Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

Foirmeacha na bhfocal

port

duty

32 toradh in 16 doiciméad

  1. #1794782

    Dualgais an Bhallstáit calafoirt

    Duties of the port Member State

    Rialachán (AE) 2019/833 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe atá infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh, lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1627 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2115/2005 agus (CE) Uimh. 1386/2007 ón gComhairle

  2. #2204909

    Dualgais Stát an Chalafoirt

    Port State Duties

    Aistriúchán An Coinbhinsiún um Chaomhnú agus Bainistiú Acmhainní Iascaigh na Mórmhara san Aigéan Ciúin Thuaidh

  3. #1427763

    —(1) (a) Faoi réir cibé coinníollacha a fhorchuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim, beidh earraí neamh-Chomhphobail a thugtar isteach i saorphort díolmhaithe ó dhleachtanna ar allmhairí agus leanfaidh siad de bheith díolmhaithe ó na dleachtanna sin fad a fhanfaidh na hearraí laistigh den saorphort sin.

    —(1) ( a ) Subject to such conditions as the Revenue Commissioners may impose, non-Community goods brought into a free port shall be exempt from import duties and shall continue to be exempt from such duties for as long as the goods remain within that free port.

    Uimhir 6 de 1986: AN tACHT SAORPHORT, 1986

  4. #2923161

    I gCinneadh an 21 Aibreán 2016, rinne an Coimisiún anailís ar dhualgais Oileán na Tríonóide agus Tobága agus rinne sé meastóireacht ar a chomhlíontacht lena oibleagáidí idirnáisiúnta mar Stát brataí, Stát calafoirt, Stát cósta nó Stát margaidh.

    In the Decision of 21 April 2016, the Commission analysed the duties of Trinidad and Tobago and evaluated its compliance with its international obligations as flag, port, coastal or market State.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2517 ón gComhairle an 9 Samhain 2023 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/170/AE lena mbunaítear liosta tríú tíortha neamh-chomhoibríocha sa chomhrac in aghaidh iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte, a mhéid a bhaineann le Poblacht Oileán na Tríonóide agus Tobága

  5. #786433

    DE BHRÍ leis an Local and Personal Act of the 3rd and 4th Victoria Chapter 119 dar teideal “An Act for regulating, preserving, improving and maintaining the River, Port and Harbour of Dundalk in the County of Louth in Ireland,” gur ceapadh Coimisinéirí áirithe chun na crícheanna san do chur in éifeacht agus fós chun comhachta uile agus fé seach an Achta san do chur í bhfeidhm, agus gur tugadh comhacht agus údarás dóibh chun diúitéthe agus rátaí áirithe a luaidhtear san Acht san do ghearra agus chun suim £120,000 d'fháil ar iasacht ar chreidiúint na rátaí agus na ndiúitéthe sin:

    WHEREAS by the Local and Personal Act of the 3rd and 4th Victoria Chapter 119 intituled "An Act for regulating, preserving, improving and maintaining the River, Port and Harbour of Dundalk in the County of Louth in Ireland," certain Commissioners were appointed for effecting the said purposes and also to carry into execution the several powers of the said Act, and were empowered and authorised to levy certain duties and rates in the said Act mentioned and to borrow on the credit of said rates and duties the sum of £120,000:

    Uimhir 3 (Príobháideach) de 1925: ACHT CHUAN AGUS PHORT DHÚN DEALGAN, 1925

  6. #786435

    AGUS DE BHRÍ gur dineadh, le “The Dundalk Harbour and Port Act 1855” (dá ngairmtear “Acht 1855” san Acht so) Coimisinéirí áirithe, maraon le daoine eile a bhí le togha ina dhiaidh sin mar chomharbaí fé mar a luaidhtear san Acht san, do cheapa agus comhacht do thabhairt dóibh chun Acht 1855 do chur i bhfeidhm, agus údarás agus comhacht do thabhairt dóibh chun cúrsa na habhann do dhíriú agus chun gearra no cainéal nua do dhéanamh agus chun bancánachtaí áirithe agus oibreacha eile do dhéanamh agus chun rátaí agus diúitéthe áirithe a luaidhtear san Acht san do ghearra agus chun aon tsuim ná raghadh thar suim £49,000 d'fháil ar iasacht ar chreidiúint na rátaí agus na ndiúitéthe sin, agus gur hathghairmeadh an tAcht san a luadhadh den 3rd and 4th Victoria Cap. 119:

