Gaois

Bunachar Sloinnte Gaeilge Gaois – Leagan 2.0

Blog post is available in Irish only

I Ráithe 4 2021, ullmhaíodh baisc nua sloinnte le cur le Bunachar Sloinnte Gaeilge Gaois. Tarraingíodh na sloinnte seo ó staitisticí de chuid an Phríomh-Oifig Staidrimh a bhaineann le leanaí a cláraíodh in Éirinn ó na blianta 2016, 2018, 2019 agus 2020. Scagadh na liostaí sin chun teacht ar shloinnte a cláraíodh faoi 4 nó níos mó agus nach raibh sa leagan reatha den bhunachar, a bhí bunaithe ar staitisticí ó 2017. Is foirmeacha Béarla na sloinnte a chláraítear leis an bPríomh-Oifig Staidrimh den chuid is mó, agus mar sin, is gá taighde a dhéanamh chun foirmeacha cearta Gaeilge na sloinnte a aimsiú. Chuige sin, ba mhór an cúnamh an foclóir nua sloinnte The Oxford Dictionary of Family Names of Ireland le Kay Muhr agus Liam Ó hAisibéil a foilsíodh in 2021.

In an-chuid cásanna, bíonn iliomad foirmeacha Béarla ag tagairt do shloinne amháin sa Ghaeilge. Faightear Foy, Fee, Hunt agus Hunter mar leaganacha Béarla den sloinne Gaeilge Ó Fiaich, cuir i gcás. Bhí Ó Fiaich i mbunachar sloinnte Gaois cheana féin, ach anois tá foirmeacha breise Béarla curtha leis. I gcásanna eile, bíonn foirm Bhéarla amháin ag tagairt do shloinnte éagsúla Gaeilge. Is amhlaidh an scéal i gcás an tsloinne Bird. Úsáideadh an sloinne Béarla seo mar ‘aistriúchán’ ar roinnt sloinnte Gaeilge. Tharla sé seo mar gheall ar chosúlachtaí ó thaobh fuaime de idir codanna de na hainmneacha agus an t-ainmfhocal Gaeilge éan. I measc na sloinnte siúd tá Mac an Déanaigh, Mac Conaonaigh, Ó hÉanna/Ó hÉannaí agus Ó hÉineacháin. Tá Bird luaite mar fhoirm Bhéarla leis na sloinnte sin ar fad sa leagan nua den bhunachar.

Ní thugtar eolas maidir le sanas ná le bunús ginealaigh ná geografaigh sloinnte sa bhunachar. Dá bharr sin, ba ghá do dhaoine ar mhaith leo an fhoirm cheart Ghaeilge dá sloinne a dhéanamh amach taighde breise a dhéanamh i gcásanna áirithe. Más é McEntaggart do shloinne sa Bhéarla, is féidir talamh slán a dhéanamh de gurb é Mac an tSagairt an fhoirm cheart Ghaeilge de. Ní bhíonn gach cás chomh dubh agus bán sin, áfach. Más é King do sloinne, cuir i gcás, d’fhéadfadh bunúis éagsúla a bheith leis. D’fhéadfadh sé gurb é an sloinne Béarla King, nó sloinne Gaeilge amhail Ó CiongaMac ConraoiÓ Conraoi atá i gceist. Bhainfeadh na fadhbanna céanna le Bird thuasluaite. Bheadh gá le taighde ginealaigh a dhéanamh chun foirm bhunaidh Ghaeilge sloinnte mar seo a aimsiú. Is minic nach féidir an cheist a réiteach go sásúil, áfach.

Sa bhunachar seo, áirítear sloinnte de bhunadh na Gaeilge amhail Ó Briain, nó sloinnte a bhfuil bunús acu i dteangacha eile ach a ndearnadh gaelú orthu roimh an 17ú haois amhail Mac Gearailt, atá fréamhaithe i bhFraincis na Normannach. Sloinne mór le rá is ea Mac Gearailt, agus tá neart tagairtí againn den fhoirm Ghaeilge den ainm ag dul siar go dtí an 13ú haois. I gcásanna eile, bíonn sé deacair a chruthú go raibh foirm Ghaeilge den sloinne sa chúrsaíocht roimh an 17ú haois, ach is féidir cleasa áirithe úsáid. Mar shampla bhí leagan Gaeilge den logainm Baile an tSíbhrigh / Cheeverstown - ‘the town of An Síbhreach — from the surname Síbhear (< Norman le Chivere)’ (Logainm.ie) in úsáid sa 15ú haois ('Ballychyre'). Tá fianaise ann, mar sin, go raibh leagan Gaeilge den sloinne Cheevers in úsáid roimh an 17ú haois, agus tá Síbhear curtha leis an mbunachar sloinnte dá bharr sin. Samplaí eile de shloinnte ón iasacht atá curtha leis an leagan nua den bhunachar ná de Brús / Bruce, atá luaite ag Dubhaltach Mac Fhirbhisigh i Leabhar Mór na nGenealach (Muhr & Ó hAisibéil, 2021: 63), agus de Léis / Lacey atá sa logainm Garraí an Léisigh / Garrynlease - ‘the garden of An Léiseach ón sloinne de Léis (< de Lacy)’ i Luimneach.

Tugtar sloinnte Gaeilge, a bhfréamhfhoirmeacha, foirmeacha malartacha, foirmeacha infhillte agus na sloinnte Béarla a ghabhann leo i mBunachar Sloinnte Gaeilge Gaois. Baineann castacht ar leith le hinfhilleadh na sloinnte Gaeilge ó thaobh inscne agus tuisil de. Tá d’aidhm ag an mbunachar cúnamh a thabhairt do dhaoine atá ag dul i ngleic leis na deacrachtaí sin idir dhaoine aonair atá fiosrach faoina sloinnte féin agus dhaoine gairmiúla cosúil le haistritheoirí agus iriseoirí. Fágfaidh an leagan nua seo den bhunachar sloinnte go mbeidh teacht ag níos mó daoine ar a sloinnte ann agus go mbeidh ar a gcumas na foirmeacha cearta díobh ó thaobh inscne agus tuisil de a aimsiú agus a úsáid. Táthar ag súil lena thuilleadh sloinnte a chur leis an mbunachar amach anseo de réir mar a fhoilsítear staitisticí ón bPríomh-Oifig Staidrimh. Cuirfear staitisticí ón Northern Ireland Statistics and Research Agency san áireamh amach anseo freisin más féidir.

Údar: Justin Ó Gliasáin

  • Muhr, K. & Ó hAisibéil, L. (2021) The Oxford Dictionary of Family Names of Ireland. Oxford: Oxford University Press.