Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

Foirmeacha na bhfocal

port

4,444 toradh in 547 doiciméad

  1. #1693079

    Stát an chalafoirt, ainm an chalafoirt agus cód an chalafoirt.

    port state, name of port and port code

    Rialachán (AE) 2018/975 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe atá infheidhme i Limistéar Choinbhinsiún na hEagraíochta Réigiúnaí um Bainistíocht Iascaigh san Aigéan Ciúin Theas (SPRFMO)

  2. #737259

    ciallaíonn “comhlacht bainistíochta an chalafoirt” aon chomhlacht poiblí nó príobháideach a bhfuil sé mar chuspóir aige, nó a dtugtar an chumhacht dó, faoin dlí náisiúnta nó faoi ionstraimí náisiúnta, bonneagar an chalafoirt a riar agus a bhainistiú, ar an leibhéal áitiúil, agus ceann amháin nó níos mó de na cúraimí seo a leanas a dhéanamh sa chalafort lena mbaineann, bíodh sin i gcomhcheangal le gníomhaíochtaí eile nó ná bíodh: trácht an chalafoirt a chomhordú, trácht an chalafoirt a bhainistiú, gníomhaíochtaí na n-oibreoirí atá i láthair sa chalafort lena mbaineann a chomhordú, agus gníomhaíochtaí na n-oibreoirí atá i láthair sa chalafort lena mbaineann a rialú;

    ‘managing body of the port’ means any public or private body which, under national law or instruments, has the objective of carrying out, or is empowered to carry out, at a local level, whether in conjunction with other activities or not, the administration and management of the port infrastructure and one or more of the following tasks in the port concerned: the coordination of port traffic, the management of port traffic, the coordination of the activities of the operators present in the port concerned, and the control of the activities of the operators present in the port concerned;

    Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

  3. #2802592

    Le síneadh CTA AE le muiriompar, ba cheart, dá bhrí sin, na hastaíochtaí a leanas a chur san áireamh: leath de na hastaíochtaí ó longa a thugann faoi mhuiraistir a thagann isteach i gcalafort faoi dhlínse Ballstáit ó chalafort lasmuigh de dhlínse Ballstáit, leath de na hastaíochtaí ó longa a thugann faoi mhuiraistir a imíonn ó chalafort faoi dhlínse Ballstáit agus a thagann isteach i gcalafort lasmuigh de dhlínse Ballstáit, na hastaíochtaí go léir ó longa a thugann faoi mhuiraistir a thagann isteach i gcalafort faoi dhlínse Ballstáit ó chalafort faoi dhlínse Ballstáit, agus na hastaíochtaí go léir laistigh de chalafort faoi dhlínse Ballstáit.

    The extension of the EU ETS to maritime transport should thus include half of the emissions from ships performing voyages arriving at a port under the jurisdiction of a Member State from a port outside the jurisdiction of a Member State, half of the emissions from ships performing voyages departing from a port under the jurisdiction of a Member State and arriving at a port outside the jurisdiction of a Member State, all of the emissions from ships performing voyages arriving at a port under the jurisdiction of a Member State from a port under the jurisdiction of a Member State, and all of the emissions within a port under the jurisdiction of a Member State.

    Treoir (AE) 2023/959 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas, agus Cinneadh (AE) 2015/1814 i ndáil le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú do scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  4. #2992374

    Agus líon na gcuairteanna ar chalafort á chinneadh, maidir le cuairteanna gearra ar chalafort, cuairteanna longa ar chalafort, ar long iad a úsáideann teicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha, cuairteanna neamhsceidealta ar chalafort mar gheall ar shábháilteacht nó tarrtháil ar muir, cuairteanna ar chalafort in imthosca eisceachtúla a éilíonn giniúint fuinnimh ar bord, cuairteanna ar chalafort i gcúinsí éigeandála a bhfuil riosca láithreach do beatha, don long nó don chomhshaol ag baint leo, nó cuairteanna ar chalafoirt ar chúiseanna eile force majeure, níor cheart iad a chur san áireamh.

    When determining the number of the port calls, port calls of short duration, port calls of ships that use zero-emission technologies, unscheduled port calls for reasons of safety or saving lives at sea, port calls under exceptional circumstances requiring the use of on-board energy generation, port calls under emergency situations that represent immediate risk to life, the ship or the environment or port calls for other reasons of force majeure should not be taken into account.