    AND WHEREAS by "The Dundalk Harbour and Port Act 1855" (in this Act called "the Act of 1855") certain Commissioners with others to be thereafter elected in succession as therein mentioned, were appointed and empowered for carrying the Act of 1855 into execution and were authorised and empowered to straighten the course of the river and make a new cut or channel and to construct certain embankments and other works and to levy certain rates and duties therein mentioned and to borrow on the credit of said rates and duties any sum not exceeding the sum of £49,000, and the said recited Act of 3rd and 4th Victoria Cap 119 was repealed:

    Uimhir 3 (Príobháideach) de 1925: ACHT CHUAN AGUS PHORT DHÚN DEALGAN, 1925

  7. #786707

    51. —Beidh sé dleathach do sna Coimisinéirí o am go ham pé diúitéthe réasúnta is oiriúnach leo do dhéanamh amach agus do cheapa le n'íoc ar ládáil no ar dhí-ládáil, ar iomportáil no ar easportáil, aon earra ná luaidhtear ná ná háirítear sa Sceideal “A” a ghabhann leis seo, agus san do réir chothrom na ndiúitéthe uile agus fé seach a luaidhtear sa Sceideal san, i slí ná raghaidh aon diúité den tsórt san thar an dómhú cuid déag den luach fartha is iníoctha ar an earra san fé seach nuair a hiomportáltar isteach sa phort san é no a heasportáltar é amach as, agus nuair a bheidh na diúitéthe sin déanta amach agus ceaptha amhlaidh ag na Coimisinéirí tuigfar, chun gach intinne agus críche, gur cuma iad no diúitéthe a háireofí go speisialta san Acht so no sa Sceideal “A” a ghabhann leis seo.

    51.— It shall be lawful for the Commissioners from time to time to ascertain and fix such reasonable duties to be paid upon the lading or unlading, importing or exporting, of any commodity or article not specified or enumerated in the Schedule "A" hereto annexed in proportion to the several duties therein specified as they shall think fit, so as no such duty shall exceed one-twelfth of the freight payable thereon respectively on being imported into or exported from the said port, which duties when so ascertained and fixed by the Commissioners shall be considered to all intents and purposes as if the same had been specially enumerated in this Act or in the Schedule "A" hereto annexed.

    Uimhir 3 (Príobháideach) de 1925: ACHT CHUAN AGUS PHORT DHÚN DEALGAN, 1925

  8. #855914

    AGUS DE BHRÍ go ndearnadh, le halt 54 den Cork Harbour Act, 1820, agus le halt 6 den Cork Harbour Amendment Act, 1866, a údarú do Choimisinéirí Chuan Chorcaighe rátaí agus diúitéthe do bhunú agus d'fhorchur a bheadh le n'íoc ar aon earraí, áirnéis, earraí ceannaíochta no gréithre (ach amháin gual) d'easportáil as port Chorcaighe agus d'iomportáil chuige, pé rátaí agus diúitéthe dob oiriúnach leis na Coimisinéirí, ach gan na rátaí agus na diúitéthe sin do dhul thar suim de thrí pingne ar gach dhá scilling d'airgead fartha na n-earraí, na háirnéise, na n-earraí ceannaíochta no na ngréithre sin;

    AND WHEREAS by section 54 of the Cork Harbour Act, 1820, and section 6 of the Cork Harbour Amendment Act, 1866, the Cork Harbour Commissioners were authorised to establish and impose such rates and duties to be paid upon the exporting and importing from and to the port of Cork of any goods, wares, merchandizes or commodities (coal excepted) as the Commissioners should think fit, such rates and duties not to exceed the sum of threepence on every two shillings of the freight of such goods, wares merchandizes or commodities;

    Uimhir 1 (Príobháideach) de 1933: ACHT CHUAN CHORCAIGHE, 1933

  9. #152167

    (b) maidir le hearraí eile a allmhairítear ist-each sa Stát is trína bhunú ar sheachadadh ag an gcalafort nó ag an áit a n--allmhairítear amhlaidh iad a chinnfear luach na n-earraí chun críocha seachas chun dleachtanna allmhairithe an Chomhphobail nó bearta eile de chuid an Chomhphobail a chur chun feidhme."

    ( b ) in relation to other goods imported into the State, the value of the goods for purposes other than the application of Community import duties or other Community measures shall be determined on the basis of a delivery at the port or place where they are so imported."

