Téarmaíocht LADTA
June 20, 2022
Agus Mí an Bhróid á ceiliúradh le linn na míosa seo, chaith muid súil ar roinnt den téarmaíocht, idir nua agus sheanbhunaithe, a bhaineann leis an bpobal LADTA, an téarma 'Bród' san áireamh.
June 20, 2022
Agus Mí an Bhróid á ceiliúradh le linn na míosa seo, chaith muid súil ar roinnt den téarmaíocht, idir nua agus sheanbhunaithe, a bhaineann leis an bpobal LADTA, an téarma 'Bród' san áireamh.
September 23, 2019
Cé a dhéanfadh dearmad ar bhuaicphointí chraobhchomórtais Chorn an Domhain sa Rugbaí san am a chuaigh thart? Ó phreabchúl déanach Jonny Wilkinson i gcoinne na hAstráile chun Corn Webb Ellis a thabhairt go Sasana den chéad uair in 2003 go dtí bua stairiúil na hAfraice Theas agus in éadan na Nua-Shéalainne i gcraobh na bliana 1995, tá an comórtas tar éis dul i bhfeidhm go mór orainn ó bunaíodh é in 1987. Agus an 9ú heagrán ar siúl an fómhar seo tá lucht leanúna an rugbaí agus go leor eile nach leanann an spórt go dílis ar bís faoin gcoimhlint atá le teacht.
June 10, 2019
Cuireadh ábhar nua le Corpas na Gaeilge Comhaimseartha ar gaois.ie le déanaí. Is í príomhaidhm an tionscadail seo ná samplaí comhthéacs d’úsáid reatha na Gaeilge scríofa a chur ar fáil mar acmhainn teanga do thaighdeoirí, scríbhneoirí, teangeolaithe agus daoine eile a bhfuil spéis acu sa teanga. Tá 24.7 milliún focal sa chorpas anois i ndiaidh an nuashonraithe is déanaí.
January 21, 2019
Ag 3.30 p.m. ar an 21 Eanáir, 1919, a tionscnaíodh an Chéad Dáil Éireann i dTeach an Ardmhéara, Baile Átha Cliath. Mar a tharla i gcás Éirí Amach 1916, bhí lucht na Gaeilge rannpháirteach, ní hamháin in imeachtaí stairiúla an lae úd, ach sna cruinnithe agus sna hullmhúcháin a tháinig roimhe. Le cinntiú gurbh í an Ghaeilge teanga oibre na Dála cuireadh coiste le chéile le téarmaí fóirsteanacha a cheapadh faoina choinne sin. Ar an choiste seo, bhí Seán Ó Ceallaigh (Sceilg), Pádraig Ó Máille, Liam de Róiste agus Piaras Béaslaí.
September 24, 2018
Mar is eol do lucht leanúna an ghailf in Éirinn, tá deireadh seachtaine mór ag druidim linn. Tá galfairí na hEorpa agus galfairí Mheiriceá réidh le haghaidh a thabhairt ar a chéile i gCorn Ryder a reáchtálfar i bPáras na Fraince ó 28-30 Meán Fómhair 2018.
January 17, 2018
Cuireadh mórbhailiúchán úr de reachtaíocht phríomha na hÉireann leis an gCorpas comhthreomhar Béarla-Gaeilge ar gaois.ie le déanaí. Bailiúchán cuimsitheach atá ann de bhreis agus 3,000 Acht ón tréimhse 1922–2003, a chuir Rannóg an Aistriúcháin, Tithe an Oireachtais, ar fáil do Fiontar & Scoil na Gaeilge.
January 24, 2017
Rinneadh cur síos sa bhlagmhír seo ar Chorpas na Gaeilge Comhaimseartha nuair a seoladh é i mí Aibreáin anuraidh. Ní raibh ach 5.3 milliún focal sa chorpas an tráth úd ach táimid ag cur le hábhar an chorpais ó shin i leith – idir ábhar úr a bhailiú agus a thiomsú agus ábhar atá sa chorpas cheana a nuashonrú.
April 8, 2016
Tiomsaíodh corpas nua, Corpas na Gaeilge Comhaimseartha, in Fiontar le déanaí agus is féidir teacht air ar an suíomh gaois.ie anois. Bailiúchán aonteangach téacsanna Gaeilge i bhformáid dhigiteach is ea Corpas na Gaeilge Comhaimseartha. Áirítear ann téacsanna Gaeilge a bhfuil eagarthóireacht déanta orthu agus a foilsíodh ó thús an 21ú haois i leith.
January 18, 2016
Seoladh leagan nua den bhunachar téarmaíochta ar gaois.ie le déanaí.
October 7, 2015
Tá na chéad téarmaí as an mbailiúchán nua Téarmaí Teicneolaíocht Faisnéise foilsithe anois ar tearma.ie.