Gaois

Gnásanna an Bhaiste ó Bhailiúchán na Scol

Blog post is available in Irish only

Is iomaí cineál scéil atá ar fáil i mBailiúchán na Scol agus is minic a dhéantar tagairt do na sean-nósanna a bhain le páistí óga agus le gnás an bhaiste sa bhailiúchán. Is féidir na scéalta éagsúla ar fad a chuardach de réir topaicí ginearálta ar dúchas.ie agus tugtar spléachadh sa bhlagmhír seo ar chuid de na scéalta ábhartha a bhaineann le nósanna an bhaiste atá ar fáil mar chuid de Bhailiúchán na Scol.

Bhain gnásanna faoi leith le mná torracha i dtús an chéid seo caite. Dar leis an gcuntas seo, ní raibh cead ag bean a bhí ag súil le paiste a bheith i láthair ag sochraid ná a bheith istigh i reilig ar fhaitíos go mbeadh an páiste ina ‘cham-roilig’ nuair a shaolófaí é. Tagraítear do lá baiste an linbh i scéalta áirithe i mBailiúchán na Scol chomh maith. Feictear sa chuntas seo go mba cheart do gach duine a bheith sa bhaile ón séipéal roimh thitim na hoíche ar lá baiste an linbh. Dar leis an gcuntas seo ó Cho. Mhaigh Eo, ba cheart do dhaoine cuid de shalann an bhaiste a fhágáil sa séipéal agus cuid de a thabhairt abhaile tar éis an bhaiste. Ina theannta sin, deirtear gur chóir trí bhraon ola ricne a thabhairt do pháiste sula ligtear amach as an teach é lá a bhaiste.

Tugtar le fios sa chuntas seo nár chóir do thuismitheoir ionga an linbh a ghearradh roimh a chéad bhreithlá. Deirtear go bhfásfadh an leanbh suas ina ghadaí dá ngearrfaí na hingne roimh a chéad bhreithlá. Cheapadh go leor daoine go mbíodh sé mí-ámharach cliabhán nua a cheannach don chéad leanbh sa teaghlach agus de réir an chuntais seo, níor cheart an leanbh is sine a chur i gcliabhán nua riamh. Dar leis an gcur síos seo, ba chóir cliabhán a fháil ar iasacht ó dhuine eile seachas ceann nua a cheannach. Anuas air sin, níor chóir an cliabhán a thabhairt ar ais go dtí go mbeadh an leanbh ar a laghad aon bhliain d’aois dar leis an gcur síos seo.

Bhíodh faitíos ar dhaoine roimh na sióga fadó agus bhíodh an-eagla ar thuismitheoirí go dtógfadh na sióga a leanbh uathu. Bhaineadh tuismitheoirí triail as roinnt cleas chun na a sióga a sheachaint agus an dallamullóg a chur orthu. Sa chuntas seo, deirtear gur cheart don mháthair an tlú a chur trasna an chliabháin dá mbeadh uirthi an teach a fhágáil agus an leanbh a fhágáil leis féin. Dhéantaí é sin ar eagla go mbéarfadh na sióga an leanbh leo.

Feicimid cuntas eile den nós seo i scéal ó Cho. an Chabháin. I dtuairiscí eile, chuirtí gual dóite, gráinne salainn agus uisce beatha in éadach an linbh chun an leanbh a chosaint ó na sióga.

Níl ann sa bhlagmhír seo ach blaiseadh de chuid de na scéalta a bhaineann le gnásanna an bhaiste agus leanaí óga sa bhlagmhír seo. Is féidir teacht ar bhreis eolais i dtaca leis an téama seo má dhéantar cuardach sa bhailiúchán ar fad i mBailiúchán na Scol anseo.

Údar: Sophie Osborne (Intéirneach samhraidh)