Gaois

Mná i Mionlogainmneacha na hÉireann

Blog post is available in Irish only

Ní féidir dul rófhada gan teacht ar thagairtí do dhaoine i mionainmneacha na hÉireann. Is minic a luaitear úinéir na talún (ainmneacha sealbhacha) nó pearsa eile a raibh baint éigin aige nó aici leis an áit (ainmneacha stairiúla) san ainm. Tá na hainmneacha seo fíorthábhachtach ó thaobh cúrsaí staire agus ginealais de. Dírímid ár n-aird ar rogha mionlogainmneacha ó Mheitheal Logainm.ie a bhaineann le mná sa bhlagmhír seo mar cheiliúradh ar Lá Idirnáisiúnta na mBan i mbliana.

Addie's Wood, Co. na Mí

Ainmníodh an choill seo ó bhean aimsire, Alice Philbrow, a chónaigh leis an teaghlach sa Teach Mór.

Biddy Early's House, Co. an Chláir

Bhí clú agus cáil ar Bhiddy Early mar bhean feasa agus ar a buidéal draíochta, ar ndóigh! Léigh tuilleadh faoina cuid eachtraí anseo.

Teach Bhiddy Early. Foinse: An Bailiúchán Grianghraf, A015.19.0075

Mary Lightbody's Flush, Co. Ard Mhacha

Tagraíonn logainm an tsrutháin seo do bhean anaithnid a fuair bás i rith an Ghorta Mhóir.

Mother Quinn's Garden, Co. an Longfoirt

Chónaigh bean darbh ainm Mother Quinn anseo go luath san 18ú haois.

Gin's Field, Co. na Mí

Seo ceann spéisiúil eile a bhaineann le béaloideas na háite. Bhí cailleach ina cónaí sa pháirc seo agus, de réir an tseanchais, dhéanadh sí giorra di féin agus ghoideadh sí bainne na gcomharsan!

Droichead Annie Brady, Co. Mhaigh Eo

Ní dhéanfar dearmad ar Annie Brady choíche i ndiaidh an chineáltais a thaispeáin sí do mhuintir an cheantair:

"Cad as a tháinig an t-ainm sin? Bean a bhí ag tíocht an bealach agus thit sí i ngrá leis an áit. Bhí neart airgid aici, is dóichí, agus chonaic sí an cruachás a bhí ar na daoine. Dá mbeadh tuille san abhainn, chaithfeadh siad a dhul go dtí na nglúine san uisce agus málaí a iompar trasna, cibé rud a bhíodh ón mbaile mór leofa. Fuair sise droichead curtha ar an abhainn sin."

Droichead Annie Brady

Caisleán Ghráinne, Co.Mhaigh Eo

Ba leis an mbanríon farraige, Gráinne Mhaol Ní Mháille, an caisleán seo fadó.

Countess Markievicz Cottage, Baile Átha Cliath

Is cosúil go raibh an teach ar cíos ag an gCuntaois Markievicz agus baineadh úsáid as an talamh mar pháirc thraenála.

The Empress Field, Co. na Mí

Chaith Sisi, Banimpire na hOstaire, tamall sa Chontae Ríoga sa 19ú haois agus choimeád sí a capall sa pháirc seo.

Íomha: Elisabeth (Sisi), Banimpire na hOstaire (Wikipedia)

B'fhiú am a chaitheamh ar Mheitheal Logainm.ie ag cuardach mionlogainmneacha i do cheantar féin chun scéalta mar seo a aimsiú. Anuas air sin, má tá spéis agat mionainmneacha a thaifeadadh ar an suíomh, is féidir clárú ag an nasc seo agus tá tuilleadh eolais ar fáil faoin tionscadal anseo.

Údar: Michelle Dunne