Gaois blog (keyword: Béaloideas)
Many blog posts available in Irish only
Bailiúchán Béaloidis Árann
April 3, 2023
Seoladh Bailiúchán Béaloidis Árann ar Nollaig na mBan i mbliana. Sárchartlann a chruthaigh Mná Fiontracha Árann ar son mhuintir an oileáin is ea an bailiúchán seo agus is céim mhór chun tosaigh é go bhfuil an chartlann sin caomhnaithe agus curtha ar fáil go digiteach acu anois i gcomhar le grúpa taighde Gaois agus Cnuasach Bhéaloideas Éireann.
Na cineálacha éagsúla feamainne agus an leigheas atá iontu
June 28, 2021
Sa bhlagmhír seo, téann muid ag tochailt i mBailiúchán na Scol le heolas a chur ar na cineálacha éagsúla feamainne atá in Éirinn agus ar an leigheas atá ceaptha a bheith ag an bplanda.
Innéacs Aarne-Thompson ar dúchas.ie
October 26, 2020
Is catalóg de chineálacha scéalta béaloidis é Innéacs Aarne-Thompson (AT) ina n-aithnítear móitífeanna coitianta i seanscéalta idirnáisiúnta.
Baisc imleabhar nua ón bPríomhbhailiúchán Lámhscríbhinní foilsithe (Deireadh Fómhair 2019)
October 7, 2019
Tá 30 imleabhar nua as an bPríomhbhailiúchán Lámhscríbhinní digitithe, innéacsaithe agus ar fáil ar dúchas.ie anois. Baineann an t-ábhar leis na 1930idí. Seo thíos liosta de na himleabhair, de na bailitheoirí agus de na háiteanna.
Baisc imleabhar nua ón bPríomhbhailiúchán Lámhscríbhinní foilsithe
July 15, 2019
Gach ráithe, cuirtear baisc imleabhar nua as Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní Chnuasach Bhéaloideas Éireann ar fáil. Déantar digitiú agus innéacsú ar an ábhar agus foilsítear ar dúchas.ie é. Sonraítear an t-ábhar nua leis an lipéad ‘NUA’ taobh leis an iontráil.
Aonach an Phoic
August 9, 2018
Reáchtáiltear imeacht mór i gCill Orglan i lár mhí Lúnasa gach bliain nuair a dhéantar ceiliúradh ag Aonach an Phoic. Tá an t-aonach seo ar cheann de na haontaí is sinne in Éirinn agus bailíonn na sluaite i gCill Orglan gach aon bhliain chun radharc a fháil ar an bpoc gabhair cáiliúil.
Gnásanna an Bhaiste ó Bhailiúchán na Scol
July 13, 2018
Is iomaí cineál scéil atá ar fáil i mBailiúchán na Scol agus is minic a dhéantar tagairt do na sean-nósanna a bhain le páistí óga agus le gnás an bhaiste sa bhailiúchán. Is féidir na scéalta éagsúla ar fad a chuardach de réir topaicí ginearálta ar dúchas.ie agus tugtar spléachadh sa bhlagmhír seo ar chuid de na scéalta ábhartha a bhaineann le nósanna an bhaiste atá ar fáil mar chuid de Bhailiúchán na Scol.
Breis grianghraf curtha leis an mBailiúchán Grianghraf ar dúchas.ie
May 16, 2018
Cuireadh breis agus 1,600 grianghraf leis an mBailiúchán Grianghraf ar dúchas.ie le déanaí. Tá 11,405 grianghraf ar fáil don phobal anois. Íomhánna a bhaineann le contaetha éagsúla atá iontu, agus tá baisc mhór as Co. Chiarraí, Co. Dhún na nGall, Co. Mhaigh Eo, Co. an Chláir agus Co. na Gaillimhe. I measc na ngrianghraf nua seo, tá íomhánna ó ghrianghrafadóirí mar Chaoimhín Ó Danachair (1913-2002) agus Albert Nilsson Eskeröd (1904-87).
Seanchas i dtaobh na hAimsire
November 22, 2017
Tá breis agus 250,000 scéal as Bailiúchán na Scol (1937-39) ar fáil ar an suíomh gréasáin dúchas.ie faoi láthair. Is minic a deirtear gur ábhar mór comhrá í an aimsir in Éirinn agus tagann líon na scéalta a bhaineann le seanchas aimsire ar dúchas.ie leis an dearcadh sin. Luaitear os cionn 6,000 scéal leis an topaic ‘seanchas aimsire’ i mBailiúchán na Scol agus tugtar léargas sa bhlagmhír seo ar rogha scéalta spéisiúla a fhaightear ann.
