Gaois

Athruithe ar shuíomh Ainm, agus alt spéisiúil

Blog post is available in Irish only

Beidh sé tugtha faoi deara ag lucht úsáide Ainm.ie go bhfuil leagan amach an tsuímh athraithe le laethanta beaga anuas. Tá leagan amach iomlán freagrúil ar an suíomh anois, rud a chinntíonn gurb ionann eispéireas na n-úsáideoirí is cuma cén cineál gléis atá in úsáid acu. (In Firefox, is féidir ctrl+shift+m a bhrú chun triail a bhaint as seo ar an ríomhaire deisce.) Leagtar béim nua ar rannpháirtíocht an úsáideora (i.e. aiseolas a thabhairt i leith beathaisnéise, nó beathaisnéis a roinnt trí na meáin shóisialta) san ollbhuntásc nua. Ba bhreá linn aiseolas a fháil faoin leagan amach nua, ar ndóigh.

Chuir an Dr Brian Ó Raghallaigh agus an Dr Gearóid Ó Cleircín tionscadal Ainm i láthair ag an gcomhdháil Biographical Data in a Digital World 2015 in Amstardam i mí Aibreáin, agus is féidir a bpáipéar a léamh (i mBéarla) anseo. Déantar cur síos ann ar chomhthéacs an tionscadail, próiseas an digitithe, an eagarthóireacht a rinneadh ar an mbunábhar, forbairt na mbeathaí nua, agus ar áiseanna an tsuímh i gcoitinne.