Gaois

Innéacs Aarne-Thompson ar dúchas.ie

Is catalóg de chineálacha scéalta béaloidis é Innéacs Aarne-Thompson (AT) ina n-aithnítear móitífeanna coitianta i seanscéalta idirnáisiúnta. Foilsíodh an t-innéacs in The Types of Folktale (1928), agus tháinig leagan athbhreithnithe amach in 1961. San innéacs seo tá cinéalacha agus fochineálacha scéalta ann, cuir i gcás:

  • AT0001–299, Scéalta Ainmhithe > AT0220–49, Éin > AT0221, Toghadh Rí na nÉan
  • AT0300–0749, Scéalta Draíochta > AT0500–9, Cuiditheoirí Osnádúrtha > AT0510, Cinderella

Bunaithe ar obair Aarne-Thompson, foilsíodh catalóg náisiúnta The Types of the Irish Folktale (1967) le Seán Ó Súilleabháin, cláraitheoir Choimisiún Béaloideasa Éireann, agus Reidar Th. Christiansen. Nuair a bhí Scéim na Scol á cur le chéile ag an Choimisiún, bhí Seán lárnach sna hullmhúcháin don scéim agus bhí an-bhaint aige leis na treoirleabhair a cuireadh amach chuig na scoileanna ina bhfuil cur síos ar 55 ábhar aiste do na daltaí atá mar bhunús leis an Chuardach Topaicí ar dúchas.ie. Ag deireadh na scéime, tar éis d’fhoireann an Choimisiúin na haistí ar fad a scagadh agus a chur in ord de réir scoile agus contae, chruthaigh siad clár ábhar do thaighdeoirí bunaithe ar na haistí sin. Taobh le gnáthábhar na n-aistí nótáil foireann an Choimisiúin roinnt topaicí eile. Tá leathanach ann do gach imleabhar de chuid an bhailiúcháin sin mar aon le huimhreacha leathanaigh a fhreagraíonn do gach topaic. Ar na leathanaigh seo fosta tá tagairtí do na seanscéalta AT.

API Logainm

Leathanach tagairtí d’Imleabhar Chnuasach Bhéaloideas Éireann, Bailiúchán na Scol, imleabhar a 9. Tugtar faoi deara na hinisealacha SÓS, Seán Ó Súilleabháin

Cuireadh na tagairtí isteach de láimh i scarbhileog agus bhíothas in ann iad a nascadh leis na scéalta cuí agus innéacsú déanta orthu. Ní mór buíochas a ghabháil leis an Ollamh Hasan El-Shamy, údar Types of the Folktale in the Arab World (2004), as cóip dhigiteach de chatalóg Aarne-Thompson a chur ar fáil go fial dúinn le go bhféadfaí an t-innéacs seo a chruthú.

API Logainm

Tagairtí do scéalta AT0510 Cinderella, in imleabhar a 9

API Logainm

Scéalta AT0510 Cinderella i mBailiúchán na Scol

Tá an scéal ‘An Chaora Ghlas’ le fáil in Imleabhar a 9 ar na leathanaigh 345–52. Ar léamh an scéil seo, ní fada go n-aithníonn an léitheoir móitífeanna áirithe: leasmháthair a chaitheann go dona leis an leasiníon – an cailín bocht fágtha sa teach agus an líon tí imithe go hócáid shóisialta (An tAifreann sa chás seo) ag a bhfuil mac an rí – máthair a thagann ar ais ó mharbh le cuidiú lena hiníon – téann sí ar Aifreann agus éadaí nua galánta uirthi – cailleann sí leathbhróg – mac an rí sa tóir ar an bhean álainn a ngabhfaidh an bhróg uirthi, agus mar sin de. Tá 144 sampla de scéal Cinderella i mBailiúchán na Scol agus iad ar fáil anseo.

Seo na 3 scéal is coitianta san Innéacs seo:

AT1645 An Taisce sa Bhaile – 259 scéal

Bíonn taibhreamh ag duine faoi ór i bhfolach.

AT0875 Cailín Bocht Cliste – 245 scéal

Sa scéal seo cruthaíonn cailín bocht a clisteacht agus, dá thairbhe sin, pósann sí an rí. In Éirinn, bíonn an móitíf le feiceáil i scéalta áirithe a bhaineann leis an Ghobán Saor. Ní bean chéile an Ghobáin a bhíonn i gceist ach cailín a dtéann a meabhair chinn i bhfeidhm go mór air agus é ag iarraidh bean a aimsiú dá mhac. I leagan coitianta den scéal as Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall, iarrann an Gobán ar an mhac na moilt a thabhairt chun an aonaigh lena ndíol. Ní thig leis an mhac ach na moilt a dhíol le cailín agus caithfidh sé na moilt agus a luach a thabhairt abhaile leis. Tugann sé a aghaidh ar an aonach leis na beithígh:

Ardtráthnóna tháinic cailín óg thart. D’fhiafraigh sí an rabh na moilt fá choinne díl, agus d’inis an fear óg di fá na geasa a cuireadh air – na moilt agus a luach a bheith chun an bhaile leis chuig na athair.

D’imigh an cailín, ach ní rabh i bhfad gur phill sí agus beirt bhuachall aimsire léithi, agus deimheas ina lámha ag gach fear acu, agus d’iarr sí orthu toiseacht agus na moilt a lomadh – an rud a rinn in am ghairid. Ansin fuair sí an olann meáite agus thug sí luach na holna do mhac an Ghobáin. Thiomáin sé na moilt abhaile ansin, agus bhí na moilt agus a luach abhaile leis chuig na athair.

‘Sin ábhar maith mná!’ arsa an sean-Ghobán, tar éis an scéal a chluinstean ón fhear óg… (CBÉS 1047:450–4)

AT0503 Bronntanais na nDaoine Beaga - 215 scéal

Sa scéal seo go minic, bíonn cruiteachán ag siúl cois leasa nuair a chluineann sé ‘Dé Luain, Dé Máirt’ á rá arís agus arís eile. Deir seisean ‘Dé Céadaoin’. Tagann na daoine beaga amach ón lios agus tar éis tamaill baineann siad an chruit de mar bhuíochas. Insíonn seisean an scéal do chruiteachán eile agus téann sé féin chuig an lios chun éisteacht leo. Cluineann sé ‘Dé Luain, Dé Máirt, Dé Céadaoin’ arís agus arís eile, agus faoi dheireadh deir seisean, ‘agus Déardaoin’. Tagann na daoine beaga amach ón lios crosta cantalach agus iad den bharúil gur mhill sé an t-amhrán orthu. Tugann siad léasadh dó agus cruit an fhir eile sa mhullach ar a cheann féin.

Tá breis agus 8,000 nasc cruthaithe againn idir scéalta Bhailiúchán na Scol agus Innéacs AT agus tá breis agus 370 cineál scéil i gceist. Scéal eile a gcuirfidh an léitheoir spéis ann, b’fhéidir, agus Oíche Shamhna ag teannadh linn ná AT0330A An Gabha agus an Diabhal, seanscéal a chuimsíonn scéalta faoi Liam na Sop agus Seán an Laindéir. Aithneoidh daoine scéalta eile, AT1149 Santaíonn Páistí Feoil an Ghruagaigh, mar shampla, nó Fionn sa Chliabhán mar is fearr aithne air in Éirinn, agus AT0782 Midas agus Cluasa an Asail, nó scéal Labhraidh Loingsigh de chuid na tíre seo. Tá liosta de na scéalta ar fad ar fáil anois anseo.