Gaois

Gaois blog

Many blog posts available in Irish only

237 posts

  1. ‘Na daoine is féile agus is deise dár casadh riamh orm’: Cín Lae Thaidhg Uí Mhurchadha, bailitheoir béaloidis, in Uíbh Ráthach, 1935–6

    April 27, 2020

    Ar an Sceachánach, Cathair Dónall, Co. Chiarraí, ar an 11 Feabhra 1896 a rugadh Tadhg Ó Murchadha. Cainteoirí Gaeilge a bhí sna tuismitheoirí ach Béarla a labhraíodh siad sa bhaile. Ní raibh aon Bhéarla ag an tseanmháthair a bhí béal dorais áfach agus file a bhí in athair Thaidhg; is uaidh a chuala Tadhg scéal Fiannaíochta an chéaduair.

  2. Téarmaí Rugbaí ar téarma.ie

    September 23, 2019

    Cé a dhéanfadh dearmad ar bhuaicphointí chraobhchomórtais Chorn an Domhain sa Rugbaí san am a chuaigh thart? Ó phreabchúl déanach Jonny Wilkinson i gcoinne na hAstráile chun Corn Webb Ellis a thabhairt go Sasana den chéad uair in 2003 go dtí bua stairiúil na hAfraice Theas agus in éadan na Nua-Shéalainne i gcraobh na bliana 1995, tá an comórtas tar éis dul i bhfeidhm go mór orainn ó bunaíodh é in 1987. Agus an 9ú heagrán ar siúl an fómhar seo tá lucht leanúna an rugbaí agus go leor eile nach leanann an spórt go dílis ar bís faoin gcoimhlint atá le teacht.

  3. Meitheal Logainm.ie agus bailiúcháin nua

    April 29, 2019

    Is maith an scéalaí an aimsir, mar a deir an seanfhocal, ach is maith an scéalaí na mionainmneacha go deimhin freisin! Bíonn neart eolais le fáil iontu, mar shampla eolas faoin tírdhreach, eolas faoi stair na lonnaíochta, na talmhaíochta agus na tionsclaíochta, agus eolas faoi na daoine a bhí ina gcónaí san áit. Is uirlis sluafhoinsithe í Meitheal Logainm.ie chun mionainmneacha agus na sonraí a bhaineann leo a stóráil, a chaomhnú agus a roinnt.