Gaois blog (keyword: Logainmneacha)
Many blog posts available in Irish only
An chéad leagan poiblí de API Logainm seolta
October 12, 2020
Tá lúcháir ar ghrúpa taighde Gaois agus ar an mBrainse Logainmneacha, an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, a fhógairt go bhfuil an chéad leagan poiblí de Chomhéadan Feidhmchláir (API) Logainm ar fáil anois.
Logainmneacha an tSamhraidh
June 29, 2018
Tá an samhradh buailte linn faoi dheireadh thiar thall, tá Corn an Domhain faoi lán seoil, tá an ghrian ag taitneamh agus tá an saol mór ag baint sult as tráthnónta fada an tsamhraidh. Tugtar spléachadh sa bhlagmhír seo ar roinnt logainmneacha ina ndéantar tagairt don samhradh nó do ghné áirithe a bhaineann le míonna an tsamhraidh agus le cúrsaí aimsire.
logainm.ie – 10 mbliana ag fás
May 4, 2018
Cuireadh tús leis an tionscadal Logainm breis is deich mbliana ó shin agus seoladh an chéad leagan den bhunachar sonraí de logainmneacha na hÉireann, logainm.ie, i nDeireadh Fómhair 2008. Is bunachar é seo a chruthaigh Fiontar & Scoil na Gaeilge (DCU) i gcomhar leis an mBrainse Logainmneacha (An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta) chun sonraí logainmneacha agus taifid chartlainne a riar agus a bhainistiú.
Banríonacha agus Bandéithe i Logainmneacha na hÉireann
April 5, 2018
Déanfar ceiliúradh i mbliana ar chearta vótála a bhaint amach do mhná na hÉireann den chéad uair sa bhliain 1918. Ina theannta sin, toghadh an chéad bhean, an Chuntaois Markievicz, chun na parlaiminte céad bliain ó shin. Pléitear na tagairtí do mhná i logainmneacha na hÉireann sa bhlagmhír seo mar chomóradh ar an mbliain chinniúnach úd.
Ainmneacha Páirce Ghleann an Smóil curtha le Meitheal Logainm.ie
February 2, 2018
Tá dlúthnasc idir logainmneacha agus an cultúr agus faightear léargas breise sna logainmneacha faoin oidhreacht agus faoin stair a bhaineann le háit. Tugann mionlogainmneacha léargas dúinn ar na daoine a d’imigh romhainn agus faoin gceangal a bhí acu le háiteanna éagsúla sa tír thar na blianta. Cruthaíodh Meitheal Logainm.ie chun cuid d’oidhreacht logainmníochta na tíre a chur chun cinn sa ré dhigiteach trí mhionainmneacha a mhapáil agus a roinnt ar líne. Cuireadh bailiúchán úr le Meitheal Logainm.ie le déanaí, Ainmneacha Páirce Ghleann an Smóil, agus tugtar spléachadh sa bhlagmhír seo ar chuid den saibhreas logainmníochta atá ar fáil sa bhailiúchán.
Logainmneacha na Nollag
December 13, 2017
Tá oícheanta fada an gheimhridh buailte linn agus tá na hullmhúcháin don Nollaig faoi lánseol i láthair na huaire. Tá na siopaí maisithe agus tá soilse ildaite crochta ar na sráideanna agus ar chuid mhór tithe araon. Agus Lá Nollag ag teannadh linn, caitear súil sa bhlagmhír seo ar roinnt logainmneacha ina ndéantar tagairt don Nollaig nó do ghné áirithe a shamhlaítear leis an bhféile seo de ghnáth. Tá eolas i dtaca leis na mílte logainmneacha stóráilte i mBunachar Logainmneacha na hÉireann (logainm.ie) agus roghnaítear dornán díobh anseo le cíoradh i gcaitheamh laethanta beaga na Nollag.
An tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta
August 10, 2017
Beidh na céadta imeachtaí cultúrtha ar siúl timpeall na tíre ar fad idir an 19-27 Lúnasa 2017 mar chuid den tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta. Reáchtáiltear an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta in Éirinn faoi scáth Laethanta Oidhreachta na hEorpa, comhthionscnamh de chuid Chomhairle na hEorpa agus an Aontais Eorpaigh agus glacann breis agus daichead tír páirt sna ‘laethanta oidhreachta’ seo gach bliain.
Torthaí ó shuirbhé 2016 ar úsáideoirí Logainm.ie
June 29, 2017
Foilsíodh suirbhé bliantúil ar Logainm.ie ag deireadh 2016 chun aiseolas a lorg ó úsáideoirí an tsuímh. Cé go bhfuil roinnt mhaith áiseanna ar fáil ar Logainm.ie, tugadh le fios ó fhreagraí an tsuirbhé nach bhfuil úsáideoirí áirithe ar an eolas fúthu!
Turas Naomh Pádraig Timpeall na hÉireann
March 8, 2017
Tá Lá Fhéile Pádraig ag teannadh linn agus is iomaí cineál ceiliúrtha a dhéanfar ar an 17 Márta timpeall na cruinne ar fad. Caitear súil thíos ar chuid de na logainmneacha a bhaineann le Pádraig.
Béaloideas Chontae na hIarmhí
August 10, 2016
Tá ábhar cuardaigh as formhór na gcontaetha in Éirinn le fáil in dúchas.ie anois agus dírítear ar scéalta a bhaineann le Contae na hIarmhí sa bhlagmhír seo.
Seanchas Chontae an Longfoirt
June 15, 2016
Tá a lán le foghlaim faoi nósanna agus faoi shaol mhuintir an Longfoirt ón réimse leathan scéalta a bailíodh sna 1930idí. Mar shampla, bhí an-bhaint ag an Longfort le himeachtaí Éirí Amach 1798. I mí Mheán Fómhair na bliana sin shocraigh an Ginearál Humbert go rachadh sé chun comhraic le fórsaí na Breataine i mBéal Átha na Muc i dtuaisceart an chontae, gar do Cho. Liatroma.
An Brainse Logainmneacha
May 27, 2016
Bunaíodh an Brainse Logainmneacha mar rannóg ar leith in Oifig na Suirbhéireachta Ordanáis sa bhliain 1956. Ní go dtí an bhliain 1999 a aistríodh é go dtí An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán mar a tugadh ar an roinn rialtais an tráth úd.
Torthaí ó shuirbhé 2015 ar úsáideoirí logainm.ie
May 5, 2016
Foilsíodh suirbhé bliantúil ar logainm.ie ag deireadh 2015 chun aiseolas a lorg ó úsáideoirí an tsuímh. Tugadh le fios go bhfuil úsáideoirí logainm.ie lonnaithe i ngach cearn den domhan – sna Stáit Aontaithe, san Iodáil agus san Íoslainn, i measc tíortha eile.
Seanchas faoi logainmneacha i mBailiúchán na Scol
February 1, 2016
Tá an-chuid logainmneacha spéisiúla ar fáil in Éirinn agus is minic a bhíonn dlúthnasc idir logainmneacha agus scéalta béaloidis i gceantair éagsúla. Caithfimid súil anseo ar roinnt logainmneacha spéisiúla agus déanfaimid cur síos ar chuid de na scéalta seanchais a bhaineann leo.
Spórt, ól agus robáil: Béaloideas Chontae Bhaile Átha Cliath
July 6, 2015
Tá réimse leathan ábhair i mBailiúchán na Scol as contae Bhaile Átha Cliath; gach gné den saol a bhí ann fadó idir chluichí a d’imir na páistí, eachtraí laochra áitiúla, is scéalta faoi logainmneacha mórthimpeall ar na scoileanna.