Gaois

An chéad leagan poiblí de API Logainm seolta

Blog post is available in Irish only

Tá lúcháir ar ghrúpa taighde Gaois agus ar an mBrainse Logainmneacha, an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, a fhógairt go bhfuil an chéad leagan poiblí de Chomhéadan Feidhmchláir (API) Logainm ar fáil anois. Nochtann API Logainm sonraí logainmníochta ó Bhunachar Logainmneacha na hÉireann (logainm.ie) d’iarratais ó ríomhchláir. Tá idir eagrais Stáit, institiúidí léinn, thaighdeoirí aonair agus chomhlachtaí trasnáisiúnta ag baint úsáid as an tseirbhís seo cheana féin d’fhonn a gcuid taighde nó acmhainní féin a shaibhriú.

Áis chuimsitheach bhainistíochta é Bunachar Logainmneacha na hÉireann chun sonraí agus taifid chartlainne, mar aon le taighde logainmneacha an Stáit, a riar. Tá sonraí Logainm faoi chóipcheart Rialtas na hÉireann ach cuirtear ar fáil do chách iad faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0). Tá API Logainm liostaithe ar data.gov.ie arb é tairseach sonraí oscailte Rialtas na hÉireann é.

API Logainm

Cuireann API Logainm tacar sonraí atá cuimsitheach agus meaisín-inléite ar fáil.

Cuireann API Logainm tacar sonraí cuimsitheach maidir le logainmneacha Gaeilge na hÉireann ar fáil dóibh siúd ar mian leo iad a chur lena gcuid feidhmchlár, bunachar nó léarscáileanna féin. Áirítear sonraí logainmníochta, eolas teangeolaíoch, sonraí geografacha agus naisc le tacair sonraí eile ar na sonraí atá ar fáil trí API Logainm. Is féidir iliomad modhanna cuardaigh agus brabhsála a úsáid chun an tacar sonraí a scagadh, m.sh. logainmneacha a bhaineann le haonad riaracháin nó catagóir áite faoi leith nó logainmneacha atá i gcóngar comhordnáidí geografacha áirithe.

Táthar ag súil go spreagfaidh an áis seo idir eagrais phoiblí agus eagrais phríobháideacha úsáid, nó breis úsáide, a bhaint as sonraí Logainm. Scaipeadh ceistneoir ar roinnt de na heagraíochtaí agus na taighdeoirí is mó a bhaineann úsáid as sonraí Logainm agus an API á fhorbairt chun anailís a dhéanamh ar riachtanais na bpáirtithe leasmhara. Tá leagan béite den API ar fáil ó mhí an Mheithimh 2019 agus cuireadh forbairtí breise leis an tseirbhís de thoradh aiseolas a fuarthas ó úsáideoirí ó shin i leith.

Mol na bhForbóirí

Mol na bhForbóirí ar gaois.ie.

D’fhorbair grúpa taighde Gaois dhá áis eile i dteannta le API Logainm, mar atá, an t-ardán doiciméadachta docs.gaois.ie agus Mol na bhForbróirí. Cuireann docs.gaois.ie treoir mhionsonraithe ar fáil i dtaca leis an API a úsáid mar aon le foclóir sonraí. Is ar Mhol na bhForbróirí a chláraíonn úsáideoirí API Logainm leis an tseirbhís agus a fhaigheann siad Eochair API uathúil atá riachtanach chun leas a bhaint as an gcomhéadan feidhmchláir. Éascóidh na háiseanna seo obair na bhforbóirí a bhainfidh leas as an tseirbhís.

Tabhair cuairt ar an doiciméadacht a bhaineann le API Logainm más mian leat tuilleadh eolais a fháil.