Gaois

Breis grianghraf curtha leis an mBailiúchán Grianghraf ar dúchas.ie

Blog post is available in Irish only

Foinse: An Bailiúchán Grianghraf, B006.18.00038

Cuireadh breis agus 1,600 grianghraf leis an mBailiúchán Grianghraf ar dúchas.ie le déanaí. Tá 11,405 grianghraf ar fáil don phobal anois agus is féidir na grianghraif ar fad a bhrabhsáil anseo. Íomhánna a bhaineann le contaetha éagsúla atá iontu, agus tá baisc mhór as Co. Chiarraí, Co. Dhún na nGall, Co. Mhaigh Eo, Co. an Chláir agus Co. na Gaillimhe. I measc na ngrianghraf nua seo, tá íomhánna ó ghrianghrafadóirí mar Chaoimhín Ó Danachair (1913-2002) agus Albert Nilsson Eskeröd (1904-87). Ní bhaineann na híomhánna ar fad leis an tír seo amháin agus is féidir an bailiúchán iomlán a scagadh de réir contaetha nó de réir tíortha eile trí rogha a dhéanamh anseo. Ina theannta sin, is féidir scagadh de réir bliana a roghnú más mian leat na torthaí a bhrabhsáil in ord cróineolaíoch.

Foinse: An Bailiúchán Grianghraf, M001.18.00623

Tá na híomhánna uile rangaithe de réir na dtéamaí agus na dteideal ábhair atá leagtha amach ag Seán Ó Súilleabháin ina leabhar A Handbook of Irish Folklore (1942). I measc na dtéamaí a chuimsítear, tá tithe cónaithe agus gnéithe eile de dhéantús, slite beatha, ceirdeanna agus ceardaíocht, tráchtáil, modhanna iompair, an fharraige, oideachas, creideamh, bia, feisteas, féilte agus deasghnátha, scéalaithe, ceoltóirí, caithimh aimsire agus spórt. Is féidir íomhánna ísealtaifigh agus meántaifigh a íoslódáil saor in aisce. Iad siúd a dteastaíonn cóipeanna ardtaifigh uathu iarrtar orthu dul i dteagmháil le Cnuasach Bhéaloideas Éireann ag bealoideas@ucd.ie.

Foinse: An Bailiúchán Grianghraf, M003.01.00362