Gaois

Beathaí nua curtha le ainm.ie

Blog post is available in Irish only

Cuireadh sé bheatha nuascríofa leis an an mBunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge, www.ainm.ie, le deireanas.

Ina measc, tá cuntas ar Dhónall Farmer (1937–2018), múinteoir, stiúrthóir teilifíse agus aisteoir a rugadh i gcathair Chorcaí. Chaith sé dhá scór bliain os comhair an cheamara, ar an stáitse nó ag stiúradh drámaí i nGaeilge agus i mBéarla i móramharclanna na tíre agus i gcinn nárbh iad. Ba nós leis a bheith ina mholtóir freisin ag féilte drámaíochta Gaeilge. Nuair a rinneadh scannán de Chúirt an mheán oíche ba ag Dónall a bhí páirt an tSeanduine Shuaraigh. Ba iad na blianta (1983–2001) a chaith sé in Glenroe a a d’fhág gur chuir pobal na hÉireann aithne leitheadach ar Dhónall mar aisteoir.

Dónall Farmer, le caoinchead ó RTÉ

Ar na Creagacha Dubha, taobh amuigh de Dhún Dealgan, i gContae Lú, a rugadh Fiachra Mac Gabhann (1971–2018), scoláire, múinteoir agus béaloideasaí. Tógadh le Gaeilge é agus bhí baint fhada aige le ceantar Gaeltachta Rann na Feirste i dTír Chonaill. Ó 1994 go 1997 bhí sé ina chomhalta taighde le Tionscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann agus chríochnaigh sé dochtúireacht sa réimse céanna in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, in 2005. Ghnóthaigh sé comhaltacht iardhochtúireachta in 2006 agus thug an maoiniú seo deis dó bailchríoch a chur ar an staidéar de dheich n-imleabhar thoirtiúla a bhí ar siúl aige ar a chontae uchtaithe, Maigh Eo. Foilsíodh Logainmneacha Mhaigh Eo, an saothar is mó dár foilsíodh riamh sa Ghaeilge, in 2014.

Fiachra Mac Gabhann, le caoinchead ó Nick Bradshaw

Murach Coimisiún Béaloideasa Éireann, tá seans an-láidir ann nach gcluinfí iomrá riamh ar Anna Bean Mhic a’ Luain (1882–4?–1953), taobh amuigh dá pobal féin i measc na gCruach i dTír Chonaill. Mar aon leis sin, is dóigh nach mbeadh tuairisc dá laghad ar an ábhar saibhir, ilghnéitheach seanchais a bhí ina cuimhne aici, ábhar a roinn sí go fial le bailitheoirí an Choimisiúin, Liam Mac Meanman ar dtús, agus Seán Ó hEochaidh ina dhiaidh sin. Chaith Seán mórán ama léi agus ba é siúd thar aon duine eile a thabhaigh clú di mar údar Gaeilge, scéalaí, seanchaí, ceoltóir agus mar shiombail de sheansaol meánaoiseach a bhí ag imeacht as go tiubh i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda go háirithe.

Anna Bean Mhic a’ Luain, le caoinchead ó Chnuasach Bhéaloideas Éireann

I gcathair Chorcaí a rugadh Liam Ó Muirthile (1950–2018), file, scríbhneoir agus iriseoir. Ní raibh mórán Gaeilge ag a thuismitheoirí ach ba ghné leanúnach dá thaithí agus dá chuid oiliúna an Ghaeltacht ó chaith sé seal i gCorca Dhuibhne den chéad uair in aois a dhá bhliain déag. Fuair sé scoláireacht le freastal ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, in 1968, áit a raibh cúrsaí filíochta faoi bhláth agus Seán Ó Tuama agus Seán Ó Ríordáin mar léachtóirí ann. Chuir sé aithne ar Michael Davitt agus cé nach raibh aon ábhar aige sa chéad eagrán de Innti, bhí sna heagráin a tháinig ina dhiaidh. Fuair sé post sa seomra nuachta in RTÉ in 1973 agus chlúdaigh sé eachtraí móra náisiúnta agus idirnáisiúnta gur fhág sé in 1993. Bhí sé ag soláthar ábhair don Irish Times ó 1985, ach ó 1989 i leith bhí a cholún féin aige ann, ‘An peann coitianta’, áit ar dhírigh sé ar an iliomad ábhar, ó chúrsaí litríochta, taistil agus teanga go dtí cúrsaí polaitíochta, staire, spóirt agus ceoil. Is iomaí leabhar próis agus filíochta a tháinig óna pheann agus duaiseanna éagsúla gnóthaithe acu thar na blianta.

Liam Ó Muirthile, le caoinchead ó Portráidí

Ba in Ard na gCeapairí, Doirí Beaga, Tír Chonaill, a rugadh Tomás Mac Giolla Bhríghde (1923–2013), ‘Tom an Bhungaló’, dramadóir agus gníomhaí pobail. Bhí sé ina bhall d’Aisteoirí Ghaoth Dobhair idir na blianta 1938 agus 2013. Bhí sé sároilte i ngach gné den drámaíocht: mar aisteoir, mar fhear soilse, ag plé le smideadh, chomh maith le bheith ina scríbhneoir agus ina léiritheoir. Bhí sé i mbun Aisteoirí agus Amharclann Ghaoth Dobhair ó 1981 go 2013. Chum Tomás amhráin, agallaimh agus dánta go leor. Tá an t-amhrán a chum sé faoi Oileán Ghabhla, ‘Céad slán leis an oileán’, taifeadta ag go leor amhránaithe agus grúpaí ceoil. Anuas air sin, bhí sé gníomhach i ngach gné de shaol Ghaoth Dobhair ar feadh a shaoil.

Tomás Mac Giolla Bhríghde, le caoinchead ó Eoin McGarvey

Duine de na scríobhaithe ba ghníomhaí i seachadadh na litríochta i gceantar Oiriall san ochtú haois déag ab ea Pádraig Ó Pronntaigh (c.1712–1769). Tá deich lámhscríbhinn ar marthain óna pheann i leabharlanna in Éirinn agus i Sasana agus meascán ábhair iontu, idir fhilíocht, Rúraíocht agus Fhiannaíocht. Bhí sé ina ‘Oisín i ndiaidh na bhFiann’ ar dhóigh, agus nuair a d’imigh an seandream, Séamas Dall Mac Cuarta agus Pádraig Mac a Liondain, ar shlí na fírinne, is cosúil gur mhothaigh sé go raibh de dhualgas airsean a saothar siúd a chaomhnú a oiread agus ab fhéidir agus an traidisiún lenar bhain siad a chothú ar feadh glúine eile.