    Ionstraimí Reachtúla: 1980

  10. #786687

    47. —Beidh sé dleathach do sna Coimisinéirí o am go ham, agus gach am ina dhiaidh seo, i dteanta gach diúité agus ráta eile, pé saghas iad, suim d'iarraidh, d'éileamh, do ghearra, do thógaint agus do ghlaca, mar rátaí céibhe agus ar a son, ar agus o mháistir no máistrí, únaer no únaerí gach árthaigh, no ar agus o bhrócaer no consighné na n-earraí a bheidh á n-iompar ar gach árthach a thiocfidh isteach o am go ham sa phort no sa chuan san agus a úsáidfidh céibheanna na gCoimisinéirí in aon tslí, pé suim réasúnta a cheapfidh na Coimisinéirí o am go ham chuige sin agus ná raghaidh thar cúig pingne ar gach tonna d'earraí a tógfar ar bord an árthaigh sin no amach as ar na céibheanna san.

    47.— It shall be lawful for the Commissioners from time to time and at all times hereafter, in addition to all other duties and rates whatsoever, to ask, demand, levy, take and receive, as and for quayage rates, of and from the master or masters, owner or owners of every vessel, or of and from the broker or consignee of the goods conveyed by every vessel which shall or may from time to time enter the said port or harbour and in any manner use the quays of the Commissioners, such reasonable sum not exceeding fivepence for each ton of goods shipped on or discharged from such vessel on the said quays as the Commissioners shall from time to time fix for that purpose.

    Uimhir 3 (Príobháideach) de 1925: ACHT CHUAN AGUS PHORT DHÚN DEALGAN, 1925

  11. #928698

    (b) ar an ath-bhreithniú san do bheith críochnuithe cuirfidh an Coimisiún tuarasgabháil chun an Aire i dtaobh a n-imeacht agus beidh sa tuarasgabháil sin molta an Choimisiúin i dtaobh na ndiúitéthe custum no na srianta ar iomportáil gurb é a n-oibriú is abhar don iarratas san.

    ( b ) on the conclusion of such review the Commission shall make to the Minister are port of their proceedings and such report shall include the recommendations of the Commission in relation to the customs duties or the restrictions on importation the operation of which is the subject of such request.

    Uimhir 15 de 1938: ACHT UM AN gCOIMISIÚN PRAGHSANNA (FEIDHMEANNA DO LEATHNÚ), 1938

  12. #993155

    (a) leis na rátaí agus na dleachta dob inmhuirir faoin reacht Breataineach a ritheadh sa bhliain 1814 agus dar teideal an Act to raise a fund for defraying the charge of commercial improvements, within the city and port of Cork, in Ireland, agus

    ( a ) the rates and duties, chargeable under the British statute passed in the year 1814 and entitled an Act to raise a fund for defraying the charge of commercial improvements, within the city and port of Cork, in Ireland, shall cease to be charged, and

    Uimhir 9 de 1946: AN tACHT CUANTA, 1946

  13. #1427777

    (2) D'ainneoin fho-alt (1) den alt seo, ní fhéadfar earraí a mhonaraítear nó a tháirgtear laistigh de shaorphort ná earraí dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo, a úsáid, a thomhailt ná a mhiondíol i saorphort ach amháin sa chás go n-íocfar na dleachtanna ar allmhairí iomchuí;

    (2) Notwithstanding subsection (1) of this section, goods manufactured or produced within a free port or goods referred to in subsection (1) of this section may not be used, consumed or sold by retail in a free port except on payment of the appropriate import duties;

    Uimhir 6 de 1986: AN tACHT SAORPHORT, 1986

  14. #1427782

    (4) (a) Más rud é gur le haghaidh tomhailte baile a sheachadtar earraí neamh-Chomhphobail a thugtar isteach i saorphort, baileofar na dleachtanna ar allmhairí ar bhonn na rátaí nó na méideanna is infheidhme ar dháta seachadta na n-earraí le haghaidh tomhailte baile de réir a gcineáil agus a luacha chun críocha custam agus a gcainníochta mar a fhionnfaidh nó mar a ghlacfaidh na Coimisinéirí Ioncaim sin ar an dáta sin;

