Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

Foirmeacha na bhfocal

tréaslaigh

16 toradh in 11 doiciméad

  1. #3047899

    ag tréaslú leis an Ombudsman as a sceideal a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin agus as leas a bhaint go comhsheasmhach as an gClár Trédhearcachta chun a chinntiú go bhfuil na cainteoirí nó na hidirghabhálaithe in imeachtaí nó i gcruinnithe arna n-eagrú ag an Ombudsman cláraithe ann; á chur in iúl gur geal léi gur gheall an tOmbudsman óstach na n-imeachtaí agus rannpháirtithe na gcruinnithe a foilsíodh ar a shuíomh gréasáin a nascadh lena n-iontrálacha sa Chlár Trédhearcachta; ag tréaslú leis an Ombudsman as an dul chun cinn atá déanta ina leith sin agus ag spreagadh an Ombudsman leanúint dá thiomantas do níos mó trédhearcachta a shaothrú;

    Congratulates the Ombudsman for publishing its schedule on its website and consistently using the Transparency Register to check that speakers or interlocutors in events or meetings organised by the Ombudsman are registered therein; welcomes that the Ombudsman committed to link the host of the events and the participants of the meetings published on its website to their entries in the Transparency Register; congratulates the Ombudsman for the progress made in this regard and encourages the Ombudsman to continue pursuing its commitment for more transparency;

    Rún (AE) 2023/1836 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 na bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn VIII – an tOmbudsman Eorpach (2022/2088(DEC))

  2. #2626417

    ag tréaslú leis an gCoiste as Ardán Eorpach Gheallsealbhóirí an Gheilleagar Chiorclaigh a chomhbhainistiú in éineacht leis an gCoimisiún;

    Congratulates the Committee for co-managing the Circular Economy Stakeholder Platform together with the Commission;

    Rún (AE) 2022/1704 ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Bealtaine 2022 maille le barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn VI — Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

  3. #2626485

    á thabhairt chun suntais, mar fhocal dearfach, gur seoladh tascfhórsa idirsheirbhíse in 2019, tar éis d’oifigeach comhionannas deiseanna a bheith ceaptha in 2019, chun comhionannas deiseanna a phríomhshruthú i ngach beartas acmhainní daonna agus chun an straitéis 5 bliana (2022-2027) a ullmhú; á chur in iúl go dtréaslaíonn sí leis an gCoiste as ucht a thionscnaimh pointí teagmhála a chruthú maidir le saincheisteanna sonracha a bhaineann le hinscne, leis an bpobal LGBTIQ agus le míchumas chun tionscnaimh ón mbun aníos a spreagadh agus chun rannchuidiú leis an gCoiste a dhéanamh níos cuimsithí mar áit oibre;

    On a positive note, highlights that following the appointment of an equal opportunities officer in 2019, an inter-service task force was set up in 2020 to mainstream equal opportunities in all HR policies and to prepare the five-year strategy (2022-2027); congratulates the initiative of creating contact points for specific issues related to gender, the LGBTIQ community and disability in order to encourage bottom-up initiatives and contribute to making the Committee a more inclusive workplace;

    Rún (AE) 2022/1706 ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Bealtaine 2022 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn VII — Coiste na Réigiún

  4. #2249410

    Ina cháil mar Cheann ar Russian Presidential Administration’s Directorate of Interregional and Cultural Ties with Foreign Countries, thréaslaigh Maslov le daoine ó Fhórsaí Oibríochtaí Speisialta (SPO) na hAireachta Cosanta, a raibh ról lárnach acu in ionghabháil neamhdhleathach Leithinis na Crimé.

    As the Head of the Russian Presidential Administration’s Directorate of Interregional and Cultural Ties with Foreign Countries, Maslov has congratulated people from the Special Operations Forces (SPO) of the Ministry of Defence who played a key role in the the illegal annexation of the Crimean Peninsula.

    Cinneadh (CBES) 2022/582 ón gComhairle an 8 Aibreán 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

  5. #2348555

    Ina cháil mar Cheann ar Russian Presidential Administration’s Directorate of Interregional and Cultural Ties with Foreign Countries, thréaslaigh Maslov le daoine ó Fhórsaí Oibríochtaí Speisialta (SPO) na hAireachta Cosanta, a raibh ról lárnach acu in ionghabháil neamhdhleathach Leithinis na Crimé.

