Gaois

Gaois blog (keyword: Dúchas.ie)

Many blog posts available in Irish only
Dúchas.ie

91 posts

  1. Rogha Leigheasanna ó Bhailiúchán na Scol

    August 23, 2018

    Cuireadh tús le tionscadal dúchas.ie sa bhliain 2012 agus tá breis agus 250,000 scéal agus 11,000 grianghraf ar fáil le cuardach ar an suíomh poiblí anois. Rangaítear na scéalta agus na grianghraif de réir topaicí éagsúla agus is féidir leas a bhaint as an áis brabhsála chun topaic faoi leith a roghnú. Tá neart scéalta suimiúla a bhaineann le seanleigheasanna ar fáil le léamh ar dúchas.ie agus tugtar spléachadh sa bhlagmhír seo ar chuid de na scéalta is spéisiúla a thagann chun cinn i mBailiúchán na Scol.

  2. Gnásanna an Bhaiste ó Bhailiúchán na Scol

    July 13, 2018

    Is iomaí cineál scéil atá ar fáil i mBailiúchán na Scol agus is minic a dhéantar tagairt do na sean-nósanna a bhain le páistí óga agus le gnás an bhaiste sa bhailiúchán. Is féidir na scéalta éagsúla ar fad a chuardach de réir topaicí ginearálta ar dúchas.ie agus tugtar spléachadh sa bhlagmhír seo ar chuid de na scéalta ábhartha a bhaineann le nósanna an bhaiste atá ar fáil mar chuid de Bhailiúchán na Scol.

  3. Breis grianghraf curtha leis an mBailiúchán Grianghraf ar dúchas.ie

    May 16, 2018

    Cuireadh breis agus 1,600 grianghraf leis an mBailiúchán Grianghraf ar dúchas.ie le déanaí. Tá 11,405 grianghraf ar fáil don phobal anois. Íomhánna a bhaineann le contaetha éagsúla atá iontu, agus tá baisc mhór as Co. Chiarraí, Co. Dhún na nGall, Co. Mhaigh Eo, Co. an Chláir agus Co. na Gaillimhe. I measc na ngrianghraf nua seo, tá íomhánna ó ghrianghrafadóirí mar Chaoimhín Ó Danachair (1913-2002) agus Albert Nilsson Eskeröd (1904-87).

  4. Stádas UNESCO bronnta ar Chnuasach Bhéaloideas Éireann UCD

    December 8, 2017

    D’fhógair Joe McHugh T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Dé Céadaoin, 6 Nollaig, go bhfuil aitheantas faighte ag Cnuasach Bhéaloideas Éireann UCD, ceann de na cartlanna béaloidis agus staire cultúrtha is mó san Eoraip, ó Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO) as a bhailiúchán bunúsach - Cnuasach Choimisiún Béaloideasa Éireann 1935-1970 - atá curtha le Clár Idirnáisiúnta Chuimhne an Domhain UNESCO.

  5. Gradam eir Spiders buaite ag dúchas.ie

    December 4, 2017

    Reáchtáladh Gradaim eir Spiders maille le searmanas bronnta na ngradam ar an 30 Samhain i mbliana agus bhí an t-ádh leis an tionscadal dúchas.ie an duais don Suíomh Gaeilge is Fearr a bhuachan ar an oíche. Is iad na gradaim teicneolaíochta digití is seanbhunaithe in Éirinn agus i dTuaisceart Éirinn iad seo agus tugtar aitheantas do chomhlachtaí agus d’eagraíochtaí pobail a léiríonn cruthaitheacht agus nuálaíocht ar líne.

  6. Seanchas i dtaobh na hAimsire

    November 22, 2017

    Tá breis agus 250,000 scéal as Bailiúchán na Scol (1937-39) ar fáil ar an suíomh gréasáin dúchas.ie faoi láthair. Is minic a deirtear gur ábhar mór comhrá í an aimsir in Éirinn agus tagann líon na scéalta a bhaineann le seanchas aimsire ar dúchas.ie leis an dearcadh sin. Luaitear os cionn 6,000 scéal leis an topaic ‘seanchas aimsire’ i mBailiúchán na Scol agus tugtar léargas sa bhlagmhír seo ar rogha scéalta spéisiúla a fhaightear ann.

  7. Taighde agus taisteal an tsamhraidh

    August 24, 2017

    Cé go mbíonn cúrsaí níos ciúine san ollscoil i gcaitheamh an tsamhraidh, bíonn an fhoireann taighde anseo in Fiontar & Scoil na Gaeilge (FSG) ag obair leo go dícheallach i gcónaí. D’éirigh le baill den fhoireann freastal ar roinnt comhdhálacha le linn an tsamhraidh chun gnéithe éagsúla den obair agus den taighde a bhíonn idir lámha againn ó lá go lá a chur i láthair. Tugtar spléachadh sa bhlagmhír seo ar chuid den ábhar a pléadh in áiteanna difriúla le déanaí.