Gaois

An téarmeolaíocht agus an Ghaeilge - súil siar ar an siompóisiam

Blog post is available in Irish only

Sa bhlagmhír seo caitear súil siar ar an siompóisiam téarmeolaíochta a d’óstáil Gaois i mí Aibreáin na bliana seo. Bhí sé i gceist an ócáid úd a reáchtáil i mí na Samhna 2021 agus í a nascadh le cruinniú mullaigh EAFT a bhí á óstáil (go fíorúil, mar a tharla) in DCU. B’éigean an siompóisiam a chur siar de dheasca na rátaí arda COVID-19 an uair sin, áfach, agus an t-athraitheach nua Omicron ag scaipeadh ar luas lasrach. B’údar mór sásaimh agus faoisimh againn, más ea, go raibh muid in ann ócáid bhreá aghaidh ar aghaidh a reáchtáil ar champas Phádraig DCU ar an 6 Aibreán 2022 agus go raibh deis ag lucht téarmeolaíochta na Gaeilge teacht le chéile sa láthair chéanna den chéad uair le fada an lá. Rinneadh na cainteanna go léir a thaifeadadh agus tá siad ar fáil anois sa seinnliosta seo ar chainéal Youtube Gaois.

Cuireadh tús leis na himeachtaí le ceardlann faoi Terminologue, an córas bainistithe téarmaíochta atá forbartha ag Gaois agus atá ar fáil saor in aisce do chách. B’é an forbróir féin, Michal Měchura a thug an cheardlann agus thug sé léargas den scoth dúinn ar na cuspóirí a bhí aige agus Terminologue á cruthú. Leag sé amach freisin na bundifríochtaí idir bunachair téarmaíochta agus bogearraí scríofa foclóra agus idir iontráil téarmeolaíochta agus iontráil foclóireachta.

'Cad an rud é Téarmaíocht?' á phlé ag Michal Měchura

Bhí an siompóisiam féin roinnte ina trí sheisiún. Chuir Fidelma Ní Ghallchobhair (Cathaoirleach an Choiste Téarmaíochta) tús le seisiún 1 le páipéar dar teideal ‘Obair na téarmeolaíochta - an comhthéacs idirnáisiúnta’ inar dhírigh sí ar na caighdeáin agus prionsabail idirnáisiúnta atá mar bhunús le hobair an Choiste Téarmaíochta. Labhair Jamie Murphy (Fiontar & Scoil na Gaeilge) ansin faoi na dúshláin téarmaíochta a bhíonn le sárú ag an mac léinn dochtúireachta atá ag iarraidh tráchtas a scríobh i nGaeilge agus iad ag dul i ngleic le téarmaíocht theoiriciúil i dteangacha eile - ar cheart na saintéarmaí sin a aistriú go Gaeilge i gcónaí nó arbh fhearr cloí leis an téarma a d’úsáid an t-údar sa bhunteanga agus míniú i nGaeilge a thabhairt air sin? Chualathas ansin ó Chormac Breathnach (Foras na Gaeilge) a mhínigh cur chuige fhoireann eagarthóireachta An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge i leith téarmaí nua a cheapadh. I bpáipéar dar teideal ‘Ar thóir an choincheapa réalaithe’ thug Colm Ó Ciardubháin (Fiontar & Scoil na Gaeilge) spléachadh ar na téarmaí comhchiallacha ‘scuabadóir’ agus ‘cosantóir le cois’ ar leaganacha Gaeilge iad ar an gcoincheap spóirt sweeper. Thuairimigh Colm go bhfuil baint ag an rogha téarma Gaeilge a dhéanann scríbhneoirí le sprioc an téacs i gcoitinne.

Sa dara seisiún thug Máire Feirtéar, ball den Choiste Téarmaíochta, caint spleodrach i dtaca leis na hathruithe atá tugtha faoi deara aici i stór focal chaint na Gaeltachta lena linn. Rinne Dara de Poire, mac léinn dochtúireachta in Fiontar & Scoil na Gaeilge, ábhar a thráchtais a chur i láthair - iniúchadh ar dhearcadh múinteoirí i nGaelcholáistí i leith nuathéarmaíocht na Gaeilge. Fuarthas léargas ar chur chuige an aistritheora ghairimúil i leith na téarmaíochta i gcaint dheireanach an tseisiúin, mar ar mhínigh PJ Mac Gabhann (Aonad na Gaeilge, Comhairle an Aontais Eorpaigh) an cleachtas atá i bhfeidhm ina Aonad chun comhleanúnachas téarmaíochta a chothú i gcáipéisí fada comhroinnte.

Gearóid Ó Cleircín ag caint ar an téarmeolaíocht i dráth paindéime

B’é Pádraig Ó Mianáin, eagarthóir An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge, a chuir tús le seisiún deireanach an tsiompóisiam agus é ag díriú ar na difríochtaí idir an foclóir sin agus téarma.ie i dtaca le rogha téarmaí. Léirigh sé nach ionann feidhm don dá fhoinse, cé go bhfuil forluí eatarthu, agus gurb é sprioc an fhoclóra an leagan is coitianta atá le fáil sa ghnáthúsáid a chur chun cinn. Rinne an téarmeolaí Sualannach, Karin Hansson (Institutet för språk och folkminnen), cur i láthair ar bhunachar náisiúnta téarmaíochta an Sualainne ansin agus mhínigh sí na forbairtí atá beartaithe chun an acmhainn úd a fheabhsú amach anseo. Thug an staraí aitheanta, Vincent Morley, caint an-spéisiúil faoi théarmaí staire na Gaeilge agus níor chuir sé fiacail ann agus é ag tagairt do théarmaí áirithe atá míchruinn nó mí-oiriúnach dar leis. Chuir Gearóid Ó Cleircín (Fiontar & Scoil na Gaeilge) clabhsúr leis an siompóisiam agus é ag díriú ar na ceisteanna téarmeolaíochta a tháinig chun cinn i gcaitheamh na paindéime agus ar na ceachtanna a d’fhéadfaí a fhoghlaim uathu sin.

Údar: Gearóid Ó Cleircín