    As the Head of the Russian Presidential Administration’s Directorate of Interregional and Cultural Ties with Foreign Countries, Maslov has congratulated people from the Special Operations Forces (SPO) of the Ministry of Defence who played a key role in the the illegal annexation of the Crimean Peninsula.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/581 ón gComhairle an 8 Aibreán 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

  6. #2626406

    ag tréaslú leis an gCoiste as feabhas suntasach a chur ar thairseach na gcomhaltaí, ar Phoenix agus ar an uirlis shreabhadh oibre doiciméad Adonis agus as an dul chun cinn a rinneadh maidir leis an timpeallacht néalríomhaireachta hibrideach mar an chuid dheireanach den áit oibre digiteach; ag tabhairt dá haire go ndearnadh athchóiriú iomlán ar roinn na gcomhaltaí d’inlíon an Choiste chun ionad ilfhreastail a dhéanamh di; á chur in iúl gur díol sásaimh di úsáid ríomhshínithe leictreonaigh cháilithe chun síniú leictreonach a dhéanamh chomh maith le huirlisí cianda agus digiteacha eile;

    Congratulates the Committee on the significant improvement of the members’ portal, Phoenix and the Adonis document workflow tool and on the progress that was made regarding the hybrid cloud environment as the last component of the digital workplace; notes that the members’ section of the Committee intranet was fully revamped to become a one-stop shop; welcomes the use of qualified electronic signature for signing electronically as well as other remote and digital tools;

    Rún (AE) 2022/1704 ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Bealtaine 2022 maille le barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn VI — Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

  7. #2626562

    ag tréaslú leis an Ombudsman as an leibhéal éifeachtúlachta a fheabhsú maidir le gearáin agus fiosrúcháin a láimhseáil trí chinneadh inghlacthachta a dhéanamh in aon mhí amháin i 98 % de chásanna (i gcomparáid le 91 % in 2019), trí fhiosrúcháin a dhúnadh laistigh de 6 mhí i 76 % de chásanna (i gcomparáid le 63 % in 2019) nó laistigh de 18 mhí i 97 % de chásanna (i gcomparáid le 90 % in 2019);

    Congratulates the Ombudsman for having been able to improve the efficiency level in the handling of complaints and inquiries by taking an admissibility decision in one month in 98 % of cases (compared to 91 % in 2019), by closing inquiries within six months in 76 % of cases (compared to 63 % in 2019) or within 18 months in 97 % of cases (compared to 90 % in 2019);

    Rún (AE) 2022/1708 ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Bealtaine 2022 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn VIII — an Ombudsman Eorpach

  8. #2626588

    ag tréaslú leis an Ombudsman as a sceideal a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin agus as leas a bhaint go comhsheasmhach as an gClár Trédhearcachta chun a chinntiú go bhfuil na cainteoirí nó na hidirghabhálaithe in imeachtaí nó i gcruinnithe arna n-eagrú ag an Ombudsman cláraithe ann; ag moladh go láidir don Ombudsman leanúint den iarracht sin agus óstáil imeachtaí agus rannpháirtithe na gcruinnithe a fhoilsítear ar a shuíomh gréasáin a nascadh lena n-iontrálacha sa Chlár Trédhearcachta;

    Congratulates the Ombudsman for publishing its schedule on its website and consistently using the Transparency Register to check that speakers or interlocutors in events or meetings organised by the Ombudsman are registered therein; strongly encourages the Ombudsman to continue this effort and to link the host of the events and the participants of the meetings published on its website to their entries in the Transparency Register;

    Rún (AE) 2022/1708 ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Bealtaine 2022 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn VIII — an Ombudsman Eorpach

  9. #2627070

    á chur i bhfios go láidir go rannchuidíonn an tIonad, a cheiliúir a chomóradh 25 bliana in 2020, go mór le seasamh le bunphrionsabal an ilteangachais san Aontas, agus ar an gcaoi sin ní hamháin go gcuireann sé ar chumas institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais feidhmiú go rianúil, ach tugann sé de chumhacht freisin do shaoránaigh agus d’eagraíochtaí an Aontais rochtain a fháil ar fhaisnéis agus leas iomlán a bhaint as na deiseanna sóisialta, cultúrtha, eacnamaíocha agus oideachais atá ar fáil dóibh; ag tréaslú leis an Ionad as na feabhsuithe a ndearnadh maidir lena mhisean a bhaint amach agus á iarraidh air a rannchuidiú leis an ilteangachas san Aontas a choinneáil;

    Underlines that the Centre, which celebrated its 25th anniversary in 2020, makes a crucial contribution to upholding the key principle of multilingualism in the Union, thus not only enabling the smooth functioning of Union institutions, bodies, offices and agencies but also empowering Union citizens and organisations to access information and take full advantage of the social, cultural, economic and educational opportunities open to them; congratulates the Centre on the improvements in achieving its mission and calls on it to maintain its contribution to multilingualism in the Union;

