Gaois

‘Na daoine is féile agus is deise dár casadh riamh orm’: Cín Lae Thaidhg Uí Mhurchadha, bailitheoir béaloidis, in Uíbh Ráthach, 1935–6

Blog post is available in Irish only

Tadhg Ó Murchadha lena rothar i gCo. Chiarraí (1936). Grianghrafadóir: Séamus Ó Duilearga. An Bailiúchán Grianghraf, M001.18.00330

Ar an Sceachánach, Cathair Dónall, Co. Chiarraí, ar an 11 Feabhra 1896 a rugadh Tadhg Ó Murchadha. Cainteoirí Gaeilge a bhí sna tuismitheoirí ach Béarla a labhraíodh siad sa bhaile. Ní raibh aon Bhéarla ag an tseanmháthair a bhí béal dorais áfach agus file a bhí in athair Thaidhg; is uaidh a chuala Tadhg scéal Fiannaíochta an chéaduair. Cháiligh sé mar mhúinteoir in 1925, ach faoi 1927 bhí sé fillte ar Uíbh Ráthach agus é ag múineadh agus ag timireacht. Casadh Séamus Ó Duilearga air agus d’iarr sé air ábhar a sheoladh chuige faoi choinne na hirise Béaloideas, agus ó Mheán Fómhair 1935 bhí sé ag obair go lánaimseartha do Choimisiún Béaloideasa Éireann (ainm.ie).

Anuas ar bhailiú an bhéaloidis féin, bhí ar bhailitheoirí lánaimseartha dialann a choinneáil chun eolas comhthéacsúil faoi na seisiúin taifeadta, na faisnéiseoirí, agus faoin obair i gcoitinne a bhreacadh. Is cuid den Phríomhbhailiúchán iad na dialanna seo agus tá léargas luachmhar iontu ar shaol a linne. Seoladh an chéad chín lae a scríobh Tadhg Ó Murchadha ar shuíomh dúchas.ie le déanaí. Is iondúil go mbíonn iontráil aige le haghaidh gach lá a chaith sé i mbun bhailiú an bhéaloidis in Uíbh Ráthach agus i nDairbhre ó Mheán Fómhair 1935 go hAibreán 1936. Tugtar blúirí beaga ón dialann sin sa phíosa seo.1

Gléas riachtanach don bhailitheoir béaloidis an t-am sin ba ea an t-eideafón agus is minic é luaite i scríbhinní Uí Mhurchadha. Cuireann Tadhg síos ar an lá a tháinig an Duileargach chuige leis an mheaisín:

7/9/35
Bhí Séamus o Duilearga chúinn timpeall a 8 a chlog agus an ‘Ediphone’ aige. B’áthas mór liom Séamus féin a fheiscint ach b’é ‘fáilte an diabhail ó Dhairbhre’ roimis an ‘Ediphone’ agam é.

Leanann sé air agus luann sé an oiliúint, nó an rabhadh, a fuair sé ón Duileargach:

9-10/9/35
Lá breá arís inniu. Bhíomair ’ár suí timpeall a 9 a chlog. Tréis an bhroicfeast a chaitheamh chuireas féin agus Séamus cúrsaí gnótha tré chéile agus do thug sé gach eolas dom i dtaobh conas an ‘Ediphone’ a láimhseáil. Bhí bagarthaí an domhain aige orm i dtaobh an Ediphone – aire mhaith a thabhairt do is so súd, agus eagla mo chroí ormsa ná féadfainn aon cheart a bhaint de go bráth … Fuaireas mo chéad cheacht ar láimhseáil an ‘Ediphone’ ó Shéamus inniu. Bhí eagla an domhain orm roimis – go mbrisfinn ball éigin de – ach bíonn gach tosnú lag – dheineas cúpla fiteán a dheachtú agus Séamus ós mo chionn im stiúradh.

Tadhg Ó Murchadha ag taifead leis an eideafón sa Sponcán, Co. Chiarraí (1936). An Bailiúchán Grianghraf, M010.18.00101

Roimh i bhfad, bhí leasainm baiste aige ar an mheaisín nua seo:

15/9/35
Do chuireas Seán Mhártan ina shuí ar cheann cláir agus do scaoil sé ‘Triúr Clainne na Barrscolóige’ isteach san angrais,2 (leasainm é seo atá baistithe ar an ‘Ediphone’ agam) agus bhí sé ó scéal go scéal go dtí go ndúramair go dtabharfaimis seans do Dhómhnall [Ó Murchadha] cúpla scéal a scaoileadh isteach ann.

Seán Mhártain Ó Súilleabháin (1946). Grianghrafadóir: Caoimhín Ó Danachair. An Bailiúchán Grianghraf, M001.18.00001

‘Triúr Clainne na Bardscolóige’ ó Sheán Mhártain, CBÉ 146:135.

Má rinne Tadhg féin iontas den ghléas nua taifeadta seo, níl amhras ar bith gur baineadh siar as na scéalaithe chomh maith. Bhí a athair céile, Pádraig ‘ic Cearail, ar na chéad daoine a taifeadadh leis:

14/9/35
Do chuireas in aithne don ‘Ediphone’ é agus do dheineadar muintearas lena chéile tréis ábhar beag taithithe. Chuir an gléas ana-ionadh go léir air agus do bhí sé saghas scathalach3 air roimis ar dtúis gur chuaigh sé ina thaithí.

Bhí barúil ghreannmhar ag Seán Mhicí Ó Súilleabháin i dtaobh an ghléis:

12/11/35
Tharraingeas chúm an Edifón agus do theaspáineas do Sheán é agus dálta gach seanduine a chonaic é, do chuir sé ionadh an domhain air. ‘Ní raibh aon teora le hintleacht an pheacaigh’ dúirt sé liom.

Faightear an-chuid eolais ar na scéalaithe féin mar aon le léargas grinn ar phróiseas an bhailithe. Le linn na hoibre eagarthóireachta ar an Bhailiúchán Grianghraf, sheas Séamus Ó Súilleabháin, ‘An Gilder’ amach; a aghaidh, a chroiméal agus a leasainm, rud nár thuig Tadhg fiú amháin:

5/12/35
Sa Phriaireacht a saolaíodh Séamus in Imleach Mór. Chaith sé tréimhse dá shaol in America, i Sasana agus in Albain. Tá sé timpeall 60 bliain agus anstrólaí beirthe críochnaithe is ea é … Fear timpeall cúig troithe go leith is ea é, ciardhubh ina shnódh, croiméal air, agus gothaí an domhain aige. Bíonn sé ag iascaireacht sa loch4 sa tséasúr i bhfochair na dtaistealaithe agus bíonn sult an domhain acu air. ‘An Gilder’ atá mar leasainm air ach ní heolach dom cad fé ndeara gur tugadh san air. Tá feirm bheag thalún aige istigh i gClochbhuaile. Sea! Do chuireas é féin agus an Edifón in aithne dá chéile agus do chuir sé ionadh an domhain air.5

Séamus ‘An Gilder’ Ó Súilleabháin (1948). Grianghrafadóir: Caoimhín Ó Danachair. An Bailiúchán Grianghraf, M001.18.00342.

Faightear spléachadh iontach ar an chaidreamh idir bailitheoir agus scéalaí sna scríbhinní dialainne seo. Tá an scéalaí Muiris Ó Ríoghbhardáin chun tosaigh sa chín lae áirithe seo agus é ag cuartaíocht ag Tadhg go mion minic. Bhíodh a mhodhanna scéalaíochta aige féin in amanna de réir dealraimh:

4/9/35
Bhí Muiris Ó Ríoghbhardáin isteach chúinn. Bhain sé dhe a bhróga agus shín sé é féin ar an mbord sa chistin agus thosnaíos ar bheith ag breacadh síos uaidh agus d'fhanamair mar sin go dtí go raibh sé in am codlata againn timpeall an dá uair dhéag.

Má bhí bua na scéalaíochta aige – agus bhí dar le Tadhg – níorbh é sin an t-aon tallann a bhí aige:

29/9/35
Tá ana-mheas agam ar Mhuiris mar scéalaí. Réice bocht neamhdhíobhálach is ea é agus dhéanfadh sé spórt de lán an tí … d’fhan sé ansan ’ár bhfochair ag insint eachtraithe isteach san Ediphone go dtí 11.30. Dhein sé an ‘side-step’ dúinn sarar dheaghaidh sé abhaile.

Níl léiriú níos fearr ar mheas an bhailitheora ar scéalaí ná an cuntas seo agus Tadhg ag trácht ar Mhuiris arís eile: ‘Táimíd éirithe ana-cheanúil go léir ar an bhfear mbocht agus is mór atá ina cheann, gura fada buan againn é!’

Bhí Tadhg an-tógtha le muintir Uíbh Ráthaigh, ‘na daoine is féile agus is deise dár casadh riamh orm’ a dúirt sé in iontráil amháin. Léirítear an gean seo go soiléir ina dhialann. Anuas air sin, faightear léiriú den scoth ar shaol sóisialta na linne, tá trácht ar Whist drive i gceann de na tithe mar shampla. Ní hamháin sin, ach tá taifead déanta ag Tadhg ar an aimsir go laethúil agus ar chuid de na deacrachtaí a bhain le scéalaithe iargúlta a bhaint amach. Tá an-chur síos go deo aige ar thuras scanrúil a rinne sé i gcarr capaillín thar Abhainn na hUíne agus é ag iarraidh an Inse Bhuí a bhaint amach. Tá innéacsú déanta anois ar dhialann Uí Mhurchadha anseo, ar na dátaí mar aon leis na daoine agus na scéalaithe atá luaite sna hiontrálacha.

Údar: Conchúr Mag Eacháin

1 Tá rud beag eagarthóireachta déanta ar na sleachta seo óir bíonn giorrúcháin in úsáid ag Tadhg in amanna. Anuas air sin, tá nualitriú déanta ar na píosaí téacs ach rinneadh iarracht leaganacha canúnacha, deilbhíochta agus foclóra a fhágáil gan athrú. Is fiú súil a chaitheamh ar an bhuntéacs féin ar ndóigh.
2 Tá ‘angrais, an engine’ i bhFoclóir Uí Raghallaigh (Sanas Gaoidhilge-Sagsbhearla, 1817). I bhFoclóir Uí Dhuinnín, tá ‘angarais, an awkward clumsy or misshapen person or animal’ (Foclóir Gaedhilge-Béarla, 1927). Seans maith gur bhain ciotacht áirithe leis an mheaisín a iompar ó theach go teach.
3 I bhFoclóir Uí Dhuinnín (1927): Scáthalach, terror, horror (as on receipt of some shameful news) W.K. [iarthar Chiarraí]’.
4 Loch Luíoch, is dócha, atá buailte le Clochbhuaile.
5 I gcomhfhreagras r-phoist, deir gaol leis gur baisteadh ‘Gilder’ air agus é ina ghiolla ag daoine ar Loch Luíoch.