Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

Foirmeacha na bhfocal

weather

climate

change

23 toradh in 22 doiciméad

  1. #1731345

    réamh-mheastacháin ar an athrú aeráide lena n-áirítear adhaimsir, tionchar an athraithe aeráide, measúnú ar leochaileacht aeráide agus ar rioscaí agus príomhghuaiseacha aeráide;

    climate change projections, including weather extremes, climate-change impacts, assessment of climate vulnerability and risks and key climate hazards;

    Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE, agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))

  2. #582265

    Áireofar san fhaisnéis sin na príomhchuspóirí agus an chatagóir impleachta don athrú aeráide ar a ndírítear, amhail tuile, ardú ar leibhéal na mara, teochtaí foircneacha, triomach, agus imeachtaí aimsire foircneacha eile.

    That information shall include the main objectives and the climate-change impact category addressed, such as flooding, sea level rise, extreme temperatures, droughts, and other extreme weather events.

    Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le sásra chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun faisnéis eile atá ábhartha don athrú aeráide a thuairisciú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 280/2004/CE Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

  3. #611139

    Is féidir na chéad iarmhairtí den athrú aeráide a fheiceáil san Eoraip agus ar fud an domhain cheana féin, amhail adhaimsir as a dtagann tuilte agus triomaigh, agus teochtaí agus leibhéil mara atá ag ardú.

    The first consequences of climate change can already be seen in Europe and worldwide, such as extreme weather conditions leading to floods and droughts, and rising temperatures and sea levels.

    Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) a bhunú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

  4. #1887971

    Go háirithe, tá athrú aeráide, patrúin aimsire nach féidir a thuar agus triomach ag cur go suntasach leis an mbrú ar infhaighteacht fionnuisce, ar brú é a thagann as forbairt uirbeach agus talmhaíocht.

    In particular, climate change, unpredictable weather patterns and drought are contributing significantly to the strain on the availability of freshwater, arising from urban development and agriculture.

    Rialachán (AE) 2020/741 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le híoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  5. #1943924

    Áirítear ar rioscaí den sórt sin truailliú aeir, ithreach, uiscí intíre agus aigéan, teagmhais adhaimsire, caillteanais na bithéagsúlachta agus teipeanna an mhaolaithe ar an athrú aeráide agus teipeanna an oiriúnaithe don athrú aeráide.

    Such risks include the pollution of air, soil, inland waters and oceans, extreme weather events, biodiversity losses and failures of climate-change mitigation and adaptation.

    Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017

  6. #1978514

    Le trádáil dhomhanda, le gluaiseacht daoine, leis an athrú aeráide agus le feiniméin adhaimsire, méadaítear leitheadúlacht lotnaidí agus rioscaí fíteashláintíochta.

    Global trade, movement of people, climate change and extreme weather phenomena increase the prevalence of pests and phytosanitary risks.

    Cinneadh (AE) 2021/1102 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2021 lena n-iarrtar ar an gCoimisiún staidéar – agus togra, más iomchuí, i bhfianaise thorthaí an staidéir – a thíolacadh ar staid agus roghanna an Aontais maidir le hoibreáin inveirtibreacha um rialú bitheolaíoch a thabhairt isteach, a mheas, a tháirgeadh, a mhargú agus a úsáid laistigh de chríoch an Aontais

  7. #2171048

    Tá foraoisí faoi bhrú atá ag dul i méid de thoradh an athraithe aeráide, rud a chuireann le fadhb na bpríomhspreagthóirí brú eile amhail lotnaidí, galair, teagmhais adhaimsire agus dóiteáin foraoise.

    Forests are under increasing pressure as a result of climate change, which aggravates other key drivers of pressures such as pests, diseases, extreme weather events and forest fires.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na critéir scagtha theicniúla a bhunú chun na coinníollacha a chinneadh faoina bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch cáilithe mar rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide nó le hoiriúnú don athrú aeráide agus chun a chinneadh cé acu a dhéantar nó nach ndéantar dochar suntasach leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch sin d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil eile (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  8. #2219848

    Déanann tionchair chomhshaoil (e.g. an t-athrú aeráide, i.e. teagmhais adhaimsire, ardú ar leibhéal na mara, tuilte agus triomach) difear do chalafoirt freisin.

    Ports are also affected by environmental impacts (e.g. climate change i.e. extreme weather events, sea level rise, floods and droughts).