    ( 4 ) ( a ) Where non-Community goods brought into a free port are delivered for home consumption the import duties shall be collected on the basis of the rates or amounts applicable on the date of the delivery of the goods for home consumption according to their nature, and their value for customs purposes and quantity as ascertained or accepted on that date by the Revenue Commissioners;

    Uimhir 6 de 1986: AN tACHT SAORPHORT, 1986

  15. #1427813

    (c) ag forordú na n-áiteanna, na foirme agus na slí ina ndéanfar iontráil earraí faoi na hAchtanna Custam a sheachadadh agus ina ndéanfar dleachtanna ar allmhairí nó ar onnmhairí, más infheidhme, a íoc i leith earraí a thugtar isteach i saorphort nó a aistrítear amach as;

    ( c ) prescribing the places where and the form and manner in which entry of goods under the Customs Acts shall be delivered and import or export duties, where applicable, shall be paid in respect of goods brought into or removed from a free port;

    Uimhir 6 de 1986: AN tACHT SAORPHORT, 1986

  16. #1777090

    Dá ndéanfaí an fhaisnéis sin maidir le heasnaimh líomhnaithe a thuairisciú go díreach isteach sa chóras faisnéise, faireacháin agus forfheidhmithe dá bhforáiltear sa Treoir seo, d’éascófaí tarchur na faisnéise sin go GISIS, agus scaoilfí na Ballstáit óna n-oibleagáidí tuairiscithe don EMI mar Stáit bhrataí agus Stáit chalafoirt.

    Reporting of this information on alleged inadequacies directly into the information, monitoring and enforcement system provided for in this Directive would allow for the subsequent transmission of this information into GISIS, relieving Member States as flag and port States from their reporting duty to the IMO.

    Treoir (AE) 2019/883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le saoráidí glactha calafoirt don seachadadh dramhaíola ó longa, lena leasaítear Treoir 2010/65/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/59/CE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  17. #1794857

    comhoibreoidh sé agus tabharfaidh sé cúnamh agus cigireacht á déanamh ar an soitheach iascaireachta i gcomhréir leis na nósanna imeachta sin agus ní chuirfidh sé bac ná imeagla ar chigirí an Stáit calafoirt agus iad i mbun a ndualgas ná ní chuirfidh sé isteach orthu;

    cooperate with and assist in the inspection of the fishing vessel conducted in accordance with these procedures and shall not obstruct, intimidate or interfere with the port State inspectors in the performance of their duties;

    Rialachán (AE) 2019/833 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe atá infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh, lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1627 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2115/2005 agus (CE) Uimh. 1386/2007 ón gComhairle

  18. #1947492

    Mar sin féin, leagfaidh an Comhchoiste síos cé na dálaí, lena n-áirítear i dtéarmaí cainníochtúla, faoina mbeidh táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe áirithe, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialacháin (AE) 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a thabharfaidh soithí ar a bhfuil bratach na Ríochta Aontaithe agus a bhfuil a gcalafort clárúcháin i dTuaisceart Éireann isteach i gcríoch chustaim an Aontais, a shainmhínítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, díolmhaithe ó dhleachtanna.

    However, the Joint Committee shall establish the conditions, including in quantitative terms, under which certain fishery and aquaculture products, as set out in Annex I to Regulation (EU) No 1379/2013 of the European Parliament and of the Council, brought into the customs territory of the Union defined in Article 4 of Regulation (EU) No 952/2013 by vessels flying the flag of the United Kingdom and having their port of registration in Northern Ireland are exempted from duties.

    Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach

  19. #2268839

    Le hAirteagal 14(1) de Threoir 2008/118/CE ón gComhairle, ceadaítear do na Ballstáit earraí máil a dhíolmhú ó dhleacht mháil a íoc, ar earraí iad a sholáthraítear i siopaí saor ó cháin atá suite in aerfoirt Aontais agus i gcalafoirt Aontais i gcomhair díolachán le taistealaithe chuig tríú críoch.

    Article 14(1) of Council Directive 2008/118/EC allows Member States to exempt from payment of excise duty excise goods supplied in tax-free shops situated in Union airports and ports for sale to travellers to a third territory.

    Treoir (AE) 2022/543 ón gComhairle an 5 Aibreán 2022 lena leasaítear Treoracha 2008/118/CE agus (AE) 2020/262 a mhéid a bhaineann le siopaí saor ó cháin atá suite i gcríochfort na Fraince de Thollán Mhuir nIocht

  20. #2675830

    Féadfar tríú tír a shainaithint mar thríú tír neamh-chomhoibríoch i gcás go mainníonn sí i gcomhlíonadh na ndualgas atá uirthi faoin dlí idirnáisiúnta mar Stát brataí, Stát calafoirt, Stát cósta nó Stát margaidh, gníomhú chun iascaireacht NNN a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú.

