Gaois

An Buailteachas i Mionlogainmneacha Ghleann Átha, Dún na nGall

Blog post is available in Irish only

Sa bhlagmhír seo, pléifear an cleachtas feirmeoireachta ar a dtugtar ‘an buailteachas’ agus lorg an traidisiúin sin ar an bhailiúchán logainmneacha Mionlogainmneacha Cheantar Ghleann Átha, Contae Dhún na nGall atá ar fáil ar Meitheal Logainm.ie.

Tá an samhradh buailte linn agus neart cainte faoi na pleananna saoire atá ag daoine i mbliana. Mar is eol don saol mór, ní gnáthbhliain í seo in aon chor ach an oiread leis an bhliain seo caite agus roinnt srianta cosanta poiblí go fóill i bhfeidhm sa tír seo. Mar gheall air seo, beidh ‘saoire sa bhaile’ (nó an focal staycation sa Bhéarla, a d’fhoghlaim go leor againn anuraidh!) á dhéanamh ag daoine agus iad ag caitheamh a gcuid laethanta saoire ar a dtairseach féin in Éirinn.

Tá ardú as cuimse tagtha ar líon na ndaoine in Éirinn atá ag baint triail as an chnocadóireacht le bliain anuas agus iallach orthu fanacht sa tír seo, agus tiocfaidh na sluaite chuig na cnoic arís go háirithe i rith laethanta breátha an tsamhraidh. Tá seans maith ann go dtabharfaidh roinnt daoine faoi deara go mbíonn fothracha botháin suite ar mhalaí sléibhe uaigneacha in áiteanna áirithe ar fud na tíre. B’fhéidir go ndéanfadh siad machnamh ar an chúis gur tógadh botháin in áiteanna iargúlta mar seo ar chor ar bith, agus seans go mbeadh mearbhall ar roinnt acu faoin tairbhe a bheadh le baint as a leithéid.

Don té a bhfuil eolas aige ar an chúis go bhfeictear fothracha botháin mar seo ar chnoic na tíre seo, tuigfidh sé gur iarsma iad de sheanmhodh feirmeoireachta a chleachtaí go forleathan in Éirinn go dtí cúpla céad bliain ó shin ar a dtugtar an buailteachas. ‘Transhumance’ is ainm don chleachtas taobh amuigh d’Éirinn agus tagraíonn sé don imirce shéasúrach a dhéantaí i rith an tsamhraidh chuig na cnoic chun leas a bhaint as an talamh ann mar fhéarach oscailte dá mbeostoc. Dá thairbhe seo, chuirtí roinnt den talamh a bhí ag na daoine ar fáil chun barra a fhás agus na beithígh imithe don samhradh. Ar ndóigh, bhíodh foscadh de dhíth ar na daoine a théadh chun buailteachais agus b’éigean botháin a thógáil sna cnoic mar áit chónaithe dóibh. Áitribh bhunúsacha a bhí iontu mar nach raibh an oiread sin cosanta de dhíth agus bun ar an aimsir i míonna séimhe an tsamhraidh.

Teach buaile á dheisiú in Acaill, Contae Mhaigh Eo

Maireann tionchar an bhuailteachais go dtí an lá inniu tríd an iliomad logainmneacha ar fud na hÉireann ina bhfeictear an mhír buaile iontu. Léirítear seo ar shuíomh logainm.ie, áit a bhfuil ‘buaile’ ar cheann de na míreanna coitianta ann. Feictear An Bhuaile, Buaile Airt Theas agus Thuaidh agus Baile na Buaile ann chomh maith le lear mór logainmneacha eile a bhfaightear ‘buaile’ mar mhír iontu.

Tá dlúthbhaint idir an buailteachas agus seanchleachtas feirmeoireachta eile ar a dtugtar an córas rondála. Sa chóras seo, bhíodh lonnaíocht bheag ann a raibh scata tithe inti agus an talamh thart air seo á roinnt i gceapacha beaga. ‘Clacháin’ a thugtaí ar na lonnaíochtaí seo. Rinneadh uainíocht ar na barra sna ceapacha chun úsáid éifeachtach a bhaint as an méid talún a bhí ann. D’oir an córas rondála agus an buailteachas go maith dá chéile mar chleachtais feirmeoireachta mar gur baineadh an oiread tairbhe agus ab fhéidir ón talamh, go háirithe in áiteanna ina raibh talamh maith curaíochta gann.