    Rialachán (AE) 2023/1804 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le himscaradh bonneagair breoslaí malartacha agus lena n-aisghairtear Treoir 2014/94/AE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  5. #660891

    calafoirt mhuirí agus calafoirt uiscebhealaí intíre;

    maritime ports and inland waterways ports;

    Rialacháin (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

  6. #661172

    Aerfoirt, calafoirt mhuirí, calafoirt intíre agus críochfoirt iarnróid an chroíghréasáin agus an ghréasáin chuimsithigh

    Airports, maritime ports, inland ports and rail-road terminals of the core and comprehensive network

    Rialacháin (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

  7. #727650

    Dátaí agus ainmneacha na gcalafort ar imigh an bád astu, dátaí agus ainmneacha na gcalafort ar tháinig an bád i dtír iontu.

    Dates and ports of departure, dates and ports of arrival.

    Rialachán (AE) 2016/1627 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 ón gComhairle

  8. #1811538

    Dátaí agus ainmneacha na gcalafort imeachta, dátaí agus ainmneacha na gcalafort is ceann scríbe.

    Dates and ports of departure, dates and ports of arrival.

    Rialachán (AE) 2019/1154 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil don cholgán Meánmhuirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2017/2107 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

  9. #1932177

    Meastar gur poirt oiriúnacha iad poirt USB agus Thunderbolt

    USB and Thunderbolt ports are considered to be appropriate ports

    Rialachán (AE) 2021/341 ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2021 lena leasaítear Rialacháin (AE) 2019/424, (AE) 2019/1781, (AE) 2019/2019, (AE) 2019/2020, (AE) 2019/2021, (AE) 2019/2022, (AE) 2019/2023 agus (AE) 2019/2024 a mhéid a bhaineann le ceanglais éicidhearthóireachta maidir le freastalaithe agus táirgí stórála sonraí, mótair leictreacha agus tiomántáin luais inathraithe, fearais chuisniúcháin, foinsí solais agus gléasanna rialaithe ar leithligh, taispeántais leictreonacha, miasniteoirí tí, meaisíní níocháin tí agus meaisíní triomadóir-niteoir tí agus fearais chuisniúcháin a bhfuil feidhm díolacháin dhírigh acu (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  10. #2747396

    Déanfar poirt líonra sreinge nach n-úsáidtear a dhínascadh agus déanfar poirt gan sreang nach n-úsáidtear a dhíghníomhachtú.

    Wired network ports not used shall be disconnected and wireless ports not used shall be deactivated.

    Rialachán (AE) 2023/826 ón gCoimisiún an 17 Aibreán 2023 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le hídiú leictreachais móid “as”, móid fuireachais, agus móid fuireachais líonra trealamh tí agus oifige leictreach agus trealamh tí agus oifige leictreonach de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 107/2009 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  11. #2886126

    Is iad calafoirt Tarawa agus Kiritimati na calafoirt ainmnithe le haghaidh gníomhaíochtaí tabhairt i dtír i gCireabaití.

    The designated ports for landing activities in Kiribati are the ports of Tarawa and Kiritimati.

    22023A0218

  12. #2995807

    Dátaí agus ainmneacha na gcalafort imeachta, dátaí agus ainmneacha na gcalafort is ceann scríbe.

    Dates and ports of departure, dates and ports of arrival.

    Rialachán (AE) 2023/2053 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena mbunaítear plean bainistíochta ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach thoir agus sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1936/2001, (AE) 2017/2107 agus (AE) 2019/833, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2016/1627

  13. #512158

    Calafort baile (calafort clárúcháin an tsoithigh) agus calafoirt bhaile a bhí aige roimhe sin,

    home port (the port of registration of the vessel) and previous home ports,

    Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CGIM (An Coimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir) agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle maidir le bearta bainistíochta do shaothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir

  14. #662166

    Loic: staidéir ar bun faoi láthair; calafort: idirnaisc (lena n-áirítear an dara rochtain iarnróid ar chalafort Antwerp)

    Locks: studies ongoing; port: interconnections (including second rail access to the port of Antwerpen)

    Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 67/2010 Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

  15. #737236

    rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais agus maidir le muirir ar sheirbhísí calafoirt agus muirir ar bhonneagar calafoirt.

    common rules on financial transparency and on port service and port infrastructure charges.

    Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

  16. #737237

    Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le soláthar na gcatagóirí seo a leanas de sheirbhísí calafoirt (“seirbhísí calafoirt”), bídís laistigh de limistéar an chalafoirt nó ar an rochtain uiscebhealaí ar an gcalafort:

    This Regulation applies to the provision of the following categories of port services (‘port services’), either inside the port area or on the waterway access to the port:

    Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

  17. #737316

    de bharr shaintréithe bhonneagar an chalafoirt nó chineál thrácht an chalafoirt, ní bheadh oibríochtaí ag líon mór soláthraithe seirbhísí calafoirt indéanta sa chalafort;

    the characteristics of the port infrastructure or the nature of the port traffic are such that the operations of multiple providers of port services in the port would not be possible;

    Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

  18. #737414

    comhordú na seirbhísí calafoirt laistigh de limistéar an chalafoirt;

    the coordination of port services within the port area;

    Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

  19. #1035734

    In ailt 2 agus 9 gach tagairt do “port sanitary district” agus do “port sanitary authority.”

    In sections 2 and 9 all references to "port sanitary district" and "port sanitary authority."

    Uimhir 26 de 1950: AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (ACHTACHÁIN D'ATHGHAIRM), 1950

  20. #1078612

    (a) ó aon phort sa Stát go port eile sa Stát. nó

    ( a ) from any port in the State to another port in the State, or

    Uimhir 29 de 1955: AN tACHT LOINGIS THRÁCHTÁLA, 1955

  21. #1241540

    (a) idir port sa Stát agus port lasmuigh den Stát, nó

    ( a ) a port in the State and a port outside the State, or

    Uimhir 17 de 1968: AN tACHT LOINGIS CHEANNAÍOCHTA (UALACHLÍNTE), 1968

  22. #1662381

    an calafort óna n-imítear agus an calafort a dtagtar isteach ann lena n-áirítear dáta agus uair na himeachta agus an teachta isteach;

    port of departure and port of arrival including the date and hour of departure and arrival;

    Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  23. #1662417

    calafort cláraithe nó calafort baile,

    port of registry or home port,

    Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  24. #1662487

    céannacht na loinge (ainm, uimhir aitheantais IMO agus calafort cláraithe nó calafort baile);

    identity of the ship (name, IMO identification number and port of registry or home port);

  25. #1662524

    céannacht na loinge (ainm, uimhir aitheantais IMO agus calafort cláraithe nó calafort baile);

    the identity of the ship (name, IMO identification number and port of registry or home port);

    Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  26. #1662617

    Ciallaíonn an tréimhse seo an méid ama a chaitear ar muir idir dhá chalafort agus laistigh de chalafort.

    The period means the time between two port calls or time within a port.

    Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  27. #1693421

    Ba cheart gur calafort ainmnithe é mar a liostaítear ar chlár calafort SPRFMO.

    Should be a designated port as listed on the SPRFMO port register.

    Rialachán (AE) 2018/975 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe atá infheidhme i Limistéar Choinbhinsiún na hEagraíochta Réigiúnaí um Bainistíocht Iascaigh san Aigéan Ciúin Theas (SPRFMO)

  28. #1777476

    SONRAÍ NA SAORÁIDE GLACTHA CALAFOIRT AGUS AN CHALAFOIRT

    PORT RECEPTION FACILITY AND PORT PARTICULARS

    Treoir (AE) 2019/883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le saoráidí glactha calafoirt don seachadadh dramhaíola ó longa, lena leasaítear Treoir 2010/65/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/59/CE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  29. #1804766

    calafort clárúcháin (ainm iomlán an chalafoirt);

    port of registration (full name of the port);

    Rialachán (AE) 2019/982 Ó Pharlaimint Na hEorpa Agus Ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CGIM (An Coimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir)

  30. #1805067

    Calafort clárúcháin (ainm iomlán an chalafoirt)

    Port of registration (full name of the port)

  31. #1814368

    Faisnéis faoin gcalafort agus faoin tsaoráid chalafoirt

    Port and port facility information

    Rialachán (AE) 2019/1239 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear timpeallacht Eorpach Ionaid Ilfhreastail Mhuirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/65/AE

  32. #1953644

    I gcás seirbhísí calafoirt, féadfaidh comhlacht bainistíochta calafoirt, nó an t-údarás inniúil, líon na soláthróirí seirbhísí calafoirt a theorannú i gcás seirbhísí calafoirt ar leith.

    For port services, the managing body of a port, or the competent authority, may limit the number of providers of port services for a given port service.

    Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt , agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile

  33. #2224500

    D’fhéadfadh sé gurb éard a bheadh i gceist le PSUnna turas iascaireachta, soitheach iascaireachta, lá iascaireachta, calafort, turas, *trip [turas] soithí, *week [seachtain] soithí, *day [lá] calafoirt, *week [seachtain] calfoirt, *month [mí] calafoirt, etc.