    A third country may be identified as a non-cooperating third country if it fails to discharge the duties incumbent upon it under international law as flag, port, coastal or market State, to take action to prevent, deter and eliminate IUU fishing.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/97 ón gCoimisiún an 5 Eanáir 2023 lena sainaithnítear Camarún mar thríú tír neamh-chomhoibríoch sa chomhrac in aghaidh iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte

  21. #2675839

    Ar bhun na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 31(2) den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN, mheas an Coimisiún go raibh tásca láidre ann gur mhainnigh Camarún i gcomhlíonadh na ndualgas a bhí air faoin dlí idirnáisiúnta mar Stát brataí, Stát calafoirt, Stát cósta nó Stát margaidh, gníomhú chun iascaireacht NNN a chosc, a dhíspreagadh nó a dhíothú.

    Based on the information referred to in Article 31(2) of the IUU Regulation, the Commission considered that there were strong indications that Cameroon had failed to discharge the duties incumbent upon it under international law as flag, port, coastal or market State, to take action to prevent, deter or eliminate IUU fishing.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/97 ón gCoimisiún an 5 Eanáir 2023 lena sainaithnítear Camarún mar thríú tír neamh-chomhoibríoch sa chomhrac in aghaidh iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte

  22. #2675987

    I bhfianaise na gconclúidí ar thángthas orthu maidir le mainneachtain Chamarún a dhualgais faoin dlí idirnáisiúnta a chomhlíonadh mar Stát brataí, mar Stát calafoirt, mar Stát cósta nó mar Stát margaidh agus gníomhú chun iascaireacht NNN a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, ba cheart an tír sin a shainaithint, i gcomhréir le hAirteagal 31 den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN, mar thríú tír neamh-chomhoibríoch sa chomhrac i gcoinne iascaireacht NNN.

    In view of the conclusions reached with regard to Cameroon’s failure to discharge its duties under international law as flag, port, coastal or market State and to take action to prevent, deter and eliminate IUU fishing, this country should be identified, in accordance with Article 31 of the IUU Regulation, as a non-cooperating third country in fighting against IUU fishing.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/97 ón gCoimisiún an 5 Eanáir 2023 lena sainaithnítear Camarún mar thríú tír neamh-chomhoibríoch sa chomhrac in aghaidh iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte

  23. #2908597

    Féadfar tríú tír a shainaithint mar thríú tír neamh-chomhoibríoch i gcás go mainníonn sí i gcomhlíonadh na ndualgas atá uirthi faoin dlí idirnáisiúnta, mar Stát brataí, Stát calafoirt, Stát cósta nó Stát margaidh, gníomhú chun iascaireacht NNN a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú.

    A third country may be identified as a non-cooperating third country if it fails to discharge the duties incumbent upon it under international law as flag, port, coastal or market State, to take action to prevent, deter and eliminate IUU fishing.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2051 ón gCoimisiún an 25 Meán Fómhair 2023 lena sainaithnítear Oileán na Tríonóide agus Tobága mar thír neamh-chomhoibríoch sa chomhrac in aghaidh iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte

  24. #2908606

    Ar bhun na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 31(2) den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN, mheas an Coimisiún go raibh tásca láidre ann gur mhainnigh Oileán na Tríonóide agus Tobága i gcomhlíonadh na ndualgas a bhí air faoin dlí idirnáisiúnta, mar Stát brataí, Stát calafoirt, Stát cósta nó Stát margaidh, gníomhú chun iascaireacht NNN a chosc, a dhíspreagadh nó a dhíothú.