    Rún (AE) 2022/1723 ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Bealtaine 2022 ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh (CdT) don bhliain airgeadais 2020

  10. #3050737

    ag tréaslú leis an gComhghnóthas as tuairisciú leanúnach, gníomhach a dhéanamh ar rannchuidiú an Chomhgnóthais le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, chomh maith lena rannchuidiú leis na spriocanna a leagtar amach i Straitéis an Choimisiúin um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste agus sa Deacáid Dhigiteach, agus, ar an gcaoi sin, a ailíniú féideartha le spriocanna straitéiseacha an Aontais a uasmhéadú;

    Congratulates the Joint Undertaking for its continued, active reporting on the Joint Undertaking’s contributions to the United Nation’s Sustainable Development Goals, as well as its contribution to the goals outlined in the Commission’s Sustainable and Smart Mobility Strategy and the Digital Decade, thereby maximizing its potential alignment with the Union strategic goals;

    Rún (AE) 2023/1969ó pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa (roimh an 30 Samhain 2021 an Comhghnóthas Shift2Rail) don bhliain airgeadais 2021

  11. #2626154

    ag tabhairt dá haire go raibh an cóimheas inscne foriomlán, arbh ionann mná agus 61 % agus arbh ionann fir agus 39 %, gan athrú i gcomparáid le 2019; ag tabhairt faoi deara go bhfuil líon na mban atá fostaithe níos airde ná líon na bhfear atá fostaithe i mbeagnach gach catagóir foirne (oifigigh, gníomhairí sealadacha agus gníomhairí ar conradh); ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gurb ionann cóimheas inscne na mball foirne AD agus 54 % mná agus 46 % fir, agus gur mná atá in 40 % de poist ardbhainistíochta agus gur fir atá in 60 % de na poist sin; á chur in iúl gur geal léi gur tháinig méadú ar chéatadán na mban sa mheánbhainistíocht ó 39 % in 2019 go 41 % in 2020; ag tréaslú le CBAE as na gníomhaíochtaí a rinne sé agus é mar aidhm aige comhionannas inscne a bhaint amach, amhail meantóireacht agus bainistiú tallainne, chun mná a spreagadh chun cur isteach ar phoist ardbhainistíochta agus mheánbhainistíochta;

    Notes that the overall gender ratio of the staff of 61 % women and 39 % men remained unchanged in 2020 compared to 2019; observes that the number of women employed is higher than the number of men employed in almost every staff category (officials, temporary agents and contract agents); notes, furthermore, that the gender ratio of AD members of staff is 54 % women and 46 % men, with women occupying 40% of senior management posts and men occupying 60 % of those posts; welcomes that for middle management the percentage of women increased from 39 % in 2019 to 41 % in 2020; congratulates the CJEU on the actions it undertook with the aim of achieving gender equality, such as mentoring and talent management and encouraging women to apply for senior and middle management posts;

    Rún (AE) 2022/1700 ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Bealtaine 2022 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn IV — Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

  12. #2626186

    á chur in iúl gurb oth léi go raibh iallach ar an gCúirt Bhreithiúnais agus ar an gCúirt Ghinearálta na héisteachtaí go léir a bhí sceidealaithe lena reáchtáil idir lár mhí an Mhárta agus tús mhí an Mheithimh 2020 a chur ar ceal nó a chur siar mar gheall ar phaindéim COVID-19 agus an easpa bonneagair TF agus toisc nach raibh na coinníollacha riachtanacha ann leis na héisteachtaí sin a reáchtáil; ag tabhairt dá haire gur chinn an Chúirt Bhreithiúnais ceisteanna lena n-éilítear freagra i scríbhinn a chur in ionad roinnt éisteachtaí; ag tabhairt faoi deara nach bhféadfaí réiteach comhchosúil a chur chun feidhme sa Chúirt Ghinearálta mar go bhforáiltear leis na rialacha nós imeachta gur gá éisteacht a thionól nuair a thíolacann príomhpháirtí iarraidh réasúnaithe chuige sin; ag moladh úsáid acmhainní daonna, teicniúla agus airgeadais chun córas aonair, slán físchomhdhála a cheapadh agus a chur chun feidhme, ar córas é lena bhféadfaí ateangaireacht chomhuaineach a dhéanamh do na 24 theanga oifigiúla chun leas ionadaithe na bpáirtithe nach raibh in ann taisteal go Lucsamburg i ngeall ar shrianta taistil a forchuireadh sna Ballstáit; ag tréaslú le CBAE as gradam an Ombudsman Eorpaigh don Dea-Riarachán a bhuachan sa chatagóir barr feabhais sa nuálaíocht/claochlú as ucht a chórais le haghaidh éisteachtaí cianda;