    PSUs could be a fishing trip, fishing vessel, fishing day, port, trip, vessel*trip, vessel*week, port*day, port*week, port*month, etc.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/39 ón gCoimisiún an 12 Eanáir 2022 lena leagtar síos rialacha maidir leis an bhformáid agus na tráthchláir i dtaca le cur isteach pleananna oibre náisiúnta agus tuarascála bliantúla a bhaineann le bailiú sonraí in earnálacha an iascaigh agus an dobharshaothraithe, agus lena n-aisghairtear Cinntí Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1701 agus (AE) 2018/1283

  34. #2233659

    Paul FARRUGIA, Reġjun Port — President (Réigiún an Chalafoirt — Uachtarán) (athrú sainordaithe),

    Mr Paul FARRUGIA, Reġjun Port – President (Port Region – President) (change of mandate),

    Cinneadh (AE) 2022/285 ón gComhairle an 22 Feabhra 2022 lena gceaptar beirt chomhaltaí agus comhalta malartach, arna moladh ag Poblacht Mhálta, de Choiste na Réigiún

  35. #2568986

    An calafort agus dáta an teachta deiridh ar chalafort

    Port and date of last port call

    Rialachán (AE) 2022/2343 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i Réimse Inniúlachta an Choimisiúin um Thuinníní an Aigéin Indiaigh (IOTC), lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1936/2001, (CE) Uimh. 1984/2003 agus (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle

  36. #2624257

    Líonra saorga neamhshiméadrach (AAN): a úsáidtear le haghaidh línte béalóige comhartha/rialaithe agus/nó línte sreangaithe béalóige líonra.

    Asymmetric artificial network (AAN): used for signal/control port lines and/or wired network port lines.

    Rialachán Uimh. 10 ó na Náisiúin Aontaithe — Forálacha aonfhoirmeacha maidir le mótarfheithiclí a cheadú i ndáil le comhoiriúnacht leictreamaighnéadach [2022/2263]

  37. #2747202

    ciallaíonn “port líonra loighciúil” an teicneolaíocht líonra a fheidhmíonn thar phort líonra fhisicigh;

    ‘Logical network port’ means the network technology running over a physical network port;

    Rialachán (AE) 2023/826 ón gCoimisiún an 17 Aibreán 2023 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le hídiú leictreachais móid “as”, móid fuireachais, agus móid fuireachais líonra trealamh tí agus oifige leictreach agus trealamh tí agus oifige leictreonach de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 107/2009 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  38. #2747203

    ciallaíonn “port líonra fhisicigh” meán fisiceach (crua-earraí) poirt líonra.

    ‘Physical network port’ means the physical (hardware) medium of a network port.

    Rialachán (AE) 2023/826 ón gCoimisiún an 17 Aibreán 2023 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le hídiú leictreachais móid “as”, móid fuireachais, agus móid fuireachais líonra trealamh tí agus oifige leictreach agus trealamh tí agus oifige leictreonach de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 107/2009 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  39. #2813230

    Ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh, beidh feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir le longa lastais ginearálta atá faoi bhun olltonnáiste 5000 ach nach bhfuil faoi bhun olltonnáiste 400 i leith na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a scaoiltear le linn a muiraistear chun lastas a iompar, chun críoch tráchtála, óna gcalafort cuarda deireanach go dtí calafort cuarda atá faoi dhlínse Ballstáit agus ó chalafort cuarda atá faoi dhlínse Ballstáit go dtí a gcéad chalafort cuarda eile, agus laistigh de chalafoirt chuarda atá faoi dhlínse Ballstáit, agus maidir le longa amach ón gcósta atá faoi bhun olltonnáiste 5000 ach nach bhfuil faoi bhun 400 olltonnáiste i leith na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a scaoiltear le linn a muiraistear óna gcalafort cuarda deireanach go dtí calafort cuarda atá faoi dhlínse Ballstáit agus ó chalafort cuarda atá faoi dhlínse Ballstáit go dtí a gcéad chalafort cuarda eile, agus laistigh de chalafoirt chuarda atá faoi dhlínse Ballstáit.

    From 1 January 2025, this Regulation shall also apply to general cargo ships below 5000 gross tonnage but not below 400 gross tonnage in respect of the greenhouse gas emissions released during their voyages for transporting cargo for commercial purposes from their last port of call to a port of call under the jurisdiction of a Member State and from a port of call under the jurisdiction of a Member State to their next port of call, as well as within ports of call under the jurisdiction of a Member State, and to offshore ships below 5000 gross tonnage but not below 400 gross tonnage in respect of the greenhouse gas emissions released during their voyages from their last port of call to a port of call under the jurisdiction of a Member State and from a port of call under the jurisdiction of a Member State to their next port of call, as well as within ports of call under the jurisdiction of a Member State.

