Gaois blog (keyword: Sluafhoinsiú)
Many blog posts available in Irish only
Meitheal Dúchas: Cúig bliana ar an bhfód
February 24, 2020
Is cúis mhór bhróid agus cheiliúrtha dúinn go bhfuil Meitheal Dúchas cúig bliana ar an bhfód! Sílimid gur fiú agus gur mithid súil a chaitheamh ar dhul chun cinn na hoibre, go háirithe le bliain anuas.
Meitheal Logainm.ie agus bailiúcháin nua
April 29, 2019
Is maith an scéalaí an aimsir, mar a deir an seanfhocal, ach is maith an scéalaí na mionainmneacha go deimhin freisin! Bíonn neart eolais le fáil iontu, mar shampla eolas faoin tírdhreach, eolas faoi stair na lonnaíochta, na talmhaíochta agus na tionsclaíochta, agus eolas faoi na daoine a bhí ina gcónaí san áit. Is uirlis sluafhoinsithe í Meitheal Logainm.ie chun mionainmneacha agus na sonraí a bhaineann leo a stóráil, a chaomhnú agus a roinnt.
100,000 leathanach tras-scríofa ag Meitheal Dúchas.ie
March 23, 2018
Tá breis is 100,000 leathanach tras-scríofa ag baill Mheitheal Dúchas.ie ó seoladh an tionscadal sluafhoinsithe in earrach na bliana 2015.
Comórtas Mheitheal Logainm.ie
March 7, 2018
Tá foireann Mheitheal Logainm.ie ag tabhairt cuireadh do dhaltaí iar-bhunscoileanna sonraí maidir le mionainmneacha i gceantar na scoile (nó in aice le háit chónaithe na ndaltaí) a ionchur ar Mheitheal Logainm.ie. Cuirfear na bailiúcháin is fearr ar phríomhleathanach an tsuímh agus déanfar iad a phoibliú ar na meáin shóisialta. Cuirfear duaiseanna de luach €300 agus €150 ar fáil don dá bhailiúchán is fearr. Beidh na duaiseanna le dáileadh ag an múinteoir/scoil.
Comhdháil SNSBI – Society for Name Studies in Britain and Ireland
May 12, 2017
Reáchtáladh comhdháil bhliantúil an earraigh de chuid SNSBI (Society for Name Studies in Britain and Ireland) in Oxfordshire, Sasana idir an 24-26 Márta 2017. Cuireadh réimse leathan ábhar i láthair a bhain le cúrsaí ainmeolaíochta in Éirinn agus sa Bhreatain – ainmneacha pearsanta, sloinnte agus logainmneacha san áireamh. Leagadh béim ar leith ar ainmneacha Oxfordshire agus ar an obair a rinne an t-ainmeolaí clúiteach Margaret Gelling ina dtaobh.
Meitheal Dúchas: tuairisc ar obair na bliana 2016
February 8, 2017
Tá Meitheal Dúchas ar an fhód anois le 2 bhliain anuas agus ní miste súil a chaitheamh ar dhul chun cinn na hoibre, go háirithe le bliain anuas.
Meitheal Logainm.ie
April 22, 2016
Seoladh Meitheal Logainm.ie ag ceardlann réamhchomhdhála dar teideal Uirlisí chun mionlogainmneacha a chomhroinnt mar chuid de chomhdháil SNSBI ar an 14 Aibreán 2016. Uirlis sluafhoinsithe bunaithe ar logainm.ie atá ann agus is féidir mionainmneacha a thaifeadadh i mbunachar sonraí poiblí agus iad a roinnt ar líne.
Ceardlann Leathlae: Uirlisí chun Mionlogainmneacha a Chomhroinnt
March 18, 2016
Beidh an 26ú comhdháil bhliantúil de chuid SNSBI (Society for Name Studies in Britain and Ireland) á reáchtáil in Ollscoil Mhá Nuad idir an 15-18 Aibreán. Pléifear gnéithe éagsúla den ainmeolaíocht in Éirinn agus sa Bhreatain Mhór le linn na comhdhála.
