Gaois

Cruinniú mullaigh EAFT: IATE, Terminologue agus dea-scéal faoi 2020

Blog post is available in Irish only

D’fhreastail cuid d’fhoireann Fiontar & Scoil na Gaeilge ar chruinniú mhullaigh Chumann Téarmeolaíochta na hEorpa (European Association for Terminology, EAFT) i San Sebastian i dTír na mBascach an 22-23 Samhain. Tugadh cainteanna faoi staid na téarmeolaíochta i dTír na mBascach, sa Chatalóin, sa Bhreatain Bheag, sa tSlóivéin, san Ungáir agus i neart tíortha nach iad. Labhair Donncha Ó Cróinín mar gheall ar obair an Choiste Téarmaíochta i gcás na hÉireann.

Deis a bhí anseo do Ghearóid Ó Cleircín agus d’Úna Bhreathnach scéal thionscadal IATE a chur i láthair mar phóstaer, agus an obair sin ar an bhfód le deich mbliana. Leag siad béim faoi leith ar chomhpháirtíocht aistritheoirí na hEorpa san obair.

I seisiún eile, chuir Brian Ó Raghallaigh póstaer dá chuid féin is de chuid Mhichal Boleslav Měchura i láthair. Bhain sé seo le Terminologue, ardán bainistíochta téarmaíochta foinse oscailte atá á fhorbairt againn faoi láthair. Beidh Terminologue in úsáid chun sonraí téarma.ie a bhainistiú ó thús 2019 amach.

Fógraíodh ag cruinniú bliantúil EAFT gur in DCU a reáchtálfar an chéad chruinniú mullaigh eile, in 2020. Beidh Fiontar & Scoil na Gaeilge agus SALIS (Scoil an Léinn Teangacha Feidhmeacha agus Idirchultúrachais Fheidhmigh) á eagrú, agus tá muid ag súil go mór leis. Deis a bheas ann, i measc neart rudaí eile, téarmeolaíocht na Gaeilge a chur i lár an aonaigh!