    Rialachán (AE) 2023/957 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/757 chun foráil a dhéanamh maidir le gníomhaíochtaí loingseoireachta muirí a áireamh i gCóras Trádála Astaíochtaí an Aontais agus maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa breise agus astaíochtaí ó chineálacha breise long (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  40. #2993710

    céannacht na loinge (ainm, uimhir aitheantais IMO agus calafort a cláraithe nó a calafort baile);

    identity of the ship (name, IMO identification number and port of registry or home port);

    Rialachán (AE) 2023/1805 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a úsáid sa mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  41. #3003002

    calafort baile (calafort clárúcháin an tsoithigh) agus calafoirt bhaile a bhí aici roimhe sin,

    home port (the port of registration of the vessel) and previous home ports,

    Rialachán (AE) 2023/2124 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2023 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú an Choimisiúin Ghinearálta Iascaigh don Mheánmhuir (CGIM) (athmhúnlú)

  42. #3003242

    Calafort clárúcháin (ainm iomlán an chalafoirt)

    Port of registration (full name of the port)

    Rialachán (AE) 2023/2124 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2023 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú an Choimisiúin Ghinearálta Iascaigh don Mheánmhuir (CGIM) (athmhúnlú)

  43. #3008866

    Mar sin de, ba cheart East Port Said a shainaithint mar chalafort trasloingsithe coimeádán comharsanach.

    East Port Said should therefore be identified as a neighbouring container transhipment port.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2297 ón gCoimisiún an 26 Deireadh Fómhair 2023 lena sainaithnítear calafoirt trasloingsithe coimeádán chomharsanacha de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

  44. #3028238

    Calafort baile (murab ionann é agus an calafort cláraithe)

    Home port (if not identical with port of registry)

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2449 ón gCoimisiún an 6 Samhain 2023 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le teimpléid le haghaidh pleananna faireacháin, tuarascálacha astaíochtaí, tuarascálacha páirteacha astaíochtaí, doiciméid comhlíontachta, agus tuarascálacha ar leibhéal cuideachta, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1927 ón gCoimisiún

  45. #3028483

    Calafort baile (murab ionann é agus an calafort cláraithe).

    Home port (if not the same as the port of registry).

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2449 ón gCoimisiún an 6 Samhain 2023 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le teimpléid le haghaidh pleananna faireacháin, tuarascálacha astaíochtaí, tuarascálacha páirteacha astaíochtaí, doiciméid comhlíontachta, agus tuarascálacha ar leibhéal cuideachta, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1927 ón gCoimisiún

  46. #3028592

    Calafort baile (murab ionann é agus an calafort cláraithe).

    Home port (if different from the port of registry).

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2449 ón gCoimisiún an 6 Samhain 2023 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le teimpléid le haghaidh pleananna faireacháin, tuarascálacha astaíochtaí, tuarascálacha páirteacha astaíochtaí, doiciméid comhlíontachta, agus tuarascálacha ar leibhéal cuideachta, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1927 ón gCoimisiún

  47. #3069278

    San Aontas: I gcás seirbhísí calafoirt, féadfaidh comhlacht bainistíochta calafoirt, nó an t-údarás inniúil, líon na soláthróirí seirbhísí calafoirt a theorannú i gcás seirbhísí calafoirt ar leith.

    In the EU: For port services, the managing body of a port, or the competent authority, may limit the number of suppliers of port services for a given port service.

    22024A0022

  48. #3113606

    Cód lena léirítear an tsaoráid chalafoirt ag an gcalafort cuarda (e.g. NLRTM-0406)

    A code representing the port facility at the port of call (e.g. NLRTM-0406)

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/205 ón gCoimisiún an 7 Samhain 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/1239 a mhéid a bhaineann le tacar sonraí na timpeallachta Eorpaí Ionaid Ilfhreastail Mhuirí agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann leis (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  49. #3113686

    Táscaire “tá/níl” lena dtugtar le fios cé acu arb é nó nach é an calafort cuarda an chéad chalafort a dtugtar cuairt air i dtír.

    A yes/no indicator whether the port of call is the first port visited in country.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/205 ón gCoimisiún an 7 Samhain 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/1239 a mhéid a bhaineann le tacar sonraí na timpeallachta Eorpaí Ionaid Ilfhreastail Mhuirí agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann leis (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  50. #3113712

    Dáta agus am teachta measta (ETA) sa limistéar calafoirt, ní sa tsaoráid chalafoirt.

    The estimated date and time of arrival in the port area, not at port facility (ETA).