Meitheal Dúchas: tuairisc ar obair mhí Eanáir
February 9, 2016
Cuireadh tús le TED, comhdháil ina bpléitear cúrsaí teicneolaíochta, siamsaíochta agus dearthóireachta i bhfoirm cainteanna gearra, in 1984. Tá méadú mór tar éis teacht ar an gcomhdháil thar na blianta agus bíonn raon ábhar níos leithne faoi chaibidil sna cainteanna anois.
Meitheal Dúchas: tuairisc ar obair mhí na Nollag
January 15, 2016
Tá Meitheal Dúchas.ie ar an bhfód anois ó mhí na Feabhra 2015 agus ag dul ó neart go neart a bhuí lenár 400 ball díograiseach. Mar is eol daoibh, pléadh roinnt tionscadal spéisiúil le linn na bliana a raibh an sluafhoinsiú mar dhlúthchuid díobh. Caithimid súil siar anseo ar na tionscadail éagsúla a luamar i gcaitheamh 2015.
Meitheal Dúchas: tuairisc ar obair mhí na Samhna
December 9, 2015
An róbat thú? An fíordhuine thú? A leithéid de cheist! Tá seans maith ann go bhfuil an cheist aisteach seo curtha ort go minic agus tú ag brabhsáil ar líne. Cumadh an téarma ‘CAPTCHA’ ag tús an fichiú haois agus seasann an t-acrainm do ‘Completely Automated Public Turing test to tell Computer and Humans Apart’.
Meitheal Dúchas: tuairisc ar obair mhí Dheireadh Fómhair
November 6, 2015
“Together, we are discovering secrets hidden deep inside our collections that illuminate our history and our world.”
Meitheal Logainm.ie
November 6, 2015
Tá sé i gceist againn, as seo go ceann roinnt míonna, áis darb ainm ‘Meitheal Logainm.ie’ a fhorbairt. Deis a bheas anseo do ghrúpaí taighde áitiúil, nó do thaighdeoirí aonair, codanna dá gcuid taighde ar mhionainmneacha a chur le bunachar lárnach agus a thaispeáint ar chuid de shuíomh logainm.ie.
Ceardlann: Uirlisí chun Mionlogainmneacha a Chomhroinnt (DCU, Déardaoin 14 Aibreán 2016)
October 19, 2015
Tá ceardlann leathlae á reáchtáil ag Fiontar, mar chuid de chomhdháil SNSBI, chun comhroinnt mionlogainmneacha a phlé.
Meitheal Dúchas: tuairisc ar obair mhí Mheán Fómhair
October 14, 2015
Is ardán ar líne é Movements.org a dhéanann easaontaigh atá lonnaithe i sochaithe leatromacha a nascadh le daoine ar fud na cruinne a bhfuil na scileanna cuí acu chun cabhrú leo.
Meitheal Dúchas: tuairisc ar obair mhí Lúnasa
September 10, 2015
Mí eile caite i saolré na Meithle, agus deis eile againn, mar sin, féachaint ar thionscadal eile a bhaineann úsáid as an sluafhoinsiú d’fhonn cuspóirí ar leith a chur chun cinn.
Meitheal Dúchas: tuairisc ar obair mhí Iúil
August 10, 2015
In 2014, chuir an New York Times, nuachtán a bhfuil cáil dhomhanda aige, tús le tionscnamh nua bunaithe ar mhodh an tsluafhoinsithe.
Meitheal Dúchas: tuairisc ar obair mhí an Mheithimh
July 6, 2015
Sula ndéanfaimid cíoradh ar staitisticí na Meithle don mhí seo caite, ba mhaith linn bhur n-aird a dhíriú ar thionscnamh eile atá ag baint leas as toil an phobail ar mhaithe leis an bpobal agus na Daonnachtaí Digiteacha trí chéile.