Gaois

Léargas ar roinnt beathaí nua ar ainm.ie

Blog post is available in Irish only

Cuireadh ocht mbeatha nuascríofa leis an an mBunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge, www.ainm.ie, roimh an Nollaig. Tá an tionscadal beathaisnéisí Gaeilge seo á fhorbairt ó 2009 i leith ag Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU, i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht, le Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú (údair na naoi n-imleabhar a d’fhoilsigh An Clóchomhar idir 1986 agus 2007 faoin teideal Beathaisnéis) agus le painéal comheagarthóirí a bunaíodh in 2013.

I measc na mbeathaí nuascríofa, tá cuntas ar Stiofán Ó hAnnracháin (1930–2014) a shaothraigh i bhfearann an oideachais, an léinn agus na foilsitheoireachta i rith a shaoil. Cé nár theastaigh uaidh go mbeadh aon chuntas scríofa ar a shaol tar éis a bháis, ní fhéadfaí é a fhágáil ar lár, óir ba é Stiofán a chuir in eagar agus a chéadfhoilsigh formhór mór na mbeathaí atá ar an suíomh seo.

Bean ildánach ab ea Muireann Ní Bhrolcháin (1955–2015) arbh iomaí réimse de shaol na hÉireann ar fhág sí a lorg orthu. Léachtóir spreagúil le Sean-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad a mbíodh mic léinn faoi gheasa aici, bean chúise a thug dúshlán an Stáit faoi scrios suíomhanna stairiúla i dTeamhair na Rí agus Scrín Cholm Cille agus scríbhneoir ficsin do dhéagóirí.

Ba as an Meall Mór, an Spidéal, Co. na Gaillimhe, do Thomás Ó Con Cheanainn (1921–2015), ollamh le Gaeilge Chlasaiceach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, eagarthóir ar an iris léinn, Éigse, agus ball d’Acadamh Ríoga na hÉireann. Bhí eolas gan chomórtas ag Tomás ar chomhthéacs liteartha agus staire na lámhscríbhinní agus d’fhoilsigh sé 77 alt in irisí éagsúla; dhá bhliain déag agus ceithre scór a bhí sé nuair a foilsíodh an t-alt deiridh dá chuid.

Státseirbhíseach, scríbhneoir, aisteoir, amhránaí agus foilsitheoir ab ea Dónall Ó Cuill (1933–2013) agus cé gur i mBaile Átha Cliath a rugadh é, bhí Gaeilge Mhúscraí aige ó dhúchas. Bhí an-bhaint aige leis an gComhdháil Cheilteach agus chaith sé tréimhse ina uachtarán idirnáisiúnta uirthi.

Breitheamh den Chúirt Uachtarach ab ea Adrian Hardiman (1951–2016) a raibh ceann ‘d’intinní dlíthiúla móra ár linne’ aige, mar a dúirt Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn, tar éis a bháis. I leith na Gaeilge, bhí sé sa mhóramh i gcás cúirte in 2001 nuair a thug an Chúirt Uachtarach a mbreith go raibh dualgas bunreachtúil ar an Stát tiontú oifigiúil ar Achtanna an Oireachtais a chur ar fáil don phobal sa chéad teanga oifigiúil a luaithe agus a chuireann an tUachtarán lámh le Bille.

Leascheannasaí Clár agus Leas-Stiúrthóir Ginearálta in RTÉ ab ea Liam Ó Murchú (1929–2015) a raibh aithne i measc an phobail air mar láithreoir an chláir stiúideo Trom agus éadrom, a craoladh ó lár na 1970idí go dtí lár na 1980idí. Deireadh sé gur theastaigh uaidh a léiriú nár le ‘cainteoirí foirfe’ amháin an Ghaeilge. Chaith Liam tamall mar chathaoirleach ar Bhord na Gaeilge agus bhí baint aige le logainmneacha Gaeilge a chur ar na busanna.

Ba as Ros Dúgáin, Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe, do Joe John Mac an Iomaire (1934–2015), amhránaí a bhuaigh Comórtas na bhFear ag an Oireachtas in 1968 agus in 1978 agus a thug leis Corn Uí Riada faoi dhó in 1975 agus in 1977. Bhí glór an-bhinn, soiléir aige agus leagadh sé an-bhéim ar na focail agus ar chruinneas na Gaeilge.

Ba ar pháirceanna iománaíochta Chumann Lúthchleas Gael sna 1970idí agus 1980idí, agus ina dhiaidh sin mar uachtarán ar an eagraíocht, ba mhó a thuill Seosamh Mac Donncha (1953–2016) cáil dó féin. Ba é cealú Riail 21, a d’fhág bac ar bhallraíocht ag comhaltaí d’Arm na Breataine agus ag Constáblacht Ríoga Uladh, an chnámh spairne ba mhó a bhí i gCumann Lúthchleas Gael ag an am. Chaith sé tamall i gceannas ar Fhoras na Gaeilge agus mar chathaoirleach ar bhord TG4 chomh maith.