Gaois blog (keyword: Mná)
Many blog posts available in Irish only
Bailiúchán Béaloidis Árann
April 3, 2023
Seoladh Bailiúchán Béaloidis Árann ar Nollaig na mBan i mbliana. Sárchartlann a chruthaigh Mná Fiontracha Árann ar son mhuintir an oileáin is ea an bailiúchán seo agus is céim mhór chun tosaigh é go bhfuil an chartlann sin caomhnaithe agus curtha ar fáil go digiteach acu anois i gcomhar le grúpa taighde Gaois agus Cnuasach Bhéaloideas Éireann.
Beathaí Ainm agus ceisteanna comhionannais inscne
December 9, 2019
Is léir don dall go bhfuil easpa ban in ainm.ie agus go deimhin tarraingíodh aird ar an gceist nuair a foilsíodh na beathaí is déanaí ar an suíomh i mí na Samhna: ochtar a bhfuil áit tuillte go maith acu, go cinnte, ach gan bean ina measc.
Mná i Mionlogainmneacha na hÉireann
March 4, 2019
Ní féidir dul rófhada gan teacht ar thagairtí do dhaoine i mionainmneacha na hÉireann. Is minic a luaitear úinéir na talún (ainmneacha sealbhacha) nó pearsa eile a raibh baint éigin aige nó aici leis an áit (ainmneacha stairiúla) san ainm. Tá na hainmneacha seo fíorthábhachtach ó thaobh cúrsaí staire agus ginealais de. Dírímid ár n-aird ar rogha mionlogainmneacha ó Mheitheal Logainm.ie a bhaineann le mná sa bhlagmhír seo mar cheiliúradh ar Lá Idirnáisiúnta na mBan i mbliana.
Banríonacha agus Bandéithe i Logainmneacha na hÉireann
April 5, 2018
Déanfar ceiliúradh i mbliana ar chearta vótála a bhaint amach do mhná na hÉireann den chéad uair sa bhliain 1918. Ina theannta sin, toghadh an chéad bhean, an Chuntaois Markievicz, chun na parlaiminte céad bliain ó shin. Pléitear na tagairtí do mhná i logainmneacha na hÉireann sa bhlagmhír seo mar chomóradh ar an mbliain chinniúnach úd.
Protastúnaigh mhná Chúige Uladh in Ainm.ie
August 24, 2015
Tá cuntais ar bhreis agus 1,700 duine ar ainm.ie, daoine a raibh baint acu le saol na Gaeilge ó 1560 go dtí an lá atá inniu ann.