Gaois

Mí an Bhróid: Téarmaíocht LADTAI+🏳️‍🌈🏳️‍⚧️

Blog post is available in Irish only

Is i Mí an Mheithimh a dhéantar ceiliúradh ar Mhí an Bhróid anseo in Éirinn agus i dtíortha eile i gcéin. Is tráthúil mar sin súil a chaitheamh ar roinnt de na téarmaí úsáideacha atá againn sa Ghaeilge a bhaineann leis an bpobal LADTAI+.

Rinneadh cur síos ar roinnt de na téarmaí atá ar fáil sa Bhunachar Náisiúnta Téarmaíochta sa bhlagmhír Téarmaíocht LADTA sa bhliain 2022. Tá plé an-suimiúil ar fad san alt sin mar gheall ar na focail “Bród” agus “Mórtas”, agus ar an mbealach a dtéann an Coiste Téarmaíochta i ngleic le téarmaí mar sin le cabhair ón bpobal.

Is réimse é seo atá ag forbairt i gcónaí, go háirithe sna mionteangacha. Mar sin, is fiú súil a chaitheamh ar roinnt de na téarmaí eile atá tagtha chun cinn le déanaí, chomh maith le cinn eile atá in úsáid le fada le cur síos a dhéanamh ar phobal aiteach na hÉireann.

Cad is ciall le LADTAI+?

 

Seo thíos roinnt samplaí de na téarmaí eile a bhaineann leis an nGnéaschlaonadh / Claonadh Gnéis:

 

Seo thíos roinnt samplaí de na téarmaí eile a bhaineann leis an bhFéiniúlacht Inscne:

 

 

 

 

 

 

Seo thíos roinnt samplaí de choincheapa eile atá úsáideach agus muid ag labhairt faoin bpobal LADTAI+:

 

 

 

Ní liosta cuimsitheach é seo, ar ndóigh, agus bíonn téarmaí nua ag teacht chun cinn de réir a chéile i gcónaí. Tá níos mó téarmaí a bhaineann leis an bpobal LADTAI+ le fáil ar Téarma.ie agus freisin sa Foclóir Aiteach (dara eagrán, 2022).

Bainigí an-taitneamh as Mí an Bhróid!🏳️‍🌈🏳️‍⚧️

Údar: Liam D'Arcy