Gaois

Baisc shamplach imleabhar ón bPríomhbhailiúchán Lámhscríbhinní seolta ag Oireachtas na Samhna

Blog post is available in Irish only

Bhí an-ócáid againn nuair a sheol Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Seán Kyne T.D., baisc shamplach imleabhar as Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní Chnuasach Bhéaloideas Éireann ar dúchas.ie ag Oireachtas na Samhna, Cill Airne ar Lá Samhna.

Is é An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní an bailiúchán is déanaí atá á dhigitiú ag foireann dúchas.ie. Is éard atá ann 2,400 imleabhar ceangailte d’ábhar a bailíodh ó 1932 i leith.

Ábhar a bailíodh sna ceantair Ghaeltachta sna 1930idí is mó atá i gceist sa bhaisc imleabhar a seoladh. Sa rogha shamplach seo, ina bhfuil os cionn 4,000 scéal, faightear léiriú ar obair na mbailitheoirí lánaimseartha a bhí ag saothrú sna paróistí Gaeltachta thuaidh, thiar agus theas i mblianta tosaigh an Choimisiúin. I gCo. Chiarraí, tá ábhar a chnuasaigh Tadhg Ó Murchadha in Uíbh Ráthach agus díolaim bhreá as Corca Dhuibhne a bhailigh Seosamh Ó Dálaigh, Duibhneach a bhí láncháilithe chun obair bhailithe an bhéaloidis ó dhúchas. Sna Déise, tá seanchas a thiomsaigh Nioclás Breathnach go háirithe thart ar cheantar na Rinne agus ó scéalaithe ar nós Mhichíl Thurraoin. I nGaillimh, cuireadh Liam Mac Coisdeala i mbun bailithe agus tá ábhar a chnuasaigh seisean in Eanach Dhúin agus thart ar Charna ón scéalaí cáiliúil Éamon a Búrc ar fáil anois. Tá ábhar spéisiúil ann freisin a bhailigh Proinnsias de Búrca i nDúiche Sheoigheach. I gCo. Dhún na nGall, tá scéalta seanchais a bhailigh Seán Ó hEochaidh ina cheantar dúchais féin i dTeileann agus fud fad dheisceart an chontae. Níos faide ó thuaidh bhí Liam Mac Meanman ag bailiú leis i gceantar Ghleann Fhinne agus tá ábhar a bhailigh sé ón scéalaí cáiliúil mná Anna Nic a’ Luain as Na Cruacha.

Labhair Seán Mac an tSíthigh ag an tseoladh, agus mar a dúirt sé,

Scáthán atá sa chnuasach béaloidis seo ar anam na tíre, na creidiúintí agus na tuiscintí as ar fáisceadh sinne inniu. Is ionann é agus taiscumar náisiúin, mar a chaomhnaítear bunchlocha ár bhféiniúlachta agus na préamhacha doimhne a mhúnlaíonn mar Éireannaigh sinn. Is ann a thiocfaidh tú ar shaibhreas teanga agus canúna, samhlaíocht scéalaíochta, oidhreacht chultúrtha, gan trácht ar theagasc agus fealsúnacht dúchais. Ní hamháin go bhfuil deis againn sa tionscnamh digitithe seo an stór luachmhar eolais a chur fé bhráid scoláirí béaloidis agus réimsí eile léinn, ach tá deis ann an saibhreas iontach seo a bhronnadh, athuair, ar na pobail as ar eascair sé. Is iad seo na pobail a chaomhnaigh, a chothaigh agus a roinn an t-eolas go fial leis an gCoimisiún. Tugann an tionscnamh seo aitheantas do fhlaithiúlacht na scéalaithe agus na seanchaithe, na mná agus na fir ónar bailíodh an t-ábhar, agus cothaíonn mórtas cine sna pobail agus sna paróistí ar fud Éireann lenar bhaineadar.