Gaois

Imeacht ar scor Chaoilfhionn Nic Pháidín

Blog post is available in Irish only

Tháinig deireadh le ré fhada bhisiúil nuair a d’imigh Stiúrthóir na dTionscadal in Fiontar, an Dr Caoilfhionn Nic Pháidín, ar scor ar an 30 Deireadh Fómhair 2015. Ceapadh Caoilfhionn in DCU i dtús báire mar Stiúrthóir ar Fiontar sa bhliain 1999. Bunaíodh Fiontar in 1993 mar aonad ina bhféadfadh mic léinn oideachas tríú leibhéal a bhaint amach i réimsí an ghnó, na teicneolaíochta agus an airgeadais, agus tá cáil fós ar na céimeanna atá ar fáil ann: BA (Gnó agus Gaeilge), BA (Gaeilge agus Iriseoireacht) agus MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais.

Tháinig Caoilfhionn chuig Fiontar tar éis tamall a chaitheamh in áiteanna éagsúla – An Gúm sa Roinn Oideachais i dtús báire. Bhí spéis á forbairt aici san fhoclóireacht ag an am sin agus nuair a tosaíodh ar chórais Theicneolaíocht na Faisnéise a thabhairt isteach sa státseirbhís, d’aithin sí an luach a d’fhéadfadh a bheith ag a leithéid d’áiseanna teicneolaíocha i ngort na téarmaíochta. Tar éis di An Gúm a fhágáil bhog sí go dtí Acadamh Ríoga na hÉireann, áit a raibh deiseanna eile ar fáil di bheith ag obair ar an bhfoclóireacht agus ar an téarmaíocht. Sheas an cúlra acadúil a bhí saothraithe aici san ábhar go dtí sin go mór léi, nó bhain sí PhD amach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath i léann na foclóireachta faoi stiúir an fhoclóirí cháiliúil, Tomás de Bhaldraithe, agus foilsíodh saothar léi, Cnuasach focal ó Uíbh Ráthach, sa bhliain 1987. Le linn na n-ochtóidí chonacthas di go raibh bunachair téarmaíochta á gcruthú ar bhonn idirnáisiúnta agus bhí spéis ar leith aici teacht i dtír ar na foráis uilig a bhí ag tarlú sa chuid sin den léann acadúil.

Faoin am ar ceapadh Caoilfhionn mar Stiúrthóir ar Fiontar, bhí an borradh faoin teicneolaíocht faoi lán seoil agus chreid sí gur chóir an réimse áirithe sin a fhorbairt i gceart, agus tarraingt ar na scileanna agus ar an saineolas a bhí ann ag an am. Ba léir di go gcabhródh nádúr idirdhisciplíneach Fiontar le togra den saghas sin agus bhraith sí freisin go gcuirfeadh sé le próifíl taighde na Scoile. D’fhéach sí, i bpáirt leis An gCoiste Téarmaíochta, le hiarratas a réiteach chun cur isteach ar mhaoiniú ón Aontas Eorpach. Tamall ina dhiaidh sin, bunaíodh an tionscadal téarmaíochta www.focal.ie (nó www.tearma.ie mar atá anois air), le cuidiú maoinithe ón gciste Cumarsáid Teicneolaíochta agus Iompair (Tosaíocht 1, Beart 4) ag INTERREG IIIA Éire/An Bhreatain Bheag.

Idir an dá linn, bhí foireann láidir á bailiú le chéile aici in Fiontar chun aire a thabhairt do ghnéithe éagsúla den taighde téarmeolaíochta agus bhí na scileanna riachtanacha á ngéarú agus á bhfeabhsú de réir a chéile, rud a d’fhág go raibh mais chriticiúil saineolais á cruthú sa Scoil faoina stiúir. Is ina dhiaidh sin, nuair a thug sí faoi thairiscintí a chur isteach ar mhaoiniú le haghaidh tionscadal eile, a chabhraigh an saineolas ar na céimeanna riachtanacha i bpróiseas den saghas sin le Fiontar conarthaí a mhealladh chun bunachair eile – Logainm, Ainm agus Dúchas – a fhorbairt, agus chun tabhairt faoi théarmeolaíocht na Gaeilge don Aontas Eorpach. Bhraith Caoilfhionn riamh anall go raibh an ghné idirnáisiúnta sin an-tábhachtach go deo agus is í a mhol go scríobhfaí staidéar cuimsitheach ar an gcur chuige do thionscadal téarmeolaíochta eile de chuid Fiontar, Téarmaíocht don Aontas Eorpach. Taithí na hÉireann: Tionscadal GA IATE (Úna Bhreathnach, Fionnuala Cloke, agus Caoilfhionn Nic Pháidín), a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht sa bhliain 2013, mar chuntas ar thábhacht na bhforbairtí sin – go háirithe i gcomhthéacs na Gaeilge.

D’oir DCU do chumas agus do bhuanna Chaoilfhionn ón tús agus d’éirigh léi deiseanna a aithint, tabhairt faoina mbaint amach agus, ar an tslí sin, clú a tharraingt ar ghné eile de chlár oibre Fiontar. Taispeánann an fhís a léirigh sí sna scéimeanna sin go léir gur duine í a bhí sásta agus in ann foireann a chur ag obair ar thograí éagsúla le go mbainfí amach na spriocanna a luadh le gach ceann acu. Anuas air sin, d’éirigh léi tograí a leathnú amach agus tógáil go rathúil ar na torthaí a bhain leo. Bua mór eile a bhí aici ná go raibh sí in ann tograí a fhorbairt, a chur sa siúl agus, an ghné is tábhachtaí ar fad díobh sin, iad a choinneáil ar siúl, rud nach mbíonn chomh héasca sin. Is dócha go mbaineann sé sin leis an mbéim a leagadh sí i gcónaí ar an tábhacht a bhaineann le tograí digiteacha a athnuachan agus a choinneáil ‘úr’ ar mhaithe leis na daoine a bhaineann leas astu. Feiceann an pobal uilig go mbíonn feabhas á chur de shíor ar na tograí atá faoi stiúir Fiontar faoi láthair agus gur i bhfeabhas a théann eispéireas an úsáideora i rith an ama.

Tá Caoilfhionn tar éis tosú amach ar chéim eile ina saol ach tá suim mhór aici fós in earnáil na ndaonnachtaí digiteacha agus san obair a stiúraigh sí le breis agus cúig bliana déag. Rinne sí agallamh roinnt blianta ó shin le www.beo.ie agus d’fhiafraigh an t-iriseoir di cad é mar ba mhaith léi go gcuimhneofaí uirthi. I measc na rudaí a dúirt sí sa fhreagra uaithi bhí an méid seo a leanas:

Is dócha gur maith liom a cheapadh gur maith liom rudaí a dhéanamh ar bhealaí nua, nach mbím faoi scáth aon duine eile go hiomlán, cé gur mhaith liom a cheapadh gur féidir liom oibriú le daoine eile. Táim saghas mórálach as rudaí a bheith tosnaithe agus iad a bheith curtha i gcrích agus iad a bheith fós beo. Is dócha gurb é sin an rud is tábhachtaí.

Is cinnte gurb é sin an oidhreacht is mó atá fágtha ina diaidh aici in Fiontar agus gur féidir léi bheith mórtasach as foireann bhreá a thabhairt le chéile in Fiontar atá i mbun an chineál sin nuálaíochta i ngach gné d’obair na Scoile, obair a sheasfaidh an fód i bhfad inár ndiaidh go léir. Gura fada buan ina saol nua í!

Ciarán Mac Murchaidh
Ceann Scoile Fiontar