    Based on the information referred to in Article 31(2) of the IUU Regulation, the Commission considered that there were strong indications that Trinidad and Tobago had failed to discharge the duties incumbent upon it under international law as flag, port, coastal or market State, to take action to prevent, deter or eliminate IUU fishing.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2051 ón gCoimisiún an 25 Meán Fómhair 2023 lena sainaithnítear Oileán na Tríonóide agus Tobága mar thír neamh-chomhoibríoch sa chomhrac in aghaidh iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte

  25. #2908654

    Mar a léiríodh i gCinneadh an 21 Aibreán 2016, shuigh an Coimisiún gur mhainnigh Oileán na Tríonóide agus Tobága ina dhualgais a chomhlíonadh faoin dlí idirnáisiúnta mar Stát brataí, Stát calafoirt, Stát cósta agus Stát margaidh i ndáil le hiascaireacht NNN arna déanamh ag soithí a bhfuil a bhratach ar foluain acu nó ag a náisiúnaigh, nó ag soithí iascaireachta a úsáideann a chalafoirt, nó lenar thacaigh siad, agus i ndáil le rochtain ag táirgí iascaigh a eascraíonn as iascaireacht NNN ar an margadh a chosc.

    As highlighted in the Decision of 21 April 2016, the Commission established that Trinidad and Tobago had failed to discharge its duties under international law as flag, port, coastal and market State in respect of IUU fishing carried out or supported by vessels flying its flag or by its nationals, or by fishing vessels using its ports, and to prevent access of fisheries products stemming from IUU fishing into the market.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2051 ón gCoimisiún an 25 Meán Fómhair 2023 lena sainaithnítear Oileán na Tríonóide agus Tobága mar thír neamh-chomhoibríoch sa chomhrac in aghaidh iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte

  26. #2908738

    Mar a chuirtear i dtábhacht in aithrisí (34) go (36) de Chinneadh an 21 Aibreán 2016, ní féidir leibhéal forbartha Oileán na Tríonóide agus Tobága a mheas mar fhachtóir a bhaineann an bonn d’inniúlacht na n-údarás inniúil a chuid oibleagáidí mar Stát brataí, Stát cósta, Stát calafoirt agus Stát margaidh a chomhlíonadh.

    As highlighted in recitals (34) to (36) of the Decision of 21 April 2016, the level of development of Trinidad and Tobago cannot be considered as a factor undermining the capacity of the competent authorities to discharge its duties as flag, coastal, port and market State.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2051 ón gCoimisiún an 25 Meán Fómhair 2023 lena sainaithnítear Oileán na Tríonóide agus Tobága mar thír neamh-chomhoibríoch sa chomhrac in aghaidh iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte

  27. #2908794

    I bhfianaise na gconclúidí ar thángthas orthu maidir le mainneachtain Oileán na Tríonóide agus Tobága ina dhualgais faoin dlí idirnáisiúnta a chomhlíonadh mar Stát brataí, mar Stát calafoirt, mar Stát cósta nó mar Stát margaidh agus gníomhú chun iascaireacht NNN a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, ba cheart an tír sin a shainaithint, i gcomhréir le hAirteagal 31 den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN, mar thríú tír neamh-chomhoibríoch sa chomhrac i gcoinne iascaireacht NNN.

    In view of the conclusions reached with regard to Trinidad and Tobago’s failure to discharge its duties under international law as flag, port, coastal or market State and to take action to prevent, deter and eliminate IUU fishing, this country should be identified, in accordance with Article 31 of the IUU Regulation, as a non-cooperating third country in fighting against IUU fishing.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2051 ón gCoimisiún an 25 Meán Fómhair 2023 lena sainaithnítear Oileán na Tríonóide agus Tobága mar thír neamh-chomhoibríoch sa chomhrac in aghaidh iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte

  28. #3135516

    Tugann difríochtaí costas lasta de réir an chalafoirt cinn scríbe údar, áfach, le coigeartú ráta comhréidh na dleachta allmhairiúcháin le haghaidh chalafoirt an Aontais lonnaithe ar an Meánmhuir agus ar an Muir Dhubh, ar chósta Atlantach Leithinis na hIbéire, in Éirinn, sna tíortha Nordacha, sna stáit Bhaltacha agus sa Pholainn.