    Glacadh cinntitheach (AE, Euratom) 2022/182 bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022

  9. #2839572

    Ní mór d’éiceachórais foraoise dul i ngleic leis an iliomad brúnna arb é an t-athrú aeráide is cúis leo, ó phatrúin adhaimsire go lotnaidí, agus le gníomhaíochtaí a bhaineann leis an duine a mbíonn tionchar diúltach acu ar éiceachórais agus ar ghnáthóga.

    Forest ecosystems have to cope with multiple pressures caused by climate change, ranging from extreme weather patterns to pests, and with human-related activities that negatively affect ecosystems and habitats.

    Rialachán (AE) 2023/1115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le tráchtearraí agus táirgí áirithe atá bainteach leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoisí a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  10. #649159

    Cuirfidh na Ballstáit san áireamh póitéinseal maolaithe agus oiriúnaithe i leith an athraithe aeráide maidir le hinfheistíochtaí arna ndéanamh le tacaíocht Chistí SIE, i gcomhréir le hAirteagal 8, agus áiritheoidh siad go bhfuil na hinfheistíochtaí sin athléimneach ó thaobh thionchar an athraithe aeráide agus tubaistí nádúrtha amhail rioscaí méadaithe tuilte, triomaigh, tonnta teasa, dóiteán foraoise agus eachtraí adhaimsire.

    Member States shall take into consideration the climate change mitigation and adaptation potential of investments made with the support of the ESI Funds, in accordance with Article 8, and ensure that they are resilient to the impact of climate change and natural disasters such as increased risks of flooding, droughts, heat waves, forest fires and extreme weather events.

    Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle

  11. #594647

    Déanfar cinnteacht an tsoláthair idir-inoibritheacht agus slándáil na hoibríochta córais a thomhas i gcomhréir leis an anailís arna déanamh sa phlean 10 mbliana is déanaí atá ar fáil maidir le forbairt gréasáin leictreachais, go háirithe trí mheasúnú a dhéanamh ar thionchar an tionscadail ar chaillteanas an ionchais ualaigh don limistéar anailíse atá sainithe in Iarscríbhinn V.10 maidir le leordhóthanacht giniúna agus tarchuir i sraith tréimhsí ualaigh saintréitheacha, ag cur san áireamh aon athruithe a bhfuiltear ag súil leo i dteagmhais aimsire crua a bhaineann leis an aeráid agus an tionchar a bheadh acu sin ar sheasmhacht an bhonneagair.

    Security of supply, interoperability and secure system operation shall be measured in line with the analysis made in the latest available 10-year network development plan in electricity, notably by assessing the impact of the project on the loss of load expectation for the area of analysis as defined in Annex V.10 in terms of generation and transmission adequacy for a set of characteristic load periods, taking into account expected changes in climate-related extreme weather events and their impact on infrastructure resilience.

    Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagair thras-Eorpaigh fuinnimh agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1364/2006/CE agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 713/2009, Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

  12. #1852662

    I gcomhthéacs an Comhbheartas Talmhaíochta a bheith dírithe níos mó ar an margadh, a leagtar amach sa Teachtaireacht maidir le ‘The Future of Food and Farming’(‘Todhchaí an Bhia agus na Feirmeoireachta’) d'fhéadfadh neamhchosaint don mhargadh, an tathrú aeráide agus minicíocht agus déine eachtraí adhaimsire a ghabhann leis sin, mar aon le géarchéimeanna sláintíochta agus fíteashláintíochta, a bheith ina gcúis le rioscaí luaineachta praghsanna agus le méadú ar bhrúnna ioncaim.

    In the context of greater market-orientation of the CAP, as outlined by the Communication on ‘The Future of Food and Farming’, market exposure, climate change and associated frequency and severity of extreme weather events, as well as sanitary and phytosanitary crises, may lead to risks of price volatility and increasing pressures on incomes.

    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha a bheidh le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gComhbheartas Talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha faoi CBT) agus arna maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

  13. #1881475

    Ba cheart na measúnuithe sin a athbhreithniú go rialta, inter alia, i bhfianaise bagairtí de dheasca eachtraí adhaimsire a bhaineann leis an aeráid, athruithe aitheanta ar ghníomhaíocht an duine sa limistéar astarraingthe nó teagmhas a bhaineann leis an bhfoinse.

    Those assessments should be regularly reviewed, inter alia, in response to threats from climate-related extreme weather events, known changes of human activity in the abstraction area or in response to source-related incidents.

    Treoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na h Eorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (athmhúnlú) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  14. #2092969

    Deimhnítear sa tuarascáil sin go bhfuil géarghá le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú mar ábhar práinne, agus gur gá an t-athrú aeráide a theorannú go 1,5 °C, go háirithe chun an dóchúlacht go dtarlóidh eachtraí adhaimsire agus go sroichfear pointí claochlaithe a laghdú.

