Gaois

Eilimintí Eaglasta i logainmneacha na hÉireann

Blog post is available in Irish only

Sa phóstaer seo thíos taispeántar dáileadh eilimintí eaglasta ar leith i logainmneacha na hÉireann. Cuireadh an póstaer le chéile le haghaidh na comhdhála ‘Church and Settlement in Ireland: Landscape, Life and Legacy’ a reáchtáladh i mí Feabhra na bliana seo i gColáiste na Naomh Uile, Baile Átha Cliath.

Is fiú a lua nach bhfuil san áireamh sna léarscáileanna atá ar an bpóstaer ach logainmneacha a bhfuil leagan Gaeilge deimhnithe acu, ach amháin i gcás na míre ‘Glebe’. Tá leagan deimhnithe Gaeilge ag c.75% de na logainmneacha i mbunachar logainm.ie (gan sráidainmneacha san áireamh), agus mar sin is léiriú atá sna léarscáileanna seo de dháileachán na n-eilimintí i measc na logainmneacha úd. Tá níos lú logainmneacha deimhnithe Gaeilge i dTuaisceart Éireann i mbunachar logainm.ie ná mar atá i bPoblacht na hÉireann, agus cruthaítear míréireachtaí dá bharr sin. Is léir sin sa léarscáil dáileacháin a bhaineann leis an mír ‘cill’ ar an bpóstaer. Feictear go bhfuil an mhír sin i bhfad níos annaimhe ó Thuaidh, ach ní forléiriú é sin ar an scéal toisc go bhfuil an oiread sin logainmneacha neamhdheimhnithe as an áireamh.

bunús Gaeilge ag 90% de logainmneacha na hÉireann agus mar sin ní bheadh léiriú iontaofa le fáil dá n-úsáidfí leaganacha Béarla de logainmneacha chun léarscáileanna dáileacháin a chruthú toisc nach ndéantaí míreanna Gaeilge a thraslitriú de réir a chéile sa Bhéarla. Sampla maith de seo is iad na míreanna ‘kil(l) agus ‘kyle’ sa Bhéarla. Úsáideadh an dá mhír sin chun na focail Ghaeilge ‘cill’ agus ‘coill’ a thraslitriú sa Bhéarla, agus mar sin, is minic nach féidir a bheith go hiomlán cinnte cé acu atá i gceist gan taighde suntasach a dhéanamh. Maidir leis an bhfocal ‘glebe’ áfach, is féidir léiriú níos iomláine a fháil ar a dháileachán siúd toisc gur focal de bhunús an Bhéarla atá ann a bhíonn litrithe mar an gcéanna sna logainmneacha Béarla lena mbaineann sé.

Chomh maith leis na léarscáileanna atá ar an bpóstaer seo, tá léarscáileanna dáileacháin le fáil de roinnt mhaith míreanna atá coitianta i logainmneacha na hÉireann ar shuíomh logainm.ie anseo.

PDF