    However, freight cost differences by port of destination justify flat rate adjustment of the import duty for Union ports located on the Mediterranean and on the Black Sea, on the Atlantic coast of the Iberian Peninsula, in Ireland, in the Nordic countries, in the Baltic States and in Poland.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2834 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2023 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hallmhairí sna hearnálacha ríse, gránach, siúcra agus leannlusanna

  29. #786515

    11. —An 15adh lá d'Eanair no roimhe sin gach bliain déanfidh rúnaí na gCoimisinéirí no neachtar acu an té a bheidh de thurus na huaire ag cólíona dualgaisí rúnaí na gCoimisinéirí liost deimhnithe de long-únaerí cláruithe gur leo 100 tonna loingeas no níos mó agus a bheidh cláruithe i bport Dhún Dealgan d'fháil ón oifigeach custum a bheidh i bhfeighil chlár na loingeas i dTigh an Chustuim i bport Dhún Dealgan, agus gheobha sé o rúnaí gach cuideachtan loingseoireachta no cuideachtan árthaigh ghaile a bheidh bunuithe i bport Dhún Dealgan no a bheidh ag trádáil ón bport san liost deimhnithe de sna daoine uile gur leo suim chaipitiúil £100 ar a luíod i stoc na cuideachtan san agus a bheidh ina gcomhnaí laistigh de chúig mhile o thigh cúirte Dhún Dealgan, agus an dá liost san mar a bhíodar an 31adh lá de Mhí na Nodlag roimhe sin;

    11.— The secretary or other person for the time being performing the duties of secretary of the Commissioners shall on or before the 15th day of January in every year obtain from the customs officer in charge of the register of shipping at the Custom House at Dundalk a certified list of registered shipowners owning 100 tons or upwards of shipping and registered at the port of Dundalk, and from the secretary of every shipping company or steam vessel company established at or trading from the port of Dundalk a certified list of all persons owning not less than the capital sum of £100 in the stock of such company and residing within five miles from the courthouse of Dundalk, both as on the 31st day of December next preceding;

    Uimhir 3 (Príobháideach) de 1925: ACHT CHUAN AGUS PHORT DHÚN DEALGAN, 1925

  30. #802140

    10.—Aon airgead a gheobhaidh an tUdarás Píolóideachta in ainm phíolóideachta déanfar, agus dintar leis seo, é do chionroinnt ar an gciste no ar an gcuntas píolóideachta agus ar chrícheanna aon íocaíochta a dhéanfidh na Coimisinéirí do réir alt 16 den Waterford and New Ross Harbour Act, 1874, chun Port agus Cuan Phortláirge d'fheabhsú, agus nách íocaíocht le píolóid ceadúnuithe a bheidh curtha ar aois-liúntas no a bheidh fé mhí-chumas shealadach de dheascaibh breoiteachta no le baintreach agus clainn an phíolóide sin tar éis a bháis no le baintreach agus clainn an phíolóide sin gur thárla dho a bhátha, a chailliúint no a theacht fé mhí-chumas i gcólíona a dhualgais, i dtreo go bhféadfidh an tUdarás Píolóideachta íoc do dhéanamh amach as airgead a bheidh fachta acu in ainm phíolóideachta mar shíntiús chun na gcrícheanna roimhráite i pé suim a bheidh ceaptha ar ócáid aon íocaíochta den tsórt san ag an Údarás Píolóideachta le haontú an Aire Tionnscail agus Tráchtála.

    10.—Any moneys received by the Pilotage Authority in the name of pilotage shall be, and they are hereby apportioned as between the pilot fund or account and the purposes of any payment made pursuant to section 16 of the Waterford and New Ross Harbour Act, 1874 by the Commissioners for improving the Port and Harbour of Waterford, other than a payment to a licensed pilot who shall have been superannuated or temporarily disabled by sickness or the widow and family of such pilot after his decease or to the widow and family of such pilot who shall have been drowned lost or disabled in the discharge of his duty, so that the Pilotage Authority may pay out of the moneys received by them in the name of pilotage as a contribution to the purposes aforesaid such sum as may on the occasion of any such payment be fixed by the Pilotage Authority with the approval of the Minister for Industry and Commerce.

    Uimhir 1 (Príobháideach) de 1927: ACHT DAINGNITHE ORDÚ PÍOLÓIDEACHTA, 1927

  31. #855971

    —Ar an Acht so do theacht i bhfeidhm agus as san amach, athghairmtear leis seo alt 54 d'Acht 1820 agus alt 6 d'Acht 1866 agus alt 6 d'Acht 1883 (ach amháin sa mhéid go n-athghairmeann san alt 24 d'Acht 1877) agus scuirfidh na rátaí, na diúitéthe no na dleachta a húdaruítear leo san do ghearradh agus ina ionad san féadfaidh na Coimisinéirí, fé réir forálacha an Achta so, suimeanna do ghearradh, d'éileamh agus do thógaint alos na n-earraí luaidhtear sa sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a cuirfear ar bord luinge, aistreofar o luing go luing no tógfar as luing laistigh den phort, suimeanna ná raghaidh thar na rátaí uile is fé seach a luaidhtear sa sceideal san, agus, maidir le gach earra ná luaidhtear sa sceideal san, féadfaidh na Coimisinéirí, fé réir mar adubhradh, ráta do ghearradh, d'éileamh agus do thógaint a bheidh có-ionann leis an ráta bheidh iníoctha de thurus na huaire alos earraí atá, dar leis na Coimisinéirí, cosúil leis an earra san chó fada agus a théigheann saghas, pacáil agus cáilíocht, agus beidh gach ráta den tsórt san iníoctha ag únaer no consighné na n-earraí sin leis na Coimisinéirí no le pé duine no daoine cheapfaid chun an ráta san do bhailiú agus d'fháil:

    —On and from the commencement of this Act section 54 of the Act of 1820 and section 6 of the Act of 1866 and section 6 of the Act of 1883 (save in so far as it repeals section 24 of the Act of 1877) are hereby repealed and the rates, duties or dues thereby authorised to be levied shall cease and in lieu thereof the Commissioners may, subject to the provisions of this Act levy, demand and take in respect of the goods specified in the schedule to this Act which shall be shipped, transshipped or unshipped within the port sums not exceeding the several rates specified in the said schedule and as to all goods not specified therein the Commissioners may, subject as aforesaid, levy, demand and take a rate equal to the rate for the time being payable in respect of goods which are in the opinion of the Commissioners of a similar nature package and quality and every such rate shall be payable by the owner or consignee of such goods to the Commissioners or to such person or persons as they shall appoint to collect and receive such rate:

    Uimhir 1 (Príobháideach) de 1933: ACHT CHUAN CHORCAIGHE, 1933

  32. #2908635

    An 7 Meán Fómhair 2017, an 17 Meán Fómhair 2017 agus an 3 Samhain 2017 chuir údaráis Oileán na Tríonóide agus Tobága an méid seo a leanas faoi bhráid an Choimisiúin: (i) dréachtchóip den mheabhrán tuisceana (MT) idirghníomhaireachta chun críoch an chomhair i rialáil na hiascaireachta agus gníomhaíochtaí a bhaineann leis an iascaireacht agus i dtrádáil éisc agus táirgí éisc; (ii) teimpléad le haghaidh MT atá le síniú ag Oileán na Tríonóide agus Tobága agus ag tríú Stáit chun an comhar a fheabhsú chun iascaireacht NNN a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú; agus (iii) dréacht de na nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha idirghníomhaireachta maidir le hiasc agus táirgí éisc a allmhairiú, clárú soithí iascaireachta, dearbhuithe soithí iascaireachta ar theacht isteach agus imeacht ó chalafort, allmhairiú soithí iascaireachta (níos lú ná 250 tona) atá le húsáid le haghaidh iascaireachta, onnmhairiú éisc agus táirgí éisc, ceadúnas aire a eisiúint le haghaidh faoiseamh ó dhleacht chustaim, tabhairt i dtír, trasloingsiú agus idirthuras éisc agus táirgí éisc, faireachán a dhéanamh ar shoithí iascaireachta, iniúchadh a dhéanamh ar shoithí iascaireachta ag an gcalafort.

    On 7 September 2017, 17 September 2017 and 3 November 2017, the authorities of Trinidad and Tobago submitted to the Commission: (i) a draft copy of the inter-agency memorandum of understanding (MoU) for the purpose of collaboration in regulating fishing and fishing related activities and trade of fish and fish products; (ii) a template for an MoU to be signed by Trinidad and Tobago and third States to enhance collaboration to prevent, deter and eliminate IUU fishing; and (iii) a draft of the inter-agency standard operating procedures (SOPs) for the import of fish and fish products, fishing vessels’ registration, port arrival and departure declarations of fishing vessels, importation of fishing vessels (less than 250 tonnes) to be used for fishing, export of fish and fish products, issuance of minister’s licence for relief of customs duty, landing of fish and fish products, transhipment of fish and fish products, fish and fish products in-transit, monitoring of fishing vessels, inspection of fishing vessels at port.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2051 ón gCoimisiún an 25 Meán Fómhair 2023 lena sainaithnítear Oileán na Tríonóide agus Tobága mar thír neamh-chomhoibríoch sa chomhrac in aghaidh iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte