí atá sa phlean gníomhaíochta a mhol an Coimisiún a chur chun feidhme agus chun measúnú a dhéanamh ar a gcur chun feidhme.

    In particular, the Commission invited Trinidad and Tobago to take all necessary measures to implement the actions contained in the plan of action suggested by the Commission and to assess their implementation.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2517 ón gComhairle an 9 Samhain 2023 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/170/AE lena mbunaítear liosta tríú tíortha neamh-chomhoibríocha sa chomhrac in aghaidh iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte, a mhéid a bhaineann le Poblacht Oileán na Tríonóide agus Tobága

  40. #2982442

    I gcás ina dtugtar le fios le fíorais agus imthosca go sáraíonn an tsuim ghlanluacha an méid in-aisghabhála, déanfaidh eintiteas aon chaillteanas lagaithe mar thoradh air sin a thomhas, a chur i láthair agus a nochtach i gcomhréir le IAS 36, ach amháin mar a fhoráiltear le mír 21 thíos.

    When facts and circumstances suggest that the carrying amount exceeds the recoverable amount, an entity shall measure, present and disclose any resulting impairment loss in accordance with IAS 36, except as provided by paragraph 21 below.

    Rialachán (AE) 2023/1803 ón gCoimisiún an 13 Lúnasa 2023 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  41. #3209698

    Ní raibh aon fhaisnéis ar an gcáschomhad a thabharfadh le fios, i gcás ina gceadófaí do na bearta dul as feidhm, go mbeadh na praghsanna chuig an Aontas difriúil ar aon bhealach.

    There was no information on the case file suggesting that, should the measures be allowed to lapse, prices to the Union would be any different.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/357 ón gCoimisiún an 23 Eanáir 2024 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí fabraicí mogaill oscailte áirithe as snáithíní gloine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne arna leathnú chun allmhairí arna gcur chun bealaigh ón India, ón Indinéis, ón Malaeisia, ón Téaváin agus ón Téalainn a chumhdach, tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

  42. #3227944

    Tugann sé sin le fios, má théann na bearta in éag, gur dócha go n-aistreodh táirgeoirí ón tSín a gcuid onnmhairí i dtreo mhargadh an Aontais.

    This suggests that if measures expire, Chinese producers would likely shift their exports towards the Union market.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/670 ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2024 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí pailléadiompróirí lámhoibrithe agus a bpáirteanna bunriachtanacha de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

  43. #3228141

    Tugann na praghsanna ísle sin le fios, dá rachadh na bearta i léig, go dtitfeadh praghsanna allmhairiúcháin ón tSín isteach san Aontas go dtí na leibhéil sin.

    These low prices suggest that, should the measures lapse, import prices from China into the EU would drop to these levels.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/670 ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2024 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí pailléadiompróirí lámhoibrithe agus a bpáirteanna bunriachtanacha de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

  44. #2626278

    á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhforáiltear freisin leis an gcód iompair do chreat eagraíochtúil dá chur i bhfeidhm, eadhon coiste eitice a bhreithneoidh aon ábhar eitice a mheasann sé a bheith ábhartha do na caighdeáin a leagtar síos sa chód iompair agus don chlú atá air; á chur in iúl gur díol sásaimh di go gcuidíonn seirbhís dlí na Cúirte leis an gcoiste eitice mar go gcuideoidh an beart sin le haon rioscaí dlíthiúla a bhaineann lena chinntí a sheachaint; á thabhairt dá haire, i gcomhréir le rialacha nós imeachta reatha na Cúirte, gurb í an Chúirt a cheapann comhaltaí an choiste eitice ar bhonn togra ón uachtarán; á mheabhrú, mar a léirítear i dTuarascáil Speisialta 13/2019 ón gCúirt maidir le creataí eiticiúla institiúidí an Aontais a ndearnadh iniúchóireacht orthu, go bhféadfadh tionchar a bheith ag comhdhéanamh na gcoistí eitice ar an oibiachtúlacht agus ar an neamhspleáchas a bhraitear agus, dá bhrí sin, á iarraidh go práinneach ar an gCúirt athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha maidir le ceapadh agus comhdhéanamh an choiste eitice agus á mholadh, ag leanúint Choiste Eitice Neamhspleách an Choimisiúin, gur daoine seachtracha a roghnófar mar chomhaltaí den choiste eitice, bunaithe ar a n-inniúlachta, a dtaithí, a neamhspleáchas agus a gcáilíochtaí gairmiúla, chomh maith lena mholadh nach gceapfar iad a thuilleadh ar thogra ó uachtarán na Cúirte;

    Welcomes that the code of conduct also provides for an organisational framework for its application, namely an ethics committee that shall consider any ethics matter it deems relevant to the standards laid down in the code of conduct and to its reputation; welcomes that the ethics committee is assisted by the legal service of the Court as that measure will help to avoid any legal risks related to its decisions; notes that according to the current rules of procedure of the Court, the members of the ethics committee are appointed by the Court on the basis of a proposal from the president; recalls, as indicated in the Court’s Special Report 13/2019 on the ethical frameworks of the audited EU institutions, that the composition of ethical committees may have an impact on the perceived objectivity and independence and thus, urgently calls on the Court to reconsider the rules for appointment and composition of the ethics committee and suggests, following the Commission’s Independent Ethical Committee, that the members of the ethics committee be external persons selected for their competence, experience, independence and professional qualities, in addition to no longer be appointed on a proposal from the president of the Court;

    Rún (AE) 2022/1702 ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Bealtaine 2022 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn V — an Chúirt Iniúchóirí