    That report confirms that greenhouse gas emissions need to be urgently reduced, and that climate change needs to be limited to 1,5 °C, in particular to reduce the likelihood of extreme weather events and of reaching tipping points.

    Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na h Eorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (“An Dlí Aeráide Eorpach”)

  15. #2103148

    I gcomhar le hardteicneolaíochtaí digiteacha eile mar an intleacht shaorga, olltiomsú sonraí agus teicneolaíochtaí néil, tá an Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta ag leagan amach an bealach i dtreo feidhmchláir nuálacha don tsochaí agus don tionscal i réimsí criticiúla don Eoraip amhail leigheas pearsantaithe, réamhaisnéis na haimsire agus athrú aeráide, forbairt agus iompar cliste agus glas, ábhair nua le haghaidh fuinneamh glas, dearadh drugaí agus tástáil fhíorúil, an talmhaíocht inbhuanaithe, nó an innealtóireacht agus an déantúsaíocht.

    In combination with other advanced digital technologies such as artificial intelligence, big data and cloud technologies, High Performance Computing is paving the way towards innovative societal and industrial applications in critical areas for Europe such as personalised medicine, weather forecast and climate change, smart and green development and transport, new materials for clean energy, drug design and virtual testing, sustainable agriculture, or engineering and manufacturing.

    Rialachán (AE) 2021/1173 ón gComhairle an 13 Iúil 2021 maidir leis an gComhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach a bhunú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1488

  16. #2165836

    I gcomhthéacs CBT a bheith dírithe níos mó ar an margadh, mar a leagtar amach sa teachtaireacht maidir le “Todhchaí an Bhia agus na Feirmeoireachta”, d'fhéadfadh neamhchosaint ar an margadh, an t-athrú aeráide agus minicíocht agus déine eachtraí adhaimsire a ghabhann leis sin, mar aon le géarchéimeanna sláintíochta agus fíteashláintíochta, a bheith ina gcúis le rioscaí luaineachta praghsanna agus le méadú ar bhrúnna ioncaim, go háirithe i gcás táirgeoirí príomhúla.

    In the context of greater market orientation of the CAP, as outlined by the communication on ‘The Future of Food and Farming’, market exposure, climate change and associated frequency and severity of extreme weather events, as well as sanitary and phytosanitary crises, may lead to risks of price volatility and increasing pressures on incomes, in particular of primary producers.

    Rialachán (AE) 2021/2115ó pharlaimint na hEORPA agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013

  17. #2250420

    Tá timpeallacht shláintiúil mar bhonn agus mar thaca le dea-bhail an uile dhuine agus is timpeallacht í ina gcaomhnaítear an bhithéagsúlacht, ina mbíonn rath ar éiceachórais, agus ina gcosnaítear agus ina n-athbhunaítear an dúlra, rud a fhágann athléimneacht mhéadaithe a bheith ann i leith an athraithe aeráide, i leith tubaistí a bhaineann leis an aimsir agus leis an aeráid agus i leith rioscaí eile comhshaoil.

    A healthy environment underpins the well-being of all people and is an environment in which biodiversity is conserved, ecosystems thrive, and nature is protected and restored, leading to increased resilience to climate change, weather- and climate-related disasters and other environmental risks.

    Cinneadh (AE) 2022/591 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030

  18. #2250424

    dul chun cinn leanúnach i ndáil le hacmhainneacht oiriúnaitheach a fheabhsú agus a phríomhshruthú, lena n-áirítear ar bhonn cineálacha cur chuige éiceachórais, athléimneacht agus oiriúnú a neartú agus leochaileacht an chomhshaoil, na sochaí agus earnálacha uile an gheilleagair i leith an athraithe aeráide a laghdú, agus fós feabhas a chur ar chosc tubaistí a bhaineann leis an aimsir agus leis an gcomhshaol, agus ar an ullmhacht i leith na dtubaistí sin;

    continuous progress in enhancing and mainstreaming adaptive capacity, including on the basis of ecosystem approaches, strengthening resilience and adaptation and reducing the vulnerability of the environment, society and all sectors of the economy to climate change, while improving prevention of, and preparedness for, weather- and climate-related disasters;

    Cinneadh (AE) 2022/591 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030

  19. #2367454

    Ní áirítear leo, áfach, infheistíochtaí i mbonneagar iarnróid, bóithre, aerfort ná calafort, ná i riachtanais oiriúnaithe aeráide amach anseo amhail infheistíochtaí chun sócmhainní atá ann cheana a dhéanamh níos athléimní in aghaidh an athraithe aeráide nó costais mhéadaithe i ngeall ar theagmhais adhaimsire a bheith níos minice.