    Regrets that the Court of Justice and the General Court were forced to cancel or postpone all hearings scheduled to take place between mid-March and early June 2020 because of the COVID-19 pandemic and the lack of IT infrastructure and necessary conditions in place in order for those hearings to take place; notes that the Court of Justice decided to replace a number of hearings with questions requiring a written answer; observes that a similar solution could not be implemented at the General Court as the rules of procedure provide that a hearing must be held when a main party submits a reasoned request to that effect; praises the deployment of human, technical and financial resources to design and implement a single, secure videoconferencing system with potentially simultaneous interpretation for the 24 official languages for the benefit of parties’ representatives unable to travel to Luxembourg due to travel restrictions imposed in the Member States; congratulates the CJEU on winning the European Ombudsman’s Award for Good Administration in the category of excellence in innovation/transformation for its system for remote hearings;

    Rún (AE) 2022/1700 ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Bealtaine 2022 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn IV — Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

  13. #2626497

    á chur in iúl gur geal léi go ndearnadh go leor próisis oibre a dhigitiú mar thoradh ar phaindéim COVID-19, go bhfuil gach cruinniú á thionól ar bhonn cianda nó i bhfoirm hibrideach ó mhí an Mhárta 2020 i leith, agus gur tugadh na huirlisí TF is gá do gach ball foirne chun bheith ag obair ón mbaile; ag tréaslú leis an gCoiste as ucht na bhfeabhsuithe suntasacha a rinneadh ar thairseach na gcomhaltaí, ar Phoenix agus ar an uirlis sreafa oibre doiciméad Adonis; á chur i bhfios go ndearnadh dul chun cinn leanúnach i ndáil le ríomhshonrascadh, le ríomhsholáthar agus le sreafaí oibre gan pháipéar, gur bunaíodh meitheal maidir le sínithe leictreonacha, gur baineadh feidhm as leaganacha nua de na hinnill chuardaigh chun tacaíocht níos fearr a thabhairt do na comhaltaí fad a bhaineann le cruinnithe ar líne agus gur tarraingíodh suas bearta sonracha san am céanna, gur seoladh córas vótála leictreonaí do chomhaltaí an Choiste, go ndearnadh na feidhmchláir a bhí ann cheana a oiriúnú go suntasach chun tacaíocht níos fearr a thabhairt do chomhaltaí agus foireann an Choiste, agus go ndearnadh dul chun cinn maidir le cur chun feidhme uirlisí aistriúcháin ríomhchuidithe;

    Welcome that many work processes have been digitalised as a result of the COVID-19 pandemic and that all meetings have been held remotely or in a hybrid form since March 2020, while all members of staff have been equipped with the necessary IT tools to work from home; congratulates the Committee on the significant improvement of the members’ portal, Phoenix and the Adonis document workflow tool; points out that continuous progress was made with respect to e-invoicing, e-procurement and paperless financial workflows, that a working group on electronic signatures was established, that new versions of the search engines were deployed to better support online meetings for the members while specific measures were drawn up, that an electronic voting system for Committee members was launched, that already existing applications were significantly adapted to better support Committee members and staff, and that the implementation of computer-aided translation tools progressed;

    Rún (AE) 2022/1706 ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Bealtaine 2022 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn VII — Coiste na Réigiún

  14. #2626618

    ag tabhairt dá haire go raibh baint ag 170, as an iomlán de 2148 gearán nua ar déileáladh leo in 2020, le COVID-19, ach ní raibh ach 34 gearán laistigh de shainordú an Ombudsman; á chur in iúl gur geal léi moltaí an Ombudsman don Choimisiún agus don Chomhairle maidir le conas ardchaighdeáin trédhearcachta agus cuntasachta a choinneáil le haghaidh cinntí le linn phaindéim COVID-19; ag tréaslú leis an Ombudsman as an tsraith fiosrúchán agus tionscnamh a rinneadh i ndáil le freagairt COVID-19 in institiúidí agus gníomhaireachtaí an Aontais in 2020, rud a chuidigh le lucht riaracháin an Aontais na caighdeáin is airde dea-riarachán a choinneáil fiú le linn tréimhsí dúshlánacha agus a rannchuidigh go dearfach dá bhrí sin le muinín na saoránach san Aontas;