  45. #290365

    - an fhaisnéis a seoladh chuig an gCoimisiún de bhun Airteagal 17 agus de bhun Airteagal 18 chun a fhionnadh an féidir rud ar bith a fhoghlaim aisti, chun cinneadh a ghlacadh faoi na bearta riachtanacha a bheidh de dhíth chun deireadh a chur le cleachtais ar suíodh gur sháraigh siad an reachtaíocht chustaim nó an reachtaíocht talmhaíochta agus, i gcás inarb iomchuí, chun leasuithe a mholadh ar fhorálacha Comhphobail atá ann nó chun a mholadh go ndréachtófaí forálacha breise;

    - the information sent to the Commission pursuant to Articles 17 and 18 to ascertain if anything can be learnt from it, to decide on the measures required to put an end to practices found to be in breach of customs or agricultural legislation and, where appropriate, to suggest amendments to existing Community provisions or the drafting of additional ones,

    Rialachán (CE) Uimh. 766/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle maidir le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus maidir le comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun a áirithiú go gcuirfear an dlí ar ábhair chustaim agus ar ábhair thalmhaíochta i bhfeidhm i gceart

  46. #309272

    (b) aiseolas a thabhairt don Bhord Bainistíochta agus bearta leantacha a mholadh maidir leis an tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 29(1) agus maidir leis an tuarascáil bhliantúil ar staid an tearmainn san Aontas dá dtagraítear in Airteagal 12(1);

    (b) provide feedback to the Management Board and suggest measures as follow-up to the annual report referred to in point (c) of Article 29(1) and the annual report on the situation of asylum in the Union referred to in Article 12(1);

    Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 lena mbunaítear Oifig Eorpach Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn

  47. #347586

    Maidir leis na sonraí faoi fhorbairt praghsanna do sheirbhísí fánaíochta guthghlaonna ar fud an Chomhphobail ó theacht i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 717/2007, lena n-áirítear go háirithe na sonraí arna mbailiú ag na húdaráis rialála náisiúnta agus arna dtuairisciú ar bhonn ráithiúil trí mheán an ERG, ní thugann siad dóthain fianaise lena thabhairt le fios gur dócha go mbeidh iomaíocht ar na leibhéil mhiondíola nó mhórdhíola inbhuanaithe ó mhí an Mheithimh 2010 ar aghaidh gan bearta rialála a bheith i bhfeidhm.

    Data on the development of prices for Community-wide voice roaming services since the entry into force of Regulation (EC) No 717/2007, including in particular those collected by national regulatory authorities and reported on a quarterly basis through the medium of the ERG, do not provide sufficient evidence to suggest that competition at the retail or wholesale levels is likely to be sustainable from June 2010 onwards in the absence of regulatory measures.

    Rialachán (CE) Uimh. 544/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 717/2007 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí teileafón soghluaiste laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 2002/21/CE maidir le creat rialúcháin coiteann do líonraí agus do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí

  48. #518134

    (22) Maidir leis na sonraí faoi fhorbairt praghsanna do sheirbhísí fánaíochta uile-Aontais guthghlaonna, SMS agus sonraí ó theacht i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 717/2007, lena n-áirítear go háirithe na sonraí arna mbailiú ag na húdaráis rialála náisiúnta ar bhonn ráithiúil agus arna dtuairisciú trí mheán BEREC, ní thugann siad fianaise lena thabhairt le fios gur tháinig forás réasúnta ar iomaíocht ar leibhéal an mhiondíola nó ar leibhéal an mhórdhíola ná gur dócha go mbeidh sí inbhuanaithe ó mhí an Mheithimh 2012 ar aghaidh gan bearta rialála a bheith i bhfeidhm.

    (22) Data on the development of prices for Union-wide voice, SMS and data roaming services since the entry into force of Regulation (EC) No 717/2007, including in particular those collected on a quarterly basis by national regulatory authorities and reported through the medium of the BEREC, do not provide evidence to suggest that competition at the retail or wholesale levels has reasonably developed and is likely to be sustainable from June 2012 onwards in the absence of regulatory measures.

    Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2012 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

  49. #646928

    D'fhonn leasanna airgeadais an Aontais a choimirciú, ba cheart foráil a dhéanamh do bhearta a mbeadh teorainn ama leo agus a thabharfadh cead don oifigeach údarúcháin trí tharmligean íocaíochtaí a stopadh i gcás inarb ann d'fhianaise shoiléir go bhfuil easnamh suntasach i bhfeidhmiú an chórais bhainistíochta agus rialaithe, d'fhianaise ar neamhrialtachtaí a bhaineann le hiarraidh ar íocaíocht nó go mainnítear doiciméid a thíolacadh chun críche cuntais a scrúdú agus a ghlacadh.

    In order to safeguard the Union's financial interests, measures should be provided for that are limited in time and that allow the authorising officer by delegation to interrupt payments where there is clear evidence to suggest a significant deficiency in the functioning of the management and control system, evidence of irregularities linked to a request for payment, or a failure to submit documents for the purpose of examination and acceptance of accounts.

    Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle

  50. #663211

    Nuair a mholann Ballstát leasú maidir le dréachtbheart frithdhumpála nó dréachtbheart dleachta fhrithchúitimh dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 agus i Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 (na "Bunrialacháin"), i gcomhréir le hAirteagal 3(4) nó Airteagal 6(2) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, déanfaidh sé an méid a leanas:

    Where a Member State suggests an amendment with respect to either anti-dumping or countervailing duty draft measures provided for in Regulations (EC) No 1225/2009 and (EC) No 597/2009 (the “Basic Regulations”), in accordance with Article 3(4) or Article 6(2) of Regulation (EU) No 182/2011 it will:

    Rialachán (AE) Uimh. 37/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2014 lena leasaítear rialacháin áirithe a bhaineann leis an gcomhbheartas tráchtála a mhéid a bhaineann leis na nósanna imeachta chun bearta áirithe a ghlacadh