Gaois

Beathaí nua curtha le ainm.ie

Blog post is available in Irish only

Cuireadh ocht mbeatha nuascríofa leis an an mBunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge, www.ainm.ie, le deireanas. Ina measc, tá cuntas ar Phádraig Ó Fiannachta (1927–2016), ollamh le Gaeilge i Maigh Nuad, a saolaíodh sa Phaideac, Ceann Trá, Co. Chiarraí. Bhunaigh Pádraig an teach foilsitheoireachta An Sagart, agus ina dhiaidh sin, mar shagart paróiste an Daingin, bhunaigh sé institiúid diagachta agus léinn dúchais, An Díseart. B’fhile agus scoláire é, a bhí ina eagarthóir ar feadh breis agus daichead bliain ar Léachtaí Cholm Chille agus ar Irisleabhar Mhá Nuad mar aon le hirisí agus leabhair eile, ach thar aon ní eile is é An Bíobla Naofa (1981), a raibh Pádraig mar eagarthóir air agus mar aistritheoir ar chuid mhór de, a bhuanaíonn a chuimhne.

Bean ghnó agus léiritheoir teilifíse ab ea Máire Ní Thuathail (1959–2016) a rugadh i dTuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo. Bhí tionchar as cuimse ag Máire ar chúrsaí teilifíse i nGaeilge agus in 1988 bhunaigh sí a comhlacht féin, Eo Teilifís, a raibh a cheanncheathrú ar an Spidéal agus a léirigh cláir i nGaeilge do pháistí. Bhí sí mar léiritheoir feidhmeach ar Ros na Rún ón gcéad lá go dtí gur buaileadh tinn í in 2016.

Ba as an Ailt, Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall, do Shéamus Mac Géidigh (1961–2016). Mar iriseoir agus mar thráchtaire spóirt a chuir pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta aithne ar Shéamus le linn dó a bheith ag craoladh le RTÉ Raidió na Gaeltachta ón am a chuaigh sé i mbun oibre leis an stáisiún in 1988 go bhfuair sé bás i mí Iúil 2016. Bhí na scileanna riachtanacha aige mar thráchtaire: léamh ar an imirt, líofacht chainte, stór breá focal agus an cumas a raibh ag titim amach os a chomhair a chraobhscaoileadh don éisteoir ar bhealach soiléir stuama meáite.

I gCamas, Co. na Gaillimhe, a rugadh Pádraig Ó Méalóid (1931–2016) agus in 1956 d'aistrigh an teaghlach go Doire Longáin, Baile Átha Buí, Co. na Mí. Ba iad slite beatha na craoltóireachta agus na múinteoireachta i nGaeilge a tharraing sé chuige féin. Ba mar léitheoir nuachta raidió a thosaigh Pádraig a shaol oibre le RTÉ agus d’fhág an dea-Ghaeilge a bhí aige agus a chuid dea-urlabhra go raibh sé thar a bheith foirfe i mbun an phoist. Lean sé den chúram céanna ar an teilifís nuair a tháinig sin ar an saol Oíche Chaille 1961.

In 2001 ba é Thomas Kenneth Whitaker (1916–2017) rogha lucht féachana RTÉ mar Éireannach an chéid. Rugadh é i Ros Treabhair, Co. an Dúin agus bhí sé sé bliana d’aois nuair a d’aistrigh an teaghlach go Droichead Átha, Co. Lú. Áirítear an Tuaisceart agus an Ghaeilge ar na ceisteanna náisiúnta ar chuir sé spéis faoi leith iontu. Bhí sé ina ghobharnóir ar Bhanc Ceannais na hÉireann (1969–76) agus ina sheansailéir ar Ollscoil na hÉireann (1976–96). Chaith sé tréimhse ina chathaoirleach ar Chomhairle Bhéaloideas Éireann (1972–96) agus ba é an chéad chathaoirleach é ar Bhord na Gaeilge (1974–78).

Ceannródaí i réimse na ríomheolaíochta, go háirithe ó thaobh na Gaeilge de, ab ea Marion Gunn (1947–2016). Chaith sí roinnt blianta i gCartlann na gCanúintí a bhunaigh Tomás de Bhaldraithe sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Bhí comhlacht aici a rinne logánú bogearraí agus cáipéisí oifigiúla a aistriú don earnáil phoiblí agus is iomaí eagraíocht ar fhág Marion comaoin orthu.

Bhí pobal Gaelach beo bríomhar ag saothrú in Butte, Montana, ag tús an fichiú céad, agus tá cuid mhaith dá bhuíochas ar Sheán Ó Súilleabháin (1882–1957) as an scéal a bheith amhlaidh. Ar oileán Inis Fearn Ard, na hAoraí, Co. Chorcaí, agus thug sé a aghaidh ar Mheiriceá in 1905, áit a raibh sé ag obair sna mianaigh in Butte. Mhúin Seán Gaeilge d’Éireannaigh thall agus baisteadh Seán ‘Irish’ Ó Súilleabháin air de bharr an dúil sa Ghaeilge a bhí aige agus chuir sé cnuasach fairsing d’amhráin agus de dhánta Gaeilge le chéile.

Rugadh Conchúr Mac an Bháird (1889–1973) i gCorr Lí Ghoirm, Achadh an Bhrúim, Co. Mhuineacháin, i seanGhaeltacht Oiriall. Múinteoir agus sagart a bhí ann agus scríobh sé léirmheasanna don Ghúm ar leabhair Sheosaimh Mhic Grianna; ceann binbeach ar Na Lochlannaigh agus ceann dearfach ar Mo bhealach féin.