Gaois

Dúchas mar áis teagaisc

Blog post is available in Irish only

Tá buntáistí móra ag baint le dúchas.ie, mar a gcuirtear ábhar Chnuasach Bhéaloideas Éireann ar fáil ann. Tá an pobal ar fud an domhain in ann teacht ar mheascán ábhair ar an suíomh, .i. scéalta, amhráin, dánta, cuntais ar an saol fadó, cluichí, paidreacha agus pictiúir. Chomh maith leis sin, is áis teagaisc den scoth é, ach ní mór an t-ábhar a bheith curtha in oiriúint don seomra ranga. (Is faoin múinteoir atá sé an t-ábhar a chur in oiriúint do na gasúir ar mhaithe leis an saibhriú teanga)

Caithfidh daltaí meánscoile ocht bpíosa litríochta béil nó áitiúla a dhéanamh sa tSraith Shóisearach i scoileanna T1, .i. scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge. Is fusa úsáid a bhaint as dúchas.ie i scoil Ghaeltachta ina mbíonn Gaeilge den scoth ag formhór na ngasúr. Lena chois sin, bíonn ‘béaloideas’ ar eolas acu. Is buntáiste ollmhór é sin don seomra ranga uilig mar gur féidir leis na gasúir atá níos laige ó thaobh na Gaeilge de stór focal agus nathanna a fhoghlaim óna bpiaraí.

Mhúin mé Gaeilge i Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua. Is é seo a leanas an cur chuige a bhí agam maidir le dúchas.ie a úsáid i mo sheomra ranga:

(a) Téacs a roghnú

Tá dhá bhealach ann – is féidir leis an múinteoir ábhar as lámhscríbhinn (Bailiúchán na Scolan Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní) a roghnú nó roghnaíonn na gasúir féin an t-ábhar. Mholfainn go roghnódh an múinteoir an téacs mura bhfuil taithí ag na gasúir ar dúchas.ie go fóill mar nach mbíonn a fhios acu go bhfuil téacsanna áirithe níos deacra le léamh mar gheall ar an gcineál Gaeilge agus ar an bpeannaireacht. Ba chóir téacs a roghnú ón gceantar ina bhfuil an scoil lonnaithe mar gur mó an seans go mbeidh suim ag na gasúir san ábhar agus go mbeidh an chanúint chéanna i gceist. Ba chóir don mhúinteoir ceist a chur ar na gasúir faoin gcineál ábhair is fearr leo; tá seans ann go gceapfadh siad scéalta nó amhráin a bheith níos suimiúla ná paidreacha, cuir i gcás, ach cá bhfios.

(b) Litriú an téacs a oiriúnú

Is é atá i gceist leis seo ná na litreacha bh agus dh atá ciúin a fhágáil ar lár, m.sh. garrdha > garraí. Lena chois sin, ba chóir síneadh fada a chur isteach i bhfocail áirithe, m.sh. baisteach > báisteach nó a bhaint d’fhocail, m.sh. grían > grian más gá. D’fhéadfaí aird a tharraingt ar an gCaighdeán Oifigiúil nach raibh ann nuair a bailíodh an t-ábhar. Chuirfeadh a leithéid de thasc feabhas ar a dtuiscint ar litriú na Gaeilge agus ar a litearthacht dá bharr. Os a choinne sin, níor chóir foirmeacha canúnacha a athrú. D’fhéadfaí a lua, áfach, go bhfuil leagan malartach sa Chaighdeán Oifigiúil.

(c) Foghlaim ilchéadfach

Tugtar an téacs réitithe do na gasúir agus baintear úsáid as osteilgeoir chun an bunleathanach digiteach ó dúchas.ie a thaispeáint chomh maith. Léitear an téacs os ard chun a chinntiú go dtuigeann gach gasúr an téacs. Bíonn deiseanna acu páirt a ghlacadh agus an téacs á léamh, chomh maith le ceisteanna a chur faoi fhocail agus an t-ábhar féin á phlé. Bíonn sé an-chabhrach an t-ábhar a cheangal lena saol féin, más féidir, chun iad a spreagadh.

(d) Obair neamhspleách

Is féidir iarraidh ar na gasúir ábhar a bhailiú faoin topaic a bhí á plé sa seomra ranga. Is cinnte go mbeidh deacrachtaí ag gasúir áirithe ábhar a fháil. Mura bhfuil an t-ábhar feiliúnach don tasc thuasluaite, is féidir iad a chur i ngrúpaí chun topaicí a roghnú as a stuaim féin agus taighde a dhéanamh orthu. Is é seo ceann de na buntáistí is mó a bhaineann le dúchas.ie i scoil Ghaeltachta - bíonn iliomad ábhar ann agus é scríofa i nGaeilge shaibhir an cheantair. Caithfidh an múinteoir cúnamh a thabhairt dóibh maidir leis na téacsanna féin mar is ar éigin a bheadh taithí ag na gasúir ar an seanlitirú. Is iomaí bealach a d’fhéadfadh na gasúir an ghrúpobair a chur i láthair ag an deireadh – póstaeir, cur i láthair, físeán agus dráma, go háirithe má dhéanann siad scéal a roghnú.

Cé go dtéann an t-ábhar atá ar fáil in dúchas.ie siar go dtí an céad seo caite, is féidir úsáid a bhaint as ar bhealach cruthaitheach nua-aimseartha a spreagann gasúir na Gaeltachta spéis a chur ina ndúchas féin agus a chuireann feabhas ar a gcuid Gaeilge.

Údar: Nils Pappers