Gaois

Céad milliún cuardach agus céad milliún buíochas!

Blog post is available in Irish only

Bhí ábhar ceiliúrtha againn le déanaí nuair a rinneadh an 100,000,000ú cuardach ar shuíomh téarma.ie, An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. Cuireadh tús leis an tionscadal seo in 2005 agus tá sé ag dul ó neart go neart ó shin. Cuimsíonn saothar an Choiste Téarmaíochta réimse leathan abhar teicniúil ach, mar a tharlaíonn sé, bhí an 100,000,000ú cuardach a rinneadh ar an suíomh ar cheann de na hiontrálacha is simplí sa bhunachar: forc!

forc: An 100,000,000ú cuardach ar téarma.ie

Éacht mór é seo do Fiontar & Scoil na Gaeilge (DCU) a dhéanann forbairt agus bainistiú ar an mbunachar, don Choiste Téarmaíochta a bhfuil a ollsaothar téarmaíochta foilsithe ann agus d’Fhoras na Gaeilge, a chuireann maoiniú ar fáil. É sin ráite, ní bheadh an t-éacht seo indéanta murach úsáideoirí an tsuímh, ar ndóigh, agus is muidne atá fíorbhuíoch díbh uilig as ucht bhur gcuid tacaíochta ó thús an tionscadail. Ar aghaidh linn anois go dtí an chéad chloch mhíle eile!