Gaois

Cruinniú Mullaigh EAFT 2021

Blog post is available in Irish only
Lógó an Chruinnithe

Tuairisc ghearr atá sa bhlagmhír seo ar na téamaí a pléadh ag Cruinniú Mullaigh Chumann Téarmeolaíochta na hEorpa (European Association for Terminology, EAFT), a d’eagraigh foireann Gaois ar líne ar 25/26 Samhain 2021. ‘An Téarmeolaíocht faoi Dhúshlán’ an téama a roghnaigh muid siar i 2019, sna laethanta soineanta úd sula raibh iomrá ar Zoom nó ar chomhdhálacha fíorúla. Bhí sé i gceist ócáid ar an láthair a eagrú, ach níor mhór cúrsa a athrú. D’oibrigh an cur chuige ar líne go réasúnta maith, is d’fhág sé go raibh cainteoirí in ann a bheith i láthair as SAM, as an Úcráin agus as an tSeoirse. Tá na cainteanna uile ar fáil ar chainéal Youtube Gaois.

Lucht na comhdhála ar Zoom

Agus an Cruinniú Mullaigh á oscailt, d’fhiafraigh muid díobh siúd a bhí i láthair faoin bpríomhdhúshlán a bhí roimh an obair théarmeolaíochta, dar leo. An maoiniú, cúrsaí foirne, agus stádas na teanga na príomhrudaí a tháinig aníos:

Poblbhreith faoi na dúshláin is mó

Ba í an téarmeolaíocht ghéarchéime an chéad téama, agus phléigh beirt chainteoirí leis an nasc idir an imirce, an chumarsáid, agus an téarmeolaíocht. D’ardaigh Jessica Mariani (Straitéisí Cumarsáide, an Coimisiún Eorpach) ceisteanna faoi bhrí na dtéarmaí ‘teifeach’, ‘iarrthóir tearmainn’ agus ‘imirceach’ - agus impleachtaí na dtéarmaí seo do na daoine atá faoi chaibidil. Lean Veronica Crosbie (SALIS, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath) an cheist chéanna: nuair a bhíonn ar dhaoine teitheadh as a dtíortha dúchais, deir sí, tá an baol ann nach iad a n-áiteanna cónaithe agus a slite beatha amháin a chaillfidh siad ach a gcuid pearsanúlachta freisin, de bhrí go gcuirfidh oifigigh stáit, gníomhaithe áitiúla, agus na meáin sa chatagóir ‘Eile’ iad, lena n-áirítear lipéid mar ‘dídeanaí’ agus ‘iarrthóir tearmainn’.

Phléigh Sharon O’Brien agus Patrick Cadwell (SALIS, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath) ról na n-aistritheoirí le linn géarchéimeanna agus an gá atá le téarmaíocht chruinn don aistritheoir agus don phobal trí chéile. Ar deireadh, labhair Lotte Weilgaard Christensen (Ollscoil Dheisceart na Danmhairge) agus Bodil Nistrup Madsen (Scoil Ghnó Chóbanhávan) faoin gcaoi a raibh sé de thoradh ar phaindéim COVID-19 gur tugadh isteach go leor téarmaí nach bhfuil intuigthe go hiomlán don phobal agus nach bhfuil sainmhínithe go beacht. Is éard a bhí mar thoradh air seo ná an téarmaíochtú agus an díthéarmaíochtú tapa mar aon le téarmaíocht shíorathraitheach a bheith ag dul i bhfeidhm ar phobail idir náisiúnta agus idirnáisiúnta. Mhínigh siad an cur chuige Danmharagach ina leith seo. Tar éis seisiún póstaer, lón, agus comhthionól ginearálta, leanadh ar aghaidh tráthnóna Déardaoin leis an dara téama, an téarmeolaíocht i dteangacha mionlaigh agus i dteangacha i mbaol. Labhair Sue Ellen Wright mar gheall ar threoirlínte téarmeolaíochta le haghaidh teangacha dúchais. Tá an tionscadal Zero to Digital, de chuid Translation Commons, ag forbairt modheolaíochtaí agus ábhair oiliúna chun tacú le doiciméadú teangacha dúchais. Is í an aidhm atá leis an tionscadal tacú le digitiú iomlán ar theangacha ar mhian lena gcainteoirí an sprioc seo a bhaint amach, mar shampla do Cherokee, Fulfulde (sa Sahel) agus Chakma (an Bhanglaidéis). Chuala muid chomh maith ó Emil Molander (LYS Publishing agus Ollscoil Umeå) mar gheall ar théacsleabhra téarmaíochta do ghairmithe nár rugadh sa tSualainn.