    However, they do not include investments in rail, road, airports or ports infrastructure, nor future climate adaptation needs such as investments dedicated to making existing assets more resilient to climate change or increased costs due to more frequent extreme weather events.

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE EORPACH, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN I dtreo geilleagar glas digiteach athléimneach: ár Samhail Fáis Eorpach

  20. #2445174

    Thairis sin, tá riosca fisiceach méadaithe ann i ngeall ar thubaistí nádúrtha agus ar an athrú aeráide, rud a threisíonn minicíocht agus méid na n-eachtraí adhaimsire agus a chruthaíonn athruithe fadtéarmacha ar mheándálaí aeráide a d’fhéadfadh acmhainn, éifeachtúlacht agus saolré cineálacha áirithe bonneagair a laghdú mura bhfuil bearta oiriúnaithe aeráide i bhfeidhm.

    Moreover, there is an increased physical risk due to natural disasters and climate change, which intensifies the frequency and scale of extreme weather events and brings long-term changes in average climate conditions that can reduce the capacity, efficiency and lifespan of certain infrastructure types if climate adaptation measures are not in place.

    Treoir (AE) 2022/2557 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil agus lena n-aisghairtear Treoir 2008/114/CE ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  21. #2452741

    slándáil an tsoláthair, idir-inoibritheacht agus oibriú córais atá slán, arna dtomhas i gcomhréir leis an anailís arna déanamh sa phlean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais is déanaí atá ar fáil maidir le forbairt gréasáin leictreachais, go háirithe trí mheasúnú a dhéanamh ar thionchar an tionscadail ar chaillteanas an ionchais ualaigh don réimse anailíse mar a leagtar amach in Iarscríbhinn V maidir le leordhóthanacht giniúna agus tarchurtha i sraith tréimhsí ualaigh saintréitheacha, ag cur san áireamh aon athruithe a bhfuiltear ag súil leo i dteagmhais aimsire crua a bhaineann leis an aeráid agus an tionchar a bheadh acu sin ar athléimneacht an bhonneagair.

    security of supply, interoperability and secure system operation, measured in line with the analysis made in the latest available Union-wide ten-year network development plan in electricity, in particular by assessing the impact of the project on the loss of load expectation for the area of analysis as set out in Annex V in terms of generation and transmission adequacy for a set of characteristic load periods, taking into account expected changes in climate-related extreme weather events and their impact on infrastructure resilience.

    Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2009, (AE) 2019/942 agus (AE) 2019/943 agus Treoracha 2009/73/CE agus (AE) 2019/944, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 347/2013

  22. #2577199

    Nochtfaidh institiúidí ollsuim ghlanluacha na risíochtaí atá íogair i leith tionchair ó theagmhais leanúnacha an athraithe aeráide amháin, lena n-áirítear guaiseacha a bhaineann le hathruithe de réir a chéile ar an aimsir agus ar an aeráid agus a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an aschur eacnamaíoch agus ar tháirgiúlacht.

    Institutions shall disclose the gross carrying amount of exposures sensitive to impact from chronic climate-change events only, including hazards relating to gradual changes in weather and climate and having a possible impact on economic output and productivity.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2453 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2022 lena leasaítear na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/637 a mhéid a bhaineann le rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais a nochtadh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  23. #2813171

    Deimhnítear sa tuarascáil sin go bhfuil géarghá le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú chun an dóchúlacht go dtarlódh teagmhais adhaimsire a laghdú, agus gur gá an t-athrú aeráide a theorannú go méadú teochta domhanda 1,5° C. Ina theannta sin, maidir le conairí maolaithe, atá comhsheasmhach leis an téamh domhanda a theorannú go 1,5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, mura ndéanfar iad a ghníomhachtú go tapa, beidh gá le bearta oiriúnaithe i bhfad níos costasaí agus níos casta a dhéanamh chun tionchair na leibhéal níos airde téimh dhomhanda a sheachaint.

    That report confirms that, in order to reduce the likelihood of extreme weather events, greenhouse gas emissions need to be urgently reduced, and that climate change needs to be limited to a global temperature increase of 1,5 °C. Moreover, if mitigation pathways, consistent with limiting global warming to 1,5 °C above pre-industrial levels, are not rapidly activated, much more expensive and complex adaptation measures will have to be taken to avoid the impacts of higher levels of global warming.

    Rialachán (AE) 2023/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)