Le teacht na dtiarnaí talún go hÉirinn ón 16ú haois ar aghaidh, chuaigh córas na rondála i léig ar fud na tíre. Mhair an córas níos faide in Iarthuaisceart Thír Chonaill, áfach, ná mar a mhair sa chuid is mó den tír de thairbhe a dhiongbháilte agus a bhí muintir na háite chun an córas a choinneáil ag gabháil. Fágann sin go bhfuil roinnt logainmneacha sa bhailiúchán Mionlogainmneacha Cheantar Ghleann Átha, Co. Dhún na nGall a bhfuil rian den bhuailteachas le sonrú iontu.

Ba é ‘roinn cuibhrinn’ an téarma a bhí ag Micí Mac Gabhann (údar an leabhair Rotha mór an tSaoil) ar chóras na rondála agus is minic a úsáidtear an focal ‘cuibhreann’ mar mhír in ainmneacha páirce. Sa taighde a rinneadh i nGleann Átha, fuarthas naoi mionlogainm ina raibh ‘cuibhreann’ mar mhír iontu; Cuibhreann Faoi an Chrann Mhór, Cuibhreann Faoi an Gharradh, Cuibhreann Faoi Árd na Páirce, Cuibhreann an Fhargáin, Cuibhreann an Laga Fhluich, Cuibhreann an Poca Beag, Cuibhreann an Síneadh Fhada, Cuibhreann an Locha, agus an Cuibhreann Dubh.

Is mír eile í ‘mín’ a bhfuil dlúthbhaint aici leis an bhuailteachas agus cé go bhfaightear an focal mar chuid de logainmneacha ar fud na tíre, tá dlús an-suntasach den mhír le fáil i logainmneacha san Iarthuaisceart agus i dTír Chonaill go speisialta. Tagraíonn an focal seo d’fhéarach sléibhe sna logainmneacha agus ní hionadh ar bith é go n-úsáidtear é mar mhír a thagraíonn do na buailí féin. Fuarthas seacht logainm i gCeantar Ghleann Átha a bhfuil ‘mín’ mar phríomhmhír iontu; Mín na Craoibhe, Mín an Leá, Mín na bPoll, Mín Átha Bhuí, Mín Uí Chuireáin, Mín na nGall, agus Mín Charraige. Is suimiúil go dtagraíonn cuid mhaith de na mionlogainmneacha seo do lonnaíochtaí - rud a léireodh nach bhfuil baint ar bith ag na logainmneacha úd leis an bhuailteachas. Is dóichí ná a mhalairt gur buailí a bhí sna lonnaíochtaí seo i dtús báire nach raibh cónaí iontu taobh amuigh de shéasúr an bhuailteachais. Nuair a mhéadaigh daonra an cheantair agus brú ar dhaoine áit chónaithe a fháil dóibh féin, bhog go leor daoine chuig na cnoic agus lonnaigh siad ansin ar bhonn buan.

Suíomh na logainmneacha i nGleann Átha a bhfuil ‘mín’ mar mhír iontu.

Tá cuntas Néill Uí Dhubhthaigh ‘Buailteachas i dTír Chonaill’ ina fhoinse luachmhar a dhéanann cur síos ar an chleachtas sa cheantar fadó. Tá trí logainm luaite i gcuntas Uí Dhubhthaigh mar chuid den bhailiúchán; Árd na Seamar, na Trí Píopa agus an Sruthán Geal. Tagraíonn na hainmneacha Árd an Bhuailte, Árd na mBothóg agus Binn na mBóthogh don bhuailteachas chomh maith.

Tá an bailiúchán Mionlogainmneacha Cheantar Ghleann Átha, Co. Dhún na nGall ar fáil ar Meitheal Logainm.ie anseo. Más mian leat cuntais áitiúla faoin bhuailteachas a léamh, tá neart scéalta ar fáil ar duchas.ie. Tá cuntais ar an bhuailteachas i gCúige Uladh as Gleann Cholm Cille, as Cill Taobhóg agus as Inis Caoil ar fáil; tá ábhar as Carna agus Baile an Dúin i gConnachta ann; agus is féidir cuntais as Rinn Ó gCuanach agus Cill Rosanta i gCúige na Mumhan a léamh fosta.

Údar: Oisín Goodman