Nuashonrú déanta ar na huirlisí geoshuímh ar Logainm.ie
March 30, 2020
Rinneadh nuashonrú teicniúil ar Logainm.ie le déanaí a chuireann go mór le hinchuardaitheacht shaibhreas an bhunachair. Mar chuid den fhorbairt seo, a rinneadh ar mhaithe le feidhmiúlacht na n-uirlisí geoshuímh a fheabhsú, cuireadh c.14,000 sráid nua leis an mbunachar agus cuireadh geochód le c.16,000 sráid eile a bhí sa bhunachar cheana.