Gaois

Níl aon leigheas ar an ngrá ach pósadh

Blog post is available in Irish only

Tá athruithe móra tar éis teacht ar an tsochaí in Éirinn le roinnt blianta anuas, go háirithe ó thaobh comhionannas inscne agus pósta de. Caitear súil sa bhlagmhír seo ar chuid de na sean-nósanna a bhain leis an bpósadh i dtús an chéid seo caite. Roghnaítear roinnt scéalta spéisiúla ó Bhailiúchán na Scol chun léargas a fháil ar chuid de na traidisiúin a bhain le haimsir an phósta agus ar chuid de na hathruithe atá tar éis teacht ar an tír ó shin i leith.

Foinse: An Bailiúchán Grianghraf, M004.29.00038

De réir an chuntais seo, ba nós leis an mbabhdóir cleamhnas a dhéanamh idir fir agus mná óga i gceantar faoi leith. Dhéanadh an babhdóir na socruithe cuí maidir leis an gcleamhnas, mar shampla, cúrsaí spré a shocrú toisc go mbíodh an-tábhacht ag baint le spré na mná. Bhíodh an babhdóir ar an eolas faoi na fir óga a bhí ag lorg ban, agus dhéanadh sé iarracht iadsan a thabhairt le chéile. Dar leis an scéal seo, ba mhinic a bhíodh buidéal uisce beatha ag an mbabhdóir agus iad ag iarraidh cleamhnas a dhéanamh.

Cé go bhfuil athrú tar éis teacht ar nósanna an phósta le roinnt blianta anuas, bhíodh cóisir agus ceiliúradh mór ag an mbainis i gcónaí, nós a mhaireann go fóill. Nua gach bia agus sean gach dí agus rince go maidin an gnáthchleachtas ag na bainiseacha. De réir an chuntais seo, bhíodh daoine ag damhsa agus amhránaíocht don oíche ar fad agus ní théidis abhaile go dtí breacadh an lae.

Nósanna an phósta

Dar leis an scéal seo, bhíodh an pósadh ar siúl roimh an gCarghas agus ní bhíodh cead pósadh i ndiaidh Mháirt na hInide. Ina theannta sin, thagadh na cleamairí chuig an mbainis go minic, nós nach bhfuil chomh coitianta céanna sa lá atá inniu ann. Théadh na cleamairí chuig cóisir bhainise ‘gan cuireadh gan iarraidh’ agus bhíodh a n-aghaidheanna clúdaithe. Dar leis an scéal seo, bhíodh spórt mór acu agus ní fhanaidís ach ar feadh uair a chloig. Bhíodh gleo agus gliadar san áit an fhad a bhídís ann.

Foinse: An Bailiúchán Grianghraf, E110.03.00006

Deirtear sa scéal seo, go mbristí císte ar cheann na mná nuaphósta, nó bhristí gloine ar an mballa i ndiaidh na bainise.

Nósanna an phósta

Tá go leor scéalta maidir le cleamhnas agus pósadh le fáil ar dúchas.ie, agus is fiú súil a chaitheamh ar an mbailiúchán chun tuilleadh a fhoghlaim faoi thraidisiúin an phósta a bhí coitianta in Éirinn sa tseanaimsir.

Údar: Sorcha Ní Chnoic