Gaois blog (keyword: Taighde)
Many blog posts available in Irish only
Seimineár Poiblí ar an Ríomhaireacht sa Ghaeilge
May 23, 2017
D’óstáil Fiontar & Scoil na Gaeilge seimineár ar an ríomhaireacht sa Ghaeilge ar an 8 Bealtaine agus reáchtáladh lá lán de chainteanna ó dhaoine éagsúla mar chuid den seimineár. Seoladh an leabhar, An Ríomhaire Ilteangach, le Michal Boleslav Měchura, mar chuid d’imeachtaí an lae chomh maith.
Comhdháil SNSBI – Society for Name Studies in Britain and Ireland
May 12, 2017
Reáchtáladh comhdháil bhliantúil an earraigh de chuid SNSBI (Society for Name Studies in Britain and Ireland) in Oxfordshire, Sasana idir an 24-26 Márta 2017. Cuireadh réimse leathan ábhar i láthair a bhain le cúrsaí ainmeolaíochta in Éirinn agus sa Bhreatain – ainmneacha pearsanta, sloinnte agus logainmneacha san áireamh. Leagadh béim ar leith ar ainmneacha Oxfordshire agus ar an obair a rinne an t-ainmeolaí clúiteach Margaret Gelling ina dtaobh.
Téarmaí Teicneolaíocht Faisnéise – Téarmaí Róbataice
October 3, 2016
Rinneadh cur síos anuraidh ar chuid den taighde atá idir lámha againn ar théarmaíocht theicneolaíocht na faisnéise. Is é atá i gceist leis an taighde seo ná go gcuirfear le líon na dtéarmaí sa mhór-réimse ‘Ríomhairí, ríomheolaíocht’ ar téarma.ie.
Téarmaí Teicneolaíocht Faisnéise – Aipeanna agus Bogearraí
May 17, 2016
Tá borradh tar éis teacht ar úsáid aipeanna le blianta beaga anuas agus tá an chuma ar an scéal anois go bhfuil aip ann chun gach a bhfuil uait a chur ar fáil le haon chlic amháin.
Meitheal Logainm.ie
April 22, 2016
Seoladh Meitheal Logainm.ie ag ceardlann réamhchomhdhála dar teideal Uirlisí chun mionlogainmneacha a chomhroinnt mar chuid de chomhdháil SNSBI ar an 14 Aibreán 2016. Uirlis sluafhoinsithe bunaithe ar logainm.ie atá ann agus is féidir mionainmneacha a thaifeadadh i mbunachar sonraí poiblí agus iad a roinnt ar líne.
Ceardlann Leathlae: Uirlisí chun Mionlogainmneacha a Chomhroinnt
March 18, 2016
Beidh an 26ú comhdháil bhliantúil de chuid SNSBI (Society for Name Studies in Britain and Ireland) á reáchtáil in Ollscoil Mhá Nuad idir an 15-18 Aibreán. Pléifear gnéithe éagsúla den ainmeolaíocht in Éirinn agus sa Bhreatain Mhór le linn na comhdhála.
Téarmaí Teicneolaíocht Faisnéise
March 8, 2016
Foilsíodh trí bhaisc de théarmaí teicneolaíocht faisnéise le déanaí: slándáil ar líne (211 téarma), gléasanna móibíleacha (125 téarma) agus ríomhchumarsáid (71 téarma).
Téarmaí Físchluichíochta foilsithe ar Téarma.ie
December 4, 2015
Tá an dara baisc as an mbailiúchán nua Téarmaí Teicneolaíocht Faisnéise foilsithe anois ar tearma.ie.
Meitheal Logainm.ie
November 6, 2015
Tá sé i gceist againn, as seo go ceann roinnt míonna, áis darb ainm ‘Meitheal Logainm.ie’ a fhorbairt. Deis a bheas anseo do ghrúpaí taighde áitiúil, nó do thaighdeoirí aonair, codanna dá gcuid taighde ar mhionainmneacha a chur le bunachar lárnach agus a thaispeáint ar chuid de shuíomh logainm.ie.
Ceardlann: Uirlisí chun Mionlogainmneacha a Chomhroinnt (DCU, Déardaoin 14 Aibreán 2016)
October 19, 2015
Tá ceardlann leathlae á reáchtáil ag Fiontar, mar chuid de chomhdháil SNSBI, chun comhroinnt mionlogainmneacha a phlé.
Gluais Sheáin Uí Dhonnabháin ar fáil ar logainm.ie
October 19, 2015
In 1824 chinn rialtas na Breataine go ndéanfaí suirbhéireacht ar Éirinn. Ba chuid lárnach den tsuirbhéireacht sin logainmneacha na tíre a bheith ar phár léarscáileanna.
Téarmaí Teicneolaíocht Faisnéise foilsithe ar Téarma.ie
October 7, 2015
Tá na chéad téarmaí as an mbailiúchán nua Téarmaí Teicneolaíocht Faisnéise foilsithe anois ar tearma.ie.
Léarscáileanna Dáileacháin agus Míreanna Coitianta
September 1, 2015
Is iomaí mír éagsúil atá in úsáid i logainmneacha na tíre seo, agus tugann na míreanna seo léargas dúinn faoi na ceantair lena mbaineann siad.
Bailiúchán Foinsí Logainm.ie
June 17, 2015
Áis thar a bheith úsáideach is ea Bailiúchán Foinsí logainm.ie don té atá ag iarraidh taighde a dhéanamh ar logainmneacha.