Gaois

Cath na Bóinne

Blog post is available in Irish only

Troideadh cath cáiliúil ar an 1 Iúil 1690 idir fórsaí Shéamuis II agus Liam Oráiste ar bhruacha na Bóinne. D’fhág an choimhlint sin idir Caitlicigh agus Protastúnaigh rian ar stair na tíre agus déantar ceiliúradh ar Chath na Bóinne ar an 12 Iúil gach bliain sa lá atá inniu ann.

Cath na Bóinne

Is cuid lárnach de sheanchas an Oird Oráistigh é Cath na Bóinne agus déantar ceiliúradh ar an ócáid trí pharáidí a reáchtáil fud fad Chúige Uladh ag an tráth seo den bhliain. Luaitear an cath féin sna hamhráin agus feictear tagairtí don chath i ndearadh uirlisí na mbannaí ceoil chomh maith. Déantar neart tagairtí don mhórchath stairiúil seo i scéalta Bhailiúchán na Scol agus cíortar cuid de na scéalta sin sa bhlagmhír seo.

Dar leis an gcuntas seo as scoil Dhún Uabhair, Co. na Mí, chreidtí go traidisiúnta go raibh mí-ádh ag baint leis an áit ar cuireadh na saighdiúirí a maraíodh le linn Chath na Bóinne. Ní bhíodh sé de nós ag muintir na háite dul in aice le huaigheanna na saighdiúirí ar fhaitíos go seasfaí ar an ‘bhfód fánach’.

After the Battle of the Boyne the remains of some of the soldiers who were killed in the battle were brought to Donore and buried in a marshy piece of land in Mr. Berrills farm near the village of Donore. It is said that if you walk on the graves of the soldiers at night you will step on a “stray sod” and you will be walking round the field all night.

Ina theannta sin, feictear gur fhág Cath na Bóinne rian ar logainmneacha áirithe mar aon le béaloideas na tíre. Dar leis an scéal seo as Lusca i mBaile Átha Cliath, tagraítear do Chath na Bóinne in ainm na páirce ‘Sword Field’.

Sword Field… there is a field called the Sword Field through which runs a river. It is said that Cromwell's soldiers washed their swords in it after the battle of the Boyne near Drogheda.

Bhí cur agus cúiteamh ann i gcónaí maidir leis an áit a ndeachaigh Liam Oráiste thar bráid na Bóinne i ndiaidh dó an lámh in uachtar a fháil ar arm Shéamuis. Dar leis an gcuntas seo, tá tábhacht ar leith ag baint le hOileán Sailí, ach is dócha go gcaithfear tuilleadh taighde a dhéanamh ar dtús chun fios fátha an scéil seo fháil!

Many stories are told concerning the Battle of the Boyne, and many arguments are raised as to exact spot where King Billy crossed the Boyne. There yet remains a track from Slane road to the Ford, strange to say there is now at the Ford a large island called the Sally Island. Here some said he crossed.

Liam Oráiste

Níl ann anseo ach blaiseadh de chuid de na scéalta ina luaitear Cath na Bóinne i mBailiúchán na Scol agus is féidir teacht ar a thuilleadh scéalta trí leas a bhaint as an gCuardach téacs nó as an gCuardach de réir topaicí.