    Notes that 170, out of the overall 2148 new complaints dealt with in 2020, were COVID-19 related, but only 34 fell within the Ombudsman’s mandate; welcomes the Ombudsman’s recommendations to the Commission and the Council regarding how to maintain high transparency and accountability standards for decisions during the COVID-19 pandemic; congratulates the Ombudsman on the series of inquiries and initiatives carried out regarding the COVID-19 response in the Union institutions and agencies in 2020, which assisted the Union administration to keep the highest standards of good administration even during challenging times and thus, contributed positively to the citizens’ trust in the Union;

    Rún (AE) 2022/1708 ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Bealtaine 2022 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn VIII — an Ombudsman Eorpach

  15. #2626831

    ag tréaslú le SEGS as an ról ríthábhachtach atá aici sa phríomhghníomhaíocht éigeandála chun breis agus 600000 saoránach de chuid an Aontais atá sáinnithe ar fud an domhain a aisdúichiú, agus ag cabhrú freisin leis an oibríocht dhaonnúil agus cúnaimh ar mhórscála “Foireann na hEorpa” a chur ar bun chun cabhrú le comhpháirtithe ar fud an domhain a bhí ag comhrac i gcoinne na paindéime lena bhfad níos lú acmhainní ná mar a bhí ag an Aontas; á chur in iúl gur geal léi go ndearnadh corradh le EUR 38 billiún i dtacaíocht do thíortha comhpháirtíochta a shlógadh leis an tionscnamh “Foireann na hEorpa” le hos cionn 50 % de na cistí eisíoctha in 2020, trína iarraidh ar na cláir chomhair uile atá cheana ann a bheith rannpháirteach agus trí acmhainní airgeadais atá cheana ann a atreorú; ag cur béim ar an bhfíoras gur rannchuidigh sí le haghaidh a thabhairt ar na géar-riachtanais arbh í an ghéarchéim ba siocair leo trí fhreagairt dhaonnúil éigeandála, trí thacú le neartú na gcóras sláinte agus na gcumas taighde, agus trí aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí socheacnamaíocha phaindéim COVID-19;

    Congratulates the EEAS on its crucial role in the major emergency action to repatriate more than 600000 Union citizens stranded around the world, while also helping to set up the large-scale humanitarian and assistance operation ‘Team Europe’ to help partners around the world who were fighting the pandemic with far fewer resources than the Union; welcomes that the initiative ‘Team Europe’ has mobilised over EUR 38 billion in support to partner countries, with over 50 % of the funds disbursed in 2020, by calling on all existing cooperation programmes and redirecting existing financial resources; emphasises that it has contributed to addressing the urgent needs arising from the crisis through an emergency humanitarian response, supporting the strengthening of health systems and research capacities, and addressing the socioeconomic consequences of the COVID-19 pandemic;

    Rún (AE) 2022/1712 ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Bealtaine 2022 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn X — an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí

  16. #3049884

    Ag moladh na mbeart atá neamhdhíobhálach don chomhshaol atá curtha i gcrích ag an bhForas chun a thomhaltas leictreachais a laghdú, chun éifeachtúlacht fuinnimh a choirí a fheabhsú agus chun pointí luchtúcháin breise a shuiteáil le haghaidh carranna leictreacha; ag tréaslú leis an bhForas as an laghdú mór atá tagtha ar a thomhaltas páipéir, ó 1,9 milliún bileog in 2019, go 148980 bileog in 2020 agus go 84990 bileog in 2021; ag tabhairt dá haire agus is mór aici gur ann don fhreagra ón bhForas gurb amhlaidh, le cúig bliana anuas, nár sholáthair sé ach leictreachas atá glas ar bhonn 100 % ó fhoinsí inathnuaite; ag tabhairt dá haire go ndearna an Foras bearta suntasacha breise in 2021 chun ullmhú don dheimhniú ó EMAS a bhí le tarlú Ráithe 3, 2022;

    Commends the Foundation’s environmentally friendly measures to reduce its electricity consumption, to improve the energy efficiency of its boilers and to install additional charging points for electric cars; congratulates the Foundation for the sharp decrease in its paper consumption from 1,9 million sheets in 2019, to 148980 sheets in 2020 and to 84990 sheets in 2021; notes with appreciation the Foundation’s reply that for the last five years it has procured only 100 % green electricity from renewable sources; notes that in 2021 the Foundation took significant additional steps to prepare for the EMAS certification that was to take place in Q3 2022;

    Rún (AE) 2023/1929 ó pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Fhorais Eorpaigh chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound) don bhliain airgeadais 2021