Oidhreacht agus Béaloideas Chluain Dolcáin
October 27, 2017
Osclaíodh ionad oidhreachta nua i gCluain Dolcáin, Co. Bhaile Átha Cliath ag suíomh an tseanchloigthí áitiúil i gcaitheamh an tsamhraidh. Tugtar léargas sa bhlagmhír seo ar chuid den seanchas a bhaineann leis an gcloigtheach agus ar oidhreacht Chluain Dolcáin de réir na gcuntas i mBailiúchán na Scol, a foilsíodh ar dúchas.ie.
Suíomh nua dúchas.ie agus Bailiúchán Grianghraf seolta ag Joe McHugh T.D.
September 27, 2017
Sheol Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh T.D., suíomh athdheartha dúchas.ie agus leagan digitithe de Bhailiúchán Grianghraf Chnuasach Bhéaloideas Éireann ag ócáid i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann aréir, an 26 Meán Fómhair.
Domhnach Chrom Dubh
July 31, 2017
Déantar ceiliúradh ar Dhomhnach Chrom Dubh ar an Domhnach deireanach de mhí Iúil gach bliain. Is iomaí cur síos atá ar fáil ar Chrom Dubh i mBailiúchán na Scol.
Cóipleabhair nua ó Scéim na Scol ar fáil do bhreis agus 70 scoil ar www.duchas.ie
July 24, 2017
Tá cóipleabhair ar fáil anois do scoileanna áirithe a ghlac páirt i Scéim na Scol agus nach raibh san áireamh sna himleabhair a seoladh cheana féin ar Dúchas.ie mar chuid de Bhailiúchán na Scol.
Cath na Bóinne
July 11, 2017
Troideadh cath cáiliúil ar an 1 Iúil 1690 idir fórsaí Shéamuis II agus Liam Oráiste ar bhruacha na Bóinne. D’fhág an choimhlint sin idir Caitlicigh agus Protastúnaigh rian ar stair na tíre agus déantar ceiliúradh ar Chath na Bóinne ar an 12 Iúil gach bliain sa lá atá inniu ann.
Torthaí ó shuirbhé 2016 ar úsáideoirí Dúchas.ie
April 12, 2017
Foilsíodh suirbhé bliantúil ar shuíomh Dúchas.ie i dtús na bliana chun aiseolas a lorg ó úsáideoirí an tsuímh. Ar an iomlán, tugadh le fios go bhfuil úsáideoirí an-sásta le Dúchas.ie, cúis mhór sásaimh dúinn. Bhain an chuid is mó de na moltaí le Meitheal Dúchas.ie seachas le Dúchas.ie féin.
Laethanta na Bó Riabhaí
March 29, 2017
Is minic nach féidir brath ar an aimsir ag an tráth seo den bhliain agus is léir ó na scéalta i mBailiúchán na Scol ar Dúchas.ie gurbh in mar a bhí riamh. Tugtar Laethanta na Bó Riabhaí ar laethanta deiridh mhí an Mhárta agus ar laethanta tosaigh mhí Aibreáin.
Scéalta na Nollag ó Bhailiúchán na Scol
December 19, 2016
Tá an-chuid traidisiún agus nósanna ag baint leis an Nollaig in Éirinn agus tugtar spléachadh ar dhá thraidisiún a bhaineann le haimsir na Nollag sa bhlagmhír seo – an chleamaireacht agus dul sa dreoilín. Téann na gnásanna seo siar i bhfad agus maireann siad in áiteanna áirithe timpeall na tíre go fóill.
Scéalta Cleamhnais ó Bhailiúchán na Scol
November 14, 2016
Tá go leor le foghlaim faoi shean-nósanna cleamhnais na tíre seo ón réimse leathan scéalta i mBailiúchán na Scol. Nós coitianta ab ea é cleamhnas a dhéanamh idir dhá theaghlach agus maireann an nós seo i gceantair áirithe in Éirinn go fóill, mar shampla, Lios Dúin Bhearna i gCo. an Chláir.
Scéalta agus Seanchas as Contae Chorcaí
October 14, 2016
Cuireadh tús le mórscéim bailithe béaloidis i scoileanna náisiúnta na tíre ar an gcéad lá de mhí Iúil 1937 ar ar tugadh ‘Scéim na Scol’. Thiomsaigh daltaí as 5,000 bunscoil i Saorstát Éireann tuairim is 740,000 leathanach idir 1937 agus 1939. Ba é Coimisiún Béaloideasa Éireann a chuir an scéim bailithe seo ar bun, agus i gContae Chorcaí ghlac breis agus 450 scoil páirt sa scéim agus ba é 125 imleabhar toradh a gcuid saothair. Déantar iarracht sa bhlagmhír seo cuid de na seoda deasa de bhéaloideas an chontae a léiriú.
Bailiúchán na Scol agus Meitheal Logainm.ie Seolta!
September 22, 2016
Sheol an tAire Stáit Seán Kyne dhá shuíomh gréasáin de chuid Fiontar ag An Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta Dé Céadaoin an 21 Meán Fómhair – Meitheal Logainm.ie agus Bailiúchán na Scol ina iomláine.