Gaois

Cuairt ó Austin Ó Duibh

Blog post is available in Irish only

Cúis áthais d’fhoireann eagarthóireachta Fiontar cuairt Austin Ó Duibh, aistritheoir leis an gCoimisiún Eorpach, Dé Máirt an 14 Aibreán. Ní hé amháin go mbíonn Austin ag aistriú don Choimisiún ach tá ról ar leith aige mar idirghabhálaí téarmeolaíochta agus dá réir sin bíonn seisean ag plé le Fiontar faoin obair théarmaíochta a dhéanaimidne don bhunachar IATE.

Ar an ábhar sin reáchtáil sé ceardlann linn ar conas sainmhínithe a scríobh le haghaidh na dtéarmaí atá ar fáil in IATE cheana féin. Chuir sé ina luí orainn go bhfuil foinsí iomadúla ann le haghaidh sainmhínithe agus cé gur gá dul ag tochailt chun teacht orthu, is ann dóibh.

Thug sé aoiléacht freisin do mhic léinn Fiontar atá ag gabháil do mhodúil téarmeolaíochta agus aistriúcháin. Roinn sé a thaithí leo agus luaigh sé na deiseanna fostaíochta i réimse an aistriúcháin a bhíonn ar fáil san Eoraip.