#469886
(8) Déanfar Cuid 7 (a mhéid a bhaineann le cáin ioncaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus (a mhéid a bhaineann le cáin chorparáide) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide agus (a mhéid a bhaineann le cáin ghnóchan caipitiúil) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil agus (a mhéid a bhaineann le custaim) a fhorléiriú i dteannta na hAchtanna Custam agus (a mhéid a bhaineann le dleachtanna máil) a fhorléiriú i dteannta na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistiú na ndleachtanna sin agus (a mhéid a bhaineann le cáin bhreisluacha) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1999, agus (a mhéid a bhaineann le dleacht stampa) a fhorléiriú i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin agus (a mhéid a bhaineann le cáin mhaoine cónaithe) a fhorléiriú i dteannta Chuid VI den Acht Airgeadais, 1983, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú na Coda sin agus (a mhéid a bhaineann le cáin bhronntanais nó cáin oidhreachta) a fhorléiriú i dteannta an Achta um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.
(8) Part 7 (so far as relating to income tax) shall be construed together with the Income Tax Acts and (so far as relating to corporation tax) shall be construed together with the Corporation Tax Acts and (so far as relating to capital gains tax) shall be construed together with the Capital Gains Tax Acts and (so far as relating to customs) shall be construed together with the Custom Acts and (so far as relating to duties of excise) shall be construed together with the statutes which relate to duties of excise and the management of those duties and (so far as relating to value-added tax) shall be construed together with the Value-Added Tax Acts, 1972 to 1999, and (so far as relating to stamp duty) shall be construed together with the Stamp Act, 1891, and the enactments amending or extending that Act and (so far as relating to residential property tax) shall be construed together with Part VI of the Finance Act, 1983, and the enactments amending or extending that Part and (so far as relating to gift tax or inheritance tax) shall be construed together with the Capital Acqusitions Tax Act, 1976, and the enactments amending or extending that Act.