Thug Sergio Portelli (Ollscoil Mhálta) caint dar teideal ‘Tuige a mbacfá? Na dúshláin roimh obair théarmaíochta sa Mháltais’. Teanga náisiúnta is ea an Mháltais i dtír atá ina ballstát den AE agus ar tír dhátheangach go hoifigiúil í ach ina bhfuil forlámhas mór ag an mBéarla don chumarsáid scríofa. Rinneadh teanga oibre san Aontas Eorpach den Mháltais in 2004 agus chun doiciméid an AE a aistriú bhí gá le hobair théarmaíochta ollmhór, ach ní raibh an t-infreastruchtúr ann lena haghaidh. Bíonn amhras ann faoin téarmaíocht fós i measc na n-úsáideoirí deiridh arbh fhearr leo leanúint le húsáid an Bhéarla mar gheall ar chleachtais sheanbhunaithe, lucht saothair ilteangach, srianta ama agus airgid, sábháilteacht agus slándáil, cleamhnacht idirnáisiúnta agus caighdeánú. Aithneoidh lucht labhartha na Gaeilge cuid de na fadhbanna seo.

Ar an Aoine, tar éis físeán fáilte ó Uachtarán na hOllscoile Daire Keogh, thosaigh muid an lá leis an tríú téama, maidir leis na dúshláin a bhaineann le grúpobair théarmeolaíochta. Tháinig COVID-19 aníos arís, agus Rute Costa (NOVA CLUNL, An Phortaingéil) ag labhairt faoin téarmeolaíocht agus réaltacht fhíorúil i suíomh athshlánaithe iar-COVID-19. Phléigh Begoña Arrate, UZEI (Basque Centre for Terminology and Lexicography) na bealaí le comhaontú téarmeolaíoch a thógáil i measc gairmithe ó earnálacha ar leith, cosúil go maith le hobair an Choiste Téarmaíochta i gcás na Gaeilge. Thug Anca-Marina Velicu (Ollscoil Bhúcairist) tuairisc ar Chumann Téarmeolaíochta na Rómáine, agus na géarchéimeanna atá roimhe - ní dhearnadh uasdátú ar a mbunachar téarmaíochta ó 1999 i leith, agus níl ach dhá bhall sa chumann! Labhair Victoria Ivashchenko (Borys Grinchenko Kyiv University) faoi chúrsaí téarmeolaíochta san Úcráin, agus ar deiridh thug Marta Grané Franch (TERMCAT, an Chatalóin) cur síos ar an gcaoi ar chuir TERMCAT, eagraiocht eiseamlárach ar go leor bealaí, bailiúchán téarmaí cibearshlándála le chéile.

Tráthnóna Dé hAoine dhírigh muid ar an téarmeolaíocht ar bhuiséid éagsúla. Labhair Sarah Cogan (Meta) mar gheall ar an gcaoi a mbainistíonn Meta (nó Facebook) an téarmaíocht a úsáidtear don logánú. Thug Barbara Karsch (BIK Terminology) dearcadh seanfhondúra, mar thug sí air, ar thírdhreach obair na téarmaíochta agus ar an easpa tuisceana ar thábhacht obair an téarmeolaí. Phléigh Lia Karosanizde (Vukol Beridze Association of Terminology of Georgia) ceist na téarmeolaíochta don tSeoirsis. Mar a dúirt sí, beidh ar thír nach bhfuil in ann an deighilt dhigiteach a thrasnú teanga éigin eile a úsáid chun cumarsáid a dhéanamh leis an gcuid eile den domhan, agus ba thubaisteach an rud é mura mbeadh eolas ar cheann de na teangacha is sine, is saibhre agus is ilghnéithí atá ann. Thug Rodolfo Maslias agus Angelica Marino (an tAonad um Chomhordú Téarmaíochta, Parlaimint na hEorpa) léargas ar thionscadal YourTerm de chuid na Parlaiminte Eorpaí le mic léinn ollscoile a thabhairt isteach i gceartlár na hoibre téarmeolaíochta. Agus, ar deireadh thiar, labhair Brian Ó Raghallaigh agus Michal Boleslav Měchura s’againne mar gheall ar Terminologue agus réitigh théarmeolaíochta foinse oscailte. Cuireadh an-spéis san acmhainn, a bhí luaite ag cainteoirí eile le linn an Chruinnithe chomh maith, go háirithe don teagasc.

Ba léir tríd an dá lá ar fad, go háirithe ag an bplé deiridh, tuiscint i measc a raibh i láthair ar chuid de na dúshláin atá roimh an téarmeolaí: an maoiniú, ar ndóigh, ach easpa tuisceana ar cheisteanna teanga agus ar thábhacht na téarmaíochta chomh maith. Luadh go bhfuil an easpa tuisceana seo le feiceáil le linn na paindéime reatha, mar shampla. Agus tá dúshláin ar leith ann do theangacha ar beag obair théarmeolaíochta atá déanta dóibh, nó atá ag cailleadh fearann.

Mar fhocal scoir, ní miste a rá gur thasc nach beag ócáid ar líne chomh mór leis seo - le os cionn 100 duine cláraithe agus ateangaireacht bheo idir Fhraincis agus Bhéarla - a eagrú. Tá buíochas ag dul dár gcomhghleacaithe ar Bhord EAFT, do SALIS, agus do bhaill uile fhoireann Gaois a tharraing le chéile le hócáid bhríomhar, spéisiúil a reáchtáil. Beidh muid ag súil leis an gcéad ócáid eile, ar a mbeidh muid ag freastal i 2023.

Údar: Úna Bhreathnach