Gaois

Éirí Amach 1798 agus Béaloideas Oirdheisceart na Tíre

Blog post is available in Irish only

Bhí 1798 ar na blianta ba thábhachtaí i stair na tíre seo agus is cinnte gur fhág imeachtaí na bliana sin a lorg ar bhéaloideas oirdheisceart na tíre. Idir scirmisí, chathanna, laochra agus bhithiúnaigh, faightear an-léargas ar imeachtaí agus ar rannpháirtithe áirithe na gcontaetha seo i mBailiúchán na Scol.

Nuair a luaitear 1798 agus Loch Garman, smaoiníonn daoine ar Bhuaile Mhaodhóg, áit a raibh an tAth. Seán Ó Murchú ag déanamh freastal ar phobal Chill Chormaic. Insítear sa scéal seo gur cuireadh tús le himeachtaí ’98 i Loch Garman nuair a dhóigh na gíománaigh séipéal Bhuaile Mhaodhóg. Thug an tAth. Seán arm le chéile agus thug siad a n-aghaidh ar an mBráca. Bhuaigh siad ar Mharcshlua Cham Eolaing agus maraíodh na ceannairí Bookey agus O’Donovan. Is cosúil go bhfuil sruthán ar imeall an tsráidbhaile sin a bhfuil ‘Bookey’s Stream’ air i gcónaí. Is féidir léamh faoi shaol, gabháil agus bás an Ath. Uí Mhurchú sa scéal seo agus sa scéal seo. Deirtear gur crochadh agus gur dódh é agus gur cuireadh a thaisí loiscthe i reilig Fhearna. Déantar ceiliúradh ar éachtaí an tsagairt cháiliúil san amhrán seo fosta. Tá roinnt scéalta ann chomh maith faoi shagart dá shloinne céanna, an tAth. Micheál Ó Murchú a maraíodh ag Cath an Inbhir Mhóir. Deirtear sa scéal seo gur tháinig an mháthair ar a chorp sa chlaí nuair a dhiúltaigh a capall dul thar áit áirithe ar an mbóthar. Rinneadh comóradh céad bliain ar imeachtaí ’98 i Loch Garman in 1898 agus tá cuntas agus grianghraf den ócáid sin le fáil anseo.

Luadh an tInbhear Mór cheana agus is cinnte gur imir imeachtaí ’98 tionchar nach beag ar bhéaloideas Chill Mhantáin chomh maith. Tá roinnt mhaith scéalta faoi Mhicheál Ó Duibhir, ceannaire áitiúil na nÉireannach Aontaithe, agus baineann cuid acu lena bhealaí éalaithe a bhraith níos mó ar an ádh dearg ná ar aon ní eile in amanna. Insítear sa scéal seo gur caitheadh urchar leis agus gur tháinig sé slán toisc gur shleamhnaigh sé ar leac oighir – scinn an t-urchar os a chionn. Deirtear sa scéal céanna go ndearna na gíománaigh ruathar ar theach ina raibh sé ag stopadh. Chuaigh sé i bhfolach taobh thiar de chráin theasaí i gcró na muc agus nuair a tháinig Oifigeach ina threo bhroid Micheál an chráin lena bheaignit. D’éirigh an chráin ar a cosa deiridh agus bhain an tOifigeach na boinn as! I nDoire na Muc, áit a bhfuil Teach Uí Dhuibhir Mhic Alastair i gcónaí, bhí an teach timpeallaithe oíche amháin. Deirtear sa scéal seo go bhfuair sé coimirce aistir do na páistí agus do na mná sular shleamhnaigh sé féin amach as an teach. Maidir lena chuid gaiscí míleata, tá scéal le léamh anseo, agus leagan eile anseo, faoin gcaoi ar sheas sé féin agus 8 dá bhuíon an fód i gcoinne 400 den namhaid ag Cnoc Chéidín. Tháinig an aimsir i gcabhair air agus bhí siad in ann éalú nuair a thit brat ceo ar an gcnoc. Ghéill sé faoi dheireadh mar chúiteamh ar phardún ach bhris na húdaráis a bhfocal de réir an scéil seo, agus díbríodh é chun na hAstráile. Tá 2 amhrán éagsúla i measc ábhar Chill Mhantáin atá tiomanta do Mhac Uí Dhuibhir – ceann anseo agus ceann eile anseo.

Micheál Ó Duibhir

Maidir le himeachtaí ’98 i gCo. Cheatharlach, tá Cath Chill Chuimne coinnithe i gcuimhne san amhrán seo a bailíodh sa Bhuiríos. Tá roinnt scéalta anseo a fuair seanfhear ó sheanbhean a chonaic eachtraí an chatha sin. Bhí ról nach beag ag na gaibhne in ’98 agus iad i mbun dhéanamh na bpící sa cheárta. Deirtear go raibh ceárta ag crosbhóthar Bhaile Eilín agus gur gabhadh an gabha ar amhras go raibh sé ag cabhrú leis na hÉireannaigh Aontaithe. Daoradh é chun báis ach tháinig sé slán as nuair a bhuaigh sé ar Leifteanant Hempenstall i gcluiche cártaí, nó an ‘Walking Gallows’ mar a thugtaí air de réir an scéil seo. D’fhág imeachtaí na bliana sin a lorg ar mhionainmneacha an chontae chomh maith. Tá scéal anseo faoin ‘Camp Field’ i dTuaim Dhubh, Cill tSinill, agus scéal eile anseo faoin ‘Parade Field’ i Lomchluain, Fionnmhach. Ar an taobh thiar de Chluain na nGall deirtear go bhfuil an ‘Spy Bush’ ann. Bhíodh na reibiliúnaigh ag cruinniú le chéile seo ach bhíodh spiaire i bhfolach sa tor ag cúléisteacht leo i ngan fhios dóibh. Thángthas air sa deireadh agus crochadh é ar an tor agus deirtear sa scéal seo go bhfuil a chreatlach le feiceáil ar crochadh ar an tor istoíche ó shin. Níl anseo ach blaiseadh beag de na scéalta atá le léamh, tá an t-ábhar ar fad ar fáil